Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL



Anois tá Anna Nigh Loinsigh 'na cailín cráibhtheach &
char thaithin léithe ar chor ar bith na sean sgéalta
pagánacha úd. D'fhiafraigh sí damh féin ar mhaith liom na
“Sé Aitheanta Déag is Dá Fhichead” a chluinsint.
Dubhairt mise gur mhaith liom, & d'aithris sí damh
iad mar leanas: —



1. Grásta an Spioraid Naoimh go gnodhamaid.



2. Ins an gCreideamh Fíor go gcomhnuidhimid.



3. Sompla an bhfíréan go leanamaoid.



4. I dteampoll ar dTighearna go bhfanamaoid.



5. An Tríonóid shíorruidhe go n-adhramaoid.



6. Ar ndóchas i nÍosa go bhfágamaoid.



7. Ar leath trom na mbochta go bhfóirimid.



8. Do réir tola Dé go siubhlamaoid.



9. Do chathughadh an diabhail go ndiúltamaoid.



10. Do theagasg an chléir go n-umhlaighmid.



11. I n-aghaidh gach loit go dtroidimid.



12. Gach aithris bréagach go gcosgamaoid.



13. Le c'luadar bréagach nach measgamaoid.



14. Acht urnaithe cráibhtheach go dtáthuighmid.



15. Tiodhlacadh an Tighearna go n-áltuighmid.



16. Ar ndroich-bheasa go n-athruighmid.



17. Ar mbeathaí mí-riaghalta go leasamaoid.



18. Ar n-an-toil féin go smachtamaoid.



19. An uile ocáid peacaighe go seachnamaoid.



20. Is carthanas Dé go neartuighmid.



21. Srian le n-ar mbéal go gcoinnighmid.



22. Ó chraos nó meisge go sgaramaoid.



23. Ar na huilcibh arís nar bhfillmid.



24. Acht aithreachas rathamhail go ndéanamaoid.



25. Leór-ghníomh nó trosga nar bhrisimid.



26. Ar sean-leannan salach go sgriosamaoid.



27. Ar n-eascáirde saoghalta go maithimid.



28. Ar gcoinsias go ró-mhaith go glanamaoid.



29. Ar gconfíteor go duthrachtach go n-abramaoid.



30. Is an t-Sacramuint Naomhtha go nglacamaoid.



31. Cuid duine eile nár sanntuighmid.



32. Clú na gcomhursan go gcumhdaighmid.



33. Aitheanta Dé go gcoinnighmid.



34. Is geanmnuidheacht buan go dtáthuighmid.



35. I n-aghaidh an Ghalldachais go seasamaoid.



36. Ar sean-teanga féin go labhramaoid.



37. Aon duine le feirg nar mheallamaoid.



38. Is le sgannall aon duine nar shaluighmid.



39. Ins an fhírinne riaghalta go labhramaoid.



40. Is ar dhíol na truaighe go gcabhramaoid.



41. Ar pháis Íosa Críost go smuainimid.



42. Siothcháin na bhFlaitheas go saothruimid.



43. Is na fiacha bhí orainn go ndíolamaoid.



44. Le croidhe-bhruigh inntinn go n-ullmhaighmid.



45. Faoi phárdún an Áird-Rígh go bhfanamaoid.



46. Le beannachd Dé & duine go ngluaismid.



47. Congnamh easbog & naomh go dtuillmid.



48. Cáirdeas Mhuire is Naoimh Ioséph go bhfághamaoid.



49. Le bás beannuighthe go n-imthighmid.



50. Glór na n-aingeal go gcluinmid.



51. Ar bhantracht Mhuire go suidhimid.



52. Gnúis chiúin Dé go bhfeicimid.



53. Ag adhradh 's ag moladh Dé go raibhmid.



54. Sealbh na glóre gile go saothruighmid.



55. Tré saoghal na saoghal.



56. Amén.



Anois bhí Mícheál 'na bhuachaill stráiceamhail ina
rae, & chár thaitin an chráibhtheacht go ró-mhaith leis,
siúd is go dtéidheadh sé 'un Aifrinn Dia Domhnuigh,
& deirfeadh sé an paidirín ag am luighe; acht dar
leis, gur mhaith liomsa amhráin grinn sultmhar do
chluinsint, & dar go dearbhtha chá raibh sé cearr sa
méid sin. Chan sé an t-amhrán seo damh ar fhear a bhí
a' dréim leis an bhás: —



Imirt idir domhnaill ua gallchobhar & an bás.
Tháinig an Bás go fáiligh chugam ar cuairt,
Chroith sé liom láimh, “Bí sásta, tháinig an uair
Béidh mé in do pháirt; na sgannruigh, ní chorróchadh uait
Go bhfuighfidh mé do chnámha ag do cháirdibh cruinn
insan uaigh.”



“A Chonaill Uí Bhuighill, a righ na bhfear a bhí sámh,
Ná leig mise síos faoi sgríobh anois leis an Bhás,
A shladuigh an ghuib chaoil a bhfuil fíoch in gach ribe dá
fháis
Ag teacht mar bhéadh daol is ag sgríobhadh craic-
eann is cnámh.”


L. 158


Míle altughadh do'n Árd-Righ nach adhmhail d'imthigh
mé aréir,
Is go dtáinig an Bás a ráidht go ndéanfadh mé
léigheas,
Dhearc mé ar an tráill is ba ghranda an mhaise dhó é,
Ba chosmhail dá chár nár bhain leis imtheacht gan mé.



Nach mór mo sheasamh, & mise le mí gan spás
Le Righ na gCearrbhach ag imirt d'oidhche & do lá;
Bhí seisean an fiche, chuir mise an t-aon le clár,
Cailleadh an cuileat, 's ní raibh na cúig méara
le fághail,



A cháirde chádhach, Ó déan! bhur gcumann le Dia,
A' fhaid a bhfuigh sibh spás, is gearr é i bhfarradh 's
na bpiann,
Ní'l caisleán nó bád, ní'l baddhún, coilleadh nó
sliabh,
In ar imthigh ar an Bhás an lámh is cumasaighe riamh.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services