Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgaipimís na Leabhra

Title
Sgaipimís na Leabhra
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Feabhra 17, 1906.



Sgaipimís na Leabhra.



“Sgaipimís na leabhra.” B'in í an
chomhairle thugamar do Ghaedhealaibh an
tseachtmhain seo a caitheadh, agus níor
mhór dhúinn teacht ar an bport
chéadna an tseachtmhain seo arís. An
té chuirfeas na Gaedhilgeoirí ag léigh-
eadh Gaedhilge, béidh an Ghaedhilg sábh-
áilte aige. As neamh-eolas na
nGaedhilgeoirí 'seadh d'fhás droch-
mheas ar an nGaedhilg. Cuirimís
deireadh leis an neamh-eolas soin.
Sgaipimís an solus. Sgaipimís na
leabhra Gaedhilge. Sgaipimís na pái-
péir Ghaedhealacha. Ní bhéidh sé 'n-a lá
san Ghaedhealtacht nó go ndéantar an
méid sin.



Seo rud d'fhéadfadh gach Gaedheal
a dhéanamh gan mórán trioblóide.
D'fhéadfadh sé dhá chóip de'n CHLAIDH-
EAMH do cheannach gach seachtmhain, agus
cóip aca do sheoladh go dtí Gaedheal
óg éigin i gceanntar Gaedhealach. Nó
d'fhéadfadh sé síntiús bliadhna do chur
chugainne le go seolfaimís-ne an
CLAIDHEAMH go dtí Gaedhilgeoir óg
éigin nach bhfuil 'gá léigheadh anois.



Thráchtamar tá seachtmhain ó shoin
ann ar pharáiste áirithe i nIar-Chonn-
achtaibh i n-a bhfuil na buachaillí agus na
cailíní óga ag léigheadh agus ag sgríobhadh
na Gaedhilge le cúpla bliadhan. Tá
cuid aca ag bailiughadh sean-amhrán agus
ag cur leabhar i dtoll a chéile.
Céard do mhúsgail an paráiste seo?
AN CLAIDHEAMH SOLUIS.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services