Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Biadh agus Beatha

Title
Éire - Biadh agus Beatha
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN DARA CEANN



BIADH AGUS BEATHA



Ba bheag cnoc ná raibh clúduighthe le dair is beithe
is caorthainn, ba bheag réidh 'na mong, ná bogach ná
go raibh an coll, an cuileann is an ruaim ag fás ann.



I dteannta féachaint bhreágh aoibhinn do thabhairt
d'aghaidh na tíorach bhí na coillte úd an-oireamhnach &
úsáideach dos na daoinibh, mar d'fhuighbheadh an bhó
féarach is fuithin imeasc na dtor sa gheimhreadh,
d'fhuigbheadh na muca toradh as ubhlaibh na daire ar na
cnocánaibh, & tá ainmneacha ar áiteannaibh sa tír indiu
do chuireann i gcuimhne dhúinn gur ghnáthach leis na
sean-Éireannachaibh baill áirithe do bheith aca chum ba
is muca is caoire do chur chum báin, mar atá Doirín
na Muclach is Buaile na nDamh, is mar sin dóibh.



Do bhailigheadh na daoine duilleabhar na gcrann chum
easrach is leasughadh do dhéanamh as, is ar theacht an
gheimhridh do bhainidís an choirt de ghéagaibh chuid des
na crannaibh & an duilleabhar de'n ruaim, & asta so
do ghnídís dath ná sguirfeadh as éadach faid do bheadh
luid de'n éadach soin le chéile. Ní hé amháin go
mbíodh teine mhaith aca as bhrosna, is chríonlach na
gcoillte, acht ní raibh éan easba troscáin tighe ortha,
mar bhí adhmad go flúirseach.



Deir an tsean-stair gur bh'ionmholta an obair na
machairí do réidhteach is na toir is na crainn do
ghearradh dhíobh i gcomhair síl do chur ionnta, & go
mbíodh na taoisigh is ríghthe na gcúigeadh dá ngríosacht
ag an Árd-Rígh chum na hoibre seo do dhéanamh; acht
ní léightear i n-aon bhall go raibh cead ag éinne na
cnuic ná na hárdáin do sgúbhadh de chrannaibh, & níor
deineadh a leithéid sin de scrios faid do bhí Éire fá
chúram is fá choimirc a dlíghthe dúthchais féin.



Dá dheascaibh sin bhí tír na hÉireann níos folláine
do dhaoinibh is d'ainmhidhthibh 'ná mar atá sí indiu. Bhí
sí níos teo, & ní raibh sí chomh tais is tá sí indiu. An
ceo is an ceobhrán d'eirigheann as aghaidh na fairrge
is do scuabann thar mhaolaibh na gcnoc is do thuiteann
'na bháistigh ins na gleanntaibh, do tharraingeadh crainn
na gcnoc anuas chucha an fliuchán soin, do shúghadh a
gcuid duilleabhair isteach é, & ba bheag braon de do
thuiteadh i ngleann ná i gcúm mara dtiocfadh sé i
riocht nó i bhfoirm drúchta san oidhche.



Do réir dheallraimh bhíodh droch-uain ann uaireannta,
síon is sneachta is báisteach is gaoth mhór fá mar a
bhíonn indiu, bhíodh an geimhreadh níos fuaire is an
séasúr níos teo, acht ní thagadh an droch-uain chomh
minic is thagann sí indiu nuair atá na cnuic maola
gan crann gan fuithin; & is é mo thuairim & tuairim a
lán eile ná beidh Éire chomh tirm ná chomh folláin is bhí
sí fad ó go mbeidh na cnuic is na sléibhte clúduighthe
arís le toraibh is le crannaibh.



Dála an bhídh do bhíodh ag muinntir na tuaithe, is é
an biadh is flúirsighe bhí aca ná min-choirce, & d'ithidís í
amh (nó fuar mar adéarfá). Thógadh gach duine a
chuid féin — sé sin líonadh sé mias adhmaid as mhála
leathair lán de mhín-choirce bhíodh suidhte ar lár bhúird.
Bhíodh liach nó spiún adhmaid aige, thógadh sé goballach
as mhéis ime & mheascadh sé leis an mhín-choirce é,
& mar annlann bhíodh cadhain bainne aige. Is annamh
do beirbhthí an mhín-choirce sin acht do dhaoinibh óga &
do tugtaoi dhóibh sin í 'na leitin, & mar annlann léi
d'fhághaidís bainne nó im nó mil, mar bhíodh mórán
meala aca sa tsean-aimsir toisc go raibh beacha míne &
beacha fiadhaine go flúirseach ann.



Ar laetheanntaibh áirithe sa tseachtmhain bhíodh arán
cruithneachta & mil aca & gruth & cáisc, & ba bhocht an
teaghlach ná raibh i gcumas mart nó muc do bheith ar
salann aca. Ní bhíodh feoil aca gach aon lá, ná ag
cuid aca uair sa tseachtmhain, acht bhí na fir saidhbhre
fial & is an-annamh do bhíodh easba bidh ar an té ba
bhoichte.



Ní gábhadh dh'áireamh go raibh togha bídh is dighe i dtigtibh
na dtaoiseach & na ríghthe; bhíodh fíon is beoir ar bórd
ann, & i dteannta mairtfheola is muicfheola, laoigh-
fheola is caoirfheola, bhíodh éanlaithe míne is fiadhaine,
tuirc is bruic is girrfhiadhthe aca, mar bhí dúil thar
bárr ag taoiseachaibh Éireann i bhfiadhach. Toisc
na dúile sin do bhí aca i sealgaireacht bhíodh formad
aca le chéile féachaint cia aca go mbeadh na capaill
is na coin do b'fheárr & do réir mo thuairime do ba
comórtas de'n tsaghas soin fé ndeara ná raibh aon
chapaill ná aon ghadhair fiadhaigh le fágháil ar domhan
ní b'fheárr ná bhí i nÉirinn. I n-aimsir bhainríoghna
Eilíse bhronn Perrot — fear ionaid Shasana i nÉirinn —
capall dhiallaite ar Mhac Uilliam. Cheannuigh sé an
capall soin i gCúige Mumhan & deir sé gur chosain sí
mhíle punnt. Is cosmhail an méid sin le hocht míle
punnt d'airgead an lae indiu. Bhí macsamhail an
chapaill sin go flúirseach i nÉirinn an uair sin, &
capaill ba luachmhaire go mór ná í. Níor bh'fhiú trácht
tháirsi i n-aon-chor acht mar sholuidhe ar luach capall
na dtaoiseach i nÉirinn leis an linn úd, & ní chuirfidhe
i gcomórtas í i n-aon-chor leis an each mear cuthaigh
do bhí fá Sheaghán an Díomais, go nglaodhtaidhe Mac
an Fhiolair uirthi. Tá trácht thar capallaibh i stair na
hÉireann ó'n “Liath Macha,” each cogaidh Choinchulainn, i
leith trés na haoisibh. Tá cunntas ag Franncach ar
each cogaidh ba leis an laoch úd nár buadhadh riamh
air — Art Mac Murchadha, rí Laighean, & deir an
Franncach úd go bhfeachaidh sé Art ag déanamh ortha
le fánaidh chliatháin cnuic ar muin an eich sin, & nár
luigh sé féin súil ar éan ná ainmhidhthe eile ar feadh a
shaoghail ag cur bóthair de chomh mear.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services