Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dáil Uladh

Title
Dáil Uladh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Eanair 06, 1906.



Dáil Uladh.



Cruinniughadh do comóradh le maithibh
agus le mór-uaislibh Uladh i nDoire
Chuilm Chille Lá Fhéile Stiopháin, do
tháinig ann teachtairí ó gach áird de
chúige leathan-mhór Mhuircheartaigh. 'Sí
comhairle ar ar cinneadh aca dáil nó
comhairle chúige do chur ar bun le
haghaidh gnótha na Gaedhilge do stiúr-
adh i gCúige Uladh, agus muinntir an
tuaiscirt do ghríosadh chum suim do
chur san teangain. Fríth litir ó Eoin
Mhac Néill ag moladh Feiseanna do
thionóladh ins na ceanntaraibh Gaedh-
ealacha i rith an tsamhraidh, agus go mór-
mhór a chur d'fhiachaibh ar pháipéaraibh
nuaidheachta na tuaithe a bheag nó a
mhór de Ghaedhilg do chló-bhualadh gach
seachtmhain. Sin iad an dá mhodh is
fearr, dar le hEoin, chum an Ghaedh-
ealtacht do mhúsgailt.



Ceapadh de chomhairle freisin Col-
áiste Múinteoireachta do chur ar bun
i gCúige Uladh chomh luath agus gheobhfar
caoi air. Táthar chum tosnuighthe ar
an t-airgead do bhailiughadh gan
mhoill. Go n-éirighidh le Coláiste
Uladh chomh maith is atá éirighthe le
Coláiste na Mumhan agus le Coláiste
Chonnacht cheana féin!



Béimíd ag braith ar Dháil Uladh
feasta chum gníomhartha do dhéanamh
san tuaisceart.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services