Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Dhuanaire III

Title
Nua-Dhuanaire III
Compiler/Editor
Ó Concheanainn, Tomás
Composition Date
1852
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1978)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


0
1

Sliabh na mBan


2
3

Is saoth liom féinig bualadh an lae úd
4a dhul ar Ghaeil bhocht' 's na céadta a shlad,
5mar tá na meirligh ag déanamh géim dhínn
6's á rá nach aon ní leo pike ná sleagh;
7níor tháinig ár Major i dtús an lae chúinn
8's ní rabhamar féin ann i gcóir ná i gceart,
9ach mar sheolfaí aeireacht bó gan aeire
10ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.


11
12

Mo léan léir ar an dream gan éifeacht
13nár fhan le héirim istoíche is stad
14go mbeadh dúichí Dhéiseach is iarthar Éireann
15ag triall le chéile ón tír aneas;
16bheadh a gcampa déanta le fórsaí tréana,
17bheadh cúnamh Dé linn 's an tsaoil ar fad,
18's ní dhíolfadh meirleach de mhuintir Néill sinn
19ach bhuafaí an réim linn ar Shliabh na mBan.


20
21

'S é Ros do bhreoigh 's do chloígh go deo sinn,
22mar ar fágadh mórchuid dínn sínte lag,
23leanaí óga ina smól ann dóite
24is an méid d'fhan beo dhíobh cois claí nó scairt;
25ach geallaim féin dóibh an té rinn an feolmhach
26go mbeam-na i gcóir dhó le pike is le sleagh,
27is go gcuirfeam yeomen ag mún 'na mbróga
28ag díol a gcomhair leo ar Shliabh na mBan.


29
30

Is 'mó fear aosta is crobhaire gléigeal
31ón am go chéile do gabhadh le seal,
32go bhfuil córdaí caola ag baint lúth na ngéag dhíobh
33i nduinsiúin daora go doimhin faoi ghlas;
34gardaí taobh leo ná leomhfadh sméid 'rthu
35go ndéanfaí plé dhóibh i dtír thar lear,
36á dtabhairt saor óna namhaidh gan bhaochas
37in am an tsaothair ar Shliabh na mBan.
38


L. 2


39

Tá an Francach faobhrach 's a loingeas gléasta
40le cranna géara ar muir le seal,
41's é a síorscéala go bhfuil a dtriall go hÉirinn
42's go gcuirfid Gaeil bhocht' arís 'na gceart;
43dá mba dhóigh liom féinig go mb'fhíor an scéal san
44bheadh mo chroí chomh héadrom le lon ar sceach,
45go mbeadh cloí ar mhéirligh 's an adharc á séideadh
46ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.


47
48

Tá baois óige ar an dream tá ar m'eolas,
49tá an aimsir óg 's an chabhair ag teacht,
50an té mhill na gnótha is é leigheasfaidh fós iad
51's ní dhíolfam feoirling leo cíos ná sraith;
52píosa corónach, an chuid is mó dhe,
53ar charaoid bhó nó ar ghabháltas ceart;
54beidh rince ar bhóithre is soilse á ndó againn,
55beidh meidhir is mórtas ar Shliabh na mBan.


56
57

B 1845-50lsc 19L


58
59

Slán chum Pádraig Sáirséal


60
61

A Phádraig Sáirséal, slán go dtí tú!
62ó chuais don Fhrainc 's do champaí scaoilte,
63ag déanamh do ghearáin leis na ríthe,
64is d'fhág tú Éire is Gaeil bhocht' cloíte.
65Och! ochón!


66
67

A Phádraig Sáirséal, is duine le Dia thú,
68is beannaithe an talamh ar shiúil tú riamh air;
69go mbeannaí an ghealach gheal 's an ghrian duit,
70ó thug tú an lá ó lámha Rí Liam leat.
71Och! ochón!


72
73

A Phádraig Sáirséal, guí gach nduine leat,
74mo ghuí-se féin is guí Mhic Mhuire leat,
75ó thóg tú an tÁth Caol ag gabháil thrí Bhiorra dhuit,
76's gur ag Cuileann Ó gCuanach a buadh leat Luimneach.
77Och! ochón!


78
79

Geobhadsa siar an sliabh seo im aonar,
80's geobhad aniar arís más féidir;
81's ann do chonaic mé an campa Gaelach,
82an dream bocht silte nár chuir le chéile.
83Och! ochón!
84


L. 3


85

"Cé súd thall ar chnoc Bhinn Éadair?"
86"Saighdiúir bocht mé le Rí Séamus.
87Do bhí mé anuraidh in arm 's in éide,
88ach táim i mbliana ag iarraidh déirce."
89Och! ochón!


90
91

Briseadh na Cruiminne is briseadh na Bóinne
92is an tríú briseadh ag Móta Ghráinne Óige,
93an ceathrú briseadh in Eachroim Dé Domhnaigh,
94's buaileadh buille trom orainn ag Tobar Rí an Domhnaigh.
95Och! ochón!


96
97

Mo chúig chéad slán chúibh, a bhallaí Luimnigh,
98's chun na buíne áille do bhí inár gcuideachta;
99do bhíodh tinte cnámh againn is cártaí imeartha,
100is briathra Dé á léamh go minic dhúinn.
101Och! ochón!


102
103

Is 'mó saighdiúir meidhreach meanmnach
104do ghaibh an tslí seo le seacht seachtainí,
105fé ghunna, fé phíce is fé chlaíomh cinn airgid,
106ach tá siad sínte thíos in Eachroim.
107Och! ochón!


108
109

Tá leasú ag Ó Ceallaigh 's ní gaineamh é ná aoileach,
110ach saighdiúirí tapaidh dhéanfadh gaisce le píce;
111do fágadh iad in Eachroim 'na sraitheanna sínte,
112mar bheadh feoil chapaill ag madraí á sraoilleadh.
113Och! ochón!


114
115

. . . . . . .


116
117

Ansúd atá siad barr uaisle Éireann:
118Diúcaigh, Búrcaigh 's mac Rí Séamus,
119Caiptín Talbóid, croí na féile,
120is Pádraig Sáirséal, grá ban Éireann.
121Och! ochón!
122


L. 4


123

B 1831-50lsc 19L


124
125

An Droimeann Dubh Ó


126
127

"A dhroimeann dubh dílis, a scoith shíoda na mbó,
128cá bhfuil do mhuintir nó an maireann siad beo?"
129"Tá siad sna díogaibh sínte faoin bhfód,
130ag súil le Rí Séamus a théacht insa gcoróin."


131
132

Dá bhfaighinnse cead aoibhnis nó radharc ar an gcoróin,
133thriallfainn go Sacsain d'oíche is de ló,
134ag siúl bogaigh is curraigh is sléibhte dubha ceo,
135nó go seinnfear ar dhromaibh "An Droimeann Dubh Ó"!


136
137

"Dia do bheatha don mbaile, a dhruimeann dubh ó!
138ba mhaith do chuid bainne is ba mhilis le hól,
139do chaoinfinn do leaca is do chom cailce mar rós,
140's do mhalairt ní dhéanfad, a dhroimeann dubh ó!"


141
142

B 1904 19
143U Anaithnid


144
145

Cáit Ní Dhuibhir


146
147

Tráthnóinín beag déanach, 's mo thréada agam á gcur ón síon,
148ar leataoibh chnoic im aonar, 's ba ghléasta do bhí mo phíob,
149bhí an ceol ba bhinne ab fhéidir ag éanlaith is gach nóta fíor,
150's do réir mar thuigeas féin iad, beidh Éire 'ge Cáit Ní Dhuibhir.


151
152

Tá leasacháinín aerach ar an dtaobh so 'ge ceann mo thí,
153's is moch gach maidin ghréine bhíonn an spéirbhean ann romham 'na suí;
154tá leabhar aici den Bhéarla agus roinnt bheag den Ghaelainn thríd,
155's é scríbhte i mbun gach véarsa ann go mbeidh Éire 'ge
156Cáit Ní Dhuibhir.


157
158

Tá míle dath ina clóca, is a bróigín ar dhath an fhraoigh,
159gúna den fhaisean nódh uirthi den tsórt bhíonn ar 'níon an rí;
160"a chumann chroí is a stór dhil, suigh go fóillín 's ní 'neosad
161puinn,
162ach go raghainnse arís in óige dá mbeinn pósta le Cáit Ní Dhuibhir".
163


L. 5


164

Do shuigh sí ar bhinse taobh liom 's mo ghéaga do thit liom síos,
165do cheapas gur phlanda ón nGréig í is gur bhaol dom í theacht
166im líon;
167"An tú Júnó, Pallas, Vénus, nó Hélen do loisc an Traoi,
168nó an bhean do chloígh na céadta, nó bhfuil gaol agat le
169Cáit Ní Dhuibhir?"


170
171

"Is bean in imigéin mé, is mo chéile do chuaigh thar toinn;
172tá mo chlann go tuirseach traochta, tinn tréithlag, 's gan preab 'na
173gcroí;
174is níl aon fhear in Éirinn do bhéarfadh é féin dom bhuín,
175ná go dtabharfainn talamh saor dó agus tréada go bráth gan chíos".


176
177

B 1885-1942c 19D
178U Anaithnid


179
180

Sail óg rua


181
182

In Oileán Éadaigh atá mo ghrá is mo chéadsearc,
183an bhean ar lig mé léi mo rún 's mé óg,
184a bhfuil triúr an aon-chéill ag gol 'na déidh agam,
185is bean a mbréagtha, mo léan, faoin bhfód;
186tá mise tréithlag 's níl gar á shéanadh -
187níl mé ar aonchor ach mar an gceo -
188is a stór mo chléibh thú, is tú d'fhág liom féin mé,
189is go ndeachaigh tú i gcré uaim 's tú i do chailín óg.


190
191

In aois a sé déag 's ea fuair mé féin í
192is nár lách an féirín í ag fear le fáil,
193ba dheas a béasa is ba chumhra a méin mhaith
194is súil mar an réalt bhíonns ann roimh lá;
195"mo ghrá do bhéilín nár chum na bréaga,
196is do bhráid ghléigeal mar shneachta ar áill,
197do dhá chígh ghléigeal le do leanbh a bhréagadh,
198is a stór níor fhéad mé thú thabhairt ón mbás".


199
200

Dá bpósainn carnán de chaille ghránna,
201thóigfeadh a lán orm bheith ag gol 'na diaidh;
202ach an chiúinbhean mhánla a dtug mé grá dhi,
203is gan í ach 'na páiste tráth fuair mé í;
204b'fhearr liom go mór i mo dhiaidh sa ród í
205ag bleán mo bhóín 's ag gléas mo bhídh,
206ná saibhreas Sheoirse is a fháil ina ór bhuí,
207is gur faoi na fóide atá stór mo chroí.
208


L. 6


209

Dá mbeadh fhios ag daoine leath mar bhímse
210tráth smaoiním ar mo chéad míle grá,
211bhíodh sínte síos liom dhá fhad an oíche
212is gur ar a cígh gheal a bhíodh mo lámh;
213's anois nuair a smaoiním nach liom a choíche í
214i mbun mo thí ná mo leanbh bán,
215fuil mo chroí istigh a bhím a thaoscadh,
216is, a Dhia, cén t-íonadh dhom é i ndiaidh mo mhná?


217
218

B 1895-1942 19D
219U Anaithnid
220Donncha Bán


221
222

Nach ar an mbaile seo chonaictheas an t-íontas
223ag Donncha Bán agus é dhá dhaoradh;
224bhí caipín bán air in áit a hata
225agus róipín cnáibe in áit a charabhata.


226
227

Tá spré Dhonncha Bháin ag tíocht abhaile,
228is ní ba, caoirigh, í ná capaill,
229ach clártha cónra agus coinnle geala,
230tobac is píopaí ag lucht a gcaite.


231
232

A Dhonncha Bháin, a dheartháir dhílis,
233is maith tá fhios agam céard a bhain díom thú -
234ag líonadh an chupáin 's ag deargadh an phíopa
235is ag siúl an drúchta go mall san oíche.


236
237

A Dhonncha Bháin, a dheartháir dhílis,
238nach breá na trí róid atá chun do thí-se -
239ród na mbó agus ród na gcaorach,
240'gus cosán socair faoi chosa daoine.


241
242

A Dhonncha Bháin, a thogha na ngaiscíoch,
243a chúil tromdhualaigh na gruaige daite,
244ní liachtaí lúibín i do chúl ag casadh
245ná grá ban óg i do chónra i dtaisce.


246
247

A Dhonncha Bháin, éirigh id sheasamh!
248tá buachaillí an Mhóinín ag tíocht dot fhaire;
249glac do chamán 's téirigh chun na haille
250is cuir an liathróid na liaga ó bhaile!
251


L. 7


252

A Dhonncha Bháin, níorbh í an chroch ba dhual duit
253ach dul chun an sciobóil agus t'easair a bhualadh,
254an céacht a iompó deiseal is tuathal
255's an taobh dearg den fhód a chur in uachtar.


256
257

Dá mbeadh Donncha Bán san áit ba chóir dhó
258idir Caisleán an Bharraigh agus Baile an Róba,
259bhrisfí an chroch is ghearrfaí an rópa
260agus ligfí Donncha Bán abhaile ar an eolas.


261
262

A mhic Uí Mhaol Chróin ná raibh séan ort!
263ná raibh t'iníon ag iarraidh spré ort!
264ná raibh do chlann mhac agat i bhfochair a chéile!
265is tú bhain mo dheartháir dhíom a bhí geal gléigeal.


266
267

Thug tú th'éitheach, a scúille an mhí-áidh,
268ní lao bó bradaí a bhí i mo dheartháir,
269ach buachaillín cruinn deas ar chnoc is ar chnocán,
270's bhainfeadh fuaim go bog binn as camán.


271
272

A ghiolla úd thall a bhfuil casóg bhán ort,
273más duine ag imeacht thú, nár casa Dia slán thú!
274urlár lom agat agus mórán páistí,
275seisear dall orthu agus iad gan máthair!


276
277

A bhean úd thall a rinne do gháire,
278ná raibh tú oíche ach mar atá mé!
279do shúile ag silt 's do chroí bheith cráite
280is do dhá láimh timpeall ar mhac do mháthar!


281
282

Och, ón ó, nach ciúin í an oíche!
283agus ní ciúine ná mná do chaointe;
284tá ceann do chónra follamh 's a lár líonta,
285is Donncha Bán bocht mo dheartháir sínte.


286
287

An chéad ghlao a lig mé ba ag barr an bhaile é,
288is an dara glao ba ag teach leath bealaigh é,
289an tríú glao ba ag ceann na croiche é
290is bhí Donncha Bán 's an ceann dá scaith' dhe.


291
292

Tá mé ag siúl ó tháinig an oíche,
293mo dhá láimh oscailte is mo bhrollach scaoilte;
294pardún mo dhearthár i mo bhrollach scríofa,
295is ar theacht i láthair dhom bhí mo dhíobháil déanta.
296


L. 8


297

B 1902 19
298U Anaithnid


299
300

Carraig Aonair


301
302

An Luan úd an áir tháinig suaimhneas ró-bhreá
303agus ghluaiseadar uaimse uair bheag roimh lá,
304ag iascaireacht ar bhád i gciantaibh á mbá,
305d'fhúig iarsma na bliana ina ndiaidh go bhfaighead bás.


306
307

B'é Cormac mo stór, orú, togha na bhfear óg,
308mar bhí sé modhail múinte dea-chlúmhail go leor;
309do scríobh sé ar an gcóir leis an mbúcla bhí ina bhróig
310gurbh í Carraig Aonair a chéile go deo.


311
312

B'é Finín mo mhaoin, an té b'óige dem chlainn,
313agus coicís ón lá sin do tháinig sé i dtír
314gan tapa gan bhrí, gan anam 'na chroí,
315is mo scéal dubhach mar chuala a thuaraim, foraoir!


316
317

Tá duine eile dem chlainn ná tráchtaim air puinn,
318Donncha mo sciosaire, fear cothaithe mo thí,
319go mbeadh an fia aige ón gcoill 's an lacha ón linn,
320fideoga dubha an tsléibhe amuigh 's gan bhréag cearca fraoigh.


321
322

Nuair a ghabhaimse ansúd síos agus fhéachaim faoin linn
323's nuair a chím Carraig Aonair, ó! pléascann mo chroí;
324thar n-ais liom arís 's is doilbh mo shlí,
325mar is í Carraig Aonair is céile dom chlainn.


326
327

Mo chreach is mo dhíth ná deaghadar uaim ar loing
328ar fad lena chéile thar na tréanfharraigí;
329do bheadh mo shúilse le Críost, lena chúnamh arís,
330go dtiocfaidís chúmsa na lúbairí groí.


331
332

'Iníon, ó! mo chroí, ná goil-se is ná caígh,
333mar gheobhairse togha nóchair dhéanfaidh gnó dhuit is tíos;
334ach ní bhfaigheadsa mo bhuíon ná mo thriúr d'fhearaibh groí,
335ná mo cheathrar breá múinte de lúbairí groí.


