Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Fáilte go Corpas Stairiúil na Gaeilge.

Ar an suíomh seo tá tú in ann cuardach a dhéanamh ar do rogha focal nó frásaí sa chorpas seo ina bhfuil 3000 téacs Gaeilge ón tréimhse 1600-1926. Is féidir torthaí áirithe a roghnú agus na focail nó frásaí a léamh ina gcomhthéacs dílis sa saothar inar scríobhadh iad.

Cén cineál Cuardaigh atá uait?

Le cuardach Ceannfhocal beidh tú in ann torthaí a fháil bunaithe ar leama, agus cuirfear san áireamh gach foirm den fhocal sin atá sa chorpas. Mar shampla, má chuardaíonn tú an leama bád gheobhaidh tú torthaí ar nós bhád, bádaibh, mbáid, báduighe, báidín, droch-bhád agus an iomad eile samplaí den leama leis an aon chuardach amháin sin. Is féidir an ‘cineál focail’ (roinn chainte) a shocrú más mian leat.

Le cuardach Caighdeán gheobhaidh tú torthaí bunaithe ar théarma Caighdeánach, mar shampla má chuardaítear déanann gheofar déanann mar thoradh ach chomh maith leis sin gheofar deunann, do ghní, do ghnídh srl.

Le cuardach Meaitseáil Chruinn gheobhaidh tú torthaí a thagann go cruinn leis an téarma cuardaigh.

*NUA* Le cuardach Frása is féidir torthaí a aimsiú bunaithe ar fhrása nó ar theaghrán carachtar a chuardach. Is meaitseáil chruinn atá i gceist leis an chuardach seo, agus tugtar faoi deara gurb ionann spás agus carachtar sa chineál cuardaigh seo. Is féidir tuilleadh a léamh faoin chuardach ‘frása’ anseo.

Teagmháil

Déan teagmháil linn ag fng@ria.ie más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoin chorpas nó faoin Fhoclóir Stairiúil nó má bhíonn aiseolas agat faoin suíomh seo.

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Úsáid Fianáin
Website developed by Niall O'Leary Services