Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stair na hÉireann II

Title
Stair na hÉireann II
Author(s)
Breathnach, Micheál 1881-1908,
Pen Name
Carraig Áine
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1Stair na hÉireann II.


2
3

Micheál Breathnach


4
5

Connradh na Gaedhilge
6
7Caibidil 1.


8
9

Na Normánaigh i n-Éirinn. Teacht Strangbó agus an
10sléacht a rinne sé. Mar chuidigh Mac Murchadha
11leis.


12
13

Tháinig cuid de na Normánaighibh anall 'san mBealtaine
14a bhí chugat. Tháinig i dtír i Loch Garman faoi stiúradh
15an Normánaigh Riobárd Mac Stiopháin, agus fear
16misneamhail eile dar bh'ainm Muiris De Piondaghrás
17ó'n mBreatain. Chuireadar sgéala gan mhoill chum
18Mic Mhurchadha agus d'innis dó go rabhadar ar talamh
19agus go raibh arm láidir le teacht 'n-a ndiaidh. Ghluais
20leis-sean chuca gan mhoill agus gach ar bh'fhéidir leis a
21bhailiughadh d'fhearaibh 'n-a theannta. Do ghluaiseadar
22go dtí baile Locha Garman agus bhain amach é thar éis
23catha fuiltigh a thabhairt. Ghluais le Diarmuid Mac
24Murchadha annsin go hOsraighibh leis an dúthaigh sin a
25bhaint amach. Bhí Mac Giolla Phádruig .i. flaith na
26dúithche, roimhe annsin le n-a chuid fear. Tugadh cath
27fíochmhar eatorra, acht ní raibh gar d'oiread fear troda
28ag Mac Giolla Phádruig is bhí ag Mac Murchadha agus
29cuireadh ruaigeadh air féin agus ar a chuid saighdiúir
30'sa deireadh thar éis seasamh láidir a dhéanamh.


31
32

Ní raibh aon cheapadh ag Ruaidhrí, .i. an t-Árd-rí, ar
33feadh na haimsire seo go raibh rud ar bith faoi Mhac
34Murchadha acht a chuid talmhan a fhagháil ar ais agus
35cheap sé gur bh'é sin a fáth go dtáinig na saighdiúir


L. 2


36

ó Shasanaibh le cuidiughadh leis. Acht budh mhian leis
37cosg a chur leis an gcreachadh a bhí ar bun ag Mac
38Murchadha, agus mar sin bhailigh a chuid fear le chéile
39ag Teamhair agus ghluais leó le smacht a chur air.
40Loic flaith Uladh agus a mhuinntir cuidiughadh leis an
41Árd-rígh an iarraidh seo.


42
43

Casadh Ruaidhrí agus Mac Murchadha ar a chéile.
44Dhearbhuigh an gleacaidhe Mac Murchadha dhó go raibh sé
45sásta le haon tsocrughadh a dhéanfadh an t-Árd-rí agus
46nach n-iarrfadh sé an níos mó de na Sasanaighibh teacht
47anall. Mar sin tugadh a chuid talmhan ar ais dó.
48Acht b'fhada uaidh a bheith dílis d'á ghealladh. Ní raibh
49uaidh acht siothcháin nó go mbéadh Strangbó agus a chuid
50fear cabhrach ar an talamh, agus bhí fhios aige anois gur
51ghairid go mbéadh deagh-dheis aige leis an sásamh a bhí
52uaidh le fada a fhagháil.


53
54

Níor thúisge an tÁrd-rí immthighthe ar ais ná ghluais le
55Diarmuid go Baile Átha Cliath, ar a chloisint dó go
56dtáinig dream Normánach eile i dtír i Loch Garman.
57Bhí Baile Átha Cliath i seilbh na Lochlannach an t-am sin,
58acht go rabhadar umhal agus dílis do'n Árd-rígh. Leig
59Mac Murchadha amach anois nach rud ar bith a bhí uaidh
60acht a bheith na árd-rígh ar Éirinn.


61
62

Anois 'seadh bhí cosamhlacht an chogaidh le feicsint
63agus tuar an áir agus an réabadh le tabhairt faoi
64deara. Níor hairigheadh go dtáinig dream láidir eile
65Normánach i dtír i ngar do Phortláirge, agus gur
66shocruigheadar síos ann ag fanamhaint go dtagadh
67Strangbó agus an t-arm le n-a raibh súil gan mórán
68eile moille.


69
70

Anois tráth a raibh Mac Murchadha ag ullmhughadh i
71gcomhair na Normánach agus saorsacht na hÉireann i
72gcontabhairt chruaidh, tráth ar chóir do gach Gaedheal
73seasamh go láidir ag cuidiughadh leis an Árd-rígh i
74n-aghaidh na Normánach a tháinig agus a bhí ag teacht,
75'seadh d'éirigh Donnchadh Ó Briain, .i. flaith Thuath-Mhumhan,
76mí-dhílis don Árd-rígh agus d'fhéach le imreas
77a tharraing.


78
79

D'ullmhuigh Strangbó amach gach rud i gcómhair an
80chogaidh, agus bhí sé go díreach ar tí seoladh leis ó


L. 3


81

Mhilford 'san mBreatain le arm an-iongantach nuair
82a fuair ordughadh ó Hannraoi gan imtheacht. Acht budh
83bheag í áird Strangbó air. D'imthigh leis agus "stríoc
84tír agus talamh" i bPortláirge agus tríomhadh lá fichead
85de Lughnasa, 1171. Tháinig an dream Normánach a bhí
86ann roimhe 'n-a theannta, agus le chéile thug iarracht
87láidir ar chathair Phortláirge an uair úd faoi
88riaghlughadh glath Lochlannach a bhí faoi smacht agus
89ceannas an Áird-ríogh. Bhailigh Ua Faoláin, .i. flaith na
90nDéiseach, a chuid fear le chéile agus ghread go tapaidh
91le cuidiuguadh le muinntir an bhaile i n-aghaidh a námhad.
92Throideadar go hiongantach i n-aghaidh Strangbó, agus
93níor throid Gaedhil riamh le níos mó calmachta ná
94rinneadar i bPortláirge an lá úd. Acht, mo bhrón!
95ní raibh ionnta 'sa deireadh na creachadóirí a chongbháil
96amach agus isteach ar fud an bhaile le Strangbó agus
97a chuid fear, agus rinne ár agus marbhughadh ar gach
98duine a mb'fhéidir leó a theacht suas leis 'san gcathair.
99Ní raibh acht go raibh an chathair i seilbh Strangbó, agus
100é seo go léir déanta, nuair a tháinig Mac Murchadha
101agus a inghean Éabha agus pósadh le chéile í féin agus
102Strangbó an mhaidin sin.


103
104

Ghluais le Strangbó agus le Diarmuid annsin go
105Baile Átha Cliath. Budh é an fear cráibhtheach naomhtha
106Lorcán Ó Tuathail a bhí na árd-easbog ar an gcathair
107an t-am sin, agus chuir muinntir an bhaile go dtí an
108námhaid é le súil is go bhféadfadh sé socrughadh a
109dhéanamh eatorra is nach ndéanfaidhe ár mar rinneadh i
110bPortláirge. Ní raibh duine eile ní b'fhearr ná ní
111b'oireamhnaighe le fagháil, mar bhí sé, ní hé amháin 'n-a
112dhearbhráthair do mhnaoi Dhiarmada, acht budh í seo
113máthair Éabha.


114
115

Chuaidh sé chum Mic Mhurchadha agus Strangbó, acht
116tráth bhíodar ag déanamh an tsocruighthe, agus muinntir
117na cathrach ag feitheeamh le n-a theacht ar ais, phléasg
118beirt taoiseach Normánach isteach le n-a mbuidhin troda
119ar rud an bhaile ag dícheannadh gach duine d'á dtagaidís
120suas leis. Budh ghairid go raibh an t-arm fré chéile
121'n-a ndiaidh ag déanamh aithrise orra. Rinne an tÁrdeasbog
122gach a raibh ar a chumas le cosg a chur leis an
123


L. 4


124easbog gach a raibh ar a chumas le cosg a chur leis an
125ár, acht ní raibh maith dhó ann.


126
127

Sguab le hAsculbh, .i. taoiseach Lochlannach a bhí ar
128an mbaile mhór, agus go leór d'á chuid daoine le n-a
129chois, go dtí a longa, agus d'imthigh leó le n-a
130n-anamnachaibh a shaoradh. B'éigean do Ruaidhrí
131imtheacht go Connachtaibh. Bhí Baile Átha Cliath gabhtha
132ag an námhaid anois. Le sásamh a bhaint de Mhac
133Murchadha faoi gur bhris sé a ghealladh dhícheann Ruaidhrí
134a mhac. Budh ghairid thar a éis seo gur cailleadh an
135brathadóir Mac Murchadha féin agus deirtear gur bh'
136uathbhásach an bás a fuair sé.


137
138

CAIBIDIL II.


139
140

Gleacaidheacht agus beartaidheacht Ríogh Hannraoi ; a
141theacht agus a imtheacht as Éirinn. Cé rud a thárla
142le n-a linn. Ruaidhrí Ó Conchubhair. Socrughadh
143idir na Gaedhil agus na Normánaigh. Briseadh an
144tsocruighthe. Bás an Áird-ríogh.
145
146Bhí faitchíos anois ar Rí Hannraoi nuair a d'éirigh le
147Strangbó go mbéadh an tír caillte ar fad aige féin
148muna n-oibrigheadh air gan mhoill. Mar sin, chuir sé
149fios ar ais go Sasanaibh ar Strangbó go beó tapaidh.
150Níor ghéill Strangbó dhó, acht chuir sé teachtairí chuige
151le n-a dhílseacht a chur i gcéill dó. Ní raibh an rí
152sásta. Tháinig Strangbó féin ar ais go Sasanaibh 'sa
153deireadh go díreach glan agus an Rí ar tí seóladh go
154hÉirinn. Bhí Strangbó chomh cliste agus chomh gleacaidhe
155sin is gur éirigh leis maitheamhnas an ríogh d'fhagháil in
156gach a ndeárna sé, agus bhí an rí sásta na tailte a
157bhain sé amach i Loch Garman a fhágháil 'n-a sheilbh.


158
159

I dtús Mí Dheiridh an Fhoghmhair 'sa mbliadhain 1171
160sheól Hannraoi agus a chuid fear i gceithre chéad long
161le arm iongantach go hÉirinn agus tháinig i dtír i Loch
162Dá Chaoch. Bhí sgoth na Normánach 'n-a theannta anois,


L. 5


163

agus an lá budh dlúth-mhuinntearaighe agus go b'fheárr
164Clanna Gaedheal badh dheacair dhoibh an ceann a b'fheárr
165a fhagháil ortha.


166
167

Do leig Hannraoi go gleacaidhe air féin nach raibh
168uaidh acht síothcháin agus suaimhneas a thabhairt ar ais
169'sa tír. Ní bhéadh glacadh ar bith aige le troid nó
170achrann. D'fhuagair sé do Strangbó agus d'á lucht
171conganta glanadh leó as an tír agus gan a bheith níos
172fuide ag creachadh na tíre, agus chuir sé i dtuigsint
173do na Gaedhlibh gur le n-a saoradh ó na crachadóiribh
174seo a tháing sé féin. Creideadh é agus fáiltigheadh
175roimhe in gach cearn. Bhí sé chomh sleamhain, chomh réidh
176agus chomh cáirdeamhail leis na Gaedhil is gur cheapadar
177go mb'fheárr dóibh go mór é a bheith aca mar fhear
178cómhairle, mar chosantóir agus mar stiúrthóir.


179
180

Dá mbéadh fhios ag na Gaedhlibh cé rud a b'áil
181leis a dhéanamh, agus cé an rún a bhí aige i bhfolach
182'n-a intinn, b'fhada uatha an saoghal a leigean chomh
183réidh leis ar theacht dó ar dtús. Acht mealladh iad
184le plámás agus gleacaidheacht.


185
186

Ghluais leis ó Phortláirge go Caiseal agus ó Chaiseal
187go Baile Átha Cliath agus in gach áit bhí na flatha
188Gaedheal ag bailiughadh 'na theannta agus ag fáiltiughadh
189roimhe. Ar feadh an gheimhridh i mBaile Átha Cliath bhí
190fleadh agus féasta le fagháil uaidh ag flathaibh na
191nGaedheal agus leig sé air féin suim a bhfaca tú riamh
192a bheith aige ionnta féin agus gach ar bhain leó.


193
194

Bhí an t-Árd-rí ar feadh na haimsire seo go tromchroidheach
195buaidheartha i gConnachtaibh, agus, cé go bhfuair sé
196cuireadh ó Hannraoi, ní rachadh chuige agus ar chloisint
197dó go raibh an rí ag teacht go Connachtaibh, bhailigh sé
198a chuid fear agus dubhairt, an fhad is beó é, nach
199leigfeadh sé rí Sasanach isteach ar a chuid talmhan.
200Thar éis na Nodlag rinne Hannraoi socrughadh áirithe
201le taisbeánadh cé an tsuim mhór a bhí aige 'san
202gcreideamh i nÉirinn, acht tráth a raibh gach rud ag
203éirighe leis go geal, agus é i leabaidh a chéile ag cur
204a chuid uaisle féin i n-árd-réim 'san tír, 'seadh b'éigin
205dó filleadh gan mhoill ar ais go Sasanaibh, mar bhí
206cruadhóg leis ag teachtaire 'o'n bPápa a cuireadh anall


L. 6


207

i n-aon turas le fios d'fhagháil cé an fáth ar
208marbhuigheadh San Tomás Beicit i Sasanaibh.


209
210

Níor thúisge imthighthe ar ais é 'ná thosuigh na
211Normánaigh arís ar an gcreachadh agus ar an
212ngadaidheacht, acht ní thug na Gaedhil cead a gcinn
213dhóibh, agus níor bh'fhada go raibh an tsíothcháin a chuir
214Hannraoi ar fud na tíre briste agus gach a raibh
215gnóthuighthe aige caillte ar ais ag Strangbó agus na
216Normánaigh a d'fhan 'n-a dhiaidh. Bhí an shíor-imreas
217ar bun eidir flatha na nGadheal agus na Normánaigh,
218agus ní raibh dadamh a d'fhéadfadh críoch a chur leis
219acht socrughadh a dhéanamh idir an t-Árd-rí agus
220Hannraoi.


221
222

Le iarracht a thabhairt fá sin a dhéanamh cuireadh 'san
223mbliadhain 1175 anonn go Sasanaibh Ó Dubhthaigh, Árdeasbog
224Thuama, Ab Chluana Fearta, agus Árd-easbog
225Bhaile Átha Cliath, Lorcán Ó Tuathail. Bhí coiste i
226dteannta a chéile aca ag Windsor i dtaca na Féile
227Míchíl agus socruigheadh Ruaidhrí Ó Conchubhair a bheith
228'na rígh ar Éirinn, acht umhal do Rígh Hannraoi ; go
229mbéadh Cúige Chonnacht 'n-a sheilbh go díreach mar bhí
230sul tháinig Hannraoi anall ; go mbéadh smacht agus
231cumhacht aige os cionn flath eile na tíre, agus go
232mbéadh d'fhiachaibh air cáin a bhaint dhíobh le haghaidh
233Ríogh Shasana, go bhfágfaidhe a dtailte i seilbh na
234bhflath so chomh fada is bhéidís dílis do Rígh Shasana
235agus a d'íocaidís an cháin leis ; agus dá dtárlóchadh
236go n-éireóchaidís mí-dhílis go mbéadh air breitheamhnas
237a thabhairt agus an chumhacht a bhaint dhíobh le n-a chumas
238féin nó le congnamh na Normánach. Acht socruigheadh
239gan aon chur isteach ná baint a bheith aige ar chor ar bith
240leis na conndaethibh 'n-a raibh na Sasanaigh socruighthe
241síos le fada, mar bhí, Conndae na Midhe, Conndaethe
242Laighean, Baile Átha Cliath, agus ó Phortláirge thart
243go Dún Garbháin.


244
245

Acht mar rinneadh go minic ó shoin, níor bh'fhada gur
246briseadh an socrughadh. Ní raibh na flatha Normánacha
247sásta gan cead gadaidheachta a bheith aca, agus cead
248ar thuilleadh talmhan a bhaint amach. Mar sin, 'sa
249deireadh bhí Hannraoi sásta an socrughadh a bhriseadh


L. 7


250

agus cead a gcinn a thabhairt d'á chuid flath agus
251saighdiúir. Tá fhios againn gur éirigh Murchadh mac
252Ruaidhrí mí-dhílis d'á athair agus go dtug iarracht ar
253an gcoróin a bhaint de agus gur chuidigh na Normánaigh
254le Murchadh 'san iarracht sin, acht nár éirigh leo, agus
255freisin, tar éis an gheallta agus an tsocruighthe a rinne
256an rí go ndubhairt sé go gcaithfeadh a mhac féin,
257Seaghán, a bheith 'na rígh ar Éirinn, agus ní hé sin amháin,
258acht gur thosuigh air ag roinnt amach talamh na hÉireann
259idir a mhuinntir féin. Mheall sé na Gaedhil le n-a
260chuid gleacaidheachta agus plámáis. Leig sé air féin
261a bheith cumannach cáirdeamhail leó. Rinne sé
262socruighthe a bhris sé agus thug geallta nár chóimhlíon
263sé agus 'sa deireadh thiar thall rinne ár agus sladadh
264agus chaith go suarach leis na Gaedhlibh ar leig sé air
265féin a bheith chomh práidhinneach ionnta.


