CRAOBH FÓDLA.
Cé mór sin craobh fhóghanta ag ár gConnradh-na ar cairt,
Is Gaedhilgeóirí ag éalódh fé n-a gcoimirce isteach;
Scéal nódh ná bréagnófar ag file ná ag flaith:
Craobh Fódla is craobh órdha ar an bhfuirinn ar fad.
Craobh Fódla craobh ógbhan is muirinneach maith;
Craobh Fódla craobh óla dhen tsruthair seo a sean;
Craobh Fódla craobh eóluis um bhunachadh ban;
Craobh Fódla aon dóthchus na Buime gan fear.
Tá an ré órdha ar Fhéinn Fódla go follus ag teacht,
A béithe óga is tréinspeóis aca i bhfriotal a mam;
An té chomhnuigheann fé ghlóire i mBrogh Nimhe n-a Fhlaith
Ar Chraéibh Fódla d'aon deóin ghil go gcuiridh an rath.
TÓRNA.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11