336
337

A chlann ó! mo chroí, nó an trua libh mar bhíonn
338bhar n-aithrín bocht aosta ag géarghol 's ag caí,
339'na chuaille bheag chríon i gcúil uaigneach an tí -
340is an bhean tá in áit bhar máthar nach cás léi mar bhím?
341


L. 9


342

'S í an Nollaig seo chúinn an Nollaig faoi chumha
343- mo cheathrar breá brolla-gheal fé shruthaibh na dtonn -
344's dá bhfaighinnse an triúr tá go domhain insa tsrúill
345is ró-bhreá mar shínfinn is mar chaoinfinn iad súd.


346
347

Ó! agus léan ar an mnaoi a thug uaithi an drochghuí,
348nár ordaigh don fhear aosta bheith taobh lena chlainn
349ar muir nó ar tír nó ar na farraigí i loing,
350mar is í tonn Charraig Aonair d'fhág tréithlag mo chroí.


351
352

B 1939 19
353U Anaithnid


354
355

Caoineadh Dhiarmada mhic Eoghain Mhic Cártaigh


356
357


358"B'é áit 'nar chónaigh muintir Dhiarmada ná ar an gCláraigh,
359in aice Shráid an Mhuilinn. Deallraíonn an sgéal go rabhadar so go
360táchtmhar. Bhí Diarmaid 'na cheannaí ime i gCorcaigh fé mheas
361mhuar, agus níos mó ime aige á fháil ná mar a bhí ag aon cheannaí
362eile. Maidean dá raibh máthair Dhiarmada ag crú na mbó amuigh
363sa tuar fuair sí sgéala ar bhás a mic a gCorcaigh. Níor fhan sí le
364hatharach éadaigh a chur impi, ach d'imigh uirthi agus an bhuarach
365'na láimh. Shiúlaigh gach coiscéim de isteach go Corcaigh. Bhí
366gach éinne i gCorcaigh i mbun a ngnótha féin ar fuaid na cathrach.
367Fiú amháin bhí mná ag sníomh olla in aice léi, i dtreo go n-airíodh
368sí fuaim an túrainn. Bhí roinnt eile bhan a bhailigh timpeall
369uirthi, iad go muar-mheasúil, ag gáirí im dhriuch agus im éadach na
370mná. Ach do dhin sí tagairt dóibh go léir ina caoine, agus dúirt":


371
372

A mhná na muitseana
373is na ngad suinceana,
374do bheadh sibh sruimilte
375dá ngabhadh sibh Muisire
376is an cnoc ba ghiorra dhó
377fé mar a dhineas-sa.


378
379

B'id é uair a thosnaigh sí ar chaointeoireacht a mic:


380
381

Mo chara thú is mo chumann,
382is deirid na mná so liomsa
383go ndéanfá ceannaithe a bhriseadh,
384is gur agat a bheadh túrleacan an ime;
385go gcuirfeá long ar uisge,


L. 10


386

is go dtabharfá anall leat bruinneall
387's a cothrom óir 'na coinnibh,
388a Dhiarmaid mhic Eoghain na Tuinne,
389gur ghile liom tú im choinnibh
390ná an giúistís is ná an breitheamh
391is ná méara an chána dheirg.


392
393

Mo chara is mo thaitneamh thú,
394is dá mbeadh glao fhada agam
395nó coisí ana-mhear
396a raghadh don Mhainistir
397nó go Duiriseán Ala soir
398mar a bhfaghainnse gasra
399na srianta ndearga
400is na mbéalbhach airgid
401a bhainfeadh lasrach'
402a croí na gcarraigreach'
403ag triall is ag tarrac ort,
404cé fuaras marbh tú
405ag ceann Tí an Mhargaidh
406gan éinne ag amharc ort
407ach búir nó Sasanaigh
408nó clann ceannaithe!
409Go raibh maith agaibhse,
410is Dé 'n-úr mbeathasa,
411ó bhí sé ina easba orm
412ar lár na cathrach!.


413
414

Mo chara thú is mo shearc,
415a leoin d'fhuil uasal cheart,
416go dtéadh do litir i bhfad
417ó thuaidh agus ó dheas
418is siar go Trá Lí isteach,
419go Corcaigh arís thar n-ais,
420mar a gcaithfeadh na breithiúin stad,
421is giúistísí na mbreab,
422go gcuirteá dhíot do cheacht
423go ciúin agus go ceart,
424is go ligteá braighde amach
425do bhíodh go doimhin fé ghlas.
426


L. 11


427

Mo chara thú is mo stór,
428is dá mbeifá agam ar neoin
429idir dhá Mhuisire an cheóigh,
430nó Clárach bheag an spóirt,
431is 'mó cailín álainn óg
432is bruinneall cheansa chóir
433is marcach buatais nódh
434do leogfadh anuas a ndeoir
435is do bhrisfeadh leat a nglór,
436a Dhiarmaid ghil mhic Eoghain,
437ná fuair do thuairisc fós.


438
439

Mo chara is mo rún tú,
440is dá mbeifá id dhúthaigh
441mar ar hoileadh ar dtúis tú,
442ní mustairt ná túrann
443a bheadh orthu mar chúram
444ach mná ag liúirigh
445is fir ag búirthigh,
446bóithre ba chúng dóibh
447ag dul at thiúnlac
448go Duiriseán súgach
449an chaisleáin chúinnigh,
450mar a bhfásaid úlla
451is caora cumhra,
452cnó buí ag lúbadh
453meas go glúin ort,
454ba boga ag búirthigh
455maidean lae dhrúchta
456ad iarraidh a gcrúite -
457mo bhuinneán úr geal
458do chodail im chomsa
459is do hoileas gan chúntar
460is tá ag tabhairt a chúil liom,
461is mé ró-thúrsach
462i gCorcaigh na long leat!
463


L. 12


464

Mo chara is mo lao thú,
465is an raghfá féin liom
466go Duiriseán aerach? -
467mar a bhfuil gach aon rud
468is breátha in Éirinn
469ach amháin an t-aonlocht
470ná fuil cuan chun éisg ann:
471mara bhfuil san féin ann,
472tá mil bhuí is céir ann,
473teas ón ngréin ann,
474lag ón mbraon ann,
475fasc ón ngaoth ann,
476duilliúr na gcraobh ann
477thar bhráid a chéile,
478is tobar breá naofa ann
479a bhíonn ar fiuchadh gan traocha
480le feartaibh an Aon-Mhic.


481
482

Mo chara is mo chumann tú,
483is éirigh ar t'uillinn chúm,
484cuir fuinneamh it iosgadaibh
485go ngabham trí Mhuisire
486na bó baininne
487nár treabhadh riamh iomaire ann,
488nár ceangladh punann ann,
489ná cnósaítear ithir ann,
490ach fineán borra-ghlas
491is fraoch go hiosgalaibh
492is ceol ag fiolaraibh
493ag gabháil dá imealaibh.


494
495

Mo chara is mo ghrá thú,
496is níl bean acu láithreach
497a thabharfadh trí ráithe
498loma-lána
499ag iompar do chnáimh ghil
500dhá bhliain ag tál ort
501ag déanamh fir mhóir bhreá dhíot -


L. 13


502

tabhairt suas álainn,
503culaith ón Spáinn ort,
504buatais bhláfar
505spoir ar do shála
506fuip id láimh dheis
507ar muin lárach
508cois-fhinne báine
509ag gabháil trí Chlárach
510ag dul ag fiosrú a mháthar -
511ná go mbeidís cásmhar
512fé mar atáimse.


513
514

Mo chara is mo ghrá thú,
515is a mhná so láithreach,
516's is deireanaí tháinig,
517ná seasaíodh sibh ar áitibh
518nó ar mhullaíbh árda
519'fé'aint an bhfeicfeadh sibh a lánchuid
520de mharcaigh is a mná acu? -
521an chlann mhuar bhreá so
522Eoghain Mhá' Cártha
523ag teacht ag fiosrú a máthar
524atá ró-chásmhar
525inniu is amáireach.


526
527

Mo chara thú is mo chumann
528is cá bhfuil bean Tí Shráid an Mhuilinn?
529bean Tí Chroise an tSionnaigh?
530nó bean Tí na Rátha Bige?
531nó bean Aonais Í Dhála an Iunaigh
532aniar ón gCarraigín Cille?
533ná fuilid siad anso im choinnibh
534ag gol i ndiaidh mo linbh
535a fuaras romham gan friotal
536ag sign na bó nár doireadh
537nár crúdh agus nár sniogadh
538is nár bhuail riamh fós aon duine.
539


L. 14


540

B 1918-40 19
541U Anaithnid
542Ciach ar na bairnigh!


543
544

Ciach ar na bairnigh!
545's a dheó uch uch ón!
546's ar na priachánaibh bána!
547is a dheó uch uch ón!
548mian mhic a tharlaigh,
549a bhí ar mo leasmháthair,
550do chuir sí anso am bá mé,
551is a dheó uch uch ón!


552
553

Dá mbeadh fhios ag mo ghrá geal
554's a dheó uch uch ón!
555go mbeinnse anso báite,
556is a dheó uch uch ón!
557ní stadfadh sé 'en stáir sin
558de chnoic is de bhántaibh
559nó go dtagadh sé im láthair,
560's a dheó uch uch ón!


561
562

Tá mo leanaí gan chíoradh,
563is a dheó uch uch ón!
564's a gcosa gan ní acu,
565is a dheó uch uch ón!
566tá a mborlaí siúd scaoilte
567ag tarrac na gaoithe
568agus mise anso sínte,
569is a dheó uch uch ón!


570
571

Tiocfaidh na sagairt amáireach,
572's a dheó uch uch ón!
573agus leis an biocáire,
574is a dheó uch uch ón!
575's beidh an t-aifreann ard acu
576á léamh ar mo chlár-sa
577agus mise anso báite,
578is a dheó uch uch ón!
579


L. 15


580

Beidh bean eile ag mo ghrá-sa,
581is a dheó uch uch ón!
582gurb ainm dhi Máire,
583is a dheó uch uch ón!
584beidh cóiriú mo leapa
585fé chuirtíní bána
586agus mise anso báite,
587is a dheó uch uch ón!


588
589

B 1886-1902 19D
590U Anaithnid
591Caoineadh Liam Uí Raghallaigh


592
593

I mo bhaintreach 's ' mo mhaighdean fágadh mé go hóg -
594nó ar chuala sibh, a chairde, gur báitheadh mo mhíle stór?
595dá mbeinnse amuigh an lá sin 's mo dhá láimh sa mbuille mór,
596dhéanfainn dídean dhuit, a William Reilly, is leigheasóinn do bhrón.


597
598

An cuimhneach libh an lá bhí an tsráid seo lán de mharcaigh,
599de shagairt 's de bhráithre ag trácht ar ár mbainis?
600bhí an fhidil ar ceann cláir ann 's an chláirseach á freagairt,
601's dháréag de na mná bána ann le mo ghrá-sa chur ar leaba.


602
603

Níor mhór liom dhuitse, a Rílligh, thú bheith do chliamhain ag an rí,
604agus cuirtíní gléigeala a bheith ar gach taobh dhíot ' do luí,
605maighdean chiúin chéillí a bheith ag réiteach do chinn,
606's ó luadh sinn le chéile is trua mar d'éag tú le mo linn.


607
608

Níorbh ait liom scéal cráite bheith amáireach ag t'athair
609ná ag banaltra na gcíocha bána a thál ort ' do leanbh,
610ní áirím do bhean phósta nár chóirigh riamh do leaba,
611is nuair a shíl mé bheith ' do phógadh 's ar do thórramh bhí an bhainis.
612


L. 16


613

Bhí tú ar an triúr úd a fuaidh go Cill Chomáin
614ag tíolacadh an Athar Piotar bhí in aois a cheithre fichid;
615dá dtigtheá faoi cheann míosa ach, mo léan choíche, ní thiocfaidh,
616's nach tusa sin bean san oíche is a caoifeach i mbarr toinne!


617
618

Tá do shúile ag na péiste is do bhéilín ag na portáin,
619tá do dhá láimh gheala ghléigeal ar aon-tsruth leis na bradáin;
620b'é do chom bhí seang séimhí is gan bhréig ba tú bhí folláin!
621ach 's é mo léan thú a bheith i t'aonraic, a Neil óg Nic
622Siúrtáin.


623
624

B 1931-35 19
625U Ón chaint bheo i gConnachta


626
627

Amhrán na Trá Báine


628
629

Faraor géar nár cailleadh mé an lá ar baisteadh mé go hóg,
630sul má fágadh ' mo chadhan aonraic mé gan feithide an bhéil bheo,
631níl deartháir a'm, níl deirfiúr a'm is níl mo mháithrín beo,
632tá m'athair bocht lag aosta is, a Chríost, cé híonadh dhó?


633
634

Mo mhallacht do na curachaí is mo bheannacht do na báid,
635mo mhallacht do na curachaí atá thall sa Trá Bháin,
636's iad a bhain mo cheathrar dearthár dhíom a raibh feilm acu ann,
637's nach cuma leis an gCeallach é ós é féin atá ina n-áit.


638
639

Báthadh Tom is Peadar 's bhí caitheamh mór 'na ndiaidh,
640'gus deartháir eile Máirtín a báthadh fadó riamh,
641Micil bán ba mheasa liom dá bhfaca mé ar a chine riamh,
642's mo mhallacht don tonn bháite, is í d'fhága mo cheann liath.


643
644

Shoraidh dhaoibhse, a dhearthárachaí, nach dtáinig isteach i dtír!
645go gcuirtí cónra gheal oraibh amach ó láimh an tsaoir,
646go gcaoineadh mná an bhaile sibh, a gcleamhnaithe is a ngaoil,
647seachas bheith á ruaigeadh idir farraigí is á gcartadh ó mhaidhm go
648maidhm.
649


L. 17


650

An gcuimhníonn sibh, a chailíní, an lá ar fhága mé an Trá Bháin?
651ní bhfuair mé an té chuir comhairle orm ná dúirt liom fanacht ann.
652ach chúns fhágfas Dia mo shláinte agam is caraid ó Rí na nGrást,
653pé'r bith státa i racha mé ní chasfaidh mé go bráth.


654
655

B 1886-1934 19D
656U Anaithnid


657
658

Aifí Mac Giobúin


659
660

A phlúr 's a scoth na Féinne
661agus údar ceart an Bhéarla,
662ba tú an buinneán breá gan aon-locht
663ón bhfréimh go dtí an barr;
664's é mo léan, is luath a d'éag tú,
665thiar in iargúil Éireann,
666gan éinneach de do ghaolta
667le do bhréagadh os cionn cláir.


668
669

Nach iomaí marcach spéiriúil
670'gus cúlóg dhathúil ghléasta
671a thiocfadh ort ag féachaint
672's tú ag déanamh chun an bháis;
673's marach an chinniúint gheall Mac Dé dhuit
674bheadh do shochraid leath le hÉirinn,
675na gárthaí "Beannacht Dé leat
676's go dté tú ar staid na ngrás!"


677
678

Ní binne labhraíos éanlaith
679faoi bhruach na coille craobhaí,
680tá an lon dubh, an chuach 's an chéirseach
681gan aon smid amháin;
682tá an smóilín mhilis bhéilbhinn
683's na faoileáin gheala ag géarghol,
684tá an eala ar bhruach Loch Éirne
685is ní féidir léithe snámh.


686
687

Níl measa ar bharraí géaga
688ná torthaí ag tíocht in éineacht,
689níl an teas mar bhí sa ngréin ghil
690ná an féar glas ag fás;


L. 18


691

tá an ghealach is na réalta
692faoi dhuifean is faoi éicliops
693ó d'imigh croí na féile
694thug an chraobh leis as gach ceard.


695
696

Cuireadh fuair an péarla
697go Flaithis Dé chun féasta,
698is beidh daoine uaisle ag géarghol
699gan léann a bheith ar a gclann;
700's tá an taobh ó dheas seo d'Éirinn
701gan oideas ceart ag éinneach,
702níl spórt ar bith ná pléisiúr
703ag éinneach le fáil.


704
705

Is measa liom ná an méid sin
706an buaireamh tá ar Ghaela,
707an sméar mhullaigh a dhul i léig orthu
708le héagóir is le feall;
709's gurb as Cill Ala a ghluais an dé-smál
710a dhíbhir sinn ó chéile,
711na Francaigh a thíocht go hÉirinn,
712mo léan agus mo chrá!


713
714

An seanfhocal 's ní bréag é,
715coidir is ná taobhaigh
716an coimhthíoch choích' má fhéadair
717's beidh tú níos fearr;
718's gurb é chuala mé ag gach éinneach
719gur mairg riamh a thréigeas
720a dhúiche féin ná a ghaolta
721is bheith ina aonraic go bráth.


