Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin nó an Fear Thall

Title
Sinn Féin nó an Fear Thall
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 29, 1902



SINN FÉIN, NÓ AN FEAR THALL



Do sgríobh fear, an lá cheana, fuagra éigin ar
pháipéar Gaedhealach, agus do chuir é go dtí a
cheannfairt é. Is i n-oifig phuiblidhe an ríogh do bhíodar
araon ag obair, & nuair a chonnaic an ceannfairt
an fear so, lá ar n-a bháireach: — “Nach raibh aon
pháipéar stríocuighthe agat,” ar seisean, “leis an
bhfuagra beag úd do chur air? Mara raibh, cuirfidh mé
neart de chugat.” 'Sé an páipéar stríocuighthe seo
déantús an tSasanaigh, & is Sasanach é an fear féin.
Éireannach & connarthóir is eadh é an fear eile. Sin
é bealach an tSasanaigh, ní hé amháin nuair atá páipéar
i gceist, acht ní'l snáithe éadaigh, dá gcuiridh sé ar a
chroiceann ná greim dá gcuiridh sé ina bhéal, ná nidh ar
a bhféachaidh sé nach mian leis d'fhagháil anall ó n-a thír
féin, & earraí na hÉireann a chur fa chois.



Tá sin dona go leór, acht tá sgéal níos measa ná é
le n-aithris. D'iarr Coisde Ceanntair Chinn tSáile,
coicthidhis ó shoin ar lucht na mBord bPuiblidhe
cuideachan le déantúisíbh na hÉireann, & iad a dhíol &
a cheannach, & tús a thabhairt dóibh ar earraidh tar lear.
Is Éireannaigh iad-san go léir & tá siad ar aon
inntinn leis an Sasanach ag iarraidh Éire & a hearraí a
chur i n-íochtar. “Dá dhonacht maol is measa mullóg.”
Dá dhonacht é an sgéal an Sasanach a bheith ag eirighe
n-ar mullach is measa ná sin an tÉireannach a bheith ag
tabhairt chongnamh dhó, & cé'r chás é dhá dtugadh an
tÉireannach fa deara an díoghbháil atá 'ghá dhéanamh
aige.



Chuaidh cailín beag isteach i siopa i nDún Dealgain,
an lá fá dheireadh, d'iarr sí i nGaedhilg neithe éigin a
bhí uaithi, leag sí síos leath-shoibhrein ar an gclár &
d'fhan sí tamall. Ní i bhfad a bhí le fuireach aici,
mar d'aithnigh buachaill an tsiopa gur Gaedhilg a bhí sí
a labhairt, & d'admhuigh sé nar thuig sé í. Thóig an
cailín beag an t-airgead & shiubhail sí amach. Tá ós
cionn trí chéad duine i nDún Dealgain atá i n-ann an
Ghaedhilg a labhairt.



Caithfimíd fiarfuighe dhinn féin go minic an chun
tosaigh ná chun deiridh atámuid ag dul. Is deacair
do dhuine fios a bheith aige cá bhfuilmid ag triall chomh
fada & tá Éireannaigh chomh dall & nach dtuigeann siad
gur ionann le chéile a neamh-shuim féin i dteangaidh &
i n-earraíbh na tíre & namhadas an tSasanaigh.



Anois, leis an sgéal a leasughadh, tá sé air againn
é athrughadh. Nílmid sáthach coinneálach ar theangaidh
na tíre 'n-ar ngnó féin, nílmid sáthach leith-leasach, ná
beann ár ndóthain againn ar ár muinntir féin (iad-
san atá carthanach do'n teangaidh) nuair a chuireas
siad a gcuid earraí os ar gcomhair. Tá na cean-
naidhthe féin cionntach. Bhíodar mar bheidís i bhfolach i
bpuill & i bpruchógaibh go dtí le fíor-ghoirid, & is beag
nach bhfuil siad dallta anois ag solas na puiblidheachta.



Badh cheart dóibh anois féin fuagra a chur suas os
cionn a ndoirse ag rádh go g“Cuidigheann lucht an
tsiopa so le teangaidh & le hearraíbh na hÉireann.”
Nó go ndeantar rud eigin mar sin, tá sé fánach againn,
a bheith ag iarraidh an ceann is fearr d'fhagháil ar bhear-
tuigheacht an tSasanaigh úd a thairig neart paipéar
thar lear do'n Éireannach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services