An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Lughnasa 26, 1905.
“Gabham le chéile.”
Tá an tOireachtas i leath-taobh. Tá
deireadh leis an sult agus leis an
ngreann, leis an gceol agus leis an
amhránaidheacht. Tá na Gaedhilgeoirí
thar éis slán d'fhágáil ag Baile Átha
Cliath agus imtheacht leo a bhaile,
gach duine aca i bhfeidhil a ghnótha
féin. Tá Coiste nua toghtha agus é
de chúram ortha an obair do
stiúradh go ceann bliadhna eile.
Cad é an ceacht atá le baint
againn as imtheacht na seachtmhaine?
Cad í an chomhairle thug an sagart
dúthrachtach úd ó Chúige Chonnacht dúinn
agus é ag labhairt os comhair an Oireach-
tais? Cad í an chomhairle thug file
na nDéise dhúinn? Cad í an
chomhairle thug ár gCraoibhín féin
agus Eoin Mac Néill dúinn? Tá,
go mbadh cheart dúinn oibriughadh
le chéile guala ar ghualainn. “Gabham
le chéile,” ars' an tAthair Tomás.
Bímís dána is dúr. “Bíodh croidhe
mór agus fulang fada againn.” Bímís
dóchasach muinghineach.
A cháirde, tá obair romhainn amach;
is mór an obair í; is uasal an obair
í; is tábhachtach agus is tairbheach an
obair í. Luighimís isteach leis an
obair sin, i n-ainm Dé, agus, mar
adubhairt an tAthair Tomás linn, níl
cumhacht fá'n spéir chuirfeas cosg
orainn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11