722
723

Mo chreach agus mo léan géar!
724's é Aifí fuair le léamh é,
725is fada siar in Éirinn
726a rinneadh éagóir air is feall;
727's níl clúid ná ceard de Éirinn
728a dtiocfadh anó air ná géibheann
729nach iomaí fear breá spéiriúil
730a d'éireodh ina pháirt.
731


L. 19


732

B 1925-35 19
733U Anaithnid


734
735

Tomás Bán Mac Aodhagáin


736
737

Ag tíocht ó theach an tórraimh dhom a dhearc mé stór mo chroí,
738is é mo bhrón agus mo dheacair nach ar mo leaba chaith mé an oích';
739tá arraing ag gabháil treasna thríom 's ag cónaí i lár mo chroí,
740ach, a stór, mura mbí tú abhaile liom ní mhairfe mé beo mí.


741
742

Tháinig Tomás Bán ar cuairt chugam 's mé in uaigneas beag liom féin,
743séard dúirt sé "ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é,
744a chúilín catach buadánach, is leat a cailleadh mé,
745is gur measa liom naoi n-uaire thú ná an mháithrín tá i mo dhéidh".


746
747

A chomharsanaí is a chomhairleachaí ná tógaidh orm é,
748má chuaidh mé ag múnadh an eolais go hóg le stór mo chléibh,
749ní bhfuair mé riamh droch-eolas air go fóill ó rugadh mé,
750's mura bhfeicinn ach ag gabháil an bóithrín é, go dtógfadh sé mo chroí.


751
752

'S tá cuireadh go Cill Choinnigh ? orm is caithfeam a dhul ann,
753beidh ann seisiún ceathrúnach idir Gaeil is clanna Gall,
754ní thligfear ann ach beirt icínt is crochfar iad, mo léan,
755mar tá Tomás Bán Mac Aodhagáin is Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.


756
757

Tá garda breá láidir ag teacht le stór mo chroí,
758Gearaltaigh Chluain Dálaigh agus arm seasta an rí,
759Major Óg Ó Conaill 's Ó Ceallaigh as Cluain Aoidh,
760is dá mbeadh triúr mar Chonall Óg agam ní chrochfaí stór mo
761chroí.


762
763

Ní slad mainistreach ná teampaill a rinne stór mo chléibh,
764ní feoil ná geir a shantaigh sé ná rud ar bith mar é;
765i ngeall ar bhólacht Stanley a crochadh é, mo léan!
766's an té bhfuil truaí do Chlanna Gall aige, an ceann go gcaille sé!
767


L. 20


768

'S a Thomáis Bháin Mhic Aodhagáin, 's é mo léan tú a dhul i
769gcill,
770's ní híonadh liom do mháithrín bheith brónach i do dhiaidh;
771dá mbeitheá ar leaba an bháis aici, cér chás dhi thú a bheith
772tinn?
773- ach do chrochadh as na sáltrachaí is an bháisteach le do dhroim.


774
775

B 1895c 19D
776U Anaithnid
777Caoineadh Dhomhnaill Óig


778
779

Rachaidh mise suas go hInis Gé ar cuairt
780go bhfeice mé go luath na saoithe,
781go bhfágad iad gan ghruaim, gan osna trom ná crua,
782mar nach gcluinim ann á lua ach caoineadh;
783ba mhaith an fear thú ar cuan ag múnadh is ag tabhairt suas,
784'gus, a Dhomhnaill Óig, nach luath an scaoileadh!
785níorbh fhada liom an uair do do mholadh ar an uaigh;
786tá scoith Mhag Fhiontaigh, 's é is trua liom, sínte.


787
788

Nach duairc a fuarthas thú is sinne uilig faoi chumha,
789nach dtáinig tú go humhal sásta;
790chaill mo chos a lúth, agus radharc ó mo shúil,
791ag feitheamh ar gach cuan dá dtráigheadh;
792mar chonaiceamar thú i do rith, do léim 's do lúth,
793is do bhuille breá buan rámha;
794seo mo bheannacht leat go buan go Flaitheas Dé na nDúl
795's ní fada liom thú sa gcúirt neámhdha.


796
797

Nach mairg atá de do dhíth in aimsir bhaint an lín,
798's an eorna ag lasadh buí sa bhfómhar;
799sin is gach uile ní le molfaí fear i ngníomh,
800mo chreach 'gus mo mhíle brón thú!
801dá mba cogadh é nó síoth, ba taoiseach é ar an mbuíon,
802agus bhréagfadh muga dí Dé Domhnaigh;
803cé híonadh do do ghaolta bheith buartha de do dhíth?
804agus, a churacháinín, choíche brón ort!
805


L. 21


806

B 1904 19
807U Anaithnid


808
809

Caoineadh na dtrí Muire


810
811

"A Pheadair, a aspail, an bhfaca tú mo ghrá geal?"
812Ochón agus ochón ó!
813"Chonaic mé ar ball é i lár a namhad,"
814Ochón agus ochón ó!


815
816

"Gabhaigí i leith, a dhá Mhuire, go gcaoine sibh mo ghrá geal,"
817Ochón agus ochón ó!
818"Céard atá le caoineadh againn mura gcaoinimid a chnámha?"
819Ochón agus ochón ó!


820
821

"Cé hé an fear breá sin ar chrann na páise?"
822Ochón agus ochón ó!
823"An é nach n-aithnír do mhac a mháthair?"
824Ochón agus ochón ó!


825
826

"'S an é sin an maicín a d'iompair mé trí ráithe?"
827Ochón agus ochón ó!
828"nó an é sin an maicín a rugadh sa stábla?"
829Ochón agus ochón ó!


830
831

"Nó an é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire?"
832Ochón agus ochón ó!
833"Éist, a mháthair, is ná bí cráite,"
834Ochón agus ochón ó!


835
836

"'S an é sin an casúr a bhuail tríot na tairní?"
837Ochón agus ochón ó!
838"nó an í sin an tsleagh a chuaigh trí do lár geal?"
839Ochón agus ochón ó!


840
841

"Nó an í sin an choróin spíonta a chuaigh ar do mhullach álainn?"
842Ochón agus ochón ó!
843"Éist, a mháthair, is ná bí cráite,"
844Ochón agus ochón ó!
845


L. 22


846

"Éist, a mháthair, is ná bí cráite,"
847Ochón agus ochón ó!
848"tá mná mo chaointe le breith fós, a mháithrín,"
849Ochón agus ochón ó!


850
851

"A bhean atá ag gol de bharr mo bháis-se,"
852Ochón agus ochón ó!
853"beidh na céadta inniu i nGairdín Phárthais,"
854Ochón agus ochón ó!


855
856

B 1906-40c 19
857U Anaithnid


858
859

Amhrán Mháire Ní Mhongáin


860
861

Bhí beirt mhac agam bhí oilte tóigthe
862's ba ghearr ba lón dom iad, céad faraor géar!
863d'fhága siad a ndeirfiúr bhocht gach maidin Domhnaigh
864ag sileadh deora is gan caint ar ghléas;
865ní hé an fear ab óige a chráigh go mór mé -
866cé go mba lách an leoinín le mealladh é,
867ach an mac is sine acu is é mhearaigh is bhreoigh mé,
868agus mí ní beo mé le cumha ina dhéidh.


869
870

A Pheadair mhuirneach bhí oilte múinte,
871a d'imigh ar chúntar a bheith ní b'fhearr,
872bhí gnaoi na gcomharsan ort fhad 's bhí tú frúmsa
873's ba mhaith an cúntóir thú amuigh le Seán;
874iarraimse ar Mhuire go bhfaighe tú iomlacht
875's fortún cumhachtach ó Rí na nGrást,
876bhéarfas abhaile agam thú slán gan chontúirt
877mar is mór mo chumha i ndiaidh mo mhicín bhán.


878
879

Nach fada an seasamh agam é le bliain 's trí ráithe
880gan mé féin a bháthadh nó a chur den tsaol,
881's tú i do sheasamh san arm Gallda
882is gan dá bharr agat ach beagán bídh;
883dá mba i mBaile na Cille a bheadh do chnámha
884ní bheinn leath chomh cráite ar fad i do dhiaidh,
885ach mo chúig chéad beannacht leat go cúirt na ngrásta
886mura bhfuil sé i ndán dom thú a fheiceáil choích'.
887


L. 23


888

Is mac gan chumann thú anois dar liomsa
889nach dtigeann ar cuairt agam d'oích' ná de lá,
890a chaith trí ráithe gan scíth ad iompar
891's chuaigh i gcontúirt leat aon oíche amháin;
892thug mé scoil dhuit is beagán múinte
893do réir mo chumhachta nó arís ní b'fhearr,
894's nach beag a ghoilleas mo ghalra dubhach ort,
895cé ar bith cuan a bhfuil tú ann.


896
897

Nach beag a bhfuil fhios aige leath mo dhólais
898's a liachtaí brón tá ag gabháil trí mo chroí,
899ghlac mé tinneas is chaill mé bó leis
900's níl luach na cónra agam mura bhfuil ag Críost;
901ní hé sin fhéin a chráigh go mór mé
902ach mar rinne mé an pósadh ar ais arís,
903's é bhain an chlann díom bhí oilte tóigthe
904is d'fhág muirín óg orm 's mé lag 'na gcionn.


905
906

'S cá bhfuil truaí in Éirinn is mó ná mé
907i ndiaidh an chéadmhic a chráigh mo chroí,
908ag guidhe Dé is ag déanamh déirce,
909is nach bhfaighim aon scéala uaidh ar muir ná ar tír?
910nuair fheicim mná an bhaile is a gclann in éineacht
911caillim mo radharc agus meabhair mo chinn,
912ach tá deireadh mo chainte is mo chomhrá déanta
913is ní labhród smid go dté mé i gcill.


914
915

B 1925-52 19
916U Anaithnid


917
918

Amhrán Mhuighinse


919
920

Dá mbeinn trí léige i bhfarraige -
921nó i sléibhte i bhfad ó thír,
922gan aon neach beo in aice liom
923ach raithneach glas is fraoch,
924an sneachta á shéideadh aduaidh orm
925's an ghaoth á scuabadh dhíom,
926mé bheith ag comhrá le mo Taimín bán
927níorbh fhada liomsa an oích'.


928
929

Tá pian i mbéal mo chléibh agam
930a chuirfeadh na céadta mar mé 'un báis,
931's tá mé cinnte dearfa
932nach bhfuil mo leigheas le fáil;


L. 24


933

a Dhia, cén fáth nár fhág tú mé
934go bhfilleadh an lá breá,
935go mbeadh an chuach ag seinm dhúinn
936's an duilliúr glas ag fás?


937
938

Dá mba tusa féin a d'imeochadh
939is mise fanacht i t'áit,
940nach mbeinn i gcionn do chlainne dhuit
941gach oíche agus gach lá?;
942mar shiúilfinn féin an cúige leo
943agus páirt de Chontae an Chláir,
944's go deo deo ní smaoineochainn
945ar aon duine a chur i t'áit.


946
947

Bíodh mo chónra déanta agaibh
948as fíorscoth gheal na gclár,
949's má tá Seán Ó hEidhin i Muigh-inis,
950bíodh sí déanta óna láimh,
951bíodh caipín 's ribín inti istigh
952is iad go rí-dheas faoi mo cheann,
953's tá triúr ban óg faoi shliabh agam
954a chaoinfeas mé go hard.


955
956

Dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam
957an oíche a bhfaighinn féin bás,
958nach dtórróidís go gnaíúil mé
959trí oíche agus trí lá?
960bheadh píopaí fada cailce acu
961is ceaigeannaí a bheadh lán -
962's tiúrfaidh Páidín Mór go Muighinis mé
963nó is mór a bheas an lá.


964
965

'Gabháil siar le Inse Ghainimh dhó
966bíodh bratach ina chrann!
967ó! ná cuiridh i Leitir Calaidh mé -
968ní ann atá mo dhream;
969ach tugaigí go Muighinis mé
970áit a gcaoinfear mé go breá,
971beidh solas ar na dúchannaí
972is ní bheidh uaigneas orm ann.
973


L. 25


974

B 1890-1926 19D
975U Anaithnid
976Príosún Chluain Meala


977
978

D'imíos óm mhuintir le hard-intinn gan chiall,
979liostáil mé san arm 's níor fhanas ach bliain,
980d'éalaíos i ganfhios, 's ar an mbaile bhí mo thriall,
981's gur i bpríosún Chluain Meala tá mo leaba le bliain.


982
983

Istoíche Dé hAoine is mé gabháilt síos 'gesna barracks
984casadh light-horse saighdiúirí orm 's iad líonta dá gcuid arm,
985gheit mé is bhíog mé is níor fhan brí ionam ná tapa
986agus rith mé naoi míle gan bhríste ná hata.


987
988

Cuireadh ar athchúirt mé ó Phort Láirge go Cluain Meala,
989ní raibh duine gheobhadh páirt liom ná cairde im aice,
990dúirt Bagwell ag siúl na sráide go raibh an chnáib dom á smearadh,
991is má chuirid chun báis mé na grása go bhfaighe m'anam.


992
993

Bíonn rinnce ar chrosbhóithre gach Domhnach 'ge baile,
994bíonn cluiche ar bhánta, poc báire is dibheairsean,
995bíonn cailíní óga ann, mná pósta is a bhfearaibh,
996'gus Mallaí dubh deorach 's hóigfhear faoi ghlasaibh.


997
998

Tá fhios ag Dia dílis 's ag Rí geal na bhFlaitheas
999go rabhas ar an mbuachaill b'fhearr tuairisc 'ge baile,
1000ar shúgradh is ar gháire nó iomáint ar an bhfaiche
1001is go mbuailfinn poc báire chomh hard leis an ngealaigh.


1002
1003

Tá mo shrian 's mo dhiallait ar iasacht le fada,
1004is mo chamán ag fiaradh is ag liathadh fén leaba,
1005tá mo liathróid á bhualadh 'ge buachaillí an bhaile,
1006is mar bharr ar gach scéal táimse daortha i gCluain Meala.


1007
1008

B 1849-1936 19L
1009U Anaithnid


1010
1011

Contae Mhaigh Eo


1012
1013

Liostáil mé le sergeant ar shráid an bhaile mhóir,
1014shíl mé gur bhreá an rud é mar bhí mé bog óg;
1015fuair mé gunna fada láimhe,
1016claidheamh géar is barr air,
1017'gus shíl mé féin go mb'fhearr sin ná lán loinge d'ór.
1018


L. 26


1019

Ar an loing seo, a Pheaid Uí Línse, a bhímse ag déanamh bróin,
1020ag osnaíl gach aon oíche is go síorraí ag sileadh deor;
1021's mé bheith i bhfad óm mhuintir,
1022mura mbeadh gur dalladh m'intleacht,
1023dar m'fhírinn' is maith a chaoinfinnse Contae Mhaigh Eo.


1024
1025

Mara mbeadh bás mo mháthar bheinnse maith go leor,
1026d'ólfainn leann Spáinneach i gcomhluadar ban óg;
1027ach chomh beag síor-ól na gcárta
1028is an dlí seo a bheith ro-láidir
1029i Santa Cruz ní fhágfainn mo chnámha faoin bhfód.


1030
1031

Beir mo bheannacht leat go hÉirinn, 's má théann tú don Aill
1032Mhóir,
1033aithris do mo ghaolta nach mbeidh mé i bhfad beo;
1034nuair a shíl mé dhul dá bhféachaint
1035gur gafa bhí mé i ngéibheann,
1036's nach amhlaidh gheall Mac Dé dhom ach i gcianta faoi bhrón.


1037
1038

Nach ar Chnoc na Ceathrún Caoile bhíonns an siamsa agus an spórt,
1039tá cearca is coiligh fraoigh ann go síorraí ag seinm cheoil,
1040tá sméara dubha ar chraoibh ann,
1041tá úlla cumhra buí ann
1042's tá géimneach bó is lao ann tíocht oíche' Fhéil Muire móir'!


1043
1044

Ach a dtige cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn Mhór,
1045Acaill go Cúl Luachra ag buachailleacht na mbó,
1046ach a bhfása Gleann na nÍntrí
1047faoi úlla cumhra geimhridh,
1048is ansiúd a bheas mo thriallsa go Contae Mhaigh Eo.


1049
1050

B 1860 19L
1051U Anaithnid


1052
1053

An spailpín fánach


1054
1055

Go deo deo arís ní raghad go Caiseal
1056ag díol ná ag reic mo shláinte,
1057ar mhargadh na saoire im shuí cois balla
1058nó im scaoinse ar leataobh sráide;


L. 27


1059

bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill
1060á fhiafraí an bhfuilim híreáilte;
1061"téanam chun siúil, tá an cúrsa fada!"
1062- seo ar siúl an spailpín fánach.


1063
1064

Im spailpín fánach a fágadh mise
1065ag seasamh ar mo shláinte,
1066ag siúl an drúchta go moch ar maidin
1067ag bailiú galair ráithe;
1068ní fheicfear corrán im láimh chun bainte,
1069súist ná feac beag rámhainne,
1070ach colours na bhFrancach os cionn mo leapa
1071is pike agam chun sáite.


1072
1073

Go Callainn nuair théim 's mo hook im ghlac is
1074mé ansúd i dtosach gearrtha,
1075is nuair théim go Dúilinn 's é clú bhíonn aca
1076"Seo chúibh an spailpín fánach!";
1077Cruinneoidh mé ciall 's triallfad abhaile
1078is cloífead seal lem mháithrín,
1079's go bráth arís ní ghlaofar m'ainm
1080sa tír seo "an spailpín fánach".