266
267

Briseadh croidhe Ruaidhrí, agus chaith an dá bhliadhain
268deireannach d'á shaoghal i mainistir Chunga ar bhruach
269Locha Oirbsean agus annsin 'seadh fuair sé bás an naomhadh
270lá fichead de Mhí na Samhna 'san mbliadhain
2711198. Sin é an áit a bhfuil Ruaidhrí Ó Conchubhair
272curtha, agus t-Árd-rí deiridh a bhí ar Éirinn do réir
273dlighthe agus socruighthe Chlann nGaedheal.


274
275

Caibidil III.


276
277

Easaontas na nGaedheal. Sompla! mar b'éigean do
278Shéarfaidh O Dómhnaill troid i n-aghaidh Uí Néill : a
279chómhairle d'á mhuinntir lá na troda.


280
281

Mar dubhairt mé cheana agus mar déarafs mé
282arís, 'sé rud a chaill do na Gaedhlibh é i gcómhnnuidhe
283gan an dlúth-mhuinnteardhas a bheith eatorra. Ní'l aon
284Ghaedheal a léigheas agus a dhearcas tré stair ar dtíre
285nach gcaithfidh admháil gur mór a mhill na "Clanna"
286go minic i leabaidh rud a leasughadh. Bhí gach flaith
287mór ann féin, gaisgeamhail as féin, agus b'áil leis
288go minic cur isteach a dhéanamh ar a chomharsain


L. 8


289

agus a smachtughadh. Mar sin budh mhinic cogadh idir
290muinntir na tíre féin. Bhí an námhaid le troid aca go
291léir, acht faríor ! nár mhinic iad ag déanamh faillighe i
292mbuille, a chur i gcion i n-aghaidh an tSasanaigh le troid
293eatorra féin.


294
295

Níl orainn acht sompla a thabhairt le taisbeánadh cé
296an síor-imreas a bhíodh eatorra. Ar feadh i bhfad chinn
297amach is amach ar na Normánaighibh seilbh Thíre Chonaill
298a fhagháil. D'fhéachadar go minic acht theip ortha i
299gcómhnuidhe. Budh é Séafraidh Ó Dómhnaill a bhí 'na fhlaith
300ar Thír Chonaill an t-am úd agus fear tréan dána
301fearamhail a bhí ann. 'Sa deireadh thug na Normánaigh
302mór-iarracht láidir ar bhuaidh a fhagháil air. Tháinig
303siad fré chéile ar gach cearn de'n tír, acht níor chaill
304Séarfraidh an misneach. Thangadar 'n-a chéile ag
305Créadán Cille i gConndae Shligigh, agus tugadh cath
306fuilteach fíochmhar eatorra. Chaith an cath i bhfad ar
307siubhal gan a fhios cé ag a mbéadh an bhuaidh. Rinne
308Séafraidh gníomha iongantacha ag brostughadh a chuid
309fear i gceart-lár na troda, agus ag leagadh gach
310Normánaigh dá dtagadh suas leis. Bhí na Gaedhil ag
311fagháil na buaidhe agus bhí fhios ag an tighearna Muiris
312Mac Gearailt, a bhí 'na thaoiseach ar na Normánaighibh,
313muna n-éireóchadh leis Séarfaidh Ó Dómhnaill a chur ar
314lár, nach bhfágfadh Normánach d'á raibh 'san gcath beó.
315Rinne sé ar Shéafraidh agus rinneadar féin ar a chéile.
316Thug sé buille marbhthach do Shéafraidh, acht ní raibh aige
317acht malairt, mar fuair sé féin buille de'n truaigh chatha
318ó Shéarfraidh nár fhág mothughadh ná arann ann, agus
319b'éigean a chrochadh chum bealaigh agus é donaighthe ó
320pháirc an áir. Cuireadh rith agus ruaig ar na Normánaighibh
321agus rinneadh sléacht mór ortha, ag imtheacht dóibh.
322Chaith Mac Gearailt ag déanamh a anama i mainistir
323na Manach i nEóchaill nó gur cailleadh é go gairid thar
324éis an chatha.


325
326

Bhí Séarfaidh loitthe go mór, acht ní thug sé cead d'á
327arm sgaipeadh nó filleadh a bhaile nó gur ruaigeadh
328as Tír Chonaill gach duine de na Normánaighibh agus
329gur leagadh gach caisleán d'ár thógadar ann. Nuair
330a bhí sin déanta, thug sé ordughadh d'á chuid laochradh


L. 9


331

filleadh, agus tugadh a bhaile é féin go lag tnáithte le
332bás a fhagháil i measg a mhuinntire dúthchais.


333
334

Budh é sin an t-am go díreach ar chuir Ó Néill as Tír
335Eóghain cogadh ar mhuinntir Thíre Conaill agus ar mhian
336leis a gcur faoi n-a smacht ! Chualaidh sé go raibh
337Séafraidh loitthe, agus chuir teachtairí chuige dh'á iarraidh
338air géilleadh. Chuir Séafraidh fios go difreach ar
339mhuinntir Thíre Conaill le troid i n-aghaidh an Niallaigh.
340Bhailigheadar chuige gan mhoill. Acht, mo bhrón ! ar
341maidin lae na troda ní raibh ann acht go raibh Séafraidh
342beó ar éigin, agus bhí fhios aige féin agus ag gach
343duine go mbudh ghearr an bás uaidh. D'ullmhuigh sé ar
344dtús é féin i gcómhair an bháis ; annsin thug sé chómhairle
345d'á chuid fear troda cé mar b'fheárr dóibh oibriughadh
346'san gcath, agus annsin d'orduigh sé a iomchur amach
347i gceart-lár na troda agus ar fhagháil bháis dó gan a
348cholann a chur i dtalamh go deó go mbéadh muinntir
349amhlaidh. Tugadh amach é ar ghuailnibh a chuid fear mar
350d'orduigh sé agus thar éis catha fuiltigh glanadh amach
351muinntir Néill as Tír Chonaill agus rinneadh sléacht
352anuas d'á nguailnibh le cur i gcéill dó go raibh an
353lá gnóthuighthe aca, acht bhí dath an bháis ar ghnúis an
354laoich thréanmhair agus an tséideóg imthighthe as.


355
356

Taisbeánann an sompla so dhúinn cé an stáid 'n-a
357raibh Éire an tráth sin - gach flaith ag iarraidh cumhachta
358agus riaghlughadh a bheith aige féin. Maidir le
359tréineacht, agus dánacht, misneach agus fearamhlacht,
360bhí siad aca, acht, mar dubhras cheana, chailleadar de
361cheal gan seasamh le chéile go dlúith, de cheal gan a bheith
362umhal do'n Árd-rígh ; agus de cheal gan a dtréineacht
363agus a spreacadh, lúd a ngéag agus brígh a gcnámh a
364oibriughadh i n-aghaidh námhaid a dtíre i leabaidh i n-aghaidh
365a chéile.
366


L. 10


367

Caibidil IV.


368
369

Mar chuidigh na Gaedhil le Riobárd De Braos i nAlbain.
370Aisioc na nAlbanach. Mar rinneadh rí ar Éirinn
371de'n Bhraosach, dearbhráthair Riobáird. Mar
372d'oibrigh sé i n-aghaidh na Sasanach. Mar chaill an
373gorta dhóibh é, agus mar marbhuigheadh an Braosach.


374
375

'San gcath mór a tugadh idir Sasana agus Alba ag
376Bannockburn 'san mbliadhain 1315 chuidigh na Gaedhil
377as Éirinn le Riobárd De Braos, an tAlbanach, agus
378bhuaidh go breágh ar na Sasanaighibh. Tráth bhain na
379hAlbanaigh an tuisle seo as an Sasanach i nAlbain,
380shocruigh na Gaedhil iarracht a thabhairt ar chuairt a
381bhaint as i nÉirinn agus gheall na hAlbanaigh a
382gcongnamh dóibh. Mar sin d'aontuigh na Gaedhil le
383chéile ní b'fheárr ná rinneadar go dtí sin, agus, ionnus
384nach bhféadfadh éad ná imreas a bheith idir na flatha
385budh cheannusaighe, shocruigheadar rí ar Éirinn a dhéanmh
386de Éamonn De Braos, dearbhráthair Riobáird a throid ag
387Bannockburn. Tháinig sé anall le sé mhíle fear
388an cúigeadh lá fichead de Bhealtaine 'san mbliadhain 1315.
389Tháinig na Gaedhil chuige as gach cearn.
390D'ullmhuigh na Normánaigh iad féin 'n-a aghaidh acht budh
391gheárr a sheasadar i n-aghaidh na nAlbanach agus na
392nGaedheal i gceachtar de na cathaibh a tugadh eatorra.
393Ní raibh goir seasamh 'n-a n-aghaidh. Bhí an bhuaidh leó
394in gach cath. Tháinig na flatha Gaedheal go léir i
395dteannta a chéile ar bhárr Chnuic Maoláin i gConndae
396Lughbhaidh, agus rinneadh rí ar Éirinn d'Éamonn De
397Braos. Chuir Dómhnall Ó Néill, a raibh an choróin ag
398gabháil dó ó cheart, suas di, le fonn an tAlbanach a
399bheith 'na rígh.


400
401

Chuir sin corrughadh agus imnidhe ar na Sasanaighibh,
402agus socruigheadh arm Sasanach a chur go hÉirinn nár
403cuireadh a leitheid ann roimhe sin riamh. Acht bhí mór-
404dhóchas agus muinighin ag an mBraosach go n-éireóchadh
405leis 'n-a n-aghaidh. Ba ghairid go dtáinig a dhearbhráthair


L. 11


406

agus a chomhlucht anall le cuidiughadh le Clannaibh
407Gaedhil. Ghluais leis, 36,000 fear, idir Gaedhil agus
408Albanaigh, agus rinne ar Bhaile Átha Cliath, acht cuireadh
409thré lasadh ciumhais an bhaile ar gach taobh agus níor
410fhéad siad a ghabháil. Ghluais leó as sin go Luimneach
411agus ghabhadar an baile. Ní raibh troid d'á dtugadh
412eatorra nár bhuaidh na Gaedhil.


413
414

Acht mo bhrón ! Nuair a bhí ag éirighe leó go geal
415'seadh d'éirigh go hobann donas mór 'san tír .i. an
416gorta. Loic an cur ; níor bh'fhéidir beatha a fhagháil le
417haghaidh an airm, chailleadar brígh agus spreacadh agus
418'sa deireadh níor bh'fhéidir leó fulaing leis an ocras.
419Phléasg na hAlbanaigh amach ar fud na tíre ag
420cuartughadh roda le n-ithe nó le goid. Phléasgadar
421isteach 'sna teamplaibh féin agus ghoid asta gach a
422mb'fhéidir leó. Mar sin níor bh'iongnadh gur éirigh
423fuath idir na Gaedhil agus na hAlbanaigh. 'Sa deireadh
424níor bh'fhéidir le harm an Bhraosaigh ná le harm na
425Sasanach seasamh ní b'fhuide, agus ní raibh ag an
426mBraosach acht gluaiseacht leis ar ais go hAlbain.


427
428

Níor thúisge an fóghmhar baint 'san mbliadhain a bhí
429chugat (1318) ná thosuigheadh ar an troid arís. Bhí
430Éadbhárd de Braos geallta ar a theacht ar ais le
431cuidiughadh leó. Mar sin d'oibrigh ar na Sasanaighibh le
432troid i n-aghaidh na nGaedheal sul mar thiocfadh sé.
433Ní raibh na Gaedhil ag bailiughadh chum an Bhraosaigh acht
434go righin, acht mar sin féin, cé nach raibh aige acht
435tuairim trí mhíle fear, sheas sé go dána le toid 'n-a
436n-aghaidh. B'fhurus do fhlathaibh na nGaedheal a thuigsint
437nach mbéadh goir aige ar an bhuaidh a fhagháil. Mar sin
438chómhairligheadar é gan tosughadh ar an troid leis an
439námhaid, ná aon chath mór a thabhairt nó go mbéadh a
440dhearbhráthair 'sa láthair. Acht ní raibh claonadh 'n-a
441chionn, agus ní raibh maith dhóibh leis. Shaoil sé nach
442raibh bualadh i ndán dó. D'imthigh cuid de na flathaibh
443Gaedhealacha uaidh nuair a chonncadar nach raibh maith
444dhóibh ag cur chómhairle air. Tugadh an cath eatorra,
445acht marbhuigheadh an Braosach. Ghléas fear dar bh'ainm
446de Mápas é féin i gculaith amadáin, agus chuaidh ar
447a thóir i bpáirc an chatha. Tháinig sé air, agus mharbhuigh


L. 12


448

Éadbhárd De Braos, acht níor fágadh deór ann féin
449acht an oiread, mar fríoth an bheirt i mullach a chéile
450marbh tar éis an chatha. Cuireadh an Braosach ag
451Fochaird, acht tugadh a cheann go Lonndain.


452
453

Ní raibh ann acht go raibh an cath caithte agus caillte
454nuair a tháinig a dhearbhráthair. Ní dhearnadar acht
455filleadh ar ais arís gan dadamh a dhéanamh. Bhí críoch
456leis an gcéad iarracht a thug Éire ar a haghaidh féin -
457faoi riaghlughadh ríogh a thogh a muinntir féin go
458lán-toilteanach leis an Normánach a dhíbirt. Muna
459mbéadh an gorta, cá bhfios cé rud a thárlóchadh ?


460
461

CAIBIDIL V.


462
463

Mar bhí na Normánaigh ag éirghe Gaedhealach. An
464socrughadh láidir a cuireadh ar bun i n-a aghaidh.
465Cé rud a rinne na Normánaigh agus na Gaedhil.


466
467

Bhí aon rud amháin ag cur síor-imnidhe ar na
468Sasanaighibh i Sasanaibh féin an tráth so. Bhí na
469Normánaigh i nÉirinn ag éirghe Gaedhealach ; bhí teanga
470na nGaedheal d'á labhairt aca ; bhí béasa agus gnása
471na nGaedheal d'á gcleachtughadh aca ; budh mhinic pósadh
472d'á dhéanamh idir Normánach ag cur suas d'á shloinneadh
473féin agus ag glacadh anma Ghaedhealaigh i n-a ionad.
474Bhí 'fhios go maith ag na Sasanaighibh cé rud a chaithfeadh
475tárlughadh as so. Agus i gcionn sgathaimh cuireadh
476fógra amach, 'sa mbliadhain 1341, go gcaithfeadh gach
477Normánach a raibh tailte aige i nÉirinn glanadh
478leis as an tír agus a chuid talmhan a thabhairt do
479Shasanach a thiocfadh anall as Sasanaibh, dá measadh
480breitheamhain an Tríomhadh Ríogh Éadhmonn go mbudh é
481a b'fheárr le déanamh. Chuir an fógra so fearg mhór
482agus corrughadh ar na Normánaighibh, agus dhiúltuigheadar
483a theacht go dtí coiste an ríogh ag a raibh díospóireacht
484le bheith i dtaoibh an tsocruighthe. Chuireadar féin
485coiste ar bun, agus cuireadh clamhsán agus casaoid


L. 13


486

chruaidh uatha chum an ríogh, mar gheall ar an socrughadh
487a rinneadh, agus ag lochtughadh na ndaoine a cuireadh
488anall leis an tír a riaghlughadh. Cuireadh anall mac
489an ríogh, Líonel, 'san mbliadhain 1360, agus thar éis
490a bheith seacht mbliadhna 'san tír d'éirigh leis an dlighe,
491a chuir an oiread sin taoide agus feirge ar na
492Normánaighibh ar dtús, a shocrughadh. Budh é sin an
493dlighe a socruigheadh i gCill Chainnigh 'san mbliadhain
4941367. Seo é an socrughadh a rinneadh :


495
496

"Mar gheall ar gur chuir go leór Sasanach i nÉirinn
497suas d'á dteangaidh féin, d'á nósaibh, d'á mbéasaibh,
498agus d'á ndlighthibh féin agus go bhfuil aca 'na n-ionad
499teanga agus béasa, nósa agus dlighthe na námhad
500Gaedhealaighe ; agus fós, ó thárla gur minic Sasanach
501ag pósadh duine de'n námhaid, tá sé socruighthe nach
502bhfuil Sasanach d'á mbéidh baint nó lámh isteach ar bith
503aige feasta le hÉireannach i bpósadh nó i rud ar bith
504eile, nó a dhíolfas leis nó a cheannóchas uaidh, nach mbéidh
505cionntach i n-aghaidh an ríogh. Tá sé socruighthe go
506gcaithfidh gach duine nach nglacfaidh le hainm Sasanach
507agus nach gcleachtóchaidh béasa agus nósa na Sasanach
508a chuid talmhan a leigean uaidh. Caithfear críoch a chur
509le sean-dlighthibh na mbreitheamhan nGaedhealach agus ní
510bheidh feasta aon ghlacadh acht leis an dlighe Sasanach ;
511ní bhéidh a chead feasta ag Éireannach eallach a chur ar
512féarach ar thalamh Shasanaigh ; ní bhéidh a chead ag aon
513tSasanach lóistín a thabhairt d'aon cheóltóir nó file
514Gaedhealach nó aon bhaint a bheith aige leis ; agus, 'na
515theannta sin, ní bheidh a chead ag aon Éireannach a
516leigean isteach i dtigh pobail, nó i dtigh ar bith a
517bhaineas leis an eaglais ar thalamh na Sasanach i
518nÉirinn."
519
520Níor thúisge socruighthe é ná d'éirigh na Gaedhil amach
521agus a gcuid fola ag coipeadh le neart feirge. Bhí
522tuairim mhaith aca anois ó'n socrughadh cé rud a bhí na
523Sasanaigh a dhéanamh, agus phléasgadar isteach ortha in
524gach cearn. Chuidigh Ó Conchubhair, agus Ó Briain as
525Tuath-Mhumhain le chéile i n-aghaidh na námhad anois, cé
526go rabhadar i n-aghaidh a chéile go dtí sin. Rinne
527Ó Fearghail sléacht ar an námhaid 'san Midhe. Phléasg


L. 14


528

Ó Mórdha, an Caomhánach agus Ó Broin ar fud Chúigidh
529Laighean agus sheas Ó Néill amach go daingean docht
530i n-aghaidh an tSasanaigh i nUltaibh. Bhuaidh na Gaedhil
531ortha ar gach taoibh, agus bhí deis aca thar ariamh le
532críoch a chur le cumhacht agus smacht na námhad 'na dtír
533dhúthchais, acht chaill an t-easaontas agus an mhí-dhílseacht
534dóibh 'sa deireadh é, agus níor glanadh chum bealaigh
535an Sasanach as an tír 'na dhiaidh sin.


