An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Mí na Nodlag 09, 1905.
Comhairle
Tá Balfour agus Chamberlain agus a
sguaine glanta leo. Imtheacht gan
casadh orra, mar adubhairt an chaill-
each. An fhaid do bhíodar istigh rinne-
adar a sean-dhícheall Gaedhil agus Gaedh-
ilg do chur fá chois. Munar éirigh leo,
ní orra féin do bhí an locht.
An dream atá ag teacht isteach ní
mó ár muinighin asta 'ná as an dream
atá sguabtha amach. “Dearbhráthair
do Thadhg Domhnall.” Acht is cosmhail
go mbéidh an dream so beagán níos
míne 'ná mar bhí lucht leanamhna Bal-
four agus Chamberlain. Leigeann siad
so orra go bhfuil báidh mhór aca le
hÉirinn. Má tá, stadaidís de
Gaedhil do chur i bpríosún mar gheall
ar a n-ainmneacha do sgríobhadh i
nGaedhilg ar a gcarrannaibh. Deiridís
le muinntir an chiste thall go gcaith-
fear a ngreim do bhogadh de sgoil-
eannaibh na hÉireann. Agus cuiridís
i n-iúl do'n Bhórd so againne gur
mithid dóibh imtheacht leo i n-ainm an
donais fá mar d'imthigh Balfour agus
Chamberlain.
Muna ndéantar an méid seo go
goirid, cloisfidh Bannerman agus a
cháirde ó Chonnradh na Gaedhilge.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11