Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Aghaidh!

Title
Ar Aghaidh!
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Mí na Nodlag 30, 1905.



Ar Aghaidh!



Sóraidh slán le bliadhain a 1905, agus
céad míle fáilte romhat-sa a 1906!
Is iomdha cor do chur an saoghal de ó
bheannuigheamar do'n bhliadhain atá
indiu geall le bheith caithte, agus is dócha
gur iomdha cor chuirfeas an saoghal
de sul má chaithtear an bhliadhain atá
chugainn.



Cibé rud atá i ndán d'Éirinn i
gcaitheamh a 1906, ní baoghal do'n
Ghaedhilg. Dhá threise é Connradh na
Gaedhilge ag tionnsgailt na nua-
bhliadhna dhó, is cinnte gurab ag dul i
dtreise bhéas sé gach lá dá dtiocfaidh,
agus gur treise fá dhó bhéas sé bliadhain
ó indiu.



Bliadhain eile chugainn, a Ghaedh-
eala! Tuilleadh oibre romhainn amach!
Gléasaidh oraibh! Cuiridh bhur n-airm
i gcóir! Ar aghaidh libh!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services