Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Betlehem

Title
Betlehem
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Cuimín Ó Cualáin
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Betlehem.



1.
Síon is sneachta,
Oidhir ar aibhnibh,
Reodhach anocht na réalta;
Cuing ar easaibh,
Linnte 'n-a leacaibh, —
Brónach liom an saoghal!



2.
Och! an mháthair
Mhodhamhail mhánla,
Truagh an seanóir críonna!
Bocht a n-árus,
A bhfosgadh i stábla,
Monuar! is dealbh an dídean!



3.
Fuar an oidhche!
Truagh an Naoidhean!
Lom, mo chás, A leaba!
Tuargan gaoithe,
Cruadhtan geimhridh, —
Olc do fháilte, a Leanbh!



4.
Ceol 'sna Flaithis
Ag cór na n-aingeal,
Stoc is píob is cláirseach;
Glórtha neamhdha
Ag gabháil a gcaintic,
'S ag moladh Chríost, an tÁrd-Rí!



Cuimín Ó Cualáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services