Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna.

Title
Clódhanna.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA.



Tá an chéad leath dhen trímhadh leabhar de ÉRIU ar
fagháil anois, agus is mór an chreideamhaint í don
mhuinntir atá n-a bun. Tá breis suim á chur cheana
féin i seann-dálaibh na hÉireann is na Gaedhilge, &
gach duine a gur mian leis iad do scrúdughadh níor
mhór dó fios do chur ar an leabhar so. Tá aistí agus
iarrachtaíin san uimhir seo ó na scoláiribh is fearr.
Ní gábha a luadh annso acht an Steócsach, an Strach-
ánach, Cúnó Meidhear, Eóin Mac Néill, an Laoideach,
Osborn O hAimhirgin, agus Seósamh Ó Néill.



Beidh fáilte ag an ndream atá ag claoidhe leis an
tSean-Ghaedhilg roimh an tseanmóin atá i gcló ag an
Shtrachánach a Leabhar Buidhe Leacan. Is maith an
congnamh é dhon Thesaurus, go háirithe ag daoinibh
nach maith is féidir leó cuimhneamh ar bhriathraibh is ar
forainmeachaibh na Sean-Ghaedhilge tré uireasbhaidh
earraidhe le léigheamh.



Tá aiste fhada léigheanta ann ar "Palatalization"
ó láimh an Dochtúra Ó hAirirgin. Deimhnigheann so
dhúinn nách díomhain a bhí an Dochtúir an fhaid a bhí
amuigh. Tá sé i n-ár measc arís agus an chaothamh-
lacht aige ar a lán mhaitheas a dhéanamh. Ní baoghal ná
go gcloisfar uaidh.



Is beag duine ar ár scoláiríbh is fearr ughdarás i
bpongcaibh graiméir 'ná an tOllamh Thurneysen.



Tá aiste fhóghanta aige san uimhir seo ar "h" san
Autonomous nó an Passive.



Tá súil againn go bhféachfaidh Gaedhilgeóirí chuige
go mbeidh ÉRIU ar fagháil i ngach leabharlainn i
nÉirinn. Deinidís í lorg is í scrúdughadh. Tá eólus
a lán ann. Deich scillinge i n-aghaidh na bliadhna a
fhiaca.



Tá a lán eóluis i dtaobh na Gaedhilge ar fagháil i
dTuairisc Chumann Bhuan-choimeádtha na Gaedhilge i
gcóir bliadhna a 1906. Sidé an naomhadh bliadhain ar
fhichid ag an gCumann úd ar bun, agus pé duine a
chuirfidh roimhe stair aithbheódhchaint na Gaedhilge a
scríobh san aimsir atá chughainn is éigin dó na tuair-
iscí seo a bheith aige. Níor bh'éidir déanamh dá n-éagh-
muis. Deagh-scéala is mó atá le hinnsint ag an
dTuairisc seo i dtaobh na bliadhna so gaibh tharainn.
Táid buidheanta is cuallachta á gcur ar bun go tiugh
chun na teangan d'fhoghluim, agus soin i n-áitibh iar-
gcúldha; agus ní hamháin go mbhítear ag claoidhe
leis an dteangain, acht ní déantar dearmhad ar nidh-
thibh eile a théidheann chun bun-ionnmhus na tíre do
mhéadughadh. Is saith leis an gCumann gur baineadh
de scoileannaibh na hÉireann an díolaigheacht do-
gheibhtí de bhárr múineadh na Gaedhilge ionnta, agus
tá súil aca go bhfuighthear thar n-ais an t-airgead
soin. Tá súil againn go léir go bhfuighthear, acht ní
hionntaoibh an té gur aige atá déanamh na birte.
Fear na birte Fear na Brille, agus is minic a chuir
fear na brille breall ar a chomhursain. Seachnadh
feasta ar eagla gur air féin a bheadh an breall is
an bhreill i ndeireadh na dála.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services