1081
1082

Mo chúig chéad slán chun dúthaigh m'athar
1083'gus chun an Oileáin ghrámhair,
1084's chum buachaillí na Cúlach ós dóibh nár mheasa
1085in aimsir chasta an gharda ann;
1086ach anois ó táimse im thráill bhocht dhealamh
1087i measc na ndúthaí fáin seo,
1088is é mo chumha croí mar fuair mé an ghairm
1089bheith riamh im spailpín fánach.


1090
1091

I gCiarraí an ghrinn do gheofaí an ainnir
1092go mb'fhonn le fear suí láimh léi,
1093ina mbeadh lasadh trí lítis 'na gnaoi mar eala,
1094is a cúl fionn fada fáinneach;
1095a cruinne-chíocha riamh nár scaipeadh,
1096's a mala chaol mar shnáthaid,
1097's mór go mb'fhearr í ná sraoill ó Challainn
1098'na mbeadh na céadta púnt le fáil léi.
1099


L. 28


1100

'S ró-bhreá is cuimhin liom mo dhaoin' bheith sealad
1101thiar ag Droichead Gáile,
1102faoi bhuaibh, faoi chaoirigh, faoi laoigh beag' geala
1103agus capaill ann le háireamh;
1104ach b'é toil Chríost gur cuireadh sin astu
1105's go ndeaghamar i leith ár sláinte,
1106is gurbh é bhris mo chroí i ngach tír dá rachaim -
1107"Call here you, spailpín fánach!"


1108
1109

Dá dtigeadh an Francach anall thar caladh
1110is a champa daingean láidir,
1111'gus Bóic Ó Gráda chúinn abhaile
1112is Tadhg bocht fial Ó Dálaigh,
1113do bheadh barracks an rí go léir á leagadh
1114agus yeomen 'gainn á gcarnadh,
1115Clanna Gall gach am á dtreascairt -
1116sin cabhair ag an spailpín fánach!


1117
1118

B 1936 19
1119U Anaithnid
1120Na Conairigh


1121
1122

Na Conairigh na sárfhir is iad atáim a dh'áireamh,
1123a cuireadh uainn thar sáile sna ráigiúin i gcéin;
1124is danaid dúinne uainn iad san áit ná faighidh siad fuascailt,
1125is sinn anso faoi bhuaireamh i mBoth an Dúin na gcraobh.


1126
1127

'S é a dtigh a bhíodh go buacach, go fáidhiúil fáiltiúil fuarmach,
1128gealchupordach, mo bhuaireamh, faoi mhuarchuid bhfeoil;
1129lucht taistil cnoc is sléibhte agus straigiléirí aonair,
1130bheadh a leaba agus a mbéile agus féile ina gcomhair.


1131
1132

Chuadar go Port Láirge a d'iarraidh dul thar sáile,
1133sin ní ná raibh i ndán dóibh 's níor ránaigh sé dhóibh,
1134mar bhí fear a mbraite i láthair thug timpeall orthu an garda,
1135is isteach arís a sáthadh iad in áras faoi bhrón.


1136
1137

Tugadh iad súd láithreach go príosún mór Phort Láirge,
1138an t-áras daingean láidir úd, gan fáil ar dhul 'na ghaobhar,
1139ach thugadar a sála dosna fallaí móra arda,
1140is an tSiúir amach gur shnámhadar gan spleáchas don séighléir.
1141


L. 29


1142

Mo mhallacht ort is léir ort, a rascail bhradaigh bhréagaigh!
1143nára fada an lá go n-éagair gan bhaochas Mhic Dé!
1144is tú ghlac an bhreab go héasca is a dhearbhaigh an t-éitheach
1145a chuir na Conairigh thar tréanmhuir ó Bhoth an Dúin na gcraobh.


1146
1147

B 1902c-68 19
1148U Anaithnid
1149An Abhainn Mhór


1150
1151

Céad slán don Abhainn Mhór, 's é mo bhrón gan mé anocht lena taoibh -
1152's nach iomaí sin bóithrín caol uaigneach ag dul idir mé is í;
1153is ann a gheofá an spórt tráthnóna is go mall tíocht na hoích',
1154gheofá gloinne le n-ól ann is comhluadar geanúil le suí.


1155
1156

Tá mo ghuailleacha sáraithe is ní áirím tá m'ioscaidí tinn,
1157's ní fhéadaim an mála seo a ardú ón bpian tá i mo dhroim;
1158i bhfad ó mo chairde is gan áit a'm a ligfinn mo scíth,
1159ach le toil Rí na nGrásta ní bheidh fán orm ach seal is cén bhrí?


1160
1161

Bhéarfaidh mé móide is é is dóiche nach mbrisfidh mé thríd -
1162i gcomhluadar ban óg go deo deo ní shuífidh mé síos;
1163's mé crádh leo i dtús m'óige is i dtosach mo shaoil,
1164's iad a sheol ón Abhainn Mhór mé is mhúin dom an t-eolas
1165síos go Trá Lí.


1166
1167

Tá mo chóta mór stróicthe, óchón, 's é ag sileadh liom síos,
1168's an té chuirfeadh cóir air 's é mo bhrón í bheith i bhfad as mo líon;
1169níl aon fhear a phósfadh mo stórsa is mé bheith ina dhiaidh,
1170nach mbainfinn an tsrón de, nó ba mhór mhór a chairde sa tír.


1171
1172

Nuair théanns an t-aos óg, 's é mo bhrón, amach ins an lá,
1173méadaíonn ar mo dhólás is réabtar míle osna i mo lár,
1174ag cuimhniú ar mo mhíle stóirín bhéarfadh ól dom is imirt ar chlár,
1175bheith ag fear eile póstaí is gur treoraí bocht mise ag imeacht le fán.
1176


L. 30


1177

B 1893 19D


1178
1179

Mo bhrón ar an bhfarraige


1180
1181

Mo bhrón ar an bhfarraige is í atá mór
1182's í ag gabháil idir mé is mo mhíle stór!
1183fágadh sa mbaile mé ag déanamh bróin,
1184gan aon tsúil thar sáile liom choíche ná go deo.


1185
1186

Mo léan nach bhfuil mise is mo mhuirnín bán
1187i gCúige Laighean nó i gContae an Chláir!
1188mo bhrón nach bhfuil mise is mo mhíle grá
1189ar bord loinge ag triall ar Mheiriocá!


1190
1191

Leaba luachra a bhí fúm aréir
1192's chaith mé amach í le teas an lae;
1193tháinig mo ghrá-sa le mo thaobh,
1194guala ar ghualainn is béal ar bhéal.


1195
1196

B 1884-1904 19D
1197U Anaithnid
1198Jimmy mo mhíle stór


1199
1200

A chailíní an bhaile seo, dinidhse brón dem scéal,
1201mar is cailín beag mise atá clipithe cráite ón saol;
1202thugas cumann don duine ba bhinne is ba bhreátha ceol,
1203's do chuaidh sé ar bord loinge, is é Jimmy mo mhíle stór.


1204
1205

Bíonn m'athair 's mo mháthair in earraid 's ag bruíon liom féin,
1206á rá gur lem boige a mealladh mé i dtús mo shaoil;
1207bímse go dubhach á fhulaing 's ag sileadh na ndeor
1208le cumann don duine úd, 's é Jimmy mo mhíle stór.


1209
1210

Bliain an taca seo d'imigh uaim grá mo chléibh,
1211's ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfa sé cúrsa an tsaoil;
1212dá bhfeicinn mo chumann, le fuinneamh do rithfinn 'na chomhair,
1213's do chumhróinn le mil é, 's é Jimmy mo mhíle stór.


1214
1215

Raghad i lúib coille is caithfead ann deireadh mo shaoil,
1216in áit ná feicfead éinne, ach ag éisteacht le ceol na n-éan,
1217ag bun an chrainn chárthainn mar a bhfásann ann féar go leor,
1218is leáfad ón sileadh le cumann dom mhíle stór.
1219


L. 31


1220

B 1848c-1904 19D
1221Caisleán Uí Néill


1222
1223

Céad slán don oích' 'réir 's é mo léan gan mé anocht ina tús,
1224's don bhuachaillín spéiriúil a bhréagfadh mé seal ar a ghlúin;
1225d'aithriseoinn scéal duit, a mhíle grá, dá ndéantá air rún,
1226ach Flaithis Mhic Dé nár fhaighe an té chuirfeadh idir mé is tú.


1227
1228

Tá an gairdín seo ina fhásach, a mhíle grá, nó an miste leat é?
1229níl toradh ar bith ag fás ann, bláth na n-airní ná duilliúr na gcraobh;
1230ní chluinim ceol cláirsí ag dul an tsráid seo ná ceiliúr na n-éan,
1231ó d'éalaigh mo ghrá uaim, an chraobh álainn, go Caisleán Uí Néill.


1232
1233

Is i gCaisleán Uí Néill tá an péarla bhain díomsa mo shnua,
1234is gurb é binneas a bhéil a chuirfeadh éanlaith na coille chun suain;
1235's é an tsamhail thug mé féin dá mhéin mhaith is do leagan a shúl -
1236mar fhíoruisce an tsléibhe is é ag téaltó maidin lae ciúin.


1237
1238

Níl cnocán dá aeraí, a mhíle grá, nach n-aithneoinn do shiúl,
1239's níl maighdean dá chéillí, is é mo léan, nach dtéann uirthi an chluain;
1240tá mo mhuintir dom thréigean 's níl éinne tíocht chugam ar cuairt,
1241agus mo ghrá dom shéanadh le céile fir eile is nach trua!


1242
1243

B 1827lsc 19T
1244U Anaithnid


1245
1246

Dá dtéinnse siar


1247
1248

Dá dtéinnse siar, 'gus aniar ní chasfainn,
1249ar an gcnoc ab airde is air a sheasfainn;
1250's í an chraobh chumhra is túisce a bhainfinn,
1251'gus 's é mo ghrá féin is luaithe a leanfainn.


1252
1253

Tá mo chroí chomh dubh le airne
1254nó le gual dubh a dhófaí i gceárta,
1255le bonn bróige ar hallaí bána,
1256is tá lionndubh mór os cionn mo gháire.
1257


L. 32


1258

Tá mo chroíse brúite briste
1259mar leac oighre ar uachtar uisce,
1260mar a bheadh cnuasach cnó th'réis a mbriste
1261nó maighdean óg th'réis a millte.


1262
1263

Tá mo ghrá-sa ar dhath na sméara,
1264is ar dhath na subh craobh lá breá gréine,
1265ar dhath na bhfraochóg ba dhuibhe an tsléibhe
1266is is minic bhí ceann dubh ar cholainn ghléigeal.


1267
1268

Is mithid domsa an baile seo a fhágáil,
1269's géar an chloch 's is fuar an láib ann;
1270's ann a fuair mé guth gan éadáil
1271agus focal trom ó lucht an bhéadáin.


1272
1273

Fuagraím an grá - is mairg a thug é
1274do mhac na mná úd ariamh nár thuig é;
1275mo chroí i mo lár gur fhág sé dubh é,
1276is ní fheicim ar an tsráid ná in áit ar bith é.


1277
1278

B 1925 19
1279U Anaithnid
1280Meiriocá


1281
1282

Tá cnoic is gleannta Éireann
1283ag dul ó léargas orm 's beidh go deo,
1284má dhealaítear óna chéile
1285mé féin 'gus mo mhíle stór.


1286
1287

Tá an fharraige á tógáil
1288's níl seoladh le fáil ag loing ná ag bád,
1289's mura bhfaighimid malairt córach,
1290glac mo chomhairle is fan go lá.


1291
1292

Agus mo léan gan mé is mo stóirín
1293's lóistín tógtha againn i Meiriocá,
1294nó an long is fearr ag Seoirse
1295faoi racht seoil againn ag tarraingt ann.
1296


L. 33


1297

Saibhreas rí na Fódla
1298go deo agus a fháil le mnaoi,
1299agus go mb'fhearr liom geall a pósta
1300ar mo stór agam ná an méid sin cruinn.


1301
1302

Is trua gan mé i mo éinín
1303nó i mo fhéileacán ó thom go tom,
1304d'aithriseoinn scéal do do bhéilín
1305dá ndéantá orm rún.


1306
1307

Do ghrua ba dheirge ná an caor,
1308's tú is deise méin is leagan súl;
1309's nach cladhartha bocht an scéal é
1310is mo ghaolta uilig i bhfeirg liom.


1311
1312

B 1848c-1931 19D
1313U Anaithnid


1314
1315

Neilí Bhán


1316
1317

A Neilí Bhán, suigh láimh liom, a chara gheal mo chroí,
1318lig mo lámh ar do bhráid nó ní mhairfe mé beo mí;
1319shnámhfainn féin an tSiúir leat 's an tSionainn mhór i do
1320dhiaidh,
1321's gur rug tú barr áille leat ó mhná deasa Locha Riach.


1322
1323

Dá mba liomsa Port Omna agus Baile Locha Riach,
1324Luimneach na long agus contae Bhaile Átha Cliath,
1325ar do mhuintirse a roinnfinn a leath 's dhá thrian,
1326ar chúntar bheith i dTuain leat lá fada agus bliain.


1327
1328

Dob fhearr liomsa ná mo chapall 's gan áireamh a shriain,
1329's ná fáltas na páirce ina leagtar na fiadh',
1330ná a dtáinig de bhádaibh ó Bhaile Átha Cliath le bliain,
1331go bhfeicfinn thusa, a ghrá ghil, ar shráid Bhaile Locha Riach.


1332
1333

Beir mo bheannacht go Connachta ós ann a bhíodh an greann,
1334's chútsa féin, a Neilí Bhán, nach bhfeicfe mé go bráth,
1335an taoide úd bhí eadrainn 's ar do mhilleán é má tá,
1336is diomú Dé go Lá an tSléibhe ort, 's é do chumann a bhí gearr.
1337


L. 34


1338

Faraor géar, an lá ar baisteadh mé, nár cailleadh mé ar an sliabh,
1339an áit a mbeadh mo chnámha á bpiocadh ag an bhfiach,
1340sul dár thit mé i ngrá leat, a bhruinneall na ngealchíoch,
1341's go mb'fhearr le do mháithrín nach bhfeicfeadh sí mé riamh.


1342
1343

B 1918-44 19
1344U Anaithnid
1345Ros a' Mhíl


1346
1347

Shiúilfinn páirt mhaith d'Éirinn leat is baile na Gréige thall,
1348ghabhfainn go Flaithis Dé leat dá bhféadainn a dhul ann;
1349thiúrfainn bannaí béil duit 's mo dhá láimh faoi do cheann
1350nach n-iarrfainn bó ná spré leat, a phéarla an bhrollaigh bháin.


1351
1352

Ní magadh leat ná bréag é, a chéadsearc mo chroí,
1353mo ghean tá uilig go léir ort, a phéarla an chúil fhinn;
1354nár chaille mise an léargas 's nár éaga tusa choích'
1355go bhfeice mé mo léas ort ar thaobh Ros a' Mhíl.


1356
1357

I Ros a' Mhíl cois cuain tá rún is searc mo chléibh
1358's ní fhéadaim codladh suaimhneach le méid mo chumha ina déidh,
1359ag déanamh leanndubh in uaigneas - ó! nach trua libh fear mo scéil?
1360ach 's í mo leaba an uaigh mura bhfuasclaí sí mé.


1361
1362

Buachaillín deas aerach mé is ní féidir a athrú a rá,
1363de Chlainn Donnchaidh na Céise mé - de thogha na nGael ab fhearr;
1364stiúróinn bád ar thaobh toinne is is lách éadrom a ghreadfainn clár,
1365's gheobhaidh mise bean dom féin 's ná raibh maith ag Feara Fáil!


1366
1367

Dá mbeadh agam cóiste ar bhóithrí an rí,
1368is trí cinn d'eachraí óga i gcónaí le cur faoi,
1369a bhfuil de bhuaibh ón Dólainn go tórainn Ros a' Mhíl,
1370's í Mallaí bhán a thóigfinn gan bólacht ná pighinn.
1371


L. 35


1372

B 1917-35 19
1373U Anaithnid


1374
1375

Taimín Bán


1376
1377

Bliain 's an oích' 'réir 's ea réab na capaill thar fál,
1378's naoi n-oíche ina dhéidh sin d'éalaigh mo ghrá uaim sa tsnámh;
1379níl tuile dá mhéad nach éigean dó a fhad eile a thrá,
1380is níl ann ach lucht bréag 's cé déarfadh nach bhfillfeadh mo ghrá?


1381
1382

'S, a Taimín, a mhíle stóirín, ná tóig suas ar chomhrá ar bith mé,
1383glac do shluasad 's do láí is go bráth bráth ní céim síos dhuit é;
1384rachainn don Spáinn leat mar bhí tú lách macánta réidh,
1385is d'ólfainn deoch as corn leat 's tá grá agam do lorg do bhéil.


