Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Pádraig Óg

Title
Guth na mBárd - Pádraig Óg
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd



Pádraig Óg



Fonn “Barrack Hill”



Raidhcs feadh leá, tá gártha ar thaobh
chnuic;
Raidhcs feadh leá, tá an lá le Gaedhlaibh;
Raidhcs feadh leá, 'sé Pádraig gléigeal
Bláth is craobh na hóige.



Ghéim an Carn le háthas éachtach;
Tá aige scéala is fánach léightear,
Léim an Mhainisitir mhánla bhéasach
Áth is céad Abhann Móire
Raidhcs feadh leá, &rl.



Thárla Malla gan ádhbhar d'éirim;
Ráth Mhic Shéamuis tláth ag éad leis;
Táinte Charraig na Sáir-fhear saordha
'S Áitreabh tréan-mac Códa
Raidhcs feadh leá, &rl.



Scéidh an Abhainn tar bántaibh féir
ghluis,
D'fhág na héisc a n-áruis féinigh;
Scaodh aca ag damhas ag ádhbhacht 's
ag pléireacht
Fá'n deagh-scéal go hEochaill,
Raidhcs feadh leá, &rl.



Éanla i gcrannaibh sa Mhárta ghaoth-
mhair
Cága is naosca táid go séiseach
Bé na bhfallainn go sála a réidh-chos
Cábach fhéin 's an smólach,
Raidhcs feadh leá, &rl.



Tréadtha fearainn is árd do léimid;
Tálaidh spréachaid bán-lacht d'aon-
toil;
Bláth-scuir chapall ag rás le séirse,
Cránta, céise is cóir-mhuilt,
Raidhcs feadh leá, &rl.



Réalta, ranna agus plánait spéire,
Gártha scléipe is árd do léigid;
Scéimh ar gealaigh is sáimheacht ar
gréin ghil;
Fáilte léighid do'n lóchrann.
Raidhcs feadh leá, &rl.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services