Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Tá an séamhadh uimhir d'AMHRÁIN DIADHA CHÚIGE
CONNACHT d'éis teacht amach. Is iongantach an
saothruidhe é an Craoibhín. Tá ar fagháil ins na
leabhraibh seo suaicheantuis de sheódaibh breaghtha
luachmhara do bhailigh sé féin is a lucht cabhrach os na
daoinibh i gConnachtaibh. Tá dhá leabhar eile le teacht
sara mbeidh deireadh leó, agus ní dócha go mbeidh
Connachta tráighte an uair sin féin. Paidreacha is
mó atá aige san leabhar so, acht tá fo-amhrán binn
ann, cuir i gcás an Caisideach Bán. Ní fuláir nó
beidh éileamh ar na leabhraibh seo, i n-iarthar na
hÉireann go háirithe. Scilling an ceann atá ortha,
agus is iad Muinntir Ghill atá gá gcur amach.


L. 160


Fuaireamair ó Mhuinntir Bhrúin agus Nualláin
cuid a trí agus cuid a ceathair den CHNUASACHD
BEAG AMHRÁN a chuir an tAthair Pádraig Breathnach
le chéile. Is mór an áise i scoileannaibh i n-a mbítar
ag foghluim cheóil leabhair bheaga deasa taidhseacha
dhen tsórd so. Táid siad Gaedhlach ó cheann ceann.
Tá na ceól Gaedhlach, is táid na hamhráin ar fheabhus.
'N-a theannta-san tá nótaí le n-a gcois agus Foclóir
beag i n-a dtugtar míniughadh na gcruadh-fhocal. Tá
amhráin de gach saghas ionnta — an mear 's an mall,
an subhach 's an deórach — agus an uile ceann aca ar
oireamhnaighe an tsaoghail do leanbhaíbh. Tá an chéad
chuid is an tarna cuid ar fagháil le tamall agus do
réir mar is clos dúinn tá an t-an-éileamh ortha.
Beidh an oiread céadna agus breis ar an dá cheann
so. Molaimíd go mór an tAthair Pádraig. Ní indiu
ná indé do thosnuigh ar chabhrughadh leis an nGaedhilg;
ná ní'l deireadh le n-a shaothar fós. Go bhfága Dia
abhfad againn é.



Scéal é a “Scéaluidheacht Chúige Mumhan” is
eadh MÁIRE NÍ RÓGÁIN, an leabhairín is déidheann-
aighe a chuir Connradh na Gaedhilge amach. Is maith
linn na leabhairíní pingne seo a bheith gá gcur amach
go tiugh. Is ar a leithéidíbh seo atá an ceannach is
mó age muinntir na Gaedhilge, agus go háirithe ag
an dream ná fuil ró-ualach de ghustal an tsaoghail
seo ortha. B'fhearr linn scéal nísa shia agus foclóir
nísa lugha, ar mhaithe leis an muinntir thuas; acht ní
raibh leigheas ag an Laoideach air. Níor fhéad sé an
scéal a chur i bhfaid. Scéal ana-thaithneamhach is eadh
“Máire Ní Rógáin.” Bhí an clódóireacht fé láimh
Phádraig Uí Bhriain, agus dhein seisean a chion go
taidhseach is go piocaithe féibh mar is gnáthach leis.



Is mór an chreideamhaint atá ag dul do Sheán
Ó Catháin mar gheall ar na CÁRTAÍ DATHUIGHTHE seo
a chuir amach an lá fé dheireadh. Cártaí draoidheachta
a thug duine éigin ortha, agus ní miste a rádh ná
gurab earraidhe draoidheachta iad i láimh dheagh-
mhúinteóra Gaedhilge. Tá a mhalairt de chrot anois ar
mhúinteóireacht na Gaedhilge seochus mar bhí fé réim
tá a trí nó a ceathair de bhliadhantaibh ó shoin ann.
Ní'l éileamh ró-mhór ar leabhraibh anois. Tosnuightar
ar chainnt ó thosach na scríbe. Siní an tslighe
nadúrtha. Siní an tslighe is comhgaraighe agus is
fearr. Tá urmhór de mhúinteóiríbh na Gaedhilge ag
déanamh úsáid de “Chainnt” Sheáin, agus ní baoghal
ná go mbeidh fáilte aca go léir roimh na Cártaí seo.
Is mór an congnamh iad chun deagh-chomhrádh simplidhe
Gaedhilge a mhúineadh, agus go háirithe na fadhbanna
a bhaineann le “Is” agus “Tá.” Táimíd féin gá
dtaithighe ó chuir Seán ag triall orainn iad, agus is
eól dúinn gurab iad atá go hadhsáideach is go hoir-
eamhnach. B'fhéidir, ó chuir Seán lámh chun na hoibre i
n-éan-chor, go bhfuighmís uaidh a thuilleadh beartíní i
dtaobh déantúisí, ceárd, airgid, duilleabhair, &rl.
Badh mhór an áise do mhúinteóiríbh a léithéidí. Ní
chosnaíd na cártaí dathuighthe seo acht tuistiún. Tá
leabhar beag ag gabháil leó ag míniughadh cionnus
usáid a dhéanamh díobh; agus tá clúdach deas taidh-
seach timcheall ortha.



Fuairemair SEANMÓIRÍ MUIGHE NUADHAT an
lá fé dheireadh. Beidh rud éigin againn le rádh n-a
dtaobh an mhí seo chughainn.



IRISLEABHAR NA GAEDHILGE.



Badh mhaith leis an bhFear Eagair giotaí agus rudaí
oireamhnach d'fhagháil ó sna daoinibh a léigheann an
tIRISLEABHAR. Éinne go mbuaileann uime rud ná
tuigeann sé, cuireadh a thuairisc chugainn, agus leig-
fam os comhair léightheoirí an IRISLEABHAR é. Ar
scáit a chéile mhairid na daoine.



Iarraimíd ar ár lucht aitheantuis a ndícheall a
dhéanamh ar ár son, ionnus go gcuirti breis cheannach
ar an IRISLEABHAR. Tá an tIRISLEABHAR ar fagháil
ar leath-thuistiún anois, agus badh chóir do gach Gaedh-
ilgeoir é cheannach agus cion Gaedhil a dhéanamh ar a
shon.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services