Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 239


CLODHANNA NUA.



COMHAIRLE FITHIL. Úrchluiche Dhá Ghníomh. Leis an Athair Pádraig Ua Duinnín.
Baile Átha Cliat: M. H. Gill agus a Mhac, Teoranta. 1909. Réal glan.



Ní beag iongnadh raidhse éirimí aigne an Athar Pádraig, agus ní lugha 'ná
sain clisteacht a chleite chun lóin litridheachta oireamhnaighe do sholáthar dúinn
do gach beárnain a ghabhaimid sa ghluaiseacht so na Gaedhilge. Pé nídh a
thairricigheann sé chuige agus ar a dtugann sé iomláine a chúraim, is fearrde
treo na Gaedhilge é. Imthigheann feabhas agus feabhas le buaine air dá bharr.



Mar sholuíd ar an gcáilidheacht so, ní gabhadh dham acht tagairt a dhéanamh
do shaothar an Athar Pádraig i gcruthughadh drámaidheachta Gaedhilge. I dtosach
barr na hoibre sin, do thug sé "An Tobar Draoidheachta" dhúinn, an cluiche
beag Gaedhilge is deise agus is gleoite dá bhfuil againn, dar liom-sa, agus a
d'fhanfaidh 'n-a chloch mhíle go ceann i bhfad lá, pé fás a dh'imtheochaidh ar ár
litridheacht sa treo so go háirithe.



I "gComhairle Fithil" tá talamh nua briste ag an Athar Pádraig. Eachtra
a seanchas ár sinnsear do ghaibh sé chuige an turus so, agus molaim go mór
mar ar éirigh leis úrcluiche dhá ghnímh d'fhighe as. Ní mór le rádh na héachta a
tharluigheann sa ghiota bheag so, an té léighfeadh i bprós an Chéitinnigh iad. Ní
bhaineann puinn farra an gcoitchiantacht leo mar le heachtra na linne úd. Tá
na céadta dá samhail le fagháil i seanchas na hÉireann, chun adhbhar cluiche a
bhaint asta, cluichí ar nós "Comhairle Fithil" d'fhóirfeadh go mór ar chúrsaíbh
saoghail agus ar uaisleacht bheathadh ár sean do léiriughadh dhúinn le fírinne
agus le cóir.



Tá sé de thréith áirithe san Athair Pádraig, scóip inléirighthe agus dul le
deiseacht do chur i ngach cluithche a scríobhann sé. Ní sos dó i "gComhairle
Fithil" leis. An fhuireann a ghabhann le hais an chluithche seo do chleachtadh agus
a dheineann a léiriuradh go dílis do ré agus do réim na ndaoine atá fé thag-
airt ann, geobhfar a moladh dá bharr. Níor mhiste brigh "Comhairle Fithil" do
chur i n-umhail do gach pobal i nÉirinn, agus tá fóirne cluithche na Gaedhilge fé
chomaoin mhóir ag á ughdar fé'n gcuma go ndeaghaidh sé i gcabhair dóibh san
iarracht dheireannaigh seo aige i gcúrsaíbh chluithchí na nGaedheal.



ÉAMONN A' CHNUIC.



CLÓDHANNA AR LÁIMH.



Tá "Eachtra Robinson Crúso" d'éis teacht amach agus clodh breagh Gaedhilge
air de dhéantús "Sheandúin". Beidh rud éigin le rádh againn n-a thaobh an mhí
seo chughainn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services