536
537

CAIBIDIL VI.


538
539

Art Mac Murchadha.


540
541

Tá 'fhios againn anois gur bh' é Diarmaid Mac
542Murchadha budh chiontach le go leór de'n chreachadh a
543rinneadh i nÉirinn. Acht má bhí duine de'n treibh go
544holc dá thír, bhí go leór eile de Mhuinntir Mhurchadha go
545Gaedhealach tréanmhar, agus ba mhinic a bhain leagadh
546agus tuairt as an Sasanach agus a chuid buille i gcionn
547ar son a dtíre. Thar gach duine eile budh é Art
548Mac Murchadha an Gaedheal agus an gaisgidheach a
549b'iongantaighe agus budh chumasaighe de'n treibh. Bhí a
550athair 'na fhear iongantach freisin, agus budh mhinic a
551chuir rith agus ruaig ar námhaid a thíre.


552
553

Rugadh Art Mac Murchadha 'san mbliadhain 1357,
554agus ó aois a shé bliadhan déag bhí a chlú agus a cháil
555leathnuighthe ar fud na tíre le n-a shubháilceas agus a
556chuid eólais agus a ghníomha gaisgidheachta. Ní raibh sé
557acht tuairim ocht mbliadhain déag d'aois nuair a toghadh
558é le bheith 'na fhlaith i ndiaidh a athar a chaith dhá bhliadhain
559is dá fhichead ag riaghlughadh Chúigidh Laighean. Ní raibh
560uatha so a bhí faoi stiúradh Airt acht deagh-fhear cródha
561a bheith aca mar thaoiseach, agus bhí sin aca anois go
562cinnte. Phós sé cailín óg uasal de shliocht na nGall
563dár bh'ainm Éilís a bhí 'na hoidhre ar bharúntas na
564Forraighe i gConndae Chille Dara, agus, ar phósadh dhó,
565labhair sé go dána agus dubhairt go gcaithfeadh sé an
566talamh a bhí ag dul d'á mhnaoi a fhagháil nó go mbeadh


L. 15


567

sé i n-achrann - do réir an tsocruighthe a rinneadh 'sa
568mbliadhain 1367, chaithfeadh sí an talamh a chailleadh ó
569thárla gur phós sí Éireannach.


570
571

San am so bhí brat na nGaedheal go buach i n-áirde
572agus d'á sguabadh le gaoith de bhárr gach caisleáin in
573go leór ceanntar i gCúigeadh Laighean. Bhí an cúige
574go léir beag nach faoi smacht Airt agus a chuid fear.
575Bhí troid idir é féin agus Iarla Urmhumhan 'san
576mbliadhain 1392, agus chaill Mac Murchadha sé chéad d'á
577chuid fear 'san troid sin, acht budh ghairid thar a éis sin
578go raibh Ros Mhic Treóin gabhtha aige ; na ballaí agus
579na túir leagtha go talamh ; an t-ór agus an t-airgead
580agus cuid de na daoinibh sguabtha chum bealaigh aige.


581
582

Budh é seo an t-am ar thug an rí Risteárd cuairt ar
583Éirinn le os cionn deich míle fhichead fear. Shaoil
584Risteárd nach mbéadh air acht teacht, agus go
585bhféadfadh sé na flatha Gaedhealacha a mhealladh le
586bladaireacht béil agus le cosamhlacht cáirdis agus
587muinnteardhais. Acht níor éirigh leis, mar bhí súil aige,
588cé gur ghlac cuid de na flathaibh le n-a chuid bladhair
589agus gur chuireadar suas de'n imreas ar a chómhairle.
590Acht chinn sé air amach is amach Art Mac Murchadha
591a mhealladh, mar rinne sé le cuid de na flathaibh eile.
592Ní thiocfadh flaith cródha Chúigidh Laighean i n-a aice
593agus ní chuirfeadh aon tsuim 'na ghlórthaibh béil. Cé an
594bheann a bhí aige ar Rígh Shasana ? Cé an faitchios a bhí
595aige roimh a chumhacht ? Dar fiadh ! dá mhéad a ghaisge
596agus a chumhacht, dá bhladaraighe é agus dá shleamhaine
597agus dá charthannaighe d'á raibh a chuid cainte, ní raibh
598aon bheann ag Art Mac Murchadha air ná aon fhaitchios
599aige roimhe ! Chuir an rí duine d'a chuid iarlaí,
600Móibreídh, chuige le féachaint le socrughadh a dhéanamh
601leis ; acht ní raibh aon mhaith ann. Ní bhéadh cainnt ná
602cómhrádh aige le haon duine acht leis an rígh féin !
603Dubhairt sé leis go dána tuairisg a thabhairt uaidh féin
604chum an ríogh, muna bhfaghadh sé na tailte a bhí ag dul
605d'á mhnaoi, go mbainfidhe amach iad gan bhuidheachas.
606B'éigean do'n teachtaire an sgéal nuadh seo a thabhairt
607ar ais chum an ríogh. Chuir dánacht Airt fearg agus
608buile ar an rígh, agus dubhairt sé leis féin go rachadh


L. 16


609

sé cruaidh leis nó go mbainfeadh sé féin ceart de'n
610fhlaith dána so. Thosuigh an troid, acht cé an ghoir a bhí
611ag saighdiúir Shasana ar ceart a bhaint de fhlaith Chúigidh
612Laighean imeasg sléibhte mór n-uaigneach agus gleannta
613a chuigidh féin ? Bhí sé ag cinneamhaint ortha aon chúis a
614dhéanamh ag portachaibh, ag bograchaibh, agus ag coilltibh
615nár bh'fhéidir a siubhal. Bhí eólas na háite ag Art
616agus nuair nach mbíodh súil ar bith leis 'seadh thagadh sé
617ortha, agus ghníodh mísg. Bhí sé ag fagháil an ceann
618ab'fheárr ar an rígh agus ag donughadh an airm air i
619leabaidh a chéile. I n-áit nach mbíodh súil leis, b'ann
620a bhíodh sé, agus an áit 'na gceaptaoi a bheith, ní bhíodh
621a thásg ná a thuairisg le fagháil ann. Ní raibh goir aca
622'sa deireadh ar sheasamh i n-a aghaidh ní b'fhuide. Do réir
623mar bhíodar-san ag tabhairt uatha, agus ag cailleadh
624nirt agus misnigh, b'amhlaidh a bhí Art Murchadha agus
625muinntir Chúigidh Laighean ag éirghe ní budh dána agus
626ní budh dóchasaighe 'ná riamh.


627
628

Sguir an rí, mar sin, de'n achrann 'sa deireadh.
629Thug sé cuireadh d'Art fá theacht ar cuairt chuige go
630Baile Átha Cliath le cómhairle a bheith aca cé rud a
631b'fheárr a dhéanamh, agus go dtaisbeáinfeadh dhó cé an
632meas a bhí ag an rígh air as ucht a mhisnigh agus a
633laochrais. Ghlac Art an cuireadh, acht budh gheárr i
634mBaile Átha Cliath é go dtug sé faoi deara go raibh sé
635i gcontabhairt ó bheith i nead na heasóige. Rugadh air
636agus cuireadh isteach 'sa bpríosún é fá gur throid sé
637agus go raibh sé ag gríosadh mhuinntire Laighean i
638n-aghaidh an ríogh. Acht níor leig faitchios do'n rígh a
639chur d'á chois mar bhí faoi ar dtús. B'fheárr leis go
640mór fada féachaint le hÉire a bhaint amach le
641gleacaidheacht agus le cleasaidheacht ná troid i n-aghaidh
642na nGaedheal, d'á mb'fhéidir ar chor ar bith é. Fuair sé
643a chómhairliughadh 'san troid dheiridh, agus níor chómhairle
644i n-aisge í acht an oiread. Mar sin leigeadh amach
645Art, ach coingbhigheadh triúr d'á chuid taoiseach le bheith
646i mbannaíbh air.


647
648

Níor bh'fhada tar a éis go ndearnadh iarracht eile
649ar a mharbhadh go fealltach ag fleidh a bhfuair sé cuireadh
650chuici ó dhuine de na Normánaighibh. Budh é a cheóltóir a


L. 17


651

thárrthuigh é an iarraidh seo. Thug an bárd nó an
652ceóltóir faoi deara cosamhlacht lucht airm a bheith 'gá
653gcur féin faoi réir taobh amuigh de'n chaisleán agus bhí
654'fhios aige ar an bpointe cé rud a bhí fútha a dhéanamh.
655Ní dhearnaidh sé acht tosughadh air ag seinm sean-fhuinn
656Ghaedhealaigh ar a chláirsigh, agus 'na theannta sin thosuigh
657sé ag gabháil cheóil i nGaedhilg. 'Sé rud a bhí dh'á ghabháil
658aige rann ag á innsint d'Art cé an chontabhairt 'na
659raibh sé, 'gá chómhairliughadh glanadh leis chomh luath is
660bhéadh deis aige, acht a bheith aireach faireach, mar go
661raibh sé i gceart-lár a námhad. Thuig Art é láitheach.
662Níor leig sé dadamh air féin go bhfuair sé deis ar
663dhul amach, léimeann ar a chapall, agus, i ngreim go
664dlúith i n-a chlaidheamh, amach leis. Ní raibh sé in gach
665ar sheas i n-a aghaidh a bhacadh, agus sguab leis ó'n
666gcaisleán d'á mbuidheachas go léir.


667
668

Thuig sé anois thar riamh go mbudh fealltóir é an
669námhaid, agus ní raibh síothcháin ná ciúineas uaidh i ndán
670dó uaidh sin amach. Throid sé an Sasanach ar feadh fiche
671bliadhain 'na dhiaidh seo. Cuireadh na taoisigh airm a
672b'fheárr d'á raibh i Sasanaibh i n-a aghaidh, acht ní raibh
673goir aca air. Throid sé 'na n-aghaidh i gCeanannus
674Osnaighe an fichead lá de'n Iúl 'sa mbliadhain 1398
675agus mharbh ann an té a raibh an choróin le dul dó i
676Sasanaibh thar éis bháis an ríogh. "Cuirfead-sa críoch
677leis," arsa rí Shasana go feargach agus anall leis
678go hÉirinn arís le harm iongantach eile leis an mbail
679chéadna a chur air a cuireadh air an chead uair a tháinig
680sé. Ar theacht i dtír dó i bPortláirge, chuir sé
681teachtaireacht go dtí Art 'gá iarraidh air sgur de'n
682achrann i n-a aghaidh, acht 'sé an freagra a fuair sé ó
683Art .i. "nach n-umhlóchadh sé dhó, nach ndéanfadh a
684chómhairle agus nach sguirfeadh de'n troid i n-a aghaidh
685ar son a thíre an fhad is beó é."


686
687

Bhí trí mhíle fear troda aige a bhí oilte ar an gcath
688ó n-a n-óige, agus a bhí i gcómhnuidhe ullmhuighthe le
689seasamh go dána i n-aghaidh an tSasanaigh. Chuir Art
690na mná, na páistí, na sean-daoine, an t-eallach agus
691gach cineál bídh as bealach i bhfad ó áit na troda agus
692sheas sé féin agus a chuid fear ag Uíbh Dróna i n-aghaidh


L. 18


693

na námhad. D'éirigh le Risteárd go díreach mar
694d'éirigh an uair cheana. Bhí sé ag cinnt air an
695bealach a dhéanamh, agus bhí Art ag déanamh sléachta
696agus áir air i ngan-fhios nuair nach mbíodh súil ar bith
697leis. Gealladh maitheamhnas dó agus tailte agus
698caisleáin go leór acht claonadh do'n rígh. Acht budh é
699an freagra a fríoth ó Art "nach gclaonfadh sé ar ór
700an domhain, acht go leanfadh air ag basgadh na Sasanach
701ar gach bealach chomh maith is d'fhéadfadh."


702
703

'Sa deireadh tháinig sgéala ó Art go raibh sé sásta
704le cómhrádh a dhéanamh le teachtaire an ríogh i dtaoibh
705na troda. Chuir seo aoibhneas mór ar na Sasanaighibh.
706Cheapadar go raibh sé le sgur de'n achrann. Cuireadh
707an t-Iarla Gloster chuige. Bhí fear uasal Franncach i
708láthair a sgríobh cunntas 'na thaobh, agus deir sé "gur
709bhreágh mór leathan sgolbánta an duine é Art Mac
710Murchadha." "Tháinig sé ar marcaigheacht gan aon
711diallaid ar each," adeir sé, "nach bhfaca sé a leitheid
712riamh le deiseacht agus le luas, agus níor mharcach go
713dtí é." Níor bh'fhéidir leis féin agus leis an iarla
714réidhtiughadh le chéile. Bhí fearg mhór ar an rígh agus
715mhionnuigh nach bhfágfadh Éire go mbéadh sé faoi n-a
716smacht aige beó nó marbh. Gheall sé céad píosa óir
717d'aon duine a bhéarfadh chuige é beó nó marbh go
718Baile Átha Cliath.


719
720

Rinneadh trí ranna de'n arm le dul ar a thóir agus
721a cheannsughadh. Acht budh gheárr gur cuireadh críoch
722leis an obair go hobann. Tháinig sgéala ó Shasanaibh
723go raibh sé i n-a achrann ann agus go raibh Risteárd i
724gcontabhairt an choróin a chailleadh. Sguab leis anonn
725ó Phortláirge, acht bhí sé ró-mhall. Bhí an choróin bainte
726amach ag Lancaster, agus i gcionn cúpla lá marbhadh
727Risteárd go fealltach i gcaisleán Phontefract. Chaill
728a chogadh i n-aghaidh Airt Mhic Mhurchadha a cheann agus
729a choróin dó. Ar feadh ocht mbliadhan déag 'na dhiaidh.
730seo bhuaidh Art ar gach duine a cuireadh i n-a aghaidh.
731Cibé áit eile i n-Éirinn i n-a raibh na Gaedhil d'á
732mbualadh, bhí taoiseach tréanmhar Chúigidh Laighean go
733síor ag gnóthughadh ar son a thíre. Tamall geárr sul
734fuair sé bás thug sé an cath deireannach agus an cath


L. 19


735

budh dhéine d'á dtug sé riamh i n-aghaidh na Sasanach ag
736Baile Átha Cliath. Throid chomh maith le deich míle ar gach
737taobh. Budh í seo iarracht dheiridh na Sasanach i n-a
738aghaidh agus chailleadar. Uaidh sin amach nó gur
739cailleadh é níor chuireadar chuige ná uaidh. Cailleadh
740é an 12adh de'n Ghionbhair 'sa mbliadhain 1417, agus
741measann go leór seanchaidhthe gur nimh a cuireadh tré
742dhigh uisge dhó budh chiontach le n-a bás. Fuair sé féin
743agus a bhreitheamh, Ó Deóráin, deoch uisge ar an
744mbealach ó mhnaoi, agus cailleadh an bheirt go haibéil
745'na dhiaidh sin.


746
747

Chaith sé ar feadh dá fhichid bliadhain ag troid ar son
748a thíre.


749
750

Is iomdha laoch cródha agus gaisgidheach tréanmhar a
751bhí 'n-ar dtír dhúthchais acht ní móide go raibh duine eile
752budh chródha, budh dhána, budh thír-ghrádhaighe agus budh
753chumasaighe 'ná Art Mac Murchadha.


754
755

CAIBIDIL VII.


