Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Hwfa Mon

Title
Hwfa Mon
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Samhain 25, 1905.



HWFA MON.



Is truagh linn a chlos go bhfuil Árd-
Dhraoi oirdhearc na Breataine thar
éis bháis. File binn a b'eadh é; óráid-
idhe bríoghmhar; cainnteoir líomhtha;
cléireach diadhanta deagh-mhóideach;
fear fial flaitheamhail carthannach
groidhe.



Bhí aithne mhaith againn air, agus ní
chualamar focal Béarla riamh uaidh ag
labhairt dó le duine a raibh Breathnais
aige. Casadh dhúinn i gCathair Didhe
é seacht mbliadhna ó shoin, agus arís i
mBaile Átha Cliath roinnt bliadhan
'n-a dhiaidh sin. Fear níos mánla ná
níos inntleachtaighe níor bhuail riamh
umainn. Ba chosmhail é ar bhealach
leis an Athair Peadar Ua Laoghaire —
é ceann-mhór leathan-ghuailneach, acht
gan é 'bheith ró-árd; éadan intinn-
eamhail aige; gruag liath-bhán agus roinnt
fada air; glór binn aige; agus intinn
aibidh ghlic ghéar-chúiseach aige. B'é
sean-leomhan na Breataine é, agus is
fada bhéas cuimhneamh air ag muinntir
na Breataine.



Ar dheis Mhic Dé go raibh a anam!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services