1386
1387

'S é mo léan géar gan bóithrín isteach 'un do thí,
1388is leat a chaithfinn m'óige agus tús agus deireadh mo shaoil;
1389'dul thríd an Trá Mhór dhom, dar liomsa bhí an drúcht ina luí,
1390ach do shláinte, a stóirín, 'gus seo póigín go bhfille tú arís.


1391
1392

'S é mo léan géar gan bliain d'fhad ins an lá,
1393'gus duilliúr na gcraobh go síorraí ag cur meala as a mbarr,
1394mise i mo shuí go lách aoibhinn ar bhainseoigín bhán
1395's mo stór le mo thaoibh 's an chraoibhín ghlas ina láimh.


1396
1397

Dá bhfeictheá mo ghrá-sa b'álainn an marcach é ag tíocht,
1398's go síleann na mná gur breátha é ná an ghealach 's ná an ghrian;
1399níl gile ná breácht ná áilleacht dá raibh i bhfear ar bith riamh,
1400nach bhfuil páirt i mo ghrá dhe is cén nár dhom bheith ag
1401caitheamh 'na dhiaidh?


1402
1403

B 1831-83 19L
1404U Anaithnid


1405
1406

Máire Bhéal Áth' hAmhnas


1407
1408

A Mháire, a ghrá, is tú tá am chrá,
1409och! tabhair do lámh go dlúth dhom,
1410's gur dual dom bua na cúige a fháil
1411's go brách ná déan mé a dhiúltadh;
1412a chúl na ndual, 's é mo chumha go buan
1413nach bhfuilim leat fuaite i gcleamhnas,
1414's bead go duairc faoi shíorghruaim
1415má bhír i bhfad uaimse, a ansacht.
1416


L. 36


1417

A bhláth na gcaor, ó tharla mé
1418go cloíte tréith le greann duit,
1419tar faoim dhéin, a rún mo chléibh,
1420's tabhair grá gan chlaon gan cham dom;
1421och! faraor géar! 's mé an ceann gan chéill
1422's do chomhairle m'athar níor umhlaíos,
1423's gurb é comhrá déanach 'dúirt liom féin:
1424"tréigse Béal Áth' hAmhnas!"


1425
1426

Ach thug mé grá dod chúilín bán
1427ar chúl an ghairdín pónaire,
1428dod bhéilín tláith mar chúr na trá,
1429dod dhá ghrua dhearg mar chaorthain,
1430dod bhéal is binne ná an chuach ar bile
1431's ná ceiliúr caoin na n-éanlaith;
1432mo léan 's mo mhilleadh gan mé is tú, a chumainn,
1433ag éaló lena chéile.


1434
1435

A ghrá is a rún, dá ngluaistheá liom
1436go Tír na Long as Éirinn,
1437níl tinneas cinn ná tuirse croí
1438nach leigheasfaí ann gan aimhreas;
1439is tú an réalt eolais thar mhná na Fódla
1440agus coinnigh agat féin ón mbás mé,
1441óir gan grásta Dé ní mhairfidh mé
1442ar an tsráid seo Bhéal Áth' hAmhnas.


1443
1444

B 1860 19L


1445
1446

Máire bheag a Barra


1447
1448

A Mháire bheag a Barra, do mhairbh tú m'intinn
1449's d'fhág tú beo dealamh mé i ganfhios dom mhuintir,
1450im luí dhom ar mo leaba is ort bhím ag cuimhneamh,
1451's ar m'éirí dhom ar maidin, mar do chealg tú an croí ionam.


1452
1453

Do shíl mé thú a mhealladh le briathra is le pógadh,
1454do shíl mé thú a mhealladh le leabhra is le móide,
1455do shíl mé thú a mhealladh ar bhreacadh na heorna,
1456ach d'fhág tú dubhach dealamh ar theacht don bhliain nódh mé.
1457


L. 37


1458

'S aoibhinn don talamh 'na siúlann tú féin air,
1459's aoibhinn don talamh ar a seineann tú véarsaí,
1460's aoibhinn don leaba ina luíonn tú faoi éadach,
1461's ró-aoibhinn don bhfear a gheobhaidh thú mar chéile.


1462
1463

Do shiúlfainn an tsráid leat ar láimh is mé im aonar,
1464do rachainn thar sáile gan dhá phingin spré leat,
1465mo ghaolta is mo chairde go lá an bhráth' do thréigfinn,
1466's go dtógfá ón mbás mé ach a rá gur leat féin mé.


1467
1468

Do thugas 's do thugas 's do thug mé óm chroí greann duit,
1469maidin Lá fhéil' Muire na gcoinneal sa teampall;
1470do shúilín ba ghlaise ná uisce na ngeamhartha,
1471is do bhéilín ba bhinne ná druid nuair a labhrann.


1472
1473

D'ólfainn is d'ólfainn is d'ólfainn do shláinte,
1474is dá mbeinn ar bord loinge d'ólfainn ní b'fhearr í;
1475dá mbeinnse im bhanaltra d'oilfinn do bhábán -
1476súd ort 's ól deoch 's Dia do bheatha id shláinte!


1477
1478

B 1847 19L
1479Ar Éirinn ní 'neosainn cé hí!


1480
1481

Aréir is mé ag téarnamh ar neoin
1482ar an dtaobh eile den teorainn 'na mbím,
1483do thaobhaigh an spéirbhean im chomhair
1484d'fhág taomach breoite lag sinn;
1485do ghéilleas dá méin is dá cló,
1486dá béal tana beo-mhilis binn,
1487's gur léim mé fá dhéin dul 'na comhair,
1488's ar Éirinn ní 'neosainn cé hí!


1489
1490

Dá ngéillfeadh an spéirbhean dom ghlór
1491's iad ráite mo bheoil do bheadh fíor,
1492go deimhin duit do dhéanfainn do ghnó
1493do léirchur i gcóir is i gcrích;
1494do léifinn go léir stair dom stór
1495's ba mhéin liom a pógadh óm chroí,
1496do bhéarfainn an chraobh dhi ina dóid
1497's ar Éirinn ní 'neosainn cé hí!
1498


L. 38


1499

Tá spéirbhruinneal mhaorga mhodhail óg
1500ar an taobh eile den teorainn 'na mbím,
1501tá féile is daonnacht is meon
1502is deise ró-mhór ins an mnaoi;
1503tá a folta léi ag titim go feor
1504go cocánach ómrach buí,
1505tá lasadh 'na leacain mar rós
1506's ar Éirinn ní 'neosainn cé hí!


1507
1508


1509B 1899 19D
1510'Eibhlín, a rún


1511
1512

"Do sheolfainn féin na gamhna leat,
1513'Eibhlín, a rún!
1514do sheolfainn féin na gamhna leat,
1515'Eibhlín, a rún!
1516do sheolfainn féin na gamhna leat
1517amach fésna gleanntaibh leat
1518d'fhonn a dhul i gcleamhnas leat,
1519'Eibhlín, a rún!


1520
1521

Do raghainnse ' dtí an t-aonach leat,
1522'Eibhlín, a rún!
1523do raghainnse ' dtí an t-aonach leat,
1524'Eibhlín, a rún!
1525do raghainnse ' dti an t-aonach leat
1526's do thiocfainn abhaile in éineacht leat
1527d'fhonn go mbeinn im aonar leat,
1528'Eibhlín, a rún!


1529
1530

Do raghainnse thar sáile leat,
1531'Eibhlín, a rún!
1532do raghainnse thar sáile leat,
1533'Eibhlín, a rún!
1534do raghainnse thar sáile leat
1535i gcontúirt mo bháite leat
1536d'fhonn mé a bheith páirteach leat,
1537'Eibhlín, a rún!
1538


L. 39


1539

An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú,
1540'Eibhlín, a rún?
1541an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú,
1542'Eibhlín, a rún?"
1543"Tiocfaidh mé, is ní fhanfaidh mé!
1544sáthaigh romham is leanfad thú!"
1545"Grá lem chroí i ganfhios thú!
1546'Eibhlín, a rún!"


1547
1548

"Céad míle fáilte romhat,
1549'Eibhlín, a rún!
1550céad míle fáilte romhat,
1551'Eibhlín, a rún!
1552céad míle fáilte romhat!
1553naoi gcéad míle fáilte romhat,
1554fáilte agus fiche romhat,
1555'Eibhlín, a rún!"


1556
1557

B 1848lsc 19L


1558
1559

Cois na Bríde


1560
1561

Cois na Bríde seal do bhíos go súgach sámh
1562ag tarraingt síos ar ainnir chaoin an urla bháin,
1563ba ghile a píob ná eala ar linn 's ná drúcht ar bhán,
1564's ní coigríoch mé ach buachaill bríomhar ' Dhún na mBád.


1565
1566

Searc mo chléibh do thugas féin duit 's grá thrí rún,
1567's dá dtagadh sé dom chor sa tsaol go mbeinn lá agus tú
1568is ceangal cléire bheith orainn araon fé fháinne dlúth -
1569dá bhfaicfinn féin tú ag fear sa tsaol gheobhainn bás le cumha.


1570
1571

Tá úrphíob ag mo rún croí agus bráid mar aol
1572's a cúilín cas búclaíoch ag fás go féar;
1573mo chumha thríom nach san úir sínte fágadh mé
1574sul ar stiúraíodh mé i gcúigí is mo ghrá thar m'éis.


1575
1576

Nach dúchroíoch mé i bhfiontaoir mar táim i bpéin
1577's nach iontaoibh leat sciúrsaí dem cháil gan spré;
1578go deimhin duitse, a mhaighdean, dá mb'áil leat é,
1579do leigheasfá an tsaighead so thrí lár mo chléibh.
1580


L. 40


1581

B 1830-50lsc 19L


1582
1583

Plúr na mban donn óg


1584
1585

"Dá dtiocfása liomsa go Contae Liatroim,
1586a phlúr na mban donn óg,
1587bhéarfainn mil bheach is meadh mar bhia dhuit,
1588a phlúr na mban donn óg,
1589bhéarfainn aer na long, na seol 's na mbád,
1590faoi bharra na dtom is sinn ag filleadh ón trá,
1591is ní ligfinn aon bhrón a choíche id dháil,
1592a phlúr na mban donn óg!"


1593
1594

"Ní rachadsa leat 's níl maith dhuit dom iarraidh,
1595a Uilleacáin Duibh, Ó!
1596mar nach gcoinneodh do ghlórtha beo gan bhia mé,
1597a Uilleacáin Duibh, Ó!
1598míle céad fearr liom bheith choíche gan fear
1599ná bheith ag siúl an drúchta is na bhfásach leat,
1600's níor thug mo chroí dhuit grá ná gean,
1601a Uilleacáin Duibh, Ó!"


1602
1603

Chonaic mé ag teacht chugam í trí lár an tsléibhe,
1604mar réilteann thríd an gceo,
1605bhí mé ag caint 's ag comhrá léi
1606go ndeachamar go páirc na mbó;
1607shuíomar síos i lúib an fháil,
1608go dtug mé dhi scríofa faoi mo láimh
1609nach bhfuil coir dá ndéanfadh sí nach n-íocfainn a cáin
1610do phlúr na mban donn óg.


1611
1612

B 1810lsc 19T


1613
1614

'S í bláth geal na sméar í


1615
1616

'S í bláth geal na sméar í,
1617is í bláth deas na subh craobh í,
1618is í planda b'fhearr méin mhaith
1619le hamharc do shúl;
1620's í mo chuisle, is í mo rún í,
1621is í bláth na n-úll gcumhra í,
1622is samhradh ins an fhuacht í
1623'dir Nollaig is Cáisc!
1624


L. 41


1625

B 1845-1931 19D
1626Siubhán Níg Uidhir


1627
1628

D'éirigh mé ar maidin ag tarraingt ' an aonaigh mhóir,
1629ag díol 's ag ceannacht mar tháinig mo dhaoine romham;
1630bhuail tart mé faoi bhealach is chas mise isteach ag ól,
1631's gur ag Siubhán Níg Uidhir a d'ól mise luach mo bhróg.


1632
1633

"Is a Shiubhán Níg Uidhir, an miste leat mé bheith tinn?"
1634"Mo chrá! más miste liom thusa bheith sínte i gcill,
1635bróinte agus muilte bheith ag sciligeadh ar thaobh do chinn,
1636'gus cead a bheith in Iorrus go dtigeadh Síol Éabha ann cruinn!"


1637
1638

"Is, a Shiubhán Níg Uidhir, 's tú bun agus barr mo scéil" -
1639's ar mhná a cine go dtug sí an báire léi,
1640le gile, le finne, le maise is le dhá dtrian scéimh',
1641's nach mise an trua, a Mhuire, is mé scarúin amáireach léi.


1642
1643

Thiar in Iorrus tá searc agus stór mo chléibh,
1644planda donn linbh a d'eitigh mé a phósadh aréir;
1645"beir scéala uaim chuici má thug mise póg dá béal,
1646go dtiúrfainn di tuilleadh dá gcuirfeadh siad bólacht léi!"


1647
1648

"Ó, beir scéala uaim chuige go deimhin nach bpósaim é,
1649ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé;
1650má tá buaibh agat ná an iomataidh mórán spré,
1651bíodh do rogha bean agat 's beidh mise ar mo chomhairle féin!"


1652
1653

B 1886 19D
1654Cití na n-úll


1655
1656

Mo chreach is mo dhíth, is cloíte an galar an grá,
1657is mairg go mbíonn air sé mhí nó seachtain nó lá;
1658is gur bhris sé mo chroí ionam 's gur chnaígh sé an osna i mo lár,
1659ag machnamh san oíche ar an mnaoi úd ná tuigeann mo chás.


1660
1661

Mo chreach is mo chás, nár cháith sé sneachta agus sioc,
1662's mise is mo ghrá geal bheith i lár na farraige amuigh,
1663gan coite gan bád gan áras againn a bheith,
1664ach ise sa tsnámh 'gus mo lámh dheas casta ar a crios.
1665


L. 42


1666

"Is a Chití na n-úll, 's é mo chumha mar thugas dhuit grá,
1667is glaine glaise do shúl ná drúcht na maidne ar an mbán;
1668dá mba liomsa Cúige Mumhan 's cúirt a bheith suite ina lár,
1669le mo chailín deas fionn is léi shiúlóinn fada agus gearr."


1670
1671

"Is, a Domhnaill, a lao, ná tréigse mise go bráth,
1672's ar fhearaibh an tsaoil go léir go dtugas dhuit grá,
1673is go gcuirfinn mo ghaolta go léir 's iad marbh fé chlár,
1674d'fhonn suí led thaobh deas caol cailce gan cháim."


1675
1676

B 1925 19
1677Tá na páipéir á saighneáil


1678
1679

Tá na páipéir á saighneáil 's na saighdiúirí ag gabháil anonn,
1680tá dromadóirí aoibhinn aerach ag Clanna Gael ag gabháil go Tír na Long;
1681dá mbeadh agam, 's duit a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó,
1682ar chúntar thú a bheith i t'fhéirín liom go Contae Mhaigh Eo.


1683
1684

Agus ag luí dhom san oíche ním osna bhíos mór,
1685ag éirí dhom ar maidin 's í mo phaidir mo dheor,
1686tá gruaig mo chinn ag titim 's ag imeacht mar an gceo,
1687is le cumha i do dhiaidh, a mhuirnín, ní bheidh mé i bhfad beo.


1688
1689

Nuair éirím amach go huaigneach 's bhreathnaím uaim an cnoc úd thall,
1690bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach d'fhág crua-arraing thrí mo lár;
1691tá mo chroí 'stigh 'na leac de ghual dubh 's fear mo thruaí níl
1692ach Rí na nGrást,
1693's pé'r bith cailín óg bhéarfas uaim thú, go síntear suas í i
1694gcónra chláir!


1695
1696

Tá fhios ag Dia dílis gurab iomaí smaoineamh crua deacrach
1697ag dul treasna thrí mo chroí istigh mar gheall ortsa le fada;
1698dá mbeadh bliain ar fad san oíche, is leat ba mhian liom í a chaitheamh,
1699agus diomú na naomh dhuit má ní tú mo mhalairt.
1700


L. 43


1701

Tá mo stocaí is mo bhróga stróicthe liom síos,
1702tá mo nua-chulaith phósta, mo bhrón géar, le sníomh,
1703tá gine i dteach an ósta orm 's níor ól mé riamh pighinn,
1704ach mo léan, a mhíle stóirín, gan muid óg seal arís!


1705
1706

Dílleachta bocht cráite mé fágadh faoi leatrom,
1707's dá mbeadh mo chlú tárraithe cér chás dhom bheith falamh?
1708níl aon fhear in Éirinn dhéanfadh éagóir ar mo shamhail,
1709nár dheacair dhó a leas a dhéanamh ná dhul ar aon chor do na Flaithis.


1710
1711

B 1750lsc 18L
1712U Anaithnid


1713
1714

Raghadsa faoin sliabh


1715
1716

Raghadsa faoin sliabh nó in adharca na bhfia
1717nó ar an gcampa ag déanamh cantlais mar ar chaill mé mo chiall;
1718nó an trua leat mo dheoir 's mé ag géarghol gach neoin
1719ad chaoineadh 's mé sínte lag cloíte faoi bhrón?


