Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Gaisgidheach Gaedhealach (mar dh'eadh!)

Title
An Gaisgidheach Gaedhealach (mar dh'eadh!)
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Gaisgidheach Gaedhealach
(mar dh'eadh!)



Is iomdha seort Gaisgidhigh atá
ann, agus is iomdha seort Gaisgidhigh
Gaedhealaigh atá ann fosda, agus tá
mo chara, Seaghán fad, ar cheann aca.
Níor labhair sé focal Gaedhilge riamh
agus ní labhrfaidh go bráthach, acht is
cuma sin. Is mór a mhaoidhimheann
sé an Ghaedhilg, agus is mór an
maoidheamh atá aige ar fhéin mar
gheall ar an mhéid atá sé a dhéanamh
ar son na cúise. Ceannuigheann sé
“an Treóraidhe” gach uile sheachtmhain
agus léigheann sé é, nó cuid de.
Bíonn an páipéar aige in a láimh
i gcomhnaidhe nó mur mbíonn sé in a
láimh aige bíonn sé in a phóca agus
smut de le feiceál ag teacht amach
ag binn a chasóige. Tá sé go síor ag
fagháil lochta ar na seóinínibh atá in a
fhochair agus go deimhin is forus locht
d'fhagháil orra. Sin thall Éadhmonn
Buidhe agus Gaedhilg bhreagh aige agus
gan focal dí as a bhéal acht ag stealladh
droich-Bhéarla uaidh; agus seo Paidí
Chaol agus lán tighe páisdí aige agus
iad ar sgoil agus gan focal Gaedhilge
dhá mhúineadh doibh; agus sin táilliúr a'
chóta agus bréidín Gallda ar a caolaibh
agus uaidh sin siar. Caitheann Seaghán
féin culaith bréidín Gaedhealaighe mar
deir sé go bhfuil an bréidín Gaedhealach
chomh maith agus chomh saor le bréidín
Gallda, ach ní chaitheann sé bróga
Gaedhealacha mar deir sé nach bhféad-
ann sé iad d'fhágháil chomh maith agus
chomh saor is tá na bróga Gallda,
agus nár cheart dó buntáiste do
thabhairt do ghréasaighibh fallsa na
hÉireann nach ndéanann bróga chomh
deas nó chomh saor is ghníos gréasaidhthe
Shasana, & gréasaidhthe Amerioca,
bróga. Ar an adhbhar céadna caitheann
sé hata breagh síoda a rinneadh i
Lunndain. Ní'l aon rang Gaedhilge
'sa' sráidbhaile ann a bhfuil muid in
ar gcomhnuidhe agus deir Seaghán nár
bh'fhiú rang do chur ar bun mar is
seóiníní go léir na daoine sa' sráid-
bhaile agus nach mbeadh sé féin gaibhte
leó ar chuma ar bith. Creidim go
bhfuil corp na fírinne ag Seaghán.
Bhí cruinniughadh san bhaile seo ag
deireannach leis an Taisbéantas
Mór Gallda do chur chum tosaigh i
mBaile Átha Cliath agus ba ghéar ar
fad do chuir Seaghán Fada ar an
Tighearna Gallda agus ar an Seóinín
Mór agus ar an Seóinín Beag, agus
ar muinntir an óil agus ar lucht
siopa do chuidigh leis an gcruinniughadh.
Dubhairt mise leis gur cheart dúinn
dul go dtí an cruinniughadh agus chur
i n-aghaidh na hoibre do bhí idir láimh
aca agus d'aontuigh sé liom le lán
croidhe. Chuaidh muid go dtí an
cruinniughadh acht níor labhair Seaghán
Fada gíog as a bhéal go dtáinig muid
amach arís, acht lá ar na bhárach
mhaoidhimh sé go hárd-ghlórach an tréan-
obair do rinneamar agus an cosg
do chuireamar ar an Taisbéantas
Gallda.



Dubhairt mé cheana féin nár labhair
Seaghán focal Gaedhilge riamh acht chár
dhubhairt mé, agus dá ndeirinn níor
bh'fhíor damh, nach bhfuil canmhain aisdeach
Béarla aige. Chaith sé beagán aim-
sire thall i Sasana agus tá an chomh-
artha ar a theangain ó shoin. Ní mar
a gcuid comhursan labhrann sé ar
chor ar bith, acht go deisbhéalach,
coiméar, mall, reidh, mar a labhrann
na daoine i n-áit éigin nach bhfuil
aithne agam-sa orra. Tá canmhain ar
leith aige féin. Agus mur labhrann
sé Gaedhilg léigheann sé cuid mhór
dí. Tá eólas aige ar an bhfocal
“raiméis” ins an “Treóraidhe” agus
léigh sé stair na hÉirinn do sgríobh
an Seóidheach fá choinne na bpáisdí:
agus tá eólas cruinn aige ar ainm-
neachaibh áite agus ar shlointibh Clanna
Gaedheal go léir, agus is aoibhinn leis
bheith a' trácht ar shean-roilgibh agus ar
chrom leachtaibh agus a leitheide eile.



Is mór an gaisgidheach Gaedhealach
mo chara, Seaghán Fada, agus dá
mbéadh go leór dá sheort againn, —
acht faraor! b'fhéidir go bhfuil go
leór aca againn cheana féin.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services