756
757

Mar d'athruigh na Sasanaigh a gcreideamh ; mar d'oibrigh
758na Gearaltraigh ar son na hÉireann ; geárr-aithris
759ar "Thomás an tSíoda" Mac Gearailt.


760
761

Ar feadh céad bliadhain tar éis na haimsire seo bhí
762sé i n-a achrann dearg i Sasanaibh, agus bhí easaontas
763idir na Sasanaigh i n-Éirinn féin. Bhí deis ag na
764Gaedhil nach bhfuaradar a leitheid riamh le críoch a chur
765le smacht an tSasanaigh i n-Éirinn. Acht rinneadh an
766fhaillighe. Throideadar go tréan agus go dúthrachtach ar
767son saorsachta na tíre le céadtaibh bliadhain roimhe sin
768nuair a bhí an námhaid go láidir 'na n-aghaidh, acht anois
769nuair a bhí na Sasanaigh i n-éadan a chéile agus gan ar
770na hÉireannaighibh acht aon iarracht amháin a thabhairt le
771cumhacht na námhad a bhriseadh, leigeadar tharsta an
772fhaill. Mhair na flatha mar budh mhian leó féin, go


L. 20


773

minic ag troid i n-aghaidh a chéile agus gan smaoineadh
774ar bith aca ar an tír go léir a shaoradh ó shlabhraíbh na
775daorsachta.


776
777

Budh é seo an t-am a dtáinig an t-athrughadh mór ar
778mhuinntir Shasana i dtaoibh an chreidimh, agus ar
779chuireadar suas de chreideamh na Rómha. Budh mhian leis
780an ochtmhadh Hannraoi cuing a phósta a bhriseadh agus
781bean eile a fhagháil. D'iarr cead ar an bPápa, acht do
782heitigheadh sin a thabhairt dó. Chuir sin Hannraoi ar
783buile. D'fhógair sé é féin mí-dhílis do'n Phápa agus
784nach mbéadh glacadh aige le aon smachtughadh uaidh
785feasta. Chuir sé suas de'n Phápa agus annsin bhí a
786chead féin aige fá chuing an phósta a bhriseadh chomh
787minic is budh mhaith leis, a rogha mná a bheith aige agus
788a rogha roda a dhéanamh gan a bheith d'á smachtughadh
789agus d'á chiapadh ag an bPápa. Níor theastuigh uaidh
790anois le Sasana d'athrughadh 'san gcreideamh acht na
791huaisle a bheith leis. Bhí fios maith aige go mbéadh na
792daoine leis na huaislibh. Thosuigh sé ag creachadh na
793gCaitliocach i Sasanaibh agus ag goid as na teampallaibh
794agus ag roinnt na foghlach idir na huaisle.
795Duine ar bith nach dtaobhóchadh leis bhí an ceann le
796cailleadh aige. Sheas go leór de shagartaibh agus
797d'easbogaibh amach i n-a aghaidh go misneamhail láidir, acht
798budh gheárr air críoch a chur ortha.


799
800

Bhí leis anois i Sasanaibh agus ní raibh ag cur imnidhe
801air acht cé rud ab' fheárr dhó a dhéanamh leis an athrughadh
802céadna a dhéanamh i n-Éirinn. Bhí a fhios aige go raibh
803go leór de na huaislibh Normánacha an-Ghaedhealach le
804fada, agus bhí sé i n'fhaitchios air go seasfaidís i n-a
805aghaidh. Sin é go díreach a thárla, acht níor sheas aon
806teaghlach eile i n-a aghaidh ní budh dhéine agus ní b'fhearamhla
807ná na Gearaltaigh ag a raibh le fada béasa, nósa,
808dlighthe agus teanga na nGaedheal. B'iomdha tuisle agus
809tuairt a baineadh as na Gearaltaighibh ó thángadar go
810hÉirinn ar dtús. Budh mhinic iad i seilbh go leór tailte
811agus budh mhinic iad caillte aca. Budh mhinic duine
812aca i ngreim, gach a raibh aige baint dhe, agus é caithte
813isteach i bpríosún leis an gceann a chailleadh. Budh
814mhinic a shaoil na Sasanaigh go raibh deireadh leis an


L. 21


815

teaghlach go deó acht i gcómhnuidhe bhíodh duine dhíobh beó,
816agus níor bh'fhada go mbíodh an teaghlach neartmhar
817cumhachtach arís. Bhí an teaghlach aon uair amháin taobh
818le naoidheanán bliadhna.


819
820

Bhí dhá theaghlach de na Gearaltaighibh ann i n-aimsir
821an ochtmhadh Hannraoi agus le seal fada roimhe sin,
822agus bhí taoiseach ar leith ar gach teaghlach, mar bhí, Iarla
823na Deasmhumhan, agus Iarla Chille Dara. Ar fhagháil
824bháis d'Iarla Chille Dara cuireadh a mhac Gearailt óg
825i n-a áit. Bhí Gearalt óg so an-mhuinntearach le flathaibh
826Gaedheal Chúigidh Uladh agus mar gheall air sin bhí go
827leór de na Sasanaighibh i nÉirinn go mór i n-a aghaidh,
828agus ní raibh uatha acht a chur d'á chois, dá mb'fhéidir é,
829mar gheall ar a cháirdeas le clannaibh Gaedheal.


830
831

Níor bh'fhada gur thárla mar budh mhaith leo. Sgríobh
832Iarla na Deasmhumhan go dtí Rí na Spáinne agus Rí
833na Fraince le súil go dtiocfadh duine aca le hÉire a
834bhaint de'n tSasanach. Chuir sin taod agus fearg
835an-mhór ar Rígh Hannraoi. Bhí an Cáirdinéal Wolsey
836an tráth so an-chumhachtach i riaghaltas Shasana. Bhí an
837dearg-ghráin aige ar na Gearaltaighibh, agus chuir sé
838fios go Sasanaibh ar Iarla na Deasmhumhan, acht ní
839tháinig sé. Nuair nach dtáinig d'orduigh an rí d'Iarla
840Chille Dara é a ghabháil agus a chur anonn go Sasanaibh.
841Chuaidh Iarla Chille Dara amach ar a thóir le n-a chuid
842fear troda acht, má budh mhian leis a ghabháil, nó nár
843mhian, níor ghabh sé é ar chuma ar bith. Nuair nach
844ndeárnaidh, bhí fearg an tsaoghail ar Wolsey leis agus
845chuir sé i dtuigsint do'n rígh go mb'fhéidir leis a
846ghabháil, acht nach raibh uaidh a dhéanamh. Chuir seo an
847rí i n-aghaidh Iarla Chille Dara go mór agus cuireadh
848sgéala chuige fá theacht go Sasanaibh gan mhoill.
849D'fhág Iarla Chille Dara a mhac óg, Tomás, 'na dhiaidh,
850agus d'imthigh leis go Sasanaibh. Tugadh i láthair
851Choiste Cómhairle an ríogh é agus cuireadh 'na leith a
852bheith mí-dhílis do Hannraoi. Bhí Wolsey 'ghá iarraidh a
853chur d'á chois, acht níor éirigh leis. Chuireadh i dTúr
854Lonndan é, mar nach raibh an rí sásta fá n-a dhícheannadh
855mar budh mhian le Wolsey. Acht ní raibh Wolsey sásta
856leis an socrughadh sin, agus i ngan-fhios do'n rígh chuir


L. 22


857

sé mar ordughadh chum duine de na constáblaíbh 'san
858Túr an t-Iarla a mharbhadh. Ritheann leis an
859gconstábla, ar fhagháil orduighthe dhó, agus inseann do'n
860rígh é. Bhí an rí an buile le Wolsey, nuair a chualaidh
861sé an sgéal, agus dubhairt sé go feargach, gan a chead
862féin, nach raibh baint ar bith ag Wolsey leis an
863ordughadh a thabhairt uaidh, acht cé nár cuireadh d'á chois
864an t-Iarla, níor leigeadh as géibheann 'san Túr é 'na
865dhiaidh sin.


866
867

Ní raibh a mhac óg, Tomás an tSíoda, a d'fhág sé 'na
868dhiaidh 'sa mbaile, acht bliadhain is fiche d'aois an t-am
869so, agus buachaill dána tréan fearamhail a bhí ann.
870Budh gheárr gur luathadh ar fud na tíre gur marbhadh
871a athair i Lonndain - mar nach raibh rud ar bith ó'n
872dream a bhí i n-aghaidh na nGearaltach acht an mac óg a
873chur i mbealach a bhasgtha. Bhí a chroidhe beagnach briste
874nuair a chualaidh sé an sgéal, acht dubhairt sé go mbeadh
875sásaimh aige, agus dubhairt go dána é freisin. Bhailigh
876sé a chuid fear agus clanna na nGearalt i dteannta a
877chéile agus ghluais leis go dtí an áit 'n-a raibh coiste
878lucht' riaghluighthe na hÉireann i dteannta a chéile ag
879feitheamh le n-a theacht, mar go mbudh é a bhí i n-a
880uachtarán ortha i n-áit a athar. Bhí iongantas ar na
881tighearnaíbh agus ar na huaislibh go léir nuair a
882chonncadar ag teacht é agus an chosamhlacht fheargach a
883bhí air féin agus ar a chuid fear.


884
885

"Níor tháinig mé," ar seisean, ar theacht i láthair
886dhó, "le bheith mar uachtarán ar an gcoiste seo, acht
887thángas le n-a innsint díbh gur marbhadh m'athair go
888fealltach i Lonndain agus cé rud atá fúm a dhéanamh
889mar gheall air."


890
891

Beireann sé ar a chlaidheamh, agus caitheann ar an
892mbórd é. "Ní liom-sa é seo níos mó," ar seisean,
893"acht libh-se atá freisin ciontach i mbás m'athar. Ní
894bhéadh feasta dílis acht námhadach do rígh Sasana agus
895do gach duine, íseal is uasal, d'á gcuideóchaidh leis !"


896
897

Bhíodar ag gabháil dó 'ghá iarraidh foighid a chur ann
898agus 'ghá iarraidh air gan socrughadh ar chur suas de
899dhílseacht do'n rígh, acht ní raibh maith dhóibh ann. Chuir
900sé dhe gach a raibh air d'éadach uachdaráin an choiste


L. 23


901

agus chaith faoi n-a chosaibh iad. Bhí sé anois go
902daingean 'na námhaid do Shasanaibh agus d'á riaghaltas,
903agus bhí sin go soiléir taisbeánta aige. I gceann
904tamaill bhí fhios nár marbhadh an t-athair ar chor ar bith,
905agus annsin 'seadh thuig sé cé an bhail a bhí aige curtha
906air féin. Ní raibh 'fhios aige anois nach gcuirfidhe d'á
907chois an t-athair mar gheall ar an rud a bhí déanta aige,
908acht bhí sé ró-mhall anois aige sgur nó dul ar gcúl.
909Mar sin shocruigh sé dul ar aghaidh leis an achrann chomh
910tréan is b'fhéidir leis é.


911
912

Thug sé iarracht ar Bhaile Átha Cliath a ghabháil agus
913chuir sé tuilleadh d'á chuid fear le creachadh a dhéanamh
914ar fud thalmhan Thighearna Urmhumhan. Bhí Árd-easbog
915Bhaile Átha Cliath, Alan, go mór i n-aghaidh na nGearaltach
916agus theith sé leis i luing ar theacht do'n Ghearaltach,
917acht ruaigeadh i dtír an long ag Cluain Tarbh agus
918fuair an t-Árd-easbog dídean i mbaile an Ártáin.
919Ar a chloisint seo do na Gearaltaighibh thángadar i
920ndeireadh na hoidhche agus mharbhadar é go fealltach
921míthrócaireach 'na leabaidh. Chuir an gníomh cosgrach so
922uathbhás ar gach duine, agus uaidh sin amach, aon duine
923a mbéadh aon bhaint ar chor ar bith aige leis na
924Gearaltaighibh socruigheadh gan aon ghlacadh bheith leis
925'san eaglais. Chualaidh an t-athair é seo i Lonndain,
926agus níor bh'fhada gur cailleadh le briseadh croidhe é.


927
928

Acht ní thug Tomás an tSíoda óg Mac Gearailt
929suas de'n chogadh. Lean sé ar a aghaidh. Chuir sé
930teachtaireacht go dtí rí na Spáinne agus go dtí an
931Pápa ag iarraidh cabhrach, acht ní fhuair sin uatha, mar
932nach raibh aon cheapadh aca go bhféadfadh éirghe leis.
933Bhí ag cliseadh air 'san troid sa deireadh. Bhí an
934námhaid ag neartughadh i n-a aghaidh, agus ní raibh aige
935le déanamh acht cead ar iarraidh cómhráidh a bheith aige
936le taoiseach an airm Shasanaigh le súil is go bhféadfaidhe
937socrughadh a dhéanamh. Gealladh go maithfidhe dhó féin
938agus do na Gearaltaighibh eile, acht ar nós go leór
939geallta eile briseadh é. Rugadh air féin agus ar
940chúigear d'á mhuinntir ag féasta. Tugadh go Lonndain
941iad agus baineadh a gcinn díobh ag Tyburn i Lonndain
942an tríomhadh lá de Ghionbhair, 1537. Ceapadh anois go


L. 24


943

raibh críoch ortha go deoidh, acht mhair aon duine amháin
944de'n treibh a bhí i n-aois a dhá bhliadhain déag, agus
945uaidh-sean do shíolruigh sliocht na nGearaltach a
946neartuigh agus a leathnuigh ar fud na tíre go láidir
947cumhachtach arís.


948
949

Caibidil VIII.


950
951

Mar d'fhéach Hannraoi le hÉire a athrughadh. Mar glacadh
952le Hannraoi. Mar d'oibrigh na Clanna, agus go
953háirithe na Gearaltaigh. "Seaghán an Díomais."


954
955

Tá 'fhios againn anois mar d'athruigh muinntir Shasana
956a gcreideamh leis an rígh agus na huaisle, agus tá sé
957le tuigsint againn cé an mí-shuaimhneas a bhí ar
958Hannraoi i dtaoibh na hÉireann agus cé an fonn a bhí
959air an cleas céadna a dhéanamh innti a rinne sé i
960Sasanaibh. Ní raibh uaidh acht cead a chinn agus a
961chomhairle féin a bheith aige le n-a thoghadh féin a dhéanamh,
962le gadaidheacht a dhéanamh as na teampallaibh dhó féin
963agus dá chuid uaisle. Ní hé rud a bhí uaidh ar dtús
964creideamh na Rómha a sgriosadh amach ar fad, acht an
965creideamh a athrughadh leis féin ar a bhealach féin, acht,
966nuair a chonnaic sé chomh dóna is sheas an creideamh i n-a
967aghaidh agus nach raibh na Caitliocaigh sásta le claonadh
968ordlach dó, gan tráth ar aontughadh leis, dubhairt sé
969leis féin nár mhór an creideamh a sgriosadh amach ar
970fad le dul ar aghaidh mar bhí faoi. Budh mhí-thaithneamhach
971agus budh ghránda an chaoi ar chuidigh na huaisle leis.
972Rud ar bith budh mhian leis an rígh, dhéanfaidís é, acht
973a gcuid féin de shochar na foghlach d'fhagháil. D'aontuighdís
974leis an aimsir do réir mar d'oiread dóibh féin.
975Nuair a bhí Máire 'n-a bainríoghain, bhíodar 'n-a
976gCaitliocachaibh dílse, mar budh eadh, ó thárla dhi-se a
977bheith amhlaidh. 'Na dhiaidh-se tháinig Éilís agus tháinig
978an t-athrughadh orth-san arís.


979
980

Mhothuigh an Pápa na hÉireannaigh ag seasamh go
981dána d'á gcreideamh agus gan tabhairt uatha do'n


L. 25


982

sgriosadóir Hannraoi. Go dtí seo bhíodh an Pápa ag
983cómhairliughadh Clanna Gaedhil fá ghlacadh le riaghlughadh
984Shasana. An tír ar a raibh mór-mheas ag an bPápa
985go dtí seo anois d'éirigh sí mí-dhílis agus fíornámhadach
986dhó, agus an tírín bhocht a bhí dh'á sladadh ag
987an Sasanach le fada sheas sí go dílis agus go láidir
988do chreideamh na Rómha, agus 'ó'n lá sin go dtí an lá
989indiu, ní hionann is tír a creachta.


