AINNRIAS MAC MARCUIS CC.
Anocht is uaigneach Éire,
do-bheir fógra a fírfhréimhe
gruaidhe a fear 'sa fionnbhan flioch,
treabh is iongnadh go huaignioch.
Uaigneach anocht clár Connla,
gé lán d'fhoirinn allmhardha;
sáith an chláir fhionnacraigh fhéil -
don Sbáin ionnarbthair iaidséin.
Ag triall gan locadh tar lear
uainn do roighnibh Mac Míleadh -
gé daoineach don fhádbhuig fhinn -
fágbhuid gan aoinneach Éirinn.
Mór tuirsi Ulltach 'san airc,
d'éis Í Dhomhnuill do dhíobairt,
's ní lugha fa Aodh Eanaigh
cumha ar an taobh thuaitheamhain.
Gan gháire fa ghníomhradh leinb,
cosc ar cheól, glas ar ghaoidheilg,
meic ríogh, mar nár dhual don dreim,
gan luadh ar fhíon nó ar aifrinn.
Gan imirt, gan ól fleidhe,
gan aithghearradh aimsire,
gam mhalairt, gan ghraifne greagh,
gan tabhairt aighthe i n-éigean.
Gan rádha rithlearg molta,
gan sgaoileadh sgeól gcodalta;
gan úidh ar fhaixin leabhair,
gan chlaisdin nglúin gheinealaigh.
Ní cluintear 'san chríchsi Bhreagh
gníomhradh chon Mhaicne Míleadh,
<neart danair ní sruth siobhail>
nó guth gadhair Ghaoidhiolaigh.
On chruthsa ar cuireadh Gaoidhil
ní bhiaid feasda forbhfaoilidh -
fada leanus an léan dáibh -
re sgéal dá fheabhus d'fhagháil.
Rug orra, ní cóir a cheilt,
an bhroid do bhí 'san Éigeipht,
nó an líon fan dTraoi do thionóil,
nó an sníomh do bhaoi ar Bháibhiolóin.
Ó tá an cuan um chrích bhFeimhin
an bhroid cionnus chuirfidhir
don fhréimh naoi-si chéibhfhinn Chuinn,
'sgan Maoisi i nÉirinn aguinn?
Ní fhuil díobh fear a hiomchair,
d'éis ar imthigh d'Éirionnchaibh,
ríoghradh Bhanbha fa bhroid troim
ag goid an n-anam asoinn.