Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tOireachtas

Title
An tOireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 16, 1903



An tOireachtas



A Cháirde, tá an tOireachtas ar siubhal &
sinn á sgríobhadh so. Tá daoine as gach
áird i mBaile Átha Cliath — Baile Átha Cliath
na nGaedheal — & tá an Ghaedhilge dhá spreagadh
i ngach uile áit timcheall na Cathrach. Aréir
do cuireadh fíor-chaoin fáilte roimh na teach-
tairí sa' Rotunda, & bhí Gaedhilgeóirí as na
chúig cúigí ann & a mblas féin aca. Thuigeadar
a chéile go maith. Bhí saoithe na hÉireann ann
i dteannta a chéile & iad uile dúthrachtach.
Cuireann an féasta so breis misnigh ionainn
mar níl a fhios ag duine cad é neart an
Chonnartha go dtí Seachtmhain an Oireachtais.
Nuair bheidh brón nó dólás nó imnidhe orainn
fá an chúis smaoinimís ar an Oireachtas & ar na
daoine calma cródha a thagann le chéile [ag]
& ruaigfear ar an dtoist an Oireachtas
é. Ní daoine gan bhrígh iad so ná daoine liom
leat ná fós daoine teann-bhriathrach & beag-
ghníomhach acht daoine gur mó i bhfad a
ngníomhartha ná a nglór. Tá na daoine óga
ann freisin & tá muinighin mhór againn asta —
go deimhin is orra atámaoid ag bráth chum
Éire do dhéanamh Gaedhealach arís & ní dóigh
linn go meallfar sinn, mar is blasda na
cainteóirí iad cheana féin. Go neartuighidh
Dia leó & go mbuanuighidh sé na Gaedhil uile
'na dtalamh dúthchais féin!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services