Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Dóchas

Title
Guth na mBárd - Dóchas
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd.



Dóchas.



Tá glaodh go hárd ó bhárr gach sléibhe,
Ó bhántaibh féir 's ó ghaorthaibh ceoidh,
Ar chlannaibh ársa grádhacha Gaedheal
Chun Ceart a réidhteach d'aon-toil dóibh.



Cúrfa: — 'Sí Éire mánla máthair ghlé
Na ndámh, na naomh, na laoch, na n-ógh,
'Gus fáisceam lámha* le cáirdeas cléibh
I bpáirt go héag dá caomhnadh cóir.



Siúd gasra bhreagh san mbearnain bhaoghail
Ag claoidhe go géar le hÉirinn óig,
De chionn a ngrádh dá háilneacht ghné,
Dá teangain léighinn, dá gléireacht nós.



Cúrfá.



Cia deir gurab ál gan ádhbhar Gaedhil?
Cia deir go staonfaidh aon san ngleo?
Cia deir ná fáisceam báire an tséin
Go deire an lae ar son Éireann Óighe?



Curfá.



Ní bhacfam ráfla táinte baoth,
Ná 'n bhuidhean do thaobhuigh craos chun óil,
Do shaothróchadh cáim dá Máthair féin
'S do thabhairfeadh béim ar Ghaedhil go deo.



Curfá.



A Ghaedheala, fáiscidh, fáiscidh tréan,
Is gabham le chéile an raon so romhainn;
Beidh Éire oileánach slán fá shéan;
'S i neart na ngéag linn féin tá dóth!



Curfá.



Tórna.



* Pronounced lá (nasal).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services