Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Músgail do mhisneach, a Bhanba

Title
Músgail do mhisneach, a Bhanba
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Siubhán Pháidín Sheagháinín
An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Márta 17, 1906.



“Músgail do mhisneach, a
Bhanba!”



Tóg suas do chroidhe, a Éire! Is
ró-fhada thú fá bhrón agus fá dhólás. Is
ró-fhada thú ag caoi go huaigneach ar
thaoibh an bhóthair. Acht tá an saoghal
soin thart, agus tá saoghal eile tagtha.
Gluais amach ar an mbóthar mhór
feasta; gluais amach go misneamhail
mórdha. Árduigh go huaibhreach do
cheann áluinn; tiormuigh do shúile
gorm-ghlasa; gléas thú féin i n-éad-
aighibh síoda agus sróill a oirfeas do
bhainríoghain. Mar is bainríoghan
tusa, a Éire: is tú ár mbainríoghan-ne.



Agus ní bainríoghan gan ríoghacht tú,
acht an oiread. Níl tú gan saigh-
diúiríbh calma, níl tú gan comhair-
leoiríbh ciallmhara, níl tú gan filíbh
is aos léighinn, níl tú gan stór óir agus
airgid. Bhí d'airm-sa ag siubhal na
sráideann i mBaile Átha Cliath an
Domhnach so a caitheadh — leath-chéad
míle de bhuachaillíbh óga luatha láidre
agus de chailínibh maordha macánta. Tá
buidheanta eile ag gluaiseacht mar
chongnamh dhuit an tseachtmhain seo.
Tá ceol agus dréachta dá ngabháil id'
onóir. Tá seanmóirí dá dtabhairt
id' theangaidh uasail féin.



Tá ré na Galldachta ag imtheacht,
a Éire! Tá do ré-se istigh arís.
Tóg suas do chroidhe!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services