Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Canmhantachas

Title
Canmhantachas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Lughnasa 15, 1903.



Canmhantachas



Tá an iomadta ráidhte anois i dtaobh na
ceiste seo an chanmhantachais. Bítear ag
gearán anois & arís i dtaobh na difridheachta
atá idir chaint na gcúigí. Ní hí an difridh-
eacht atá ag cur orainn chor ar bith, acht
amháin easbaidh eólais. An fear a léigheas an
Ghaedhilge tuigfidh sé gach saghas canamhna,
acht ní thuigfidh an fear ná léigheann í — níl
aon mhaitheas a rádh acht an ceart. Is fuiris
na daoine ná léigheann í a thabhairt isteach
uirri. I gcionn mí thuigfeadh Ultach & Muimh-
neach a chéile go ceart, & ní bhainfeadh sé an
méid sin féin de'n Mhuimhneach & de'n Chon-
nachtach a chéile do thuigbheal, mar dar linn-ne
atá níos mó difridheachta idir chaint na
nUltach & na Muimhneach 'ná tá idir í féin &
caint na gConnachtach. Ní dóigh linn go mbeadh
mórán Muimhneach ná léigheann an teanga i
n-ann a leithéid seo de chaint do thuigbheal.
Deireann an tUltach “Cha dtig liom thú thuis-
gint mar labhras tú ró-sgiopaidh dham (nó ró-
thapa dham.)” Deireann an Muimhneach “Ní
fhéadaim tú thuigeáil (deirtear é seo sna
Déiseachaibh; i bpáirteanna eile de'n chúige
sé deirtear 'ná ‘thuiceáil’; deirtear ‘tuis-
gint’ freisin ann), mar labhrann tú ró-mhear
dam.”



Agus solaoid eile: —



An tUltach: Cha n-amharcfainn (nó cha
ndearcfainn) chor ar bith air.



An Connachtach: Ní bhreathnóghainn chor ar
bith air.



An Muimhneach: Ní fhéachfainn ar aon chor
air.



Is follus go bhfuil a bheagán de difir
eatortha acht níl leath an oirid is a deirtear.
Éinne go bhfuil an cluasa go géar aige, agus
beagán meabhrach agus tuigsint 'n-a cheann,
ní bheidh mórán trioblóide ag an bhfear sin a
bpiocadh suas.



Do réir mar bheidh na sgríbhneóirí cliste
ag méadughadh chugainn beidh an difridheacht
so ag laghadughadh uainn. Tiocfaidh an lá uair
éigin, muna bhfuil sé buailte orainn, nuair
bheidh slighe áirithe againn uile chum focal a
litriughadh & a slighe féin ag gach cúige chum
iad a shonadh. Is é an cás céadna ag an
mBéarla é. Ní hí an fhuaim chéadna a
chuireas an tUltach & an Muimhneach ar focail
an Bhéarle cé gur mar a chéile a litrigheann
siad iad. Ní bhfuighfear an fhuaim atá de
dhúthchas ag na Gaedhilgeóirí a bhaint as a
mbéalaibh. Tabhair cead a dteangan dóibh
& déanfair an gnó.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services