990
991

An dara lá déag de Mhí Mheádhoin an tSamhraidh 1541
992tugadh feis i dteannta a chéile i mBaile Átha Cliath -
993feis de thaoisighibh Gaedheal agus de thaoisighibh Normánach.
994Budh é a bhí le socrughadh aca Hannraoi a
995cheapadh mar rígh ar Éirinn. Ní raibh aon chead ar chor
996ar bith ag na taoisighibh aon tsocrughadh a dhéanamh acht
997le cead agus le cómhairle na dtreabh agus na
998dteaghlach. Ní raibh roimhe sin riamh cheana an greim
999ag an droch-mhisneach agus ag an mí-mhuinghin ar na
1000flathaibh a bhí anois. Bhí go leór de'n tsean-spioraid
1001caillte aca. Bhíodar tuirseach de'n achrann ; le fada
1002an lá bhí an t-imreas agus an t-achrann eatorra féin.
1003Níor chosamhail go raibh faoi thír ar bith eile cuidiughadh
1004leó i n-aghaidh na Sasanach, agus mar sin bhí go leór
1005dhíobh sásta le cur suas de'n troid agus glacadh leis
1006an rud a chonnacthas dóibh a bhí i n-dán dóibh - smachtughadh
1007agus riaghlughadh ó Shasanaibh. Bhí fhios ag Hannraoi go
1008raibh an mí-mhuinghin seo ag neartughadh a ghreama ortha
1009agus chuir sé fear glic darbh' ainm San Leger anonn le
1010hÉire a riaghlughadh. Budh é seo a thug ar an bhfeis a
1011teacht i dteannta a chéile. I measg na dtaoiseach
1012Normánach bhí Donnchadh Ó Briain as Tuathmhumhain,
1013Ó Raghallaigh, Ó Mórdha, Mac Uilliam, Mac Giolla
1014Phádruig, agus an Caomhánach. Shocruigheadar d'aon
1015intinn glacadh le Hannraoi mar rígh ar Éirinn. Go
1016deimhin bhí na flatha so buailte tnáithte cheana agus
1017bhíodar ullmhuighthe le glacadh smacht an tSasanaigh.
1018Ar dtús d'eitigh an Niallach agus an Dálach (.i. Ó Domhnaill)
1019a theacht, acht i gcionn bliadhna thugadar uatha. Annsin chuir
1020cuid de thaoisighibh na nGaedheal suas dá sean-tiodlaibh Gaedhealacha
1021agus ghlacadar le tiodlaibh Sasanacha 'na n-ionad.
1022


L. 26


1023

B'olc an bhail a chuir na treabha ortha ar son a
1024mí-dhílseachta. D'éirigheadar 'na n-aghaidh go dána.
1025Baineadh an chumhacht ar fad de chuid díobh agus cuireadh
1026flatha Gaedhealacha dílis dá dtír 'n-a n-ionad. Bhí
1027Muinntir Dhómhnaill i n-aghaidh an Dálaigh agus cuireadh
1028an Niallach as cumhacht mar gheall ar a mí-dhílseacht d'á
1029thír, agus cuireadh a mhac Seaghán an Díomais 'na ionad.
1030Uaidh seo amach chuireadh na Sasanaigh go minic flaith
1031Gaedhealach i n-árd-réim 'san tír acht go gcaithfeadh sé
1032gan aon chur isteach a bheith aige ar an gcoróin i nÉirinn.
1033Ní raibh ó na Sasanaigh acht na treabha a athrughadh, sin,
1034nó a gcur i n-éadan a chéile agus a sgriosadh ar fad.
1035Budh mhinic an flaith Gaedhealach ag éirghe mí-dhílis
1036do Shasanaibh. Nuair a ghníthí seo chuireadh an riaghaltas
1037fear eile i n-a áit agus cuirtí arm le cuidiughadh leis
1038 'san achrann a bhíodh idir é féin agus an teaghlach nach
1039mbeadh sásta leis. Le gleacaidheacht mar seo bhí an
1040t-imreas ag sgriosadh na dteaghlach agus 'ghá gcongbháil
1041go lag - an rud a bhí ó na Sasanaighibh. Mhair an creachadh
1042agus an sladadh i nÉirinn le linn Hannraoi, le linn a
1043mhic, Éamonn, agus a bheirt inghean, Máire agus Eilís.
1044Acht ní raibh an troid ná an t-éirghe amach ní budh dhéine
1045le a bhfad roimhe sin ná bhí le linn Eilís a bheith 'n-a
1046bainríoghain. Budh é seo an t-am ar throid Seaghán an
1047Díomais go borb i n-Ultaibh, an t-am a raibh an t-éirghe
1048amach i nDeasmhumhain, agus ar throid an laoch cumhachtach
1049agus an Gaedheal iongantach, Aodh Ruadh Ó Néill,
1050go fearamhail teann, agus a ndeárnaidh gníomha
1051iongantacha laochrais ar son a thíre dúthchais.


1052
1053

Mar d'innis mé cheana, rinneadh uachtarán nó
1054taoiseach de Sheaghán an Díomais i n-ionad a athar ar
1055ghlacadh tiodail ó'n Sasanach dhó. B'iongantach an
1056duine é. Throid sé agus bhuail na hairm Shasanacha a
1057b'fhearr a cuireadh i n-a aghaidh. Chuir sé Cúigeadh Uladh
1058go léir faoi n-a smacht féin agus ruaig sé amach an
1059Sasanach. Throid sé féin agus an tÁrd-taoiseach
1060Sasanach le chéile agus fuair sé an ceann a b'fheárr air.
1061D'fhéach na Sasanaigh le n-a chur dá chois go fealltach
1062aon uair amháin acht níor éirigh leó. Ní raibh Seaghán


L. 27


1063

an Díomais gan a lochta, ámh. Budh bheag a shuim i
1064gcuing an phósta agus budh bheag aige a briseadh.
1065D'fhág sin smál ar a ainm nach sgarfaidh leis. B'olc
1066an chríoch a cuireadh air 'sa deireadh, buaileadh é i gcath
1067mór a tugadh eidir é féin agus an Dálach san
1068mbliadhain 1567. Deirtear gur éirigh saobhachán céille
1069dhó thar a éis sin. Ghlan leis agus an méid dá mhuinntir
1070dár fhan beó go Conndae Aontroma. Fuair sé cuireadh
1071chum fleidhe ó Albanaighibh annsin agus ghlac sé an
1072cuireadh. Níorbh' fhada roimhe sin ó thug sé bualadh
1073mór do'n dream céadna. Tar éis an fhéasta, nuair
1074a bhí sé súgach nó b'fhéidir ar meisge, cuireadh troid
1075ar bun i n-aon-turas, agus marbhadh go hobann agus
1076go fealltach é ag bord an fhéasta agus gan é i riocht
1077é féin a chosaint.


1078
1079

Chaith cogadh na nGearaltach ar bun i nDeasmhumhain
1080sgathamh fada. 'Sé an t-aon rud a bhí uatha críoch a chur
1081leis an gcreachadh a bhí an bhainríoghan Eilís a dhéanamh
1082ar an gcreideamh i nÉirinn. Bhí fhios aici nár mhór
1083muinntir Ghearailt a sgriosadh amach as an tír, dá
1084mbadh léithi an creideamh a sgriosadh i nÉirinn, agus
1085bhí fútha críoch a chur leis an teaghlach d'aon phlimp amháin,
1086dá mb'fhéidir é, agus gan duine dhíobh a fhágáil beó.
1087Cuireadh fios ar uaislibh na hÉireann go Baile Átha Cliath,
1088agus i measg na ndaoine a tháinig le ordughadh
1089fhir ionaid na bainríoghna bhí Iarla Dheasmhumhan agus a
1090dhearbhráthair Seaghán. Níor thúisge a bhíodar i mBaile
1091Átha Cliath, ná rugadh ortha agus caitheadh isteach i
1092bpríosún iad, agus budh geárr gur cuireadh chum bealaigh
1093go Lonndain iad. Acht níor mhian le hEilís a gcur dá
1094gcois de cheal gan a bheith aici i ngreim de'n teaghlach
1095acht an bheirt. Budh é Séamus mac Muiris Mhic
1096Gearailt a bhí 'na thaoiseach ar an teaghlach 'na ndiaidh,
1097agus budh é seo a chuir "Connradh na nGearaltach" ar
1098bun 'sa mbliadhain 1579 le troid ar son creidimh na
1099Rómha, agus i n-aghaidh na bainríoghna Eilís. Fuair sé
1100beannacht an Phápa, an tríomhadh Griogóir déag, agus
1101chuidigh an Pápa leis 'na iarracht.


1102
1103

Chaith sé féin agus buidhean bheag dhílis i nGleann
1104Eatharlaighe i n-aghaidh na nGall ar feadh bliadhna.
1105


L. 28


1106

Annsin d'imthigh leis do'n Róimh 'n-a raibh onóir agus
1107meas a fágháil aige. Gealladh dhó fir, airgead, agus
1108airm le haghaidh na troda i nÉirinn le cead an Phápa,
1109agus gheall flatha go leór ar fud na hEórpa
1110cuidiughadh leis. Acht tráth bhí seisean ag oibriughadh
1111go dian, bhí a theaghlach féin 'sa mbaile neamhshuimeamhail
1112i n-a iarracht agus go leór dhíobh amháin i n-a aghaidh ar
1113fad. Shaoil sé go mbeadh Éire fáilteach roimhe, misneamhail
1114'na chúis agus go háirithe go bhfuigheadh sé
1115congnamh is cabhair ó n-a theaghlach féin, acht níorbh'
1116amhlaidh a bhí. Bhí Sasanach darbh'ainm Sturkely mar
1117thaoiseach ag Mac Gearailt ar an arm a bhailigh sé san
1118Róimh, acht b'olc a chlis sé air. I leabaidh gluaiseacht
1119go hÉirinn dó céard a dhéanfadh sé acht seóladh leis
1120le troid i n-aghaidh na Múrach san Afraic Thuaidh !


1121
1122

Gan fios ar an mbail a d'fhág an fealltóir Sturkely
1123air ghluais le Séamus Mac Gearailt ó'n Spáinn go
1124hÉirinn. Ní raibh aige acht trí cinn de longaibh agus
1125sheól leó isteach i gCuan Dhaingin Uí Chúise an 17adh de'n
1126Iúl, 1579. Bhí súil aige go dtiocfadh Iarla misneach agus
1127go gcuideóchadh sé leis. Ní raibh ceapadh aige go raibh
1128Strukely imthighthe gan teacht i ndán dó ! D'fhan na
1129longa i ngar d'Oileán an Óir i gCuan Árda na caithne
1130thiar dtuaidh i gConndae Chiarraighe. Chuir sé a chuid
1131fear i dtír annsin. Bhí an tsúil chráidhte aca le
1132Sturkely acht ní tháinig sé. Tháinig long chogaidh
1133Shasanach a ghabh a chuid long os cómhair a chuid fear
1134troda a bhí i dtír aige i nDún an Óir. Chuidigh a bheirt
1135dearbhráthar leis, acht bhí 'fhios aca nach mbéadh aon ghoir
1136aca ar buadhughadh. Bhí an riaghaltas ag socrughadh 'na
1137gcómhair go tapaidh, agus ní raibh socrughadh ar bith dá
1138dhéanamh le cuidiughadh leis na Gearaltaighibh. Mar sin
1139cheapadar go mb'fheárr an dún a fhágáil agus imtheacht
1140amach ar fud na nGailte.


1141
1142

Ar an mbealach dhóibh tré thalamh le duine muinnteardha
1143do'n Ghearaltach darbh' ainm Uilliam De Búrca
1144chroch an Gearaltach leis cuid dá chuid capall. Sgaoil
1145


L. 29


1146sé a ainm chum an Bhúrcaigh le súil is go mbéadh sé
1147lán-tsásta a leigean leis, acht níor bh'amhlaidh a bhí.
1148Bhailigh an Búrcach a chuid fear le chéile. Lean é, agus
1149tháinig suas leis i gConndae Luimnigh ag Mul Cairn.
1150Loiteadh an Gearaltach go mór 'san troid, acht mharbh
1151sé an Búrcach agus a dhearbhráthair, cé go raibh a dheich
1152n-oiread aca d'fhearaibh troda ann leis an nGearaltach,
1153agus rith leó le sgannradh. Fuair an Gearaltach,
1154Mac Muiris, buille marbhthach agus d'imthigh an tseideóg
1155dheiridh as go luath.


1156
1157

Mhair an cogadh sealadh 'na dhiaidh seo. Throid an
1158sean-Iarla féin 'sa deireadh nuair a b'éigean dó é.
1159Tháinig cabhair ó'n Spáinn go Dún an Óir agus airm le
1160haghaidh cúig mhíle fear agus airgead go leór. Bhailigh
1161na Sasanaigh air timcheall an dúna, agus mharbh go
1162míthrócaireach ocht gcéad fear a bhí ann.


1163
1164

Mhair an cogadh ar feadh cheithre mbliadhan 'na dhiaidh
1165seo, acht ní raibh ag an nGearaltach acht fíor-bheagán
1166fear, agus ní raibh aon bhrígh i n-aon iarracht d'á dtug
1167sé. Tháinigtheas air i ngan-fhios i lár na hoidhche i
1168ngleann uaigneach tuairim is chúig mhíle ó Thráig Lí
1169i gCiarraighe agus gan 'na theannta acht beirt istigh i
1170mbotháinín beag suarach an t-aonmhadh lá déag de
1171Shamhradh, 1584, agus marbhadh é go fealltach. Sin mar
1172cuireadh críoch le Mac Gearailt. Ní raibh uaidh acht a
1173chur d'fhiachaibh air Eilís sgur de'n droch-úsáid a bhí sí
1174a thabhairt do na Caitliocaighibh i nDeasmhumhain.


1175
1176

Níor oibrigh sé ar son Uladh nó na hÉireann go léir
1177ar chor ar bith agus mar sin níor chuidigh go leór de
1178fhlathaibh Uladh agus Chonnacht leis, mar gur mheasadar
1179nach ar an mbealach a bhí leagtha amach aige a b'fheárr
1180oibriughadh i n-aghaidh an tSasanaigh.


L. 30


1181

Feall na Sasanach. An sléacht ag Mullach Mairtean.
1182Mar caitheadh leis na Sasanaigh ar a shon. Fiacha
1183Ó Broin agus Ruaidhrí óg Ó Mórdha.


1184
1185

Is iomdha gníomh fealltach rosgchach a rinne na
1186Sasanaigh i nÉirinn riamh. Is iomdha gealladh dá
1187ndeárnadar a bhriseadar agus is iomdha gealladh
1188freisin a thugadar is nár chóimhlíonadar. Seo sompla
1189dá bhfealltacht. 'Sa mbliadhain 1577 thug an ridire
1190Proinnsias Crósbaigh a bhí 'na thaoiseach ar arm na
1191Bainríoghna i Laoighis agu i nUíbh Fáilghe cuireadh do
1192gach teaghlach Gaedhealach 'sa gceanntar chum féasda a
1193d'ollmhuigh sé 'na gcómhair i ndún Mhullaigh Mhaistean
1194i gConndae Chille Dara.


1195
1196

Gan cuimhniughadh go mbeadh dadadh bun os cionn
1197tháinig na Gaedhil - go leór dhíobh - agus chuaidh isteach
1198'san dún acht duine níor tháinig amach. 'Sa deireadh
1199thug fear dar bh'ainm Ó Leathlobhair a bhí ag teacht fá
1200deara nach raibh aon duine ag corrughadh amach agus do
1201ghoin a aire é, agus tháinig sé go haireach agus d'fhéach
1202isteach 'san dún. B'uathbhásach an radharc a bhí os
1203cómhair a shúl. Bhí os cionn ceithre chéad fear sínte
1204mín marbh istigh. Níor fágadh fear dár ghabh isteach
1205beó. Marbhuigheadh céad agus ceithre fichid fear de
1206mhuinntir Mhórdha !


1207
1208

Sin mar d'oibrigh Crósbaigh le críoch a chur leis na
1209Gaedhealaibh 'na cheanntar féin ar eagla go n-éireóchaidís i
1210n-a aghaidh am ar bith.


1211
1212

D'fhan aon fhear amháin de mhuinntir Mhórdha beó dar
1213bh' ainm Ruaidhrí Óg, agus b'iongantach an sladadh
1214agus an creachadh a rinne sé ar an dream a chuir a
1215theaghlach go fealltach dá gcois. An fhad is mhair sé
1216níor chodail Crósbaigh ná duine dár bhain leis oidhche
1217shuaimhneach. Nuair a mheastaoi é a bheith i bhfad as an
1218áit 'seadh thagadh sé do chuairt, agus dhóghadh a dtighthe
1219go talamh, agus do-ghníodh creachadh agus ár orra.
1220Deirtear nár fhan duine de shliocht Chrósbaigh gan


L. 31


1221

deireadh a chur leis 'san gcath i n-aghaidh na nGaedheal.
1222Marbhuigheadh Crósbaigh fealltach féin i gcath Ghleanna
1223Mhaoilughra an cúigeadh lá fichead de Lughnasa 'san
1224mbliadhain 1580. Budh é Fiacha mac Aodha Uí Bhroin an
1225taoiseach a bhí ar na Gaedhealaibh 'san gcath, agus go
1226cinnte b'iongantach an fear troda agus budh thréan
1227an gaisgidheach é. Cuireadh anall an ridire Grey as
1228Shasana mar fhear ionaid i lár na Lughnasa. Ní raibh aon
1229fhoighid le cur ann, agus gluaiseann leis féin agus a
1230chuid fear go Gleann Mhaoilughra. Mheasadar go raibh
1231Fiacha 'san ngleann doimhin achrannach úd agus go
1232mb'fhurus a threasgairt.


