Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An tOchtmhadh Ceann Déag.
Éire i gCogadh.
Baineadh preab as Éirinn nuair do tháinig na Loch-
lannaigh uirthi agus ba bheag é a suaimhneas 'na dhiaidh sin.
Is ar éigin do chreidfidhe indiu go raibh tabhairt
suas chomh maith soin ar a daoinibh uaisle agus ar chuid
mhaith de sna tuathaigh leis, is gur fhéachadar ar an
Lochlannach fá mar d'fhéacfá ar dhuine 'fhiadhain — 'sé
sin duine allta ná tuigfeá cad a bheadh ag gabháil
thren' aigne.
Bhí na scoileanna do b'fheárr sa dúthaigh i nÉirinn
an uair sin. Bhí ainm a scoláirí i n-áirde, agus ceapaim
go rabhadar an-mhórdhálach na thaobh soin, agus gur shíl-
eadar, fá mar shíligh na sean-Ghréagaigh i dtaobh a
bhfoghluime féin, gur dhuine gan míneachas éinne ná
raibh tabhairt suas Ghaedhealach air. Dá réir sin,
d'éirigh gráin 'na gcroidhe do'n fhear dheorata bharb-
ardha so nár chuir suim i leigheann ná i n-ealadhain.
Ní raibh aon cheist air coinnleoir greannta airgid do
sciobadh leis agus é 'leaghadh i dteine ar son an mhiotail
do bhí ann. Do stollfadh sé leabhar luachmhar ar son
an chlúdaigh airgid do thógaint leis. Ní raibh aon
urraim aige do bhéasaibh dúthchais na hÉireann. Fear
barbardha tuaisceartach do b'eadh é. D'ólfadh sé gan
chradhscal beoir as cornaibh beannuighthe na haltóra, agus
do bhuailfeadh sé speach ar an gcailís, agus chuirfeadh sé
bíor a chlaidhimh sa tsagart.
Do b'shin é an fáth, dar liom, gur éirigh déistin i
gcroidhe an Éireannaigh do'n Lochlannach agus gur cheap
sé leis féin, gur chóir é 'mharbhughadh fá mar do
mhairbheothá madra uilc. Dá chomhartha soin is beag
an cáirde d'fhuighbheadh an Lochlannach nuair do bheirtí
air. Níor ghnáthach leis na hÉireannaighibh cime cogaidh
do chur chum báis, agus ní raibh sé mar theist ortha go
rabhadar neamh-thruaghmhéileach. Mar sin féin léightear
sa stair gur bhuail dream Lochlannach annso le
taoiseach áirithe agus dream eile annsúd agus gur
marbhuigheadh gach mac máthar de sna Lochlannaibh sin —
rud ná déanfaidhe i n-aon chor leis na cimigh
ná leis na fearaibh créachta muna mbeadh go raibh
gráin thar bárr ortha.
Tuigfear as an méid sin gur gharg an cogadh bhí
idir na Gaedhil is na Gaill, is go raibh bruighean is
brón is fuil i gcomhair na hÉireann ar theacht an
Lochlannaigh mar bhí seisean láidir misneamhail
fíochmhar.
Is mór an ceann suas d'Éirinn é nach raibh sé i
gcumas an namhad úd í 'cheangal, agus cé nach méin liom
an cor so acht mion-tuairisg do thabhairt uaim ar a
cogadh le Lochlannaibh, mar sin féin tá a leithéid sin
de cheacht is de chéill le foghluim as an gcogadh úd
gur fiú dhúinn machtnamh air. Ghnídh na Lochlannaigh
náisiún d'Éirinn dá n-aindeóin féin. Sin é an ceacht.
Mhachtnuigh na fir ba ghéar-chúisighe sa tír sul a raibh
an cogadh i bhfad ar siubhal go raibh fear cúil ag
teastabháil uatha. Sin í an chéill. Muna dtuigthear
an méid sin, ní fhuil aon bhrígh bheith ag trácht thar
chogadh Gaedheal le Gall. Ní fhuil sa chogadh úd ar
aon chuma eile acht comhrac is fuil, agus chífear a leithéid
sin idir dhá ghadhar ag ithe a chéile nó dhá choileach ag
cíoradh a chéile.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11