Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Ar Fhaithche na hImeartha Ar Fhaithche na hImeartha Ar Fhaithche na hImeartha

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Ar Fhaithche na hImeartha Ar Fhaithche na hImeartha Ar Fhaithche na hImeartha
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Ar Fhaithche na hImeartha



Is suarach go deimhin a raibh d'imirt ar
chluichíbh ag Gaedhealaibh le seachtmhain
nó dhó, acht muna raibh cluichí bhí
díospóireacht i dtaobh craobh na cúige
seo, Laighean, ar iomáin agus ar bhualadh
an pheile. Tá socruighthe ag an Árd-
Chomhairle curadh-mír na hiomána
a bheith ag muinntir Chill-Chainnigh, agus
gur éigean do thogha Chill Dara imirt
an tríomhadh uair i gcoinne mhuinntir
Leamóige (Co. Chill Chainnigh) 'féachaint
ciaca gheabhaidh an lámh uachtair ar
bhuala peile. Tá daoine ann ná
fuil sásta leis an réidhteach, nídh
nach iongnadh, agus cloisfear a thuilleadh
ina thaobh, mar do thug an Árd-
Chomhairle breith, de'n iarracht so, ná
raghaidh chun leasa an scéil. Tá isteach
is amach le fiche bliadhain anois ann, ó
chinneadh ar riaghail chun gan éan-
athrughadh a dhéanamh ar bhreith an
Réidhteora, maidir le cúrsaibh do
theagmhuigh san gcomórtas ar fhaithche
na himeartha. Níor tugadh éisteacht
d'éin-ghearán ná impidhe ar chúrsaibh
mar sin, ar feadh na h-ocht mbliadhain
déag so caithte againn, acht do
rinneadh droch-thosnughadh ar an
gcruinniughadh dheireannach. Tráchtfar
an scéal arís.



Bhí peil-chomórtas carad i mBaile
Átha Cliath idir thogha Loch gCarmain
agus thogha Chill Dara, Dia Domhnaigh, an
naomhadh lá de'n mhí seo. Muinntir
Chill Dara a rug an bhuaidh agus soin go
saoráideach. Comórtas eile idir
bhuidhin na nGearaltach ó Ros Mhic
Trioin agus bhuidhin na nGearlatach ó Áth
Cliath. D'fhan an chraobh cois bhaile.



Is clos dúinn go bhfuil an Fhaithche
ag Bóthar Sheoin ceannuighthe ag Gall-
Chumann peile. Má's fíor go bhfuil,
is mór an náire do Ghaedhealaibh soin,
agus beidh roinnt le rádh againn mar
gheall air. Tá sé luaidhte, go
deimhin, ná beidh comórtas eile
Gaedhealach san bpáirc sin go ceann
deich mbliadhna!



Oscar na Féinne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services