1233
1234

Chuartuigheadar an gleann, acht ní raibh Fiacha le
1235fagháil. 'Sa deireadh nuair a bhíodar tuirseach sáruighthe
1236ó bheith ag iarraidh a mbealach a dhéanamh thré na
1237clocharaibh 'seadh sgaoileadh na hurchair orra 'na gcith
1238ó thaobh na gcnoc, agus sguab Fiacha agus a chuid
1239laochra Gaedheal anuas 'na mullach, ag sgaoileadh fútha
1240agus 'ghá leagadh go tiugh. Do rith na Sasanaigh le n-a
1241n-anamnachaibh agus ba bheag aca a bhí beó thar éis an
1242lae leis an sgéal a innsint.


1243
1244

Aodh Ruadh Ó Néill agus Aodh Ó Dómhnaill, mar
1245d'oibrigheadar go tréan ar son a dtíre.


1246
1247

Tá orainn anois geárr-chunntas a thabhairt ar dhuine
1248de na Gaedhealaibh a b'iongantaighe agus budh laochda
1249dár mhair i nÉirinn riamh, duine a mairfidh a ainm agus
1250a chlú fad 's beó Clanna Gaedheal, .i., Aodh Ruadh
1251Ó Néill.


1252
1253

Tugadh go hóg anonn go Lonndain é faoi chúram na
1254bainríoghna Eilís le súil 's go múchfaidhe an fhíorspioraid
1255Ghaedhealach ann agus go ndéanfaidhe fear de
1256a bheadh ullmhuighthe ar gach a mb'fhéidir leis a dhéanamh


L. 32


1257

le Cúigeadh Uladh a chur faoi smacht na Sasanach.
1258Fuair sé gach aire agus gach múnadh a b'fhéidir a thabhairt
1259dó i Lonndain. Bhí sé faoi árd-mheas ag an mbainríoghain, agus
1260bhí na huaisle go léir an-chumannach leis.
1261Mheasadar gur bh'é a bhí le deireadh a chur leis an
1262mí-shuaimhneas i gCúigeadh Uladh agus le n-a chur
1263d'fhiachaibh ar Mhuinntir Néill deireadh a chur leis an
1264achrann agus glacadh leis an daorsacht. Níor bh'in é
1265a bhí i ndán dó ag Dia. Bhí fuil uasal the na Nialach
1266ró-láidir ann le go ndéanadh sé a leitheid. Ní mar
1267ceapadh dó i Lonndain a rinne sé. Bh'fhada uaidh é.
1268Chuir sé críoch ar a chuid oideachais i Lonndain agus
1269tar éis eólais airm agus troda a bheith fáighte i gceart
1270aige, d'fhág sé Lonndain agus shocruigh i nDún Gheanainn,
1271an áit ar mhair a shinnsear. Mhair sé sealadh annso
1272mar fhear idir dhá intinn gan fios ar cé aca de dhá
1273rud a b'fheárr le déanamh - a chroidhe agus a anam a
1274thabhairt suas dá thír dúthchais nó gan a thabhairt.


1275
1276

Mhair Aodh Ruadh Ó Domhnaill an t-am so freisin
1277ar a raibh mór-cháil ar fud na tíre le n-a cháilidheacht,
1278a ghaisgidheacht agus a dhílseacht dá thír, dá óige dá raibh
1279sé.


1280
1281

Ní raibh aon rud budh mhó a bhí ag cur imnidhe orra i
1282Sasanaibh ná go n-éireóchadh dlúth-cháirdeas idir an
1283mbeirt ghaisgidheach. Bhí deirbhshiúr Aodha Uí Dhómhnaill
1284pósta ag Aodh Ruadh Ó Néill agus mar sin níor bh'iongnadh
1285cáirdeas croidhe a bheith eatorra.


1286
1287

Thárla d'Aodh Ruadh agus do charaid dílis dó dar
1288bh'ainm Mac Suibhne a bheith 'sa samhradh i ngar do
1289Loch Súilighe ag tabhairt altuighthe do Dhia agus ag
1290déanamh a n-anama i mainistir na manach - mar ba
1291ghnáthach le treabhaibh Uladh am áirithe de'n bhliadhain.


1292
1293

Ar a bheith ann dóibh tugadh fá deara soitheach Sasanach
1294amuigh ar an gcuan. Fríoth sgéala gur lucht fíona a bhí
1295le díol ag fuirinn an tsoithigh. Cuireadh cuireadh chum
1296muinntíre an cheanntair a theacht amach ar bórd, agus
1297gealladh go bhfearfaidhe fíor-chaoin fáilte rómpa go
1298léir. Thar éis sgathaimh, ar a chloisint seo d'Aodh Ruadh
1299agus dá cháirdibh, chuadar amach go dtí an soitheach, acht
1300mo léan ! Ní raibh fios aca ar cé an cleas a bhí 'ghá


L. 33


1301

imirt orra. Cuireadh fáilte rómpa go haoibhneach
1302áthasach, acht ba ghairid go rabhadar ceangailte faoi
1303ghlasaibh chruadha agus an soitheach seólta léithi, iad
1304gabhtha aici, agus gach a raibh uaithi gnóthuighthe aici !
1305Tugadh go Baile Átha Cliath iad. Caitheadh isteach i
1306gcarcair dhuibh dhorcha Aodh Ruadh - áit ar fágadh é ar
1307feadh trí bliadhna móra fada. Acht d'éirigh leis éalódh
1308oidhche dhubh dhorcha le n-a charaid Art Caomhánach.
1309D'imthigh leis go Conndae Chille Mantáin, acht thar éis
1310tamaill bhí sé tugtha sáruighthe. Níor bh'fhéidir leis
1311corrughadh. Bhí an bhrígh agus an spreacadh bainte as
1312ag na trí bliadhnaibh a chaith sé 'san gcarcair i mBaile
1313Átha Cliath. Chuir sé faoi deara dá cháirdibh imtheacht le
1314iad féin a shábháil. Tugadh isteach é go dtí teach carad,
1315.i., Féidhlim Ó Tuathail, acht níor bh'fhada go raibh sé i
1316ngreim arís ag na saighdiúiríbh Sasanacha a d'imthigh ar
1317a thóir ó Bhaile Átha Cliath. Cuireadh i bpríosún an
1318dara huair é i mBaile Átha Cliath. Acht bhí sé le
1319n-aghaidh éalódh an dara huair, agus 'na theannta
1320Art Ó Néill agus Hanrí Ó Néill a bhí i ngéibheann
1321freisin i n-éinfheacht leis. D'imthigh Hanrí ar ais go
1322Tír Chonaill acht ghluais le Art agus le Aodh Ruadh go
1323Gabhail Rághnaill go dtí Fiacha Ó Broin a bhí an tráth so
1324ag oibriughadh go dian i n-aghaidh na Sasanach. Budh
1325mhaith a shaothruigheadar an bealach ó'n bhfuacht agus ó'n
1326sneachta a bhí ag tuitim go tiugh. Chuireadar teachtaire
1327go dtí Fiacha Ó Broin, agus chuir sé fear fóirthine
1328chuca acht faríor ! bhí Art básuigte roimhe, agus ar
1329éigin do thugadar Aodh Ruadh chuige féin, bhí sé chomh
1330tugtha uaidh sin. Do chuir Ó Broin sgéala go dtí Aodh
1331Ruadh Ó Néill go raibh Aodh Ó Dhomhnaill éaluighthe agus
1332'na theannta féin. Do chuir Ó Néill duine dar bh'ainm
1333Toirdhealbhach Buidhe Mac Aodhagáin 'na choinne le n-a
1334thrórughadh ar ais go Tír Chonaill. Bhí fáilte is fiche
1335roimhe ag Aodh Ruadh agus ag muinntir Thíre Chonaill.
1336Budh mhór a bhfearg, ar a choisint dóibh gach spídeamhlacht
1337dá bhfuair sé ó na Sasanaighibh agus shocruigh sé
1338féin agus Aodh Ruadh dlúthughadh go daingean agus
1339seasamh go docht le chéile ó sin amach i n-aghaidh a
1340námhad.
1341


L. 34


1342

Budh é an chéad ghníomh a rubbe sé na Sasanaigh a
1343bhí tar éis mainistir na manach i nDún na nGall a
1344ghabháil, a nglanadh amach as an gcúigeadh agus a
1345mainistir a chur ar ais arís i seilbh na manach.


1346
1347

Ar feadh na haimsire seo bhí Ó Néill ag éirghe níos
1348Gaedhealaighe gach lá. Shocruigh sé béasa agus nósa na
1349nGaedheal a choimeád beó. Thug sé dídean agus aire
1350do na Spáinnighibh a ruaigeadh isteach an chóstaibh Thíre
1351Chonaill an t-am a raibh an cogadh mór idir Sasana
1352agus an Spáin. B'éigean dó turas a thabhairt go
1353Lonndain le dearbhughadh do'n bhainrioghain (mar bhudh
1354eadh !) go raibh sé i gcómhnuidhe dílis di. Bhí fios a
1355bhealaigh go maith aige agus anois 'seadh sheas dó an
1356múnadh a fuair sé uatha i Lonndain. Sgaoileadh ar
1357ais é. Thug sé grádh do dheirbhshiair do'n ridire
1358Bagnal, óig-bhean an-áluinn ar fad. Bhí an dearg-ghráin
1359ag an ridire ar Mhuinntir Néill. Ní bheadh aon
1360ghlacadh aige le n-a bpósadh acht 'sa deireadh d'éirigh
1361le Aodh Ruadh agus a ghrádh bán glanadh leo i ngan
1362fhios agus pósadh le chéile iad an 3adh lá de Lughnasa,
13631591. Níor bh'iongnadh Bagnal a bheith go dian i
1364n-'aghaidh.


1365
1366

Ní raibh Aodh Ruadh Ó Domhnaill acht naoi mbliadhna
1367déag d'aois nuair a rinneadh taoiseach dhe os cionn a
1368fhine ag Carraig an Dúna ag Cill Mhic nÉanáinn (an
1369áit ar hoileadh Colm Cille) an 3adh lá de Bhealtaine,
13701593. Bhí sé socruighthe le fada aige oibriughadh go
1371dian ar son na hÉireann, acht anois ní raibh rud ar bith
1372uaidh acht saorsacht na hÉireann a ghnóthughadh agus ní
1373raibh foighid ná suaimhneas i ndán dó go mbeadh na
1374Gaill ruaigthe. D'imthigh leis ar fud Thíre Conaill ag
1375cur deiridh le Sasanaighibh chomh tréan is b'fhéidir leis
1376é agus ag leagadh caisleán na nGall. Mheas Aodh
1377Ruadh Ó Néill go raibh sé beagán ró-mhí-fhoighdeach agus
1378budh é a mheas nach raibh sé i n-innmhe seasamh go dána
1379i n-aghaidh na Sasanach, acht ní raibh maith dhó leis. Ní
1380raibh foighid le cur ann ná bacadh le baint as. 'Sa
1381deireadh chuidigh Aodh Ó Néill leis, cé gur leig sé air
1382féin leis na Sasanaighibh gur i n-'aghaidh a bhí sé. Tráth
1383ar cloiseadh seo i Lonndain budh mhór í a bhfearg leis.
1384


L. 35


1385

Cuireadh fios aige go Baile Átha Cliath agus gealladh dó
1386gan aon dochas a dhéanamh dó. Tháinig sé, acht fuair
1387sé leide go raibh fútha a mharbhadh agus sguab leis tráth
1388a rabhadar ag socrughadh é a ghabháil. Bhí an cogadh mór
1389ag teannadh leó anois agus bhí a fhios sin ag Aodh
1390Ó Néill.


1391
1392

Chuir sé connradh láidir ar bun le haghaidh na
1393dtaoiseach agus na dtighearnaí i gCúigeadh Uladh.
1394Rinneadh taoiseach orra go léir dhe féin. Ghluais le
1395Aodh Ruadh annsin ar fud Chúigidh Uladh, ag ruaigeadh
1396na Sasanach roimhe in gach áit. D'imthigh le Ó Dómhnaill
1397agus a chuid fear féin go Connachtaibh. Sguab leis ar
1398fud an chúigidh ag cur chum báis gach mac máthar nár
1399bh'fhéidir leis Gaedhilge a labhairt. (Sin mar d'aithnighthí
1400an Gall trí chéad bliadhain ó shoin - nach mór an
1401t-athrughadh a tháinig ó shoin !). Rinne sé creachadh ar
1402na Sasanaigh cé'n réabadh agus sléachtadh a
1403bhí dhá dhéanamh ag an mbeirt ghaisgidheach agus d'fheachadar
1404le n-a sguireadh de'n achrann agus le n-a sásughadh.


1405
1406

Acht ní raibh sásughadh 'na gcionn, mara sguirfidhe
1407de mhí-shuaimhneas a chur ar na Caitliocaighibh i n-Éirinn
1408mar a socróchaidhe ceannas agus riaghlughadh na tíre a
1409thabhairt suas do na taoisighibh Gaedhealacha, agus mara
1410dtugadh Bagnal míle púnt mar spré dá dheirbhshiair a bhí
1411pósta le Aodh Ruadh. D'iarr na Sasanaigh orra na
1412hairm a thabhairt suas, acht bhí baoghal orra do deimhin!


1413
1414

Tugadh cath millteach eatorra ag Cluain Tiobraide
1415tráth ar ghabhadar Caisleán Mhuineacháin. Budh é seo
1416an cath 'n-ar throid Segrave agus Ó Néill i n-aghaidh
1417a chéile os cómhair na bhfear troda ar gach taobh.
1418Tugadh cath iongantach eatorra, acht d'éirigh le Ó Néill
1419le sáthadh agus deireadh a chur leis. Tráth ar marbhuigheadh é
1420cuireadh uathbhás ar na Sasanaighibh agus
1421rinneadh ár mór orra. B'éigean dóibh teicheadh agus
1422an caisleán agus an brath Sasanach a fhágáil i seilbh
1423na nGaedheal. D'fhéach na Sasanaigh socrughadh a
1424dhéanamh le Ó Néill go minic, acht níor éirigh leó aon
1425uair. B'iomdha caoi ar thasbáin sé nach raibh aon ghoir


L. 36


1426

aca air. B'iongantach ar fad mar ghabh sé caisleán
1427Árda Mhacha a bhí i seilbh na námhad. Chuir an Taoiseach
1428Norresy neart bídh le trí buidhnibh Shasana go hÁrd
1429Mhacha le haghaidh lucht coimeádta an chaisleáin. Ghabh
1430na Gaedhil iad de shiubhal oidhche agus níor fágadh blas
1431aca gan baint dhíobh ná duine aca féin gan a ghabháil.
1432Chuir Ó Néill faoi ndeara éadaigh na saighdiúr Sasanach
1433a chur ar chuid dá shaighdiúiribh féin. Annsin d'orduigh
1434sé dhóibh gluaiseacht faoi dhéin caisleáin Árda Mhacha
1435le héirghe an lae. D'orduigh sé do bhuidhin eile dá
1436chuid fear a bheith ar an mbealach i bhfolach rompa agus a
1437n-ionnsuighe ar theacht dóibh chomh fada leo. Rinneadh
1438amhlaidh, le héirghe an lae chonnaic lucht coimeádta an
1439chaisleáin a lucht fóirthine (mar budh eadh) ag teacht.
1440Is geárr go bhfacadar na Gaedhil ag teacht rompa go
1441tobann agus 'ghá n-ionnsuighe. Pléasgann siad amach
1442as an gcaisleán le cuidiughadh le n-a lucht cabhrach,
1443acht ar theacht dóibh 'seadh thuigeadar cé an mearbhall
1444a bhí orra nuair a bhí sé mall aca, mar d'ionnsuigh an
1445bhuidhean iad i n-éinfheacht agus tar éis sladtha mhóir
1446ghabh na Gaedhil caisleán Árda Macha.