1720
1721

Gearánfad mo chás leis na coillte go hard
1722nó leis an gcarraig i mBun Aille go bhfuil mo chroí istigh á
1723chrá;
1724níl sólás sa domhan gan dólás ina cheann,
1725níl maise gan masla ná díreach gan cam.


1726
1727

A bhráthair, a rún, nach náireach an chúis
1728bheith ar bord loinge in árthach faoi ghártha na dtonn,
1729seach bán-hallaí is cúirt is fáil ar fhíon fhionn
1730's grá mo chroí láimh liom ar ardleaba chlúimh.


1731
1732

Dob fhearr liomsa súd ná Clár Loirc an Dúin
1733's ná pláta na Spáinneach 's é a áireamh 'na phúint,
1734go bhfaighinn dul id chlúid, a bhláith leabhair chiúin,
1735tá cneasta grámhar 's mo lámh thart anonn.


1736
1737

Dob fhearr liom ná an ríocht 's ná Banba an ghrinn
1738's ná airgead na Sacsan 's a thabhairt dom ó roinn,
1739go mbeinn páirteach ris an mnaoi do chealg mo chroí,
1740a stóirín, seo póg dhuit - sin seod bheag óm chroí.
1741


L. 44


1742

Dá mbeinnse is mo rún ar thaobh Chnoic an Dúin,
1743lena lántoil a d'fháiscfinn mo ghrá bán go dlúth,
1744cois trá báine ciúin 's gan fuaim ar domhan fúinn
1745ach an tréanmhuir ag géimnigh 's í ag déanamh ceoil dúinn.


1746
1747


1748B 1918 19
1749U Anaithnid
1750D'aithneoinn mo ghrá


1751
1752

D'aithneoinn mo ghrá taobh thall de gheataí Bhaile Átha Cliath,
1753is d'aithneoinn mo ghrá ar lár na tamhnaí úd thiar;
1754teann liom anall is fáisc mé isteach le do chroí
1755is ní scarfaidh mo ghrá leat go bráth go dté mé i gcill.


1756
1757

Gheobhaidh mé bás le grá do leagan do shúl,
1758's gheobhad dhá bhás le grá don chois atá fút,
1759gheobhad trí bhás an lá nach bhfeicfe mé thú,
1760is dea-bhás nár fhaighir má fhaigheann aon duine eile uaim thú.


1761
1762

Dá dtéitheá don Ghréig nó éaló go Sasana sall,
1763seachas fanacht le m'éadan ag méadú na meisce i mo cheann,
1764thiocfainn do t'éileamh mar fhéachtar an cur a bhíos mall -
1765ach muid a scaradh óna chéile, a Rí gléigeal, nach rí-mhór an feall.


1766
1767

A dheartháirín ó, nach óg a mharaigh tú mé!
1768is gur chuir mé fuil tsróna naoi n-óire ó mhaidin inné,
1769is é a bhfuil a'd le rá liom seo amháin de go bhfuilim gan spré,
1770is má tá mé gan bhólacht is eol dom codladh liom féin.


1771
1772

'S é sú na n-úll cumhra a bhreoigh is a mharaigh mo chroí,
1773ba glaise do shúile ná drúcht na maidne faoin tír,
1774ba gile do thaobh ná mar fhéachas sí an eala ar an toinn,
1775's ba bhinne do bhéal ná an chéirseach lá earraigh ar an gcraoibh.


1776
1777

B 1830lsc 19T
1778U Anaithnid


1779
1780

Mala Néifinn


1781
1782

Dá mbeinnse ar mhala Néifinn 's mo chéadghrá le mo thaoibh,
1783's lách a chodlóimis in éineacht mar an t-éinín ar an gcraoibh;
1784's é do bhéilín binn-bhréithreach a mhéadaigh ar mo phian,
1785's codladh ciúin ní fhéadaim go n-éagad, fairíor!
1786


L. 45


1787

Dá mbeinnse ar na cuanta mar ba dhual dom gheobhainn spórt,
1788mo chairde uilig faoi bhuaireamh 's gruaim orthu gach ló;
1789fíorscoth na ngruagach fuair bua ins gach gleo,
1790mo chroí istigh tá ina ghual dubh 's bean mo thruaí níl beo.


1791
1792

Nach aoibhinn do na héiníní éiríos go hard
1793's chodlaíos in éineacht ar aon chraeibhín amháin,
1794ní hé sin dom féineach 's dom chéad míle grá,
1795is fada fánach óna chéile bhíos ár n-éirí gach lá.


1796
1797

An té bhreathnódh ar na spéartha tráth théas ar an lá
1798nó an lán mara ag éirí le héadan an chlaí aird,
1799mar siúd bhíos an té úd bheir aon-toil don ghrá -
1800mar chrann ar mhala shléibhe ina dtréigfeadh a bhláth.


1801
1802

B 1918 19
1803Éamann Mhágáine


1804
1805

Idir Corcaigh is Dúghlais do chonacsa mo rúnach
1806go hatuirseach tabhartha im choinnibh sa ród,
1807do labhair sí go tláith liom de chomhrá bhinn mhánla
1808is do chuir sí romham fáilte agus céad míle póg.


1809
1810

Tá litir 'gam óm fádar 's beannachtaí óm mháthair
1811le tabhairt anseo id láthair, a ógánaigh óig,
1812go bhfaighfeá na táinte agus spré chnoic le háireamh
1813'gus mise mar bharr air sin choíche is go deo.


1814
1815

'Nis-se dod fádar 's gan dearmad dod mháthair
1816go bhfaighfeá mé is fáilte, a chailín bhig óig,
1817murach go bhfuilim in áirithe le bliain is trí ráithe
1818'ge 'níon Sheoin Dáibhis ó Chontae Mhaigh Eo.


1819
1820

Mo chreach is mo sceimhle nach marbh lag bhíos-sa
1821an lá casadh thú sa tslí orm, a ógánaigh óig,
1822sar a mbeadh sé le hinsint go mbeadh bean eile ina suí leat,
1823'gus mise ag siúl tíorach 's ná faighinn dul id threo.


1824
1825

An gcuimhníonn tusa, a dhalta dhil, nuair bhíos is tusa ag reacaireacht,
1826ar inse ar bharr ghleanna ag amharc ár mbó,
1827sa ló is mé á chuimhneamh cá ngeofá chun na hoíche?
1828is gur shaoileas féin ná scaoilfeadh ár gcumann go deo.
1829


L. 46


1830

B 1850lsc 19L


1831
1832

Muirnín na gruaige báine


1833
1834

Mo léan gan mé agus tú,
1835a mhaighdean óg gan chumha,
1836in oileánaibh dubha Loch Éirne;
1837nó faoi choillte dubha na slat
1838mar a ndéanaid na héanlaith nead,
1839agus fásach go barra géaga;
1840nó i ngleanntáinín cois cuain
1841mar a labhraíonn an chuach
1842'gus an fharraige ó thuaidh bheith taobh linn;
1843mise féin 's mo rún
1844gan codladh ann ná suan,
1845ach ag súgradh i gclúid a chéile.


1846
1847

Mo léan gan mé sa gcill
1848i bhfochair mo chairde gaoil,
1849nó i mullach cnoic ag déanamh árais,
1850sul fár tharla tú im líon
1851ag dúbailt cnead im chroí,
1852agus d'iompaigh tú mo dhlaoi mar airne;
1853cumann gearr ó mhnaoi,
1854ní mhaireann sé ach mí
1855mar shiolla den ghaoith Mhárta;
1856agus a stór, níor chóir mé a dhíol
1857mar gheall ar bheagán maoin'
1858'gus feasta liom bíodh t'intinn sásta.


1859
1860

Níor fhág mise baile cuain
1861ó Chorcaigh anuas
1862nó as sin go Cruach Phádraig,
1863thart ó dheas anuas
1864go Béal an Easa Rua
1865nár chaitheas ar mo chuairt ann ráithe;
1866mar shúil go bhfaighinn tuairisc
1867phéarla an chúil dualaigh
1868's í an ainnir rug bua thar mhná í;
1869is gur i dtórainn Chill Dá Lua
1870a scaras le mo ruan,
1871's í Muirnín na gruaige báine í.
1872


L. 47


1873

B 1847-49ls 19L


1874
1875

Nóra an chúil ómra


1876
1877

A Nóra an chúil ómra, is é mo bhrónsa nach bhféadaim
1878lámh chur faoi do cheann nó i mbrollach do léine;
1879is tú d'fhág mo cheannsa gan unsa ar bith céille,
1880is go n-éalóinn thar toinn leat, a rúnsearc, dá bhféadainn.


1881
1882

A bhailintín chroí istigh ná déansa liom bréag
1883's gur gheall tú mo phósadh gan feoirling de spré;
1884shiúilfinnse an drúcht leat 's ní bhrúfainn leat an féar,
1885's a Nóra an chúil ómra is deas a phógfainn do bhéal!


1886
1887

Taobh thall den Mhuaidh tá stór geal mo chroí,
1888a cúl tiugh mar an t-ómar lér chaill mé mo ghnaoi;
1889guímse Rí an Domhnaigh go dtiontaí an ghaoth
1890's go bhfeice mé mo bhólacht ag gabháil bóithre Bhaile Átha Buí.


1891
1892

B 1855 19L
1893Péarla an bhrollaigh bháin


1894
1895

Tá cailín deas am chrá le bliain agus le lá
1896agus ní fhéadaim a fáil le bréagadh;
1897níl aiste chlis le rá dá gcanaid fir le mná
1898nár chaitheamair gan tábhacht léise;
1899don Fhrainc nó don Spáinn dá dtéadh mo ghrá,
1900do raghainnse gach lá dá féachaint;
1901'gus mura bhfuil sé dúinn i ndán an ainnir chiúin seo fháil,
1902och! Mac Muire na ngrás dár saoradh!


1903
1904

A chailín chailce bhláith dá dtugas searc is grá,
1905ná tabhairse gach tráth dhom éaradh;
1906is a liacht ainnir mhín im dheáidh le buaibh is maoin 'na láimh,
1907dá ngabhaimis it áitse céile;
1908póg is míle fáilte is barraí geal' do lámh
1909's é a n-iarrfainn go bráth mar spré leat;
1910's muran damhsa atá tú i ndán, a phéarla an bhrollaigh bháin,
1911nár thí mise slán ón aonach.
1912


L. 48


1913

B 1849 19L
1914A Mháire is a mhuirnín


1915
1916

A Mháire is a mhuirnín 's a lúibín na gcraobhfholt,
1917an cuimhin leat mar do shiúlaimis ar dhrúchtíní an fhéir ghlais?
1918a bhláth na n-úll gcumhra, na gcnú buí is na sméara,
1919do pháirtse níor dhiúltaíos cé dubhach taoim ad éileamh.


1920
1921

A ghrá dhil 's a rúinín, tar taobh liom oíche éigin
1922nuair do luífeadh mo mhuintir beidheam ag caint lena chéile;
1923mo lámh ar do choimín, ag deimhniú gach scéil duit,
1924's gurb é do ghrá, a mhaighdean, bhuain radharc Fhlaithis Dé dhíom.


1925
1926

Dá mbeadh fhios ag mo dheartháir mo ghearán 's mo bhuaireamh,
1927dá mbeadh fhios, dar Párán, bheadh fuarán ró-mhuar air,
1928mo chéadsearc am thréigean 's céile eile á lua liom
1929's thar mhná deasa Éireann 's í mo ghrá geal ná fuathfainn.


1930
1931

Dá mbeinnse im iascaire thiar i mBinn Éadair
1932's Máire na gealbhrád 'na bradán ar Loch Éirne,
1933is súgach 's is meidhreach do raghainnse dá héileamh
1934's do gheabhainn im líontán grianán ban Éireann.


1935
1936

Dá mbeinnse i Londain mar cheann ar an ngarda
1937's cead agam ón bhFrancach mo long chur thar sáile,
1938chúig mhíle púnta dá mb'fhiú sin gach lá mé,
1939's í Máire mo rogha-sa is do bhronnfainn mo stát di.


1940
1941

B 1897 19D
1942Fáinne geal an lae


1943
1944

Maidin mhoch ar m'éirí amach
1945ar fheorainn Locha Léin,
1946bhí an crann go glas 's an bláth lena ais
1947'gus lonradh te ón ngréin;
1948ar mo chasadh dhom trí bhailte poirt
1949agus bánta míne réidh,
1950cé gheobhainn lem ais ach cúileann deas
1951le fáinne geal an lae.
1952


L. 49


1953

Ní raibh bróg ná stoc, cadhp ná cloak
1954ar mo stór mar scáth ón spéir,
1955ach gruaig a cinn léi síos go feor
1956'gus amach go barr a méar;
1957bhí calán crúite aici ina glaic
1958's ar dhrúcht ba dheas a scéimh,
1959's gur thug barr geana ó Vénus dheas
1960le fáinne geal an lae.


1961
1962

Do shuigh an bhrídeach síos lem ais
1963ar bhinse glas den fhéar,
1964dá mealladh bhíos 's dá mhaíomh go pras
1965mar mhnaoi nach scarfainn léi;
1966is é dúirt sí liom "ná bris mo chlú
1967is scaoil mé ar siúl, a réic!
1968súd iad aneas na soilse ag teacht
1969le fáinne geal an lae".


1970
1971

Do shil gach deor lena leacain ghil
1972mar dhrúcht ag titim d'fhéar,
1973dá rá "tar liom 'gus pós mé anois
1974mar gheall tú dhom roimh ré;
1975siúil lem ais agus fill mo mheas
1976le ceangal ceart ón gcléir,
1977's ná séan do chleas do mhill an bhean
1978le fáinne geal an lae".


1979
1980

"Caithfeadsa diúltadh a thabhairt anois
1981le fonn duit, a ainnir shéimh,"
1982dá rá "bí ar siúl uaim, a bhean,
1983táim dlúth ar neasc roimh ré;
1984cúig chéad punt 's iad fháil im ghlaic
1985mar chúinse as is talamh saor,
1986le cailín deas ó Bheantraí aneas
1987le fáinne geal an lae".


1988
1989

Do bhéarfainn comhairle do chailín deas
1990dá nglacfadh sí uaim é,
1991gan dul amach ag crú a ba
1992' dtí go dtigeadh teas don ngréin;


L. 50


1993

le heagla na bhfear ag gabháil aneas
1994nár thrua leo súd a scéal,
1995dá mbeadh báibín óg aici ina glaic
1996le fáinne geal an lae.


1997
1998

B 1840lsc 19L


1999
2000

A chuisle mo chroí


2001
2002

Ar maidin inné roimh ghréin go moch,
2003do dhearcas an bhé ba néamhdha cruth,
2004bhí sneachta agus caor
2005ag caismirt 'na scéimh
2006's a seanga-chorp séimh mar ghéis ar sruth;
2007is a chuisle mo chroí, créad í an ghruaim sin ort?


2008
2009

Ba bhinne guth caomh a béil le sult,
2010ná Orphéus do léig go faon na toirc,
2011bhí a ramhar-rosc réidh
2012mar chriostal na mbraon
2013ar sheamair ghlais fhéir roimh ghréin go moch;
2014's a chuisle mo chroí, créad í an ghruaim sin ort?


2015
2016

B 1909 19
2017Peigín an chúil bháin


2018
2019

B'ait liom bean a d'imreodh beart
2020's nach gclisfeadh ar a grá,
2021is thiocfadh isteach le gean ar fhear
2022's nach seasfadh ar an tsráid,
2023a béilín deas is milse blas
2024ná mil na mbeach faoi Cháisc,
2025's a cúl trom tais fionn fáinneach glas
2026's í Peigín 'tá mé a rá.


2027
2028

Is míne a cneas ná clúmhach mín geal
2029's ná cúr na toinne ar trá,
2030an chraoibhín gheal nár chríon 's nár mheath
2031go dtigeann uirthi bláth,


L. 51


2032

go dté mé i bhfeart tá m'intinn leat,
2033a Pheigín, a mhíle grá,
2034mo léan 's mo chreach gan mé is tú seal
2035ar chóstaí Mheiriocá.


2036
2037

A stór mo chroí, ná tréig do mhian
2038ach breathnaigh isteach sa gcás,
2039nuair thiocfas an tslí beidh ól ar fhíon
2040's ní baol dúinn choíche bás,
2041a bhláth na gcraobh, ba bhocht an scéal
2042mura mbeitheá dhomsa i ndán,
2043's ar uaisle an tsaoil dá mbeinn ' mo rí
2044gur leat a chraithfinn lámh.


2045
2046

Dá bhfaighinnse caoi nó áit le suí,
2047ní chónóinn mí go bráth
2048go scríobhfainn síos le peann deas caol
2049do chomharthaíocht is do cháil,
2050ní rugadh ariamh aon bhean sa tír
2051a bhainfeadh dhíot an barr,
2052ó scriosadh an Traoi mar gheall ar mhnaoi
2053is ó cuireadh Déirdre chun báis.


