An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Eanair 9, 1904.
Breathnughadh Romhat.
Deir an sean-fhocal gur fearr féachaint
romhat ná dhá fhéachaint 'do dhiaidh. Seo é an
tráth anois — tús nua-bhliadhna — le féacaint
romhat.
Cad is fearr a dhéanamh, mar sin, fá chomhair
na bliadhna so, ionnus go gcuirfidhe an
Ghaedhilg céim eile ar aghaidh mar theanga
tíre i nÉirinn? Ní aon rud amháin atá riach-
tanach a dhéanamh, ar an gcuntar soin, acht
seacht rud, & dá ndéarfaidhe é — seacht rud
déag. Ní mórán cabhrach atá i riaghalachaibh,
ná i ndlighthibh; níor chuir riaghail ná dlighe
éinneach ag labhairt na Gaedhilge fós, cé gur
mór an gleó a ghnídhthear corr-uair, díobh.
Ní dóigh go bhfuil páirt ar bith de'n tír gan
a éagcaoine féin, & ta buntáiste ag áiteachaibh
ar áiteachaibh eile. Tá cosamhlacht i mBaile
Átha Cliath go gcuirfear teach Gaedhilge mór
puiblidhe ar bun — teach i n-a bhféadfaidh
Gaedhilgeóirí, & Gaedhilgeóirí amháin, a theacht i
gceann a chéile taréis an lae, cluithchí imirt,
nó bheith ag comhrádh is ag seanchus, nó ag
léightheóireacht, nó bheith ag sáruigheacht ar a
chéile, mar is gnás leis an nGaedheal. Luadh
Eóin Mac Néill a leithéid seo níos mó ná aon
uair amháin, & do réir mar tá na comharthaí
fá láthair, tiocfaidh Coisde Ceanntair Átha
Cliath i gcomhdháil, & bhéarfaidh siad iarracht
teach mar sin a chur ar bun. Is aca atá a
dhéanamh, tá sé ion-dhéanta, & tá sé riachtanach
aca a dhéanamh. Ní dheacha an roinnt go maith
do'n Choisde céadna. Acht sin rud áiteamhail.
Ní hé sin do Lá Fhéile Pádraig. Níor
cóimhlíonadh an tSaoire is gach uile áit i
nÉirinn i n-uraidh ar an bhféile seo. Bíodh na
Gaedhilgeóirí ullmhuighthe, i dtráth fá chomhair
an lae seo i mbliadhna. Ná leigidís na tighthe
óil d'osgailt agus cóimhlíonfar go fiúntach
céillidhe an lá mór beannuighthe seo.
Tá an óige i gcomhnuidhe ag síor-bhreathnughadh
roimpi, & is maith an fáth — níl aon bhlas 'n-a
diaidh aici ar a mbreathnóchadh sí. Tairgtear
saothar na bliadhna do'n aos óg, & tugtar
aire áirithe, chúramach, dóibh i mbliadhna seachas
aon bhliadhain eile. Is iomdha sgoil sa tír &
ní múintear focal Gaedhilge fós innti. Ná
fágtar ceann aca gan teanga na tíre a
thabhairt isteach innti an bhliadhain seo, & ceann
sgoile ar bith i nÉirinn a bhéas gan an
Ghaedhilg a bheith dhá mhúnadh i n-a sgoil curtar
a ainm suas imeasg náimhde na tíre.
Bíonn amanna de'n bhliadhain i n-a dtigeann
dúthracht & díocas oibre thar a chéile ar na
daoinibh. Ní bhíonn fonn ortha rud a dhéanamh
nuair a thursuigheann siad de. Níl annsin ar
fad acht nach mbíonn an gnó leagtha amach mar
is taitneamhach; tugann daoine de chleachtadh
dhóibh féin an rud céadna a dhéanamh & a aith-
dhéanamh & shíor-dhéanamh, & imthigheann sogh &
sulamair a dhéanta leis an ngnás. Acht tá
talta nua le briseadh & má's linn an teanga
do bheith ag gach uile dhuine, caithfimíd bearta
& cleasa & gliocas a ghabháil chugainn féin & a
thabhairt le tuigsint do'n choitcheanntacht go
bhfuil de rún againn sinn féin & ár dteanga
a chur san ionad ar cheart dóibh a bheith — i
n-uachtar. Níl aon iarracht maith dha ndéan-
amuid nach gcuirfidh misneach orainn féin.
Brostuighidh amach anois i n-ainm Dé.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11