1447
1448

Chuaidh an cogadh ar aghaidh mar so - Aodh Ó Néill ag
1449gnóthughadh i gCúigeadh Uladh agus Ó Dómhnaill i gConnachtaibh.
1450Bhí 'fhios ag na Sasanaighibh anois go mbeadh
1451orra oibhriughadh i n-am, má budh leó Cúigeadh Uladh a
1452chongbháil 'na seilbh. Cuireadh arm láidir ó Shasanaibh
1453faoi'n Taoiseach Bagnal. I n-Iubhar Chinn Trágha 'seadh
1454chuireadar fútha. D'éirigh leó Árd Mhacha an dara
1455huair, agus annsin ghluais leó go Port Mór, áit a
1456raibh na Sasanaigh sáinnighthe ag Ó Mórdha agus cúig
1457chéad déag d'fhearaibh Uí Néill - le fóirthin a dhéanamh
1458orra. Bhí sé leagtha amach ag Ó Néill gan leigean do
1459Bhagnal an baile a shroichint go gcinnfeadh air, agus
1460mar sin chuir sé fios ar Ó Dómhnaill go tapaidh.
1461D'imthigh leis go deifreach agus tháinig sé le treabhaibh
1462Chonnacht agus Thíre Conaill. Chuireadar a gcuid fear
1463faoi réir tuairim míle amach 'ó'n bPort Mór gar
1464d'Árd Mhacha, coill thiugh dhorcha ar thaobh dhíobh agus
1465an portach ar an taobh eile. Le n-a theacht orra ó
1466Árd Mhaca chaithfheadh an námhaid a dhul thré Bhéal an


L. 37


1467

Átha Buidhe, gleann mór fada imeasg na gcnoc. Chaith
1468arm na nGaedheal an oidhche 'sna coilltibh agus Aodh
1469Ó Néill go mí-shuaimhneach ag feitheamh leis an maidin
1470'na raibh an cath mór le bheith aca, an cath 'na mbeadh air
1471cruthughadh cé an brígh agus spreacadh a bhí i n-a arm agus
1472seasadh i n-aghaidh a dhearg-námhad Bagnal, agus a airm
1473láidir. Le héirghe an lae ar maidin d'imthigh leis an arm
1474Sasanach 'n-a dtrí rannaibh ó Árd Mhacha. Ar theacht
1475dóibh sgaoileadh fútha ó gach taobh as na coilltibh, mar
1476bhí cúig chéad fear i bhfolach rompa ag Aodh Ruadh.
1477Thosuigh sin an t-achrannn. D'oibrigh Bagnal le tréineacht
1478mhóir. Chuir sé ruaig ar chuid de na Gaedhealaibh, acht
1479bhí clasganna gearrtha roimhe ag Aodh Ruadh agus
1480treasgruigheadh agus basgadh go leór dá chuid fear
1481ionnta. Acht mar sin féin bhí sé ag gnóthughadh agus ag
1482cur na nGaedheal i ndiaidh a gcúil nó gur ionnsuigh
1483Aodh Ruadh agus a chuid fear féin é, Aodh Ruadh féin i
1484dtús a chuid fear. Ní raibh rud ar bith uaidh acht
1485cómhrac a bheith idir é féin agus Bagnal 'na mbeirt.
1486Acht níor thárla sin, mar caitheadh Bagnal go tobann
1487agus ní raibh 'fhios cé mharbhuigh é.


1488
1489

Tráth a raibh deireadh leis-sean budh gheárr ar na
1490Gaedhealaibh buaidh 'fhagháil agus glan-ruaigeadh a
1491thabhairt do na Sasanaighibh. Ghabhadar dhá mhíle déag
1492píosa óir, trí cinn déag agus fiche de bhratachaibh agus
1493gunnaí móra na Sasanach go léir. D'fhág na Sasanaigh
1494marbh 'na ndiaidh an lá sin tuairim trí mhíle fear.


1495
1496

Sin mar bhuaidh Aodh Ruadh Ó Néill ag gnóthughadh i
1497gCúigeadh Uladh agus Ó Dómhnaill i gConnachtaibh.
1498Bhí 'fhios ag na Sasanaighibh anois go mbeadh
1499orra oibriughadh i n-am, má budh leó Cúigeadh Uladh a
1500chongbháil 'na seilbh. Cuireadh arm láidir ó Shasanaibh
1501faoi'n Taoiseach Bagnal. I n-Iubhar Chinn Trágha 'seadh
1502chuireadar fútha. D'éirigh leó Árd Mhacha an dara
1503huair, agus annsin ghluais leó go Port Mór, áit a
1504raibh na Sasanaigh sáinnighthe ag Ó Mórdha agus cúig
1505chéad déag d'fhearaibh Uí Néill - le fóirthin a dhéanamh
1506orra. Bhí sé leagtha amach ag Ó Néill gan leigean do
1507Bhagnal an baile a shroichint go gcinnfeadh air, agus
1508mar sin chuir sé fios ar Ó Dómhnaill go tapaidh.
1509D'imthigh leis go deifreach agus tháinig sé le treabhaibh
1510Chonnacht agus Thíre Conaill. Chuireadar a gcuid fear
1511faoi réir tuairim míle amach ó'n bPort Mór gar
1512d'Árd Mhacha, coill thiugh dhorcha ar thaobh dhíobh agus
1513an portach ar an taobh eile. Le n-a theacht orra ó
1514Árd Mhacha chaithfheadh an námhaid a dhul thré Bhéal an


L. 37


1515

Átha Buidhe, gleann mór fada imeasg na gcnoc. Chaith
1516arm na nGaedheal an oidhche 'sna coilltibh agus Aodh
1517Ó Néill go mí-shuaimhneach ag feitheamh leis an maidin
1518'na raibh an cath mór le bheith aca, an cath 'na mbeadh air
1519cruthughadh cé an bhrígh agus spreacadh a bhí i n-a arm agus
1520seasadh i n-aghaidh a dhearg-námhad Bagnal, agus a airm
1521láidir. Le héirghe an lae ar maidin d'imthigh leis an arm
1522Sasanach 'n-a dtrí rannaibh ó Árd Mhacha. Ar theacht
1523dóibh sgaoileadh fútha ó gach taobh as na coilltibh, mar
1524bhí cúig chéad fear i bhfolach rompa ag Aodh Ruadh.
1525Thosuigh sin an t-achrann. D'oibrigh Bagnal le tréineacht
1526mhóir. Chuir sé ruaig ar chuid de na Gaedhealaibh, acht
1527bhí clasganna gearrtha roimhe ag Aodh Ruadh agus
1528treasgruigheadh agus basgadh go leór dá chuid fear
1529ionnta. Acht mar sin féin bhí sé ag gnóthughadh agus ag
1530cur na nGaedheal i ndiaidh a gcúil nó gur ionnsuigh
1531Aodh Ruadh agus a chuid fear féin é, Aodh Ruadh féin i
1532dtús a chuid fear. Ní raibh rud ar bith uaidh acht
1533cómhrac a bheith idir é féin agus Bagnal 'na mbeirt.
1534Acht níor thárla sin, mar caitheadh Bagnal go tobann
1535agus ní raibh 'fhios cé mharbhuigh é.


1536
1537

Tráth a raibh deireadh leis-sean budh gheárr ar na
1538Gaedhealaibh buaibh 'fhagháil agus glan-ruaigeadh a
1539thabhairt do na Sasanaighibh. Ghabhadar dhá mhíle déag
1540píosa óir, trí cinn déag agus fiche de bhratachaibh agus
1541gunnaí móra na Sasanach go léir. D'fhág na Sasanaigh
1542marbh 'na ndiaidh an lá sin tuairim trí mhíle fear.


1543
1544

Sin mar bhuadh Aodh Ruadh Ó Néill ag Béal an Átha
1545Buidhe, ceann de na cathaibh a b'iongantaighe dár tugadh
1546riamh idir Gaedhil is Gall. Sgaip an bhuaidh mhór so clú
1547agus cáil Aodha Ruaidh ar fud na hEorpa. Budh mhór
1548a mheas tar éis an lae úd agus budh mhaith an aghaidh
1549air é.
1550


L. 38


1551

Mar d'oibrigh Ó Néill i n-aghaidh Mountjoy, Carew, agus
1552Essex. Cliseadh na Spáinneach. Sgaipeadh na
1553dtaoiseach. Mar sheas Ó Súilliobháin Bhéarra.
1554Bás Uí Dhómhnaill. Sladadh Thíre Eóghain.


1555
1556

Bhí gnóthuighthe ag Clannaibh Gaedhil i n-Ultaibh anois,
1557acht bhí Cúigeadh Mumhan gan a bheith 'na seilbh fós. Bhí
1558furmhór na dtighearnaí annsin 'na Sasanaighibh nó 'na
1559n-Éireannaighibh nach raibh dílis dá dtír, acht mar sin
1560féin, nuair a facthas dóibh mar do hoibrigheadh i
1561gCúigeadh Uladh cuireadh sgéala chum Uí Néill a theacht
1562agus iarracht a thabhairt ar Chúigeadh Múmhan a
1563ghnóthughadh freisin. Chuir sé chuca Riostárd Tirial agus
1564Ruaidhrí óg Ó Mórdha agus buidhean láidir agus budh
1565ghairid go raibh na tailte agus na caisleáin ar ais arís
1566i seilbh na nGaedheal. Is féidir a rádh le fírinne go
1567raibh Éire go léir i seilbh na nGaedheal i dtús 1599.
1568Bhí na Gaedhil go léir dílis d'Aodh Ruadh agus mór-
1569mheasamhail air. Neartuigh sé an t-arm ar gach caoi a
1570b'fhéidir leis agus d'ollmhuigh gach rud amach le bheith
1571faoi réir i gcómhnuidhe i n-aghaidh a námhad.


1572
1573

Bhí Sasana an t-am so an-chumhachtach. Ní raibh sí i
1574n-achrann le aon tír eile, agus ní móide go raibh riamh
1575roimhe sin os cionn na tíre duine b'fhad-bhreathnuighthe,
1576budh chliste agus budh dhána ná Eilís a bhí 'na bainríoghain
1577an t-am so agus a raibh fúithi gach a raibh 'na cumas a
1578dhéanamh le hÉire a bhaint amach le láimh láidir.


1579
1580

Mar sin cuireadh anall go hÉireann fiche míle Sasanach
1581agus Essex 'na thaoiseach orra, fear a raibh an
1582bhainríoghan an-mhór leis. Bhí na Sasanaigh ullmhuighthe
1583i gcómhair an chatha le gach ar theasduigh acht níor bh'
1584amhlaidh ag na Gaedhealaibh é. Acht mar sin féin leis
1585an inntleacht iongantach a bhí ag Aodh Ruadh bhí sé ag
1586fagháil bhuaidhe orra 'na dhiaidh sin. Ní raibh ag éirghe
1587le Essex agus bhí an bhainríoghan ar buile leis. Chuir
1588sí fios air go Lonndain agus ní raibh de luach saothair
1589aige le fagháil acht an ceann a bhaint de. Ar feadh na


L. 39


1590

bliadhna 1600 chaith Ó Néill a aimsir ag imtheacht ar
1591fud na tíre ag neartughadh an airm agus ag gríosadh
1592na ndaoine. Chaith sé trí seachtmhainí i gCúigeadh
1593Mumhan. Shocruigh Ó Donnchadha, Ó Donnabháin, Ó Mathghamhna,
1594Mac Cártha as Cairbre agus Ó Súilliobháin
1595Bhéarra cuidiughadh leis.


1596
1597

Cuireadh anall annsin Mountjoy mar fhear ionaid
1598na bainríoghna agus an Carrúnach dá ndearnadh
1599Uachtarán ar Chúige Mumhan. D'oibrigh an bheirt ag
1600creachadh agus ag milleadh ar gach caoi a mb'fhéidir leó
1601é le beartuigheacht, gleacaidheacht, feall, brathadh agus
1602eile. Bhíodar ag gabháil do chuid de na taoisighibh nó
1603gur chuireadar faoi ndeara dhóibh éirghe as an gcogadh
1604ar son Uí Néill. Budh mhór a chuid de na taoisighibh nó
1605gur chuireadar faoi ndeara dhóibh éirghe as an gcogadh
1606ar son Uí Néill. Budh mhór a chuaidh seo ar an mbeirt
1607iarlaí, acht ní raibh aon ghlacadh aca leis an drochmhisneach
1608agus d'oibrigh orra go dúthrachtach, acht cé
1609nach raibh aon ghnóthughadh dá dhéanamh ag an Sasanach,
1610bhí Clanna Gaedhil ag tabhairt uatha ó'n síor-imreas.


1611
1612

Seo é an t-am ar tháinig na Spáinnigh acht faríor !
1613ní leas acht dochar a rinneadar. Níor tháinig acht trí
1614mhíle fear. Ar a laighead níor mhór a dhá oiread, acht,
1615níos measa ná sin is uile, ní raibh an taoiseach
1616Spáinneach a tháinig oireamhnach ar chor ar bith.
1617Thángadar i dtír i gCionn tSáile. Bhí Ó Néill an t-am
1618so i gCúigeadh Uladh, ag coimeád a dhúithche ar na
1619Gallaibh, agus bhí Ó Dómhnaill mar an gcéadna agus a
1620sheacht sáith le déanamh aige féin. Acht chuir an
1621Spáinneach Don Juan fios orra le cuidiughadh leis
1622agus gheall sé tabhairt uaidh, mara gcuirtí congnamh
1623chuige. B'éigean do na hiarlaíbh gluaiseacht ó dheas
1624mí-thoilteannach go leór go Cúige Mumhan. Do
1625chonnaic Ó Néill ar a theacht dó cé rud do b'fheárr le
1626déanamh. Bhí na Spáinnigh sáinnighthe ag na Sasanaighibh
1627agus cheap sé go mb'fheárr do na Gaedhealaibh féachaint
1628le na Sasanaigh féin a sháinniughadh agus cosg a chur le
1629beatha na bhfear troda. Bhí na Spáinneach go síorruidhe
1630ag brostughadh ar na Gaedhealaibh troid a thabhairt uatha,
1631acht ní raibh Ó Néill sásta, acht bhí Aodh Ó Dómhnaill.


1632
1633

'Sa deireadh socruigheadh go dtroidfidhe lá'r n-a
1634mhárach. Tugadh an cath. Buaileadh na Gaedhil. Mar-


L. 40


1635

bhuigheadh 1200 fear orra agus ní raibh Gaedheal dár
1636rugthas air nár dícheannadh láithreach bonn.


1637
1638

An oidhche tar éis a mbuailte chuir na taoisigh Gaedheal
1639chómhairle i dteannta a chéile. 'Sé an socrughadh a
1640rinneadar Aodh Ó Dómhnaill a dhul do'n Spáinn go dtí an rí,
1641Ó Súilliobháin Bhéarra a fhágáil ag cosaint a
1642chaisleáin ag Dún Baoi : Ruaidhrí Ó Dómhnaill, dearbhráthair
1643d'Aodh Ruadh, a bheith 'na thaoiseach i dTír Chonaill,
1644agus Aodh Ruadh Ó Néill a fágáil 'na Árd-thaoiseach i
1645gCúigeadh Uladh. Mar sin ar maidin lá'r mhárach
1646sgaradar ó chéile. D'fhágadar slán agus beannacht
1647ag a chéile agus d'imthigh leó, gach duine ar a bhealach
1648féin.


1649
1650

B'olc a chlis an Spáinneach ar na Gaedhealaibh. Bhí an
1651Carrúnach 'na ghleacaidhe mhór agus bhí ag gabháil do na
1652Spáinnighibh gur shocruigheadar gach caisleán a bhí i seilbh
1653na Spáinneach a thabhairt suas do'n námhaid, sin nó a
1654gcur ar ais do'n Spáinn. D'imthigh leis féin a bhaile
1655ainnsin acht ba gheárr a shaoghal. Cailleadh é le briseadh
1656croidhe. Tháinig an Súilliobhánach thar éis an tsocruighthe,
1657agus cé'r bh íongnadh taod agus fearg a bheith air agus
1658an cleas a bhí déanta air ? Bhain sé an caisleán amach
1659de na Spáinnighibh. D'fhan cuid dhíobh le cuidiughadh leis
1660le n-a chosaint agus d'imthigh an chuid eile a bhaile do'n
1661Spáinn.


1662
1663

D'ollmhuigh Ó Súilliobháin é féin annsin le Caisleán
1664Dhúin Baoi a chosaint agus ar eagla Dún Baoi a
1665chailleadh chuir sé caisleán eile faoi réir i mBaoi
1666Bhéarra. Anois 'seadh bhí faoi an sladthóir mhí-thrócaireach
1667an Carrúnach an sladadh a dhéanamh. Sgaoil sé a chuid
1668saighdiúr ar fud na tíre ag marbhadh na bhfear, na mban
1669's na bpáistí gan coimirce ná trócaire uaidh le fagháil
1670ag aon duine. Ní raibh uaidh acht críoch amach 's amach
1671a chur leis na daoinibh ; an cur a mhilleadh agus an
1672t-eallach a ghoid ionnus go gcaillfidhe iad leis an
1673ocras, agus ag déanamh gach gnímh ní ba mheasa ná a
1674chéile ar Chlannaibh Gaedheal. Ná dearmadtar an
1675treasgairt a tugadh do na Gaedhealaibh an tráth úd.
1676Níor chogadh é ar chor ar bith acht dúnmharbhadh, agus


L. 41


1677

admuigtear sin i leabhraibh an tsaraidhe Shasanaigh
1678Froude.


1679
1680

Chuir an Carrúnach roimhe Dún Baoi a bhaint amach.
1681Bhí an Súilliobhánach tréan socruighthe ar throid le n-a
1682chosaint. Cuireadh 4,000 Sasanaigh i n-a aghaidh, gan
1683trácht ar chabhlach ar fairrge le cuidiughadh leó. Ní
1684raibh 'san gcaisleán ag Ó Súilliobháin acht tuairim
1685140, agus tuairim cúig chéad eile a bhí ullmhuighthe le
1686cuidiughadh leis. Caithfear admhughadh - agus is mairg
1687é a bheith le rádh - go ndeárnaidh dearbhráthair athar
1688an tSúilliobhánaigh, an ridre Eogán Ó Súilliobháin,
1689spíodóireacht air agus gur chuidigh sé leis na
1690Sasanaighibh an t-am so. An oidhche sul thosaigh an troid
1691ag iarraidh an chaisleáin a ghabháil 'seadh tháinig long
1692ó'n Spáinn le airgead, airm agus eadaighe ó rígh na
1693Spáinne le haghaidh an tSúilliobhánaigh, agus feisin
1694sgéala go raibh cúig mhíle déag fear le theacht
1695ó'n Spáinn i gcionn tamaill le cuidiughadh leis. Ar
1696fhagháil na deagh-thuairisge do'n tSúilliobhánach d'imthigh
1697leis faoi dhéin na luinge, agus d'fhág sé 'na dhiaidh
1698Mac Eochagáin, deagh-Ghaedheal fíor-dhílis le bheith 'na
1699thaoiseach 'san gcaisleán 'na leabaidh.