2054
2055

Tá breácht is gile, fuil is cuisle,
2056is lasadh deas dá réir,
2057i mbláth na finne is cruinne súil
2058's is deise leagan béil;
2059níl bréag ar bith sa scéal tá amuigh
2060nach fear mé tá as mo chéill,
2061le bliain inniu gan aon lá suilt
2062's mé ag smaoineamh ar bhláth na gcraobh.


2063
2064

B 1850lsc 19L


2065
2066

Páistín fionn


2067
2068

Grá le m'anam mo pháistín fionn,
2069a croí is a haigne ag gáirí liom,
2070a cíocha geala mar bhláth na n-úll
2071's a píob mar eala lá Márta.
2072is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
2073's tusa mo rún 's mo ghrá geal,
2074's tusa mo rún 's mo chumann go buan,
2075's é mo chreach gan tú agam ód mháthair!
2076


L. 52


2077

Cara mo chroí mo pháistín fionn,
2078a bhfuil a dhá grua ar lasadh mar bhláth na dtom;
2079tá mise saor ar mo pháistín fionn,
2080ach amháin gur ólas a sláinte!
2081is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
2082's tusa mo rún 's mo ghrá geal,
2083's tusa mo rún 's mo chumann go buan,
2084's é mo chreach gan tú agam ód mháthair!


2085
2086

Dá mbeinnse sa mbaile a mbeadh súgradh 's greann,
2087idir dhá bhairille bheadh lán de leann,
2088mo shiúirín im aice is mo lámh faoina ceann,
2089is súgach a d'ólfainn a sláinte.
2090is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
2091's tusa mo rún 's mo ghrá geal,
2092's tusa mo rún 's mo chumann go buan,
2093's é mo chreach gan tú agam ód mháthair!


2094
2095

Bhí mé naoi n-oíche i mo luí go bocht
2096ó bheith sínte faoin dílinn idir dhá thor,
2097a chumann mo chroí is mé ag smaoineamh ort,
2098's nach bhfaighinnse le fead ná le glaoch thú.
2099is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
2100's tusa mo rún 's mo ghrá geal,
2101's tusa mo rún 's mo chumann go buan,
2102's é mo chreach gan tú agam ód mháthair!


2103
2104

Tréigfead mo charaid 's mo chairde gaoil,
2105's tréigfead a maireann de mhnáibh an tsaoil,
2106ach ní thréigfead lem mharthain thú, a ghrá mo chroí,
2107go síntear i gcómhra faoi chlár mé.
2108is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
2109's tusa mo rún 's mo ghrá geal,
2110's tusa mo rún 's mo chumann go buan,
2111's é mo chreach gan tú agam ód mháthair!
2112


L. 53


2113

B 1853 19L
2114Is trua gan peata an mhaoir agam


2115
2116

Is trua gan peata an mhaoir agam,
2117's trua gan peata an mhaoir agam,
2118's trua gan peata an mhaoir agam
2119's na caoirigh beaga bána;
2120is ó, goirim, goirim thú!
2121is grá mo chroí gan cheilg thú!
2122is ó, goirim, goirim thú!
2123is tú peata beag do mháthar.


2124
2125

B 1903 19
2126'S trua gan maoilín bán agam,
2127's trua gan maoilín bán agam,
2128's trua gan maoilín bán agam
2129's fáilte ó mo ghrá geal;
2130's ó, goirim, goirim thú!
2131is grá mo chroí gan cheilg thú!
2132is ó, goirim, goirim thú!
2133is tú peata beag do mháthar.


2134
2135

B 1853 19L


2136
2137

'S trua gan bólacht bhainne agam,
2138's trua gan bólacht bhainne agam,
2139's trua gan bólacht bhainne agam
2140's Cáitín óna máthair;
2141's ó, goirim, goirim thú!
2142is grá mo chroí gan cheilg thú!
2143is ó, goirim, goirim thú!
2144is tú peata beag do mháthar.


2145
2146

B 1885c-1944 19D
2147An súisín bán


2148
2149

Thíos i Sligeach chuir mé eolas ar na mná
2150agus thuas i nGaillimh d'ól mé leo mo sháith;
2151dar brí mo bhaiste, mura ligfidh siad dhíomsa seal mar táim,
2152déanfaidh mise cleas is rachaidh sé ó rún ar na mná!
2153


L. 54


2154

Nach é an cat marbh a chas ' na tíre seo mé
2155is a liachtaí óigbhean deas a d'fhága mé mo dhéidh,
2156nuair a casadh mé sa teach a raibh searc is rún mo chléibh,
2157chuir an chailleach amach le casadh an tsúgáin mé!


2158
2159

Tá mo cheannsa liath is, a Dhia, cé náir dhom é,
2160is nach mbeathaíonn briathra gan bhia na bráithre féin;
2161chaith mé seacht mbliana do t'iarraidh 's do t'fháil dom féin,
2162's nach cosúil le iascaire i ndiaidh a shárú leat mé!


2163
2164

B'ait liom bean a d'fhanfadh bliain lena grá,
2165B'ait liom bean a d'fhanfadh bliain uilig is lá,
2166níorbh ait liom bean a bheadh leatsa, is liomsa ar ball,
2167's í mo ghrá an bhean a d'fhanfadh ar aon staid amháin!


2168
2169

Má bhíonn tú liom bí liom, a ghrá geal mo chroí,
2170má bhionn tú liom bí liom os comhair an tsaoil,
2171má bhionn tú liom bí liom gach orlach i do chroí,
2172's é mo léan nach liom trathnóna thú mar mhnaoi!


2173
2174

Rinne mise cleas i dteach Uí Dhomhnaill aréir,
2175's an dara cleas i dteach Uí Raghallaigh lena thaobh,
2176an tríú cleas - ach cén gar tá ag áireamh mo scéil?
2177mar is minic a bhain fear slat a bhuailfeadh é féin!


2178
2179

Threabhfainn is d'fhuirsinn is chuirfinn síol sa gcré,
2180agus sheolfainn na ba san eanach ba mhilse féar,
2181chuirfinn crú ar an each is deise dár shiúil an féar
2182's go n-éalódh bean le fear nach ndéanfadh é sin féin!


2183
2184

'S a chairde gaoil, caoinidh amáireach mé,
2185do mo cheangal le mnaoi is gan m'intinn sásta léi,
2186mar gheall ar mhaoin bheag shaolta nárbh fhearrde mé -
2187trí ba, caoirigh agus caoifeach mná gan chéill!


2188
2189

'S an gcluin tú leat mé, a ghiolla, atá ag iarraidh mná?
2190fill abhaile is caith an bhliain mar táir,
2191mura bhfuil tú spreacúil neartúil faoi do lár
2192's le fear ón sliabh na buaibh, 's beidh fhios cén fear is fearr!


2193
2194

Is intinn chleasach mheangach atá ag na mná
2195is go dtugann siad gealladh d'fhear 's do chéad 'n aon lá amháin;
2196duine bocht mise d'imir is d'ól leo mo sháith
2197nó gur chuireadar an cluiche orm le bogadh an tsúisín bháin!
2198


L. 55


2199

B 1913-45 19
2200An Ciarraíoch mallaithe


2201
2202

Is fada le fán mé i gclár geal Banban
2203gur ráiníos don bhaile a ránn siad Callainn leis,
2204óró, is go Caiseal na sló;
2205ar ráig gur casadh mé tráth sa mbaile sin
2206gurb é b'fhearr mar mheasaim in arán 's in airgead,
2207óró, is dá gcanainn níos mó!
2208Margadh tá dhá lá sa tseachtain ann,
2209aifreann gnáth le fáil ón eaglais,
2210an cárt 's an cnagaire lán gan dearmad,
2211stáidbhean chailce le fáil chun taistil liom,
2212óró, is nárbh aitis mo sceol!


2213
2214

"Ba dhoilbh an scéal dá n-éalaínn leatsa,
2215le réice ded shamhailse d'éalaigh ón Mainistir
2216's a mheallfadh mé le héitheach go leor,
2217chuirfinn an saol go léir in earraid liom
2218siar dá rachainn chun dúthaigh t'athar leat,
2219óró, is níor mhaith é mo sceol."
2220"Bhéarfainnse liom thú anonn go hAlbain
2221nó go Hanóver más é dob fhearra leat,
2222éirigh it sheasamh dhom, ná bíodh eagal' ort,
2223déan suas t'aigne is téanam abhaile liom,
2224óró, is nach tusa mo stór?"


2225
2226

"Do shiúlóinn an saol go léir 's an Bhreathnaisc leat
2227's níorbh fhearra liom bheith in Éirinn ag éisteacht aifrinn,
2228óró, ná i Sasana Nódh;
2229ach ní chreidim ód bhéal dhá dtréan dá n-abrann,
2230mar is fear magaidh thú bhíonn ag mealladh ban,
2231óró led reacaireacht sceol."
2232"A chumainn mo chléibh 's a réilteann mhascalach,
2233ní 'neosainn bréag óm béal ar chapall duit,
2234ar eagla an pheacaigh 's go mbeimis damanta;
2235grá tá ceangailte im lár ná scarfaidh leat,
2236óró, go dtéad síos fén bhfód."
2237


L. 56


2238

"Ní ligfead fén bhfód go deo mo scafaire,
2239ó fuaireas fios a aigne ós é dob fhearra liom,
2240óró, líon cupa den bheoir,
2241glaoidh ar mo chairde go dtrám an bairille
2242is déanfam rí-rá go mbeidh trácht sa Charraig air,
2243óró, fad a mhairfidh a bhfuil beo;
2244seo mo dhá láimh dhuit 's ní i bpáirt a bheith scartha leat,
2245ach ceangailte go bráth gan spás fad a mhairfimid,
2246sin suite ar margadh 's ní dhéanfad do malairtse
2247páirt dem anam go bráth ní scarfaidh leat,
2248óró, fad a mhairfead féin beo.


2249
2250

Má leanaim go dian tú siar chun Cairbreach
2251caillfead mo chiall mura dtriallair abhaile liom,
2252óró, beadsa ag sileadh na ndeor."
2253"Ná tar im dheoidh gan mórchuid airgid
2254go mbeidh coróin Rí Sacsan air 's ór buí id spaga agat,
2255óró, i gcóir chostais an róid;
2256ní bheidh cloig ar ar ndóirnibh ó rómhar na ngarraithe
2257ná ó chruachadh na móna, ná an fómhar á leathadh orainn,
2258beidh rince fada againn más é is fearra leat,
2259ór is airgead, beoir is beath-uisce,
2260óró, is ní bheidh tuirse 'nár gcomhair.


2261
2262

Coinníoll ár bpósta, stór a bheith eadrainn,
2263's an fhaid mhairfimid beo gan gleo bheith eadrainn,
2264óró, creid feasta mo ghlór!"
2265"Má thugair do ráiteas go bráth ná scarfair liom,
2266beidh tuilleadh biotáille le fáil in aisce agat,
2267óró, is a bhfuil agam do gheobhair.
2268B'fhearr liom do mhéin ná céad bó bhainne agat,
2269muileann ag meilt plúir 'gus brúraí ag tabhairt leanna dhuit,
2270siúd é m'aigne, cén chabhair é a chasadh liom
2271go dtabharfainn an saol duit féin ach ceangal liom,
2272óró, mar is tusa mo stór!"


2273
2274

Do shiúlaíos-sa léi thrí shléibhtibh Callainne,
2275ag déanamh ranna dhi 's bréaga á gceapadh dhi,
2276óró, sar a dtitfeadh sí i mbrón;
2277chun gur bhailíos go géar gach réal a bhí i dtaisce aici,


L. 57


2278

gan phlé gan achrann síos im phaba chúm,
2279óró, is do bhogas chun róid,
2280shocraíos-sa féin mo bhéabhar-hata orm,
2281mo mhaide draighin éille agus faobhar 'na bharra amuigh,
2282's is tréan is is calma do léiminn clathacha
2283siar chun Ceanna Toirc d'fhonn bheith scartha léi,
2284óró, is í ag sodar im dheoidh.


2285
2286

Nuair bhraith an fhaoileann an oíche tagaithe
2287's ná fuair sí sa tigh ná amuigh sa ngarrdha mé,
2288óró, do chas olagón;
2289do ghaoidh sí ar a máthair 's ar a lán do leanfadh í,
2290á rá gur mheallas a croí lem chleasannaibh
2291's do shlad a cuid óir;
2292"éirigí, a chairde, ní foláir ná go leanfam é,
2293cuardóm na bánta agus aird na ngarraithe
2294don Chiarraíoch mhallaithe do mheall mo chuid airgid
2295lena bhréithre bladair uaim cois taobh an bhairille,
2296óró, n'fheadar cá ngeobhad".


2297
2298

B 1830ls-1918 19L


2299
2300

Och! a Úna


2301
2302

"Och! a Úna, an tinn nó an dubhach leat
2303mise sa tsúsa im aonar?
2304's dá mbraithinn do dhúthracht im chodladh nó im dhúiseacht
2305go ndéanfainn rún go héag ort;
2306is iongnadh liomsa tú bun os cionn liom
2307is mise lán d'fhonn bheith taobh leat;
2308's dá dtigeadh as an tsúgradh muirear nó cúram
2309is duine mé mhúinfeadh léann dó!"


2310
2311

"Is annamh a háiríodh cruach ná stáca
2312ag máistir scoláirí a dhéanamh,
2313's mar mheasaim dob fhearr liom mo mhacha bó ag tál chúm
2314ná glagar do gharlach ag léamh dhuit;
2315dob fhearr liomsa an sclábhaí do rómharfadh an gairdín
2316is chuirfeadh na prátaí i gcré dhom,
2317ná spealaire máistir gan fuinneamh gan fáscadh
2318do chuirfeadh le fán an tsaoil mé."
2319


L. 58


2320

"A ghrá is a chuid, go bráth ná tuig
2321go ndéanfainn do mhalairt de chéile,
2322go n-iompaí an mhuir ar fad 'na fuil
2323's go ngabha na cnoic fá chéile,
2324go bhfása biolar trí lár na tin'
2325is go dtige na bric á éileamh,
2326's go gcaillid na druide ar fad a ngoib
2327's go ndéantar lon den chéirseach."


2328
2329

"Éirigh id shuí, a Úna, is cuir-se chun siúil liom
2330is beimid go súgach aerach,
2331is béarfad mo rún lem thaobh ar an drúcht
2332fé chraobhaibh cumhra féithchrann;
2333ó thána-sa ag tnúth leat ní cóir dhuit mé a dhiúltadh,
2334mar is 'mó ainnir fhionn bhreá ghléigeal
2335go dtugas dóibh diúltadh ar amharc do ghnúise,
2336is gur shéanas iad súd go léir dhuit."


2337
2338

"Nílim am thabhairt duit is nílim ad dhiúltadh,
2339's níl fios mo chúise ag aonfhear;
2340ach ar eagla an Uirdmhic nuair thiocfadh lá an chuntais,
2341is m'anam ná tabharfainn ar Éire;
2342ach má gheallann tú dhomhsa go seasóir liomsa
2343i gceangal dlúth na cléire,
2344is má thaitníonn mo shnua leat ní cóir dhom thú a dhiúltadh,
2345is bímis sa tsiúl in éineacht!"


2346
2347

B 1904 19
2348An rábaire bacaigh ón Mumhain


2349
2350

Raghadsa sa gceártain amárach ar maidin le fonn
2351's déanfad búcla is tácla dom láimh a mbeidh gath air is lúb,
2352ná scaoilfeadh lá an ghátair 's d'fhaiscfeadh an crios ar mo chom,
2353'gus fágfad mo shlán acu - ar an rábaire bacaigh ón Mumhain.


2354
2355

Agus luífead mo chána ar na cránta so ó bhathas go bonn,
2356snoífead na cnámha acu is ní fhágfad iontu easna gan bhrú,
2357mura mbeidh cíos gach lá acu solártha taiscithe im thrúnc
2358'gus tinteacha cnámh roimh an rábaire bacaigh ón Mumhain.
2359


L. 59


2360

Ní phósfadsa aon tsáfach de chláirsigh de chailligh gan fonn,
2361d'imeodh amárach is d'fhágfadh mé i ngalar trom dubhach;
2362dob fhearr liom cailín ciúin tláith go mbeadh fáinne is raca ina cúl,
2363's d'iompródh an mála don rábaire bacaigh ón Mumhain!


2364
2365

Nuair thagann mo ghrá-sa amárach abhaile anso chúm
2366's a clóca aici gearrtha go fáinneach den fhaisiont so ar siúl,
2367dá insint dá máithrín go náireach t'réis casadh dá cúrs',
2368gur bhuail sí i bPort Láirge le rábaire bacaigh ón Mumhain.


2369
2370

Nuair fhágmair Port Láirge chomáineamair go Callainn ar siúl
2371do shuíos-sa is mo ghrá-sa ar an mbán sul ar scaip de an drúcht;
2372"caith dhíot do mhála, taoi tnáite caite ón siúl,
2373's buail tiúin ar do chláirsigh, a rábaire bacaigh ón Mumhain!"


