Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cloch na Cille

Title
Cloch na Cille
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cloch na Cille (?)



Bhí áthas orm litir d'fheicsint 'sa' “Chlaidheamh” le
déidheanaighe ina bhfuil trácht ar an mbaile seo,
bíodh gur i mBéarla féin bhí sí. Chím go bhfuil
tuairim láidir ag an ndeoraidhe seo ná fuil an
ainm ceart Gaedhealach ar an mbaile seo againn, acht
gur dóigh leis gur Cluan na gCoillte an ceann ceart.
Ní'l sé cinnte ar seo, & ní'lim féin cinnte acht
chomh beag leis; acht níor airigheas Cluan na gCoillte
ó éinne go rabhas ag cainnt leó mar gheall ar an
gceist seo. Acht chuala i n-uraidh gur b'amhlaidh do
cuireadh suas an chéad tigh san áit leis na clochaibh ó'n
sean-chill bhí i gCill Garbh fadó. Anois deir an
déoraidhe ná fuil aon deallramh ar an sgéal san,
mar go raibh an iomad urraime ag na daoinibh
fadó d'aon nídh a bhain le cill nó teampall, & go
raibh spioraid na ndaoine ró-dhiadhamhail chum a rádh go
gcuirfidís i n-aon usáid coitcheann éin nidh do'n
tsaghas san. B'fhéidir go bhfuil an ceart aige; acht
tá amhras láidir agam féin, & ar ndóigh dearbhuigheann
an seanchus dúinn é leis, go raibh daoine sanntacha
saoghaltánacha 'sa' tsaoghal i gcomhnuidhe & gur cuma
leó cá bhfuighdís rudaí a dheanfadh áise dhóibh agus
a shábhálfadh airgiod dóibh, & cá bhfios d'éinne nach
duine de'n tsaghas so a chuir suas an céad tigh 'san
áit, agus gur a' déanamh iongnadh dhe do thug na
daoine eile Cloch na Cille ar an tigh seo, & gur
lean an ainm ar an mbaile go léir 'na dhiaidh sin.



Ní'l acht buille fé thuairim agam 'sa' méid seo.
Rud eile dhe, tá amhras agam ar spioraid diadhamhail
na ndaoine bhí ann fadó. Is deimhin na rabhadar go
léir 'na naomhaibh, & b'fhéidir dála na spioraidí eile
a deirtear bhí i nÉirinn (& tá fós dar leis a lán
daoine) gur sgéalta fiannuigheachta atá i na bhfurmhór
aca.



Acht tá tuairim eile agam fós ar an ainm seo,
& tá sé chomh deallrathach le haon ainm eile, nó
b'fhéidir níos deallrathaighe. Deir seanachaidhe 'sa
chomharsnacht seo, gur ó thréibh de mhuinntir Chaoilte a
tugadh an ainm ar an mbaile, & gur Cloch na gCaoilte
an ainm cheart. D'airigheas an sgéal céadna ó
dhaoinibh eile leis. Bhí fear de'n ainm seo 'na
chomhnuidhe ar an nDíseart i dtaobh theas do'n bhaile le
cuimhne an tseanchaidhe seo. Seán Ó Caoilte do
b'ainm do, & chuaidh sé go Sasana & níl éinne de'n
ainm 'san áit anois. Níor airigheas Cluan ó éinne,
agus bíodh gur “Clannakeela” an fuaim a airighim fós
ó na Gaedhilgeóirí ná fuil fuaim an “n” i gCloch
na Cille, & i gCloch na gCaoilte chomh láidir is tá sí
i gCluain na gCoillte.



Rud eile tá áiteanna eile ar fuid an cheanntair go
bhfuilim deimhnighthe ar a n-ainmneachaibh mar atá
Cloichín & Cloch-Grifín (Clogheen & Clogh-griffin i
mBéarla do réir Gaedhilge) Cloch-an-Uchaire agus
Cloch-an-Easboig (Shannonvale agus Ashgrove i
nBéarla “galánta” na seóinín), & cuid eile mar
an gcéadna. Agus cad 'na thaobh ná beadh “Cloch”
chomh maith leó i gCloch na gCaoilte, ó bhíodar go léir
chomh ceanamhail 'san ar na clochaibh.



'Seadh anois, ní hiad muinntir gach aon bhaile a
fhéadfaidh trí cinn d'ainmneachaibh Gaedhealacha do
tharraing cucha; acht, go méaduigh Dia an radhaise (!)
ní'l aon nídh chomh breágh leis an bhflúirse, acht tá
trí cinn d'ainmneachaibh Béarla ar an áit leis,
ambasa! — sid iad “Clonakilty God help us” a
thugann daoine dúthchasacha na háite air nuair a
chasann siad ar a chéile i bhfad ó bhaile. Clonakilty a
thugann furmhór na ndaoine air, & is é an ‘Official
form’ leis. Clon a thugann Béarlóirí gonta deas-
bhéalacha na háite air 'ga mbíonn an iomad deithnis
chum cainnte ortha chum aimsire do chaitheamh ar an
ainm go léir do sgaoileadh amach.



Sid é anois agaibh mo thaobh-sa do'n chunntas ar
an mbaile seo do réir mar fuaras ó na daoinibh é, &
'sé is dóichighe go bhfuil sibh bodhar uaim & i n-ionad aon
réidhteach do dhéanamh air, gur b'amhlaidh a chuireas
tuilleadh achrainn 'sa' sgéal, acht fágfad ag na
“sgoláiribh” an taobh eile d'innsint le súil go
réidhteóchaidh duine éigin an cheist dúinn agus go
mbeidhmid deimhnightheach ar ainm éigin nuair a bhéidh sé
a' teasdáil ó mhuinntir na háite, acht an fhaid a
bheidhmid ag aistriughadh ó Chloch na Cille go Cloch
na gCaoilte & as san tar n-ais arís go Cluan na
gCoillte ní haon iongnadh mise bheith im'
“Dul Amudha.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services