Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gléas Solais Dhomhnaill Uí Shúiliobháin

Title
Gléas Solais Dhomhnaill Uí Shúiliobháin
Author(s)
Mac Mic Mairéide Ní Thaidhg,
Pen Name
Mac Mic Mairéide Ní Thaidhg.
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gléas Solais Dhomhnaill Uí Shúiliobháin



Tamall maith ó shoin ann bhí triúr fear dínn tar
éis teacht go baile beag i n-Arizona go nglaodh-
tar “Sgriosta Ar Fad” (Total Wreck) mar ainm
air. Go deimhin féin níor mór le rádh sinn an lá úd
do bhuaileamar isteach go dtí an baile beag sin. Is
amhlaidh do bhí an sgéal againn a's budh bheag é ár
gcuid lóin agus budh shuarach le feicsint ár gcuid
éadaigh; go dearbhtha is mór mar a theastuigh sé uainn
péire bróga an duine againn d'fhagháil. Ná measadh
éinne gurab aon easbaidh airgid do bhí orainn. Níor
bh'eadh; acht níor bh'fhéidir aon nídh do cheannach ar
feadh ár dturais, mar le sé mhí ní fhacamar éinne
acht fir dhearga, & geallaim-se gur tapaidh a chuadh-
amar i bhfolach orra-san ar eagla go sgiobfaidís a
raibh de ghruaig & chroiceann ar bhathas [ar]{ár} gcinn dínn.



Do thosnuigheamar a dtriúr ar an dturas so chum
míon-chuardach do dhéanamh ar shléibhte Arizona le súil
go bhfaghaimís talamh mianaigh nuadh nach bhfuair aon
duine eile romhainn riamh roimhe sin.



Bhí asal diallaide agus asal srátharach ag gach fear
dínn. Bhí ár ngléas leapa & lóin & oibre ar dhruim ár
n-asail srátharach againn.



Sin é an chuma gur thosnuigheamar ár siubhalóid, &
bhíomar mar sin ar feadh sé mhí gan aon chaoi d'fhagháil
ar stór, ná lón do cheannach dhúinn féin; acht amháin
go minic nach raibh aon easbaidh feóla úire orainn,
mar ba mhaith an fear gunna Mac Uí Shúiliobháin. Is
annamh riamh do chuaidh an t-urchur ar fiaradh ó'n ain-
mhidh gur dhíreadh sé a ghunna air.



'Seadh, chum mo sgéil do ghiorrughadh, nuair a tháng-
amar chum an bhaile bhig sin (Total Wreck) do cheap-
amar ár suaimhneas do ghlacadh ar feadh tamaill, & ár
dtuirse do chur dhínn sul a dtabharfamuis ár n-aghaidh
chum bealaigh arís. Bhí go maith. Chuireamar stácanna
ár gcabáin 'san talamh, & is ró-ghearr go raibh go leór
againn de ghach uile nidh do bhí ag teastáil uainn.



Bhíomar go socair mar sin ar feadh coidhchíse, gan
brón ná buaireadh orainn. Aon oidhche amháin bhíos
féin & Mac Uí Shúiliobháin 'san gcabán, agus sinn ag
cainnt dúinn féin, &, i lár na cainnte dhúinn, cia do
bhrisfeadh isteach tríd an ndoras chughann acht ár
gcómpánach, agus a bhéal ar dearg-leathadh aige. Bhí
an oiread sain de “thré n-a chéile” air go raibh sé
beag-nach ar mire.



“Ó!” ar sé, “gluaisdh oraibh láithreach boinn
nó beidh an saoghal mór romhainn 'san áit.”



Do chiúinigh Mac Uí Shúiliobháin é chum gur innis sé
dhó go bhfacadh sé féin fear ó Cheinnibhín do [bh]{bhí} tar
éis teacht chum an bhaile bhig seo ar lorg lóin, & go
raibh lán máilín bhig de mhianach an óir aige, agus ná
facadh sé féin, ná éinne eile riamh roimhe sin, aon
mhianach óir do bhí leath chomh saidhbhir leis. Is é críoch
an sgéil gur innis fear an lóin d'ár gcompánach-na
an áit a bhfuair sé féin an mianach do bhí chomh saidhbhir
sin, & dubhairt sé leis nach raibh aon eólas ag éinne
eile fós ar an sgéal, agus gur mhór gur bhfearr dhúinn-ne
imtheacht orainn láithreach sul a mbeadh an sgéal i
mbéal gach duine.



Mac Mic Mairéide Ní Thaidhg.
(Ní críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services