1700
1701

Throid Mac Eochagáin ar feadh aon lá déag i n-aghaidh
1702an Charrúnaigh. 'Sa deireadh bhí an caisleán briste
1703réabtha ag urcharaibh na ngunnaí mór, agus do
1704ghealladar tabhairt suas dá bhfágthaoi a gcuid arm aca,
1705acht crochadh an teachtaire a cuireadh leis an sgéalaibh.
1706D'fhéach deich bhfeara fichead imtheacht 'san snámh, acht
1707bhí saighdiúir 'sna bádaibh a mharbhuigh iad 'san uisge.
1708Do loiteadh go mór Mac Eochagáin, agus cuireadh i
1709n-a áit fear dar bh'ainm Tomás Táilliuir. Bhí bairillí
1710púdair 'san gcaisleán agus do gheall na Gaedhil go
1711gcuirfidís an caisleán trí lasadh agus iad féin de'n
1712tsaoghal mara ngeallfaidhe nach marbhóchthaoi iad - acht
1713ní gheallfaidhe. B'éigean do'n Táilliúrach tabhairt
1714uaidh 'sa deireadh, agus tar éis a dhul síos do na
1715Sasanaighibh 'san seiléar - an áit a raibh an púdar - cé
1716bheadh ann acht an Gaedheal loitthe Mac Eochagáin agus
1717é go díréach ag braith ar troillseán fada lasta do
1718chaitheamh isteach 'sa bpúdar. Rugthas air agus do


L. 42


1719

marbhuigheadh é. Crochadh ocht bhfeara déag is dá fhichead
1720an lá céadna. Crochadh tuilleadh go luath 'na dhiaidh,
1721acht le sgéal geárr a dhéanamh de níor fhan mac máthar
1722beó de'n chéad triúr agus dá fhichid a bhí ag cosaint an
1723chaisleáin.


1724
1725

Do chuir an Carrúnach annsin buidhean anonn go Dún
1726Baoi agus do bhain amach an caisleán. Bhí Ó Súilliobháin
1727Bhéarra annsin gan teach gan lóisdín 'na chúige
1728dúthchais féin. Chaith sé seal geárr 'sa nGleann Garbh
1729ag feitheamh le deagh-sgéalaibh ó'n Spáinn, acht do
1730cliseadh air mar tá le tasbánadh.


1731
1732

Mar dubhras cheana d'imthigh le Ó Dómhnall do'n
1733Spáinn. Níor stad sé gur shroich sé caisleán an ríogh.
1734Gheall an rí congnamh dó, acht nuair ba mhó a dhóchas
1735'seadh tháinig an droch-sgéal nuaidhe chuige go raibh Dún
1736Baoi i seilbh na Sasanach agus Cuan Bhéarra faoi
1737longaibh cogaidh na námhad. Do chuir sin droch-mhisneach
1738ar an rígh agus níor tugadh cead do na congantóiríbh
1739imtheacht. Briseadh croidhe Aodha Uí Dhómhnaill agus
1740d'éag sé ag Simancas 'san Spáinn an deichmheadh lá
1741de Mheadhon Fóghmhair, 1602. Sin mar d'imthigh le
1742duine de na gaisgidheachaibh a b'iongantaighe dár mhair
1743i n-Éirinn riamh - i dtús a óige nuair a bhí a intinn
1744socruighthe go daingean ar oihriughadh ar son a thíre.


1745
1746

Mheas an Carrúnach nach bhfuair sé deis riamh go dtí
1747anois nuair a bhí Ó Néill buadhartha droch-mhisneamhail,
1748agus mar sin cuireadh Sasanaigh amach ar fud Thíre
1749Chonaill agus Thíre Eóghain le deireadh a chur le n-a
1750chumhacht. Chuaidh Mountjoy féin le troid i n-a aghaidh
1751agus ghluais leis le n-a chaisleán a bhaint amach ag
1752Dún Gheanainn, acht ní raibh roimhe acht tóiteán nuair a
1753tháinig sé. B'fheárr le Ó Néill 'na ghríosaighibh é ná a
1754bheith i seilbh na námhad. Mhilleadar an cur le
1755corránaibh, le spealtaibh agus le gach gléas millte
1756eile a b'fhéidir ló fhagháil nó nár fhágadar blas ag na
1757daoinibh bochta agus cailleadh i dTír Eoghain amháin trí
1758mhíle duine leis an ocras ar feadh cúpla míosa.
1759Rinneadar gach creachadh a b'fhéidir leo, acht ní
1760rabhadar sásta gan Ó Néill a ghabháil - rud a theip orra
1761gach tráth.
1762


L. 43


1763

Ní mór anois aithris gheárr a dhéanamh ar an gcaoi
1764ar sheas an Súilliobhánach i n-aghaidh na námhad 'sa
1765nGleann Garbh, mar d'imthigh sé agus mar threóruigh sé
1766a bhuidhean lag lúbach ó uachtar na Mumhan go Caisleán
1767Uí Ruairc i gConndae Liathdroma. Bhí sé seal
1768socruighthe le n-a bhuidhin 'san ngleann go haoibhneach ag
1769súil le deagh-sgéala ó'n Spáinn acht faríor ! níor bh'
1770amhlaidh a bhí le tárlughadh. Fuair sé sgéala báis Aodha
1771Uí Dhomhnaill agus nach raibh aon chabhair le fagháil.


1772
1773

'Sa deireadh ní raibh a fhios aige cé rud a b'fheárr
1774dó a dhéanamh agus é i dtús an gheimhridh 'na shioc agus
1775'na shneachta, deireadh curtha aige le n-a chuid bídh agus
1776an námhaid ag faire air ar gach taobh agus gan cara
1777a d'fhéadfádh cuidiughadh leis ní ba ghoire ná uachtar
1778Uladh, agus an tír idir é féin agus an áit sin i seilbh
1779na Sasanach. Cé rud a dhéanfadh sé ? B'in í an cheist
1780a chuir sé air féin agus a d'fhreagair sé go dána mar
1781so : "Rachad thríd an námhaid agus ní sguirfead go
1782sroichfead Cúigeadh Uladh, mé féin agus gach a mbeidh
1783beó de mo bhuidhin le n-a shroichint liom !"


1784
1785

Beidh meas ar a ainm go deó mar gheall ar an
1786socrughadh sin.


1787
1788

D'fhág sé a bhean agus a pháisdí a b'óige 'na dhiaidh
1789faoi chúram carad dar bh'ainm Mac Suibhne agus
1790gluaiseann leis an lá deireannach de'n bhliadhain 1602,
1791'na theannta ceithre chéad fear troda, agus sé chéad
1792eile idir shean-daoine, páisdí agus searbhfhoghantaí.
1793Chuir na Sasanaigh sgéala amach gan aon duine - ar
1794mhaithe leis féin - a dhíol aon roda leis, acht a ionnsuighe
1795ar an mbealach agus an t-eallach a dhíbirt uaidh nó go
1796gcaithfeadh a bhuidhean bás d'fagháil 'o'n ocras. Duine
1797ar bith a leigfeadh tré n-a chuid talmhan é gan féachaint
1798le n-a bhacadh, bhí an talamh le cailleadh aige. D'imthigh
1799leis. Chuaidh thré Bhaile Mhúirne agus b'éigean dó
1800troid ar an mbealach in gach áit, go leór ag fagháil
1801bháis leis an ocras gach lá, agus é d'fhiachaibh orra troid
1802a thabhairt uatha ar an mbealach i gcómhnuidhe gur
1803shroicheadar an tSionainn go tugtha sáruighthe 'sa
1804deireadh.
1805


L. 44


1806

Ní féidir a thuigsint i gceart chomh maith is saothruigh
1807eadar an turas fada sin, gan biadh, gan deoch, gan
1808bolgam, faoi fhuacht agus faoi dhéartan, faoi shioc agus
1809faoi shneachta, gan cara ná fear fóirthine, acht i gcómhnuidhe
1810é air aca a bheith faoi réir le n-a námhaid gan
1811truagh gan trócaire a throid. Deirtear gur theoruigh
1812duine iad a tháinig orra go tobann aon oidhche amháin
1813a bhí faoi éadach geal agus cos-lomnochta agus gur thug
1814sé leis iad chúig mhíle déag nó go rabhadar i ngar do
1815Chaisleán Uí Ruairc.


1816
1817

Nár mhór a n-aoibhneas agus a sólás croidhe ar
1818fheicsint an chaisleáin dóibh agus nuair a bhí a fhios aca
1819go raibh deireadh le n-a n-annró agus le n-a n-aisdear !
1820Chaitheadar iad féin ar a nglúinibh agus thugadar míle
1821altughadh do Dhia a threóruigh agus a thug slán gach ar
1822tháinig dhíobh, acht nár bheag a tháinig faríor ! As an
1823míle duine a d'fhág an Gleann Garbh níor tháinig céad
1824féin slán isteach go Caisleán Uí Ruairc. Cailleadh
1825ar an mbealach nó marbhuigheadh ag teacht an chuid eile
1826dhíobh.


1827
1828

Imtheacht na n-iarlaí as Ultaibh, mar cailleadh iad i
1829gcéin ó dhuine go duine. Bás Uí Néill. Mar
1830cuireadh deireadh le Ó Súilliobháin Bhéarra i gcéin.


1831
1832

Cé go raibh go leór de'n mhisneach caillte ag cuid
1833de na flathaibh, cheap na Sasanaigh go mb'fheárr iarracht
1834eile a thabhairt ar shocrughadh a dhéanamh le Ó Néill, mar
1835go raibh an t-an-shocrughadh a dhéanamh le Ó Néill, mar
1836go raibh an t-an-fhaitchíos aca roimhe. Mar sin de
1837cuireadh Mountjoy chuige agus rinneadh socrughadh
1838eatorra an 30adh de Mhárta, 1603. Gealladh go
1839gcuirfidhe ar ais é mar bhí sé roimh an gcogadh, i n-a
1840iarla ar Thír Eoghain, go mbeadh na Caitliocaigh gan
1841sgiúirse acht go gcaithfeadh sé glacadh le dlighe Sasanach
1842san gcúigeadh agus leis an ainm Sasanach "Iarla" i
1843n-ionad "Ó Néill."


1844
1845

Budh é seo an t-am ar cailleadh Eilís, agus ar
1846cuireadh an Seiseadh Séamus Rí na hAlban 'na rígh ar
1847Shasanaibh freisin. Budh é seo an chéad uair riamh a
1848raibh Sasana agus Alba faoi aon rígh amháin. Ó thárla
1849go mbudh Albanach é agus fear freisin 'na raibh beagán
1850d'fhuil na nGaedheal, agus mac do'n bhainríoghain
1851Máire a bhí cáirdeamhail leis na Caithliocaighibh
1852agus a chuir Eilís chum báis. Bhí na Gaedhil an-tsuimheamhail
1853i Séamas agus dóchas láidir aca as.
1854Acht níor chóir go mbeadh. Ghlac sé le cómhairle uaisle
1855Shasana a raibh an dúil nimhe aca 'sa mbradghail agus
1856'san gcneámhaireacht. Bhíodar ag gabháil dó ag cur
1857'na luighe air cé an mhí-shástuigheacht a bhí orra mar gheall
1858ar an deagh-shocrughadh a rinneadh le Ó Néill, agus ag
1859dul le buile agus báine faoi go raibh na tailte le
1860tabhairt ar ais do na flathaibh Gaedhealacha nó 'sa
1861deireadh go raibh sé ar aon intinn aca leó féin agus
1862sásta ar a dhícheall a dhéanamh le n-a sásughadh agus
1863leis an socrughadh a bhriseadh. Budh gheárr go raibh sé
1864socruighthe aca Ó Néill a chur dá chois dá mb'fhéidir é.
1865Sgríobhadh litir i n-a ainm 'n-ar comharluigheadh do na
1866Gaedhealaibh caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil, fear
1867ionaid an ríogh a mharbhughadh, agus an cogadh a chur ar
1868bun arís. Budh mhaith a bhí a fhios ag Ó Néill cé rud
1869budh bhun úghdair leis an sgéal tobann so. Budh gheárr
1870go bhfuair sé sgéala a theacht, é féin agus taoisigh na
1871nGaedheal, go Baile Átha Cliath le freagra a thabhairt
1872i dtaoibh na ngníomh a bhí curtha 'na leith. Acht ní raibh
1873na Sasanaigh ullmhuighthe 'na gcómhair agus mar sin do
1874horduigheadh dhó a dhul go Lonndain faoi Fhéile Míchíl a
1875bhí chugat le n-a cheistniughadh.


1876
1877

Acht ní dheachaidh sé go Lonndain agus níor sheas os
1878cómhair a námhad go deó 'na dhiaidh seo. Bbí a fhios
1879aige go raibh fútha deireadh a chur leis. Bhí a fhios aige
1880nach raibh sé sáthach cúmhachtach le n-a dtroid ní b'fhuide.
1881Bhí a fhios aige nach raibh suaimhneas i ndán dó 'na thír
1882dhúthchais féin feasda, agus mar sin ní raibh aige le
1883déanamh acht imtheacht i gcéin ó "Bhan-chnuic Éireann Ó"
1884le n-a mhuinntir agus a ghaolta.
1885


L. 46


1886

Is beag sgéal i stair ar dtíre is dólásaighe agus is
1887buaidheartha ná "sgéal imtheachta na n-Iarlaí as Cúige
1888Uladh." D'imthigh os cionn leath-chéad dhíobh ar fad.
1889'San gcuideacht bhí Ó Néill, a bhean, a thriúr mac, Aodh,
1890Seaghán agus Brian, Art, mac a dhearbhráthar, Ruaidhrí
1891Ó Domhnaill, iarla Thíre Chonaill, Cathbharra dhearbhráthair,
1892Nuala a dheirbhshiúr, Aodh Ó Dómhnaill mac an iarla, Mag Uidhir,
1893agus Eoghan Ruadh Mac an Bháird, príomh-bhárd Thíre Chonaill.


1894
1895

Mo bhrón ! Nár bhocht an sgéal an bhuidhean laochra
1896dílse Gaedheal so ag fágáil "slán is beannacht" go
1897deó ag a dtír dhúthchais ar oibrigheadar le fada chomh
1898dúthrachtach ar a son ! Le croidhthibh cráidhte d'imthigh
1899leó ar bhórd na luinge i Loch Súilighe. Thug aghaidh ar
1900an bhFrainc agus casadh ar ais ar a dtírín dúthchais ní
1901dheárnadar go deó !


1902
1903

Cuireadar míle fáilte rómpa in gach tír dá ndeachadar
1904acht go háirithe 'san Róimh. Shocruigh an Pápa agus rí
1905na Spáinne an oiread so airgid a thabhairt dóibh gach
1906bliadhain d'oirfeadh do dhaoinibh uaisle mar iad. Acht
1907budh gheárr a mhaireadar. Cailleadh iad ó dhuine go
1908duine. Ní rabhadar imthighhthe acht dhá bhliadhain nuair a
1909bhí Aodh Ó Néill taobh leis féin beagnach agus gach
1910duine dá cháirdibh dílse ag déanamh créafóige i
1911dtíorthaibh coimhightheacha. Mhair sé le croidhe briste
1912cráidhte ocht mbliadhna tar a éis seo.


1913
1914

Chaill sé radharc a shúl 'sa deireadh, agus cailleadh
1915é 'san Róimh an 20adh lá de mhí Iúil san mbliadhain 1616.
1916Tá sé féin agus a mhac curtha i n-aon uaigh amháin 'san
1917Róimh. Is beag Gaedheal dá dteidheann do'n Róimh,
1918atá dílis dá thír, nach dtugann cuairt ar uaigh Aodha
1919Ruaidh agus cé an t-iongnadh má shileann an deóraidhe
1920Gaedhealach na deóra agus má ghuileann sé go fuidheach
1921os cionn an laoich a d'oibrigh go hiongantach ar son a
1922thíre agus ar briseadh a chroidhe mar gheall ar an stáid
1923'na raibh sí ?


1924
1925

D'fhág Ó Súilliobháin Bhéarra an tír agus chuaidh le n-a
1926mhuinntir agus a ghaolta do'n Spáinn 'sa mbliadhain 1604.
1927Marbhuigheadh go tobann é agus é ag teacht a-bhaile
1928tar éis cumaoinigh ó'n Aifreann. Bhí achrann idir a


L. 47


1929

mhac agus fear eile, agus tar éis iad a sgaradh ó
1930chéile, casadh Ó Súilliobháin féin ar an bhfear so, agus,
1931le n-a chuid feirge a ídiughadh air, sháith sé é, agus an
1932paidrín 'na lámhaibh aige. Bhí mac a dhearbhráthar i n-a
1933oifigeach i n-arm na Spáinne agus marbhuigheadh a mhac
1934ag Belgrád ag troid i n-aghaidh na dTurcach.
1935
1936

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services