2374
2375

T'réis taisteal na slí fillfeam abhaile anois spás,
2376caithfeam an geimhreadh cois taoibh an mhuilinn go sámh,
2377beidh bacaigh is daill ann ón Aoine roimh Nollaig go Cáisc,
2378's mura mbeadsa mar rí orthu, is fíor gur tachtadh Tadhg Bán.


2379
2380

B 1905 19
2381Táilliúir an mhagaidh


2382
2383

Thíos i gCill Choinnigh tá an fhinne-bhean álainn óg,
2384tá mall tais milis gan briseadh gan bearnadh fós,
2385a grua mar luisne is a gile mar bhláth na rós,
2386's nach mise an trua, a Mhuire, má bhíonn sí ag an táilliúir romham.


2387
2388

Téighir-se abhaile agus feasta bí ag áireamh spré,
2389inis dod dhaidín gur cailleadh mo chúig le haon,
2390deich bpúnt is dathad i mbanna nó nóta daor,
2391gur maíodh mar mhagadh gur baineadh an mhóin dom féin.


2392
2393

Ní chun na móna seo a ghearradh do ceapadh mé i dtúis mo shaoil,
2394ach ól is imirt ar chuideachtain tsúgaigh shéimh,
2395do rincfinn go tapaidh ar thalamh nó ar chlár bog-déil,
2396's buachaillín mise nár bhain riamh an mhóin dom féin.
2397


L. 60


2398

Níl mo shleán ullamh i bhfoirm i gcóir ná i gceart,
2399níl ná ullamh chum seasaimh i gcóir na bhfear,
2400lem shnáthaidín ghairid do imireoinn síoda i gceart,
2401téirigh-se abhaile agus abair ná raghainnse leat.


2402
2403

Ceannódsa capall ar maidin le cúnamh Dé,
2404déanfad suas paddock chum seasamh le saol na saol,
2405má leontar mise in imeall nó i dtúis an tsléibhe,
2406beidh cailíní an bhaile seo ag sileadh na súl im' dhéidh.


2407
2408

Mo ghrá don chumann ná scarfadh in aonchor liom,
2409tá sé ceangailte i mbrollach mo léine agam,
2410fuaireas-sa scalladh den teangain aréir 's inniu,
2411agus an dá dheamhas aithne ar mhuintir mo chéile agam.


2412
2413

B 1903 19


2414
2415

Aililiú na gamhna!


2416
2417

Tráthnóinín aoibhinn 's mé thíos cois na buaile,
2418cé chasfaí aníos chúm ach smíste duine uasail,
2419d'ardaigh sé síos mé go híochtar na buaine
2420is d'fhág sé mo chroí agus m'intinn go buartha.
2421Aililiú na gamhna, na gamhna bána,
2422aililiú na gamhna, na gamhna b'iad ab fhearr liom,
2423aililiú na gamhna, na gamhna geala bána,
2424na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta!


2425
2426

Is iníon aoire mé féinig gan amhras
2427do bhíodh 'na cónaí cois taoibh na Leamhna,
2428bhí bothán agam féin is fuinneog i gceann de,
2429is faid bhíodh an bainne ag téamh 's ea ghlaoinn ar na gamhna.
2430Aililiú na gamhna, na gamhna bána, srl.


2431
2432

D'ardaigh sé síos mé go seomraí ciúine,
2433in áit 'na raibh trí staighrí de staighrí caola cúnga,
2434do líonadh cupa té chúm 's níor réitigh sé liomsa,
2435do thit sé uaim féinig 's bhí an séiní ina bhrúscar.
2436Aililiú na ghamhna, na gamhna bána, srl.
2437


L. 61


2438

Tógaidh uaim na húdaí seo, tá mo ghlúine acu gearrtha,
2439is faightear dhomhsa gúna de dhúchas mo mháthar,
2440fallaing fhada fhlúirseach 'gus púmpa socair sásta,
2441anairt leathan chiúiseach 's na gamhna a bheith láimh liom.
2442Aililiú na gamhna, na gamhna bána, srl.


2443
2444

Faightear dhom canna 'gus faightear dhom buarach,
2445's faightear dhom soitheach 'na gcuirfead mo chuid uachtair;
2446ceolta sí na cruinne a bheith á síorchur im chluasaibh
2447's gur bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chum buaile.
2448Aililiú na gamhna, na gamhna bána, srl.


2449
2450

Raghmaid ar an aonach is ceannóimid gamhna ann
2451'gus cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta,
2452íosfaid siad an fraoch 'gus barr an aitinn gheamhraigh,
2453's tiocfaid siad abhaile chum bainne i gcomhair an tsamhraidh.
2454'S iad mo ghamhna na gamhna geala,
2455's iad mo ghamhna na gamhna breaca,
2456nuair gheobhaid siad siar 's aniar an caladh
2457nárbh fhearr leo ina thrá é ná ina lán mara.


2458
2459

B 1845ls-1940c 19D


2460
2461

An cailín deas donn


2462
2463

"Is cailín ag baint luachra
2464an cailín deas donn!"
2465"Ó, is ea agus í in uaigneas!"
2466adúirt sí liom.


2467
2468

"Cá gceanglód mo ghearrán,
2469a chailín deas donn?"
2470"Ní raibh claí riamh gan stocán!"
2471adúirt sí liom.


2472
2473

"Tá fear ar an gcnocán,
2474a chailín deas donn,"
2475"Ní raibh cnoc riamh gan préachán!"
2476adúirt sí liom.
2477


L. 62


2478

"N'fheadar cá luigheam,
2479a chailín deas donn?"
2480"Ní raibh claí riamh gan díog air!"
2481adúirt sí liom.


2482
2483

"Cé oilfidh do pháistín,
2484a chailín deas donn?"
2485"Ó, oilfidh mo mháithrín!"
2486adúirt sí liom.


2487
2488

"Raibh riamh 'gat aon deartháir,
2489a chailín deas donn?"
2490"Bhí aon deartháir amháin",
2491adúirt sí liom.


2492
2493

"Cá ndeachaigh do dheartháir,
2494a chailín deas donn?"
2495"Chuaigh sé d' na hoileáin",
2496adúirt sí liom.


2497
2498

"An n-aithneofá do dheartháir,
2499a chailín deas donn?"
2500"d'aithneoinn ach é a fheiceáil",
2501adúirt sí liom.


2502
2503

"Cén comhartha bhí ar do dheartháir,
2504a chailín deas donn?"
2505"Bhí ball odhar ar a chliathán",
2506adúirt sí liom.


2507
2508

"Mise féin do dheartháir,
2509a chailín deas donn!"
2510"Ná raibh tú saolach ná slán!"
2511adúirt sí liom.


2512
2513

B 1849lsc 19L


2514
2515

Ceann dubh dílis


2516
2517

A chinn duibh dhílis dhílis dhílis,
2518cuir do lámh mhín gheal tharm anall;
2519a bhéilín meala a bhfuil baladh na tíme air,
2520's duine gan chroí nach dtiúrfadh dhuit grá!
2521


L. 63


2522

Tá cailíní ar an mbaile seo ar buile is ar buaireamh,
2523ag tarraingt a ngruaige is á ligean le gaoith,
2524ar mo shonsa an scafaire is fearr ins na tuatha,
2525ach thréigfinn an méid sin ar rún dil mo chroí.


2526
2527

'S a chinn duibh dhílis dhílis dhílis,
2528cuir do lámh mhín gheal tharm anall;
2529a bhéilín meala a bhfuil baladh na tíme air,
2530's duine gan chroí nach dtiúrfadh dhuit grá!


2531
2532

B 1750lsc-1855 19T
2533U Anaithnid


2534
2535

Seo-thín seo-thó!


2536
2537

Do chuirfinnse féin mo leanbh a chodladh
2538is ní mar a chuirfeadh mná na mbodach
2539fá shúisín bhuí is i mbráillín bhorraigh,
2540ach i gcliabhán óir gan gíoscán ná sodar!
2541Seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
2542seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!
2543seo-thin seo-thó, bhú leó leó,
2544seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!


2545
2546

Do chuirfinnse féin mo leanbh a chodladh
2547i mbráillín lín 's i súisín olla,
2548i gcliabhán óir ar urlár shocair,
2549fá bharra na gcraobh 's an ghaoth á mbogadh!
2550Seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
2551seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!
2552seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
2553seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!


2554
2555

Codail, a linbh, 's go mba codladh slán duit
2556's as do chodladh go dtugair do shláinte;
2557nár bhuaile treighid ná greim an bháis thú,
2558galar na leanbh ná an bholgach ghránna!
2559Seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
2560seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!
2561seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
2562seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!
2563


L. 64


2564

Codail, a linbh, 's go mba codladh slán duit
2565'gus as do chodladh go dtugair do shláinte,
2566as do smaointe do chroí nár chráitear
2567's nár ba bhean gan mhac do mháthair!
2568Seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
2569seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!
2570seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
2571seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!


2572
2573

B 1905 19
2574U Anaithnid
2575Deirín dé!


2576
2577

Deirín dé, deirín dé!
2578tá an gabhar donn ag labhairt sa bhfraoch,
2579deirín dé, deirín dé!
2580táid na lachain ag screadaigh sa bhféith.


2581
2582

Deirín dé, deirín dé!
2583geobhaidh ba siar le héirí an lae,
2584deirín dé, deirín dé!
2585is raghaidh mo leanbh á bhfeighilt ar féar.


2586
2587

Deirín dé, deirín dé!
2588éireoidh gealach 's raghaidh grian fé,
2589deirín dé, deirín dé!
2590is tusa mo leanbh 's mo chuid den tsaol!


2591
2592

Deirín dé, deirín dé!
2593tá nead smólaí im chóifrín féin,
2594deirín dé, deirín dé!
2595tá, agus ór dom stóirín féin.


2596
2597

Deirín dé, deirín dé!
2598ligfead mo leanbh ag piocadh sméar,
2599deirín dé, deirín dé!
2600ach codladh go sámh go fáinne an lae!
2601


L. 65


2602

B 1931-44 19
2603Píopa Ainde Mhóir


2604
2605

Bhí mé oíche shaoire i dTiar-Ní is mé ag tíocht ó cheol,
2606chruinnigh an ceo i mo thímpeall 's níor léar dhom aon tsórt,
2607thiúrfainn lán an Bhíobla
2608gur tornóg a bhí ar an gcaolach
2609leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir!


2610
2611

Ó! is mo bheannacht le gaoith 'ad síos, a Ainde Mhóir,
2612do mhac go dtige in inmhe is lao go raibh ag do bhó,
2613is tusa rinne an píopa
2614ba fairsinge sa tír seo
2615is ní chaithfear ráithe an gheimhridh go ndéana mé do spóirt!


2616
2617

Siúd í an bhean a líon é is ní le tuí é ná móin,
2618chuir sí naoi bpunt síos ann 'gus píosa den duilleoig,
2619cailleachaí na tire
2620agus cruinnidís 'na tímpeall
2621gheobhaidís ar fad fuílleach de phíopa Ainde Mhóir!


2622
2623

'Gabháil go hInis Ní dhúinn le lucht caorach agus bó
2624maidin gharbh gheimhridh 's é gaofarach go leor,
2625'gabháil trí Thonn Uí Fhloinn dhúinn
2626thosaigh an bád ag líonadh
2627is b'ait an galún taosctha rinne píopa Ainde Mhóir!


2628
2629

Bhí mé amuigh ar aonach i gCill Bhríde is mé ag ól,
2630bhí comhluadar deas ' mo thímpeall 's riar maith ceoil,
2631bhí beirt isteach as Muighinis,
2632'gus an stil mhór acu líonta -
2633'séard d'fhiafraigh an tseanbhean aosta "'n é sin píopa Ainde
2634Mhóir?"


2635
2636

B 1902-41 19
2637Seán Ó Duibhir an Ghleanna


2638
2639

Éistidh liomsa sealad
2640go 'neosad díbh cé cailleadh,
2641's é Seán Ó Duibhir an Ghleanna
2642is gan trácht thar a réim,


L. 66


2643

a choin, a ghadhair 's a chapaill
2644tá go doimhin fé chré is fé chartadh
2645is ní fios cár ghaibh an t-anam
2646bhí in áras a chléibh;
2647mar is cladhaire an bás a thagann
2648go ciúin, gan chaint, i ganfhios
2649ar nós na taoide a leathann
2650ar chuantaibh 's a scéitheann;
2651agus ó tá sé i ndán dúinn freagairt,
2652bíodh grásta an Rí againn feasta
2653's na bóithre glan roimh ár n-anam
2654go háras na naomh.


2655
2656

Céad glóire leis an Athair
2657tá go comhachtach ins na Flaithis,
2658cé gur síorraí buan í a ainm
2659le trácht ag an saol,
2660do chum, do chlóigh na haingil
2661go lonrach, soilseach, lasmhar,
2662gan cheo, gan smól, gan pheaca,
2663gan teimheal, mar an ngréin;
2664do stiúraigh spéartha is scamaill,
2665do chuir solas ard sa ngealaigh,
2666na réiltinn chúinn ag taitneamh
2667gach oíche ar an spéir;
2668do scaoil gach abha is glaise
2669'na slaodaibh tiugha lena fheartaibh,
2670's an mhórmhuir bhrúchtach ' caiseadh
2671a lán dá cuid éisc.


2672
2673

Céad glóire arís lena ainm
2674go síorraí buan le seasamh,
2675do thuill is fuair an ceannas
2676i gclú glan 's i réim;
2677do líon gach coill de chrannaibh
2678go buacach bláfar daite,
2679is na héin go binn ag cantain
2680'na ngéagaibh go léir;
2681dá laighead le rá na beacha,
2682do thug dhóibh ceard dheas bheatha,
2683cé go ndeaghaidh sé d'údair mhaithe
2684í a fhoghlaim mar cheird;


L. 67


2685

cnósaid leo a gcuid meala
2686fhaid bhíonn an ghrian ag taitneamh,
2687mar stór i gcomhair í a chaitheamh
2688sa ngeimhreadh le céill.


2689
2690

Sin sampla dhuitse, a pheacaigh,
2691le foghlaim ósna beacha
2692a chnósaíonn leo a gcuid meala
2693a gleanntaibh na gcraobh;
2694's na naoimh do bhíodh go dealamh,
2695ná cruinníodh stór ná paca
2696is ná cuireadh ór i dtaisce
2697ná i mbancaibh an tsaoil,
2698ná caitheadh bútais smeartha,
2699is ná téadh ar marcaíocht chapaill,
2700ach ag siúl ar fuaid an tsneachta
2701gan scáth orthu ón spéir,
2702go mbíodh a gcéalac fada
2703is ná téadh chun suain ar leabain,
2704ach ag méadú stór na bhFlaitheas
2705go cráifeach gan chraos.


2706
2707

Do gach n-aon atáim á thagairt
2708go mbíonn a gclaonta á mealladh,
2709ná leanann riail na sagart
2710ná sampla na naomh,
2711a bhíonn ag cnáid 's ag magadh
2712fén té bhíonn fánach dealamh
2713ná bíonn chomh hard leo i rachmas
2714ná i saibhreas an tsaoil;
2715nuair théid go tabhairne an leanna,
2716bíd ag glaoch is ag gairm
2717ar gach sóghlas bídh dob fhearra
2718's ar na fíontaibh bhíonn daor;
2719ag titim i ndrúis an pheacaidh
2720dá bhfaigheadh aon chaoi air i ganfhios,
2721's ainm Mhic Dé acu á spalpadh
2722le scleondar gan spéis.
2723


L. 68


2724

Tugaidh go léir fé ndeara
2725an sampla d'fhág an Leanbh
2726nuair thuirling sé ar an dtalamh
2727le grá dhúinn go léir;
2728do saolaíodh é go dealamh
2729i mainséar fhuar an asail,
2730i lár an gheimhridh ghairbh
2731gan aoibhneas gan aer;
2732nuair éirigh suas i bpearsain
2733níor thóg sé léas ar thalamh,
2734níor dheaghaidh ag fiach le marcaigh
2735's nior ghráidh rian a ngéim,
2736níor iarr sé cúirt ná halla,
2737is níor shuigh sé i dtabhairne an ragaidh
2738le mian ag diúgadh an leanna,
2739ach an fíoruisce caol.


2740
2741

Cé chífeadh dream an airm
2742nár chrom a nglúin chun sagairt,
2743's go ndeaghaidh de Chríost a dteagasc
2744ná a dtabhairt ar a réir;
2745a ghéaga acu á cheangal
2746ar adhmad chruaidh gan taise,
2747ina bhraighid gan choir gan pheaca
2748á thabhairt chun an tsléibhe;
2749a gclaidhte géara glana
2750acu ina ndóid ag bagairt
2751os comhair na mílte pearsa
2752a bhí i láthair an bhréith;
2753agus an Mhaighdean úd, mar mheasaim,
2754's a gruaig aici á stathadh
2755nuair a síneadh chúichi é treasna
2756ar a glúinibh go tréith.
2757

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services