Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ólachán nó Saoirse - Cia aca?

Title
Ólachán nó Saoirse - Cia aca?
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Eanair 27, 1906.



Ólachán nó Saoirse —
Cia aca?



Seo mar sgríobhann “Béal Docht”
chugainn. Ní gábhadh dúinne focal do
chur le n-a bhfuil ráidhte aige: —



“Is iomdha rud tairbheach agus comhairle
chiallmhar atá le baint as foclaibh an
United Irishman. 'N-a measc so tá
éin-nídh amháin gur mhór is fiú é do
chur i bhfeidhm, 'sé sin, an t-airgead do
choimeád i n-ár bpócaíbh féin i
n-ionad é do thabhairt do chiste
Sheagháin Bhuidhe, an craos-deamhan,
mar bhronntanas leis an ndigh. Má
thugtar pinginn is leith-phinginn do
Sheaghán Bhuidhe ar gach gloine uisce
beathadh, agus leith-phinginn nó fiú
feoirlinge ar gach gloine pórtair nó
leanna dhuibh, cia an chiall do
Ghaedhilgeoiríbh atá lom dáríríbh bheith
ag caitheamh an dighe mar mhaithe le
Seaghán?



“Éire shaor 's eadh Éire mheasardha,
Séan an braon is coimeád an
t-airgead,”



“An rud a chomhairlighim a dhéanamh,”
arsa “Béal Docht.” “Tá sé dhá dhéanamh
agam féin.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services