Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



THALL 'S I bhFUS I dTÍRCHONAILL



Shroich mé teach éigin i nGleann tSúiligh an oidhche sin
& bhí m'aisdear críochnuighthe an uair sin. Lá ar n-a
bhárach fuair mé litir ó Thomás Ua Concheanainn a' rádh
liom go raibh sé i Leitir-Cheannain & gur mhaith leis mé
d'fheicsint. Mar nach raibh an aimsear ró-mhaith chum
rothuidheachta, fuair mé iasacht capaill, chuir mé
diallaid & srian air, & chuaidh ar a mhuin. Bhí an-
chleachtadh agam ar mharcuidheacht, siúd is go raibh
cleachtadh maith agam air uair amháin, & bhí mé tuirseach
go leór do'n diallaid nuair a shroich mé Leitir-Ceannain.
Bhris an fhoighid ar Thomás ag feitheamh liom & bhí an cearr-
seólta ar an tsráid aige & é ar tí gluaiseacht fá mo
dhéin-se nuair a tháinig mé fhaid leis. Rinne sé
craitheadh lámh liom, sgaoil an capall as an chárr arís,
& thug órdughadh do mhnaoi an tighe ósda béile maith
bidh do ghléasadh dúinn. Chomh fhad is bhí an biadh dhá
ghléasadh thugamar cuairt ar Sgoil na mBráthar i
Leitir-Ceannain. Bhí sean-aithne ag na bráithreachaibh
ar Thomás & d'fhearadar fáilte fial roimhe & romham-sa
leis. Is cosmhail go bhfuil na bráithreacha ag déanamh
a ndíchill leis an teanga do chur 'un tosaigh i Leitir-
Cheannain. Tá an Ghaedhilg dhá teagasg i bhfurmhór na
sgolta san bhaile sin, acht taoibh amuich do na sgoltaibh
ní'l mórán dhá dhéanamh. Ní'l an spiorad cheart imeasg
na ndaoine & chá raibh riamh. Tá dream gallda fá'n
bhaile idir lucht siopa & píléirí & shaighdiúiríbh Sasana &
oifigibh neamh-dhúthchasacha go nach dtiocfadh le Gaedheal
anál slán do tharraingt in a measg. Bhíos féin in mo
chomhnuidhe ann seal, & ní mór na gur tachtadh mé bhí
an Galldachas chomh tiugh sin ann. Agus ní mheasaim
go bhfuil mórán leasuighthe air go fóill. An lá
sin féin a raibh Tomás & mé féin san bhaile
dh'airigheamar na daoine ag trácht ar chuirm céoil
ghallda do bhí aca an oidhche roimhe sin & ar iomáin
Golf & Hockey & a leithéidí eile. Tá cuimhne agam
fosda gur chuireamar ar gcinn isteach san hAlla
Litiordha .i. halla breagh atá ag na Gaedhealaibh i
LeitirCheannain & mo bhrón goidé chonnaic muid ann
sin acht cúpla sagart & cúpla mac léighinn & cúpla
píléir & cúpla saighdiúr & iad measgtha tré n-a-chéile, &
a gcasóga buainte díobhtha ag imirt billiards. Ba dhona
an obair í dar linne & ba bhrónach an radharc é sagairt
& mic-léighinn bheith ina leithéid sin do chomhluadar &
bheith i gcionn a leithéide sin d'obair!



Tar éis dúinn ar ndínnéir do chaitheamh ghoireamar
isteach chuig Easpog onórach Ratha-bhoth & má ghoir ba
fhial flaitheamhail fáilteamhail bhí sé romhainn. Thrácht
sé as Gaedhilg linn ar feadh uaire an chluig & b'é an
rud ar ar thráchtamar an bealach a b'fhearr leis an
Ghaedhilg a chur 'un tosaigh i dTírchonaill. D'fhiaf-
ruigh sé dhinn goidé ar bh'fhéidir do dhéanamh ar son na
Gaedhilge i dTírchonaill nach raibh d' á dhéanamh cheana
féin. Chuireamar i n-umhail dó trí slighthe in ar bh'fhéidir
an teanga do leasughadh: — (1) I bheith dhá teagasg
ins na sgoltaibh; (2), feidhm do dhéanamh do 'n
Ghaedhilg ins na ceallaibh & i ngach urnaigheadh puib-
lidhe; (3), & an Ghaedhilg do labhairt ar gach cruin-
niughadh puiblidhe. D'aontuigh an t-easbog gur mhaith
na ruda iad seo leis an Ghaedhilg do chur ar aghaidh
& d'aontuigh sé le cruinniughadh mór do chur ar bun i
LitirCheannain leis na neithibh úd d'iarraidh. Bhí an
cruinniughadh i LeitirCheannain & labhair an t-easbog,
go fearamhail, acht ní mhothuighim go bhfuil an
Ghaedhilg dhá teagasg ins na sgoltaibh go fóill, no
dhá labhairt ina na ceallaibh nó ag cruinniughadh
puiblidhe. Chán ar an easbog atá an locht.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services