Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
Bóramha Laighean
(ar leanmhaint).
Teasbánann bás obann Laoghaire gur mhór leis
na hÉireannachaibh a ngeallamhaint, mar deir scríbhinn,
mar cheann fé Rígh Laoghaire, gur mhairbh grian is gaoth
é toisc gur bhris sé a fhocal. Acht d'áitimh an tÁird-
Rí air féin gur bh'é a cheart an bhóramha do thógbháil fá
mar do bhailigh na hÁrd-Ríghthe roimis is 'na dhiaidh é.
Sin é an chuma go bhfásann droch-nós go mbíonn sé
chomh daingean le dlighe.
Níor thuill na Laighnigh an droch-úsaid do fuaradar
ó aois go haois i dtaobh na bórammha milltighe úd, acht
tá aon cheacht amháin le foghluim go soiléir as, agus 'sé
sin gur mhór leis na hÉireannachaibh banamhlacht a
mban, agus ná raibh aon choir ba ghráinde leo 'ná náire
do thabhairt do mhnaoi.
Trí chéad bliadhain roimh am Ríogh Laoghaire do thug
Tuathal Teachtmhar a inghean ba shine mar mhnaoi do
Rígh Laighean. Do luigh an rí sin a shúil ar an inghin do
b'óige, agus ba ise do bhí uaidh; acht, fá mar atá an nós
indiu, níor ghnáthach leis an inghin do b'óige pósadh
roimh an inghin ba shine.
D'éirigh i gcionn tamaill go raibh Rí Laighean tuir-
seach dá chéile-leaptha, inghean an Áird-Ríogh. Bhuail
sé fá ghlas í 'na rígh-theach i Nás, agus seo chum siubhail é go
Teamhair, 'ghá rádh go bhfuair sí bás. D'éis tréimhse,
fuair sé an dara hinghean mar mhnaoi, agus thóg leis í.
Ag siubhal di seo thré sheomraíbh a páláis bhreagh i Nás,
cé chasfadh uirthi go hobann acht a deirbhshiúr féin.
Bhuail aithis is náire an bheirt deirbhshéar ar bhualadh le
n-a chéile, agus thuit an t-anam asta araon! Fá cheann
seachtmhaine bhí claidhmhthe Ríogh na Teamhrach ag cosc-
airt thré Chúige Laighean.
Do b'olc an scéal do Laighnibh coir bhréan a ríogh
nách raibh leigheas aca air, agus do b'olc an scéal
d'Éirinn leis é, mar ná raibh Laighin umhal 'na dhiaidh
súd d'aon Áird-Rígh le n-a toil féin. Ghéillidís na
Laighnigh nuair do b'éigin dóibh é, acht throididís chomh
luath is bhíodh sí buadhthach ortha mar Bhran Dubh do
mhairbh an tÁird-Rí Aodh mac Ainmire i nDún Bolg.
Chabhruigheadar leis na Lochlannachaibh bliadhanta 'na
dhiaidh súd, mar chuir Brian an Bhóramha mar chíos
ortha, agus do b'é a rí, Maolmhuire, fá ndeara Cath
Chluain Tairbh i n-ar cailleadh Brian.
Sin é toradh droch-nóis, agus díolann gach tír chomh
maith le gach duine as a ndroch-bhéartaibh, luath nó
mall.
Dá olcas é toradh na Bóramha, mar sin féin faid
do bhí an Teamhair 'na ceann ar Éirinn ba bheag an
bhárthainn do ghnídh easumhlacht Laighean do'n rígheacht,
mar chaith na Laighnigh géilleadh pé olc maith leo é.
Chuaidh Éire chum cinn agus bhí léigheann ag dul ar aghaidh.
Tháinig Oilioll Molt mac Dháithí le bheith 'na Áird-Rígh
ar feadh fiche bliadhan; riaghluigh Lughaidh mac Laoghaire
naoi mbliadhna fichead 'na dhiaidh sin, agus i gcionn an dá
bhliadhain déag ar fhichid as soin i leith bhí dhá rí eile —
Muircheartach mac Easca, agus, 'na dhiaidh sin, Tuathal
Maolgarbh — 'na gceannaibh ar Éirinn. Págánaigh ar
nós Ríogh Laoghaire do b'eadh, na ríghthe seo, acht níor
chuir aon aca isteach ar an gCreideamh gCríostaidhe.
Conán Maol.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11