Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comórtas Gaisgidh idir Connachtach agus Muimhneach

Title
Comórtas Gaisgidh idir Connachtach agus Muimhneach
Author(s)
Seóighe, Mícheal,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Comórtas Gaisgidh
idir Connachtach agus Muimhneach



San tsean-aimsir ro mhair ar bhruach Locha Coirb i
gConndae na Gaillimhe fear dar bh'ainm Caiptín Ó
Luideáin. Tomás ba é a ainm baisdidh, acht goireadh
an "Caiptín" air mar leasainm ar an adhbhar nach raibh
aon fhear eile i gCúige Chonnachd uilig (= uile) a bhí
ábalta seasamh in' aghaidh le bata ina láimh. Ní raibh
aon chúsam ná muirighin air acht é féin agus a mháthair.
Mar sin chaith sé urmhór a shaoghail a' fiadhach, ag iasg-
aireachd, agus a' bádóireachd. I n-áit ar bith i mbeadh
rinnce nó iomáin bhí sé 'un tosaigh ann. Sgap a cháil agus
a chéim ar fhad agus leithead Chonnachd uilig, agus go deimhin
níos faide. Fuair fear tréan dóchasach i gConndae an
Chláir cunntas ar chlisteachd an Chaiptín i gcleas an
bhata. Ro ghabh sé rún a dhul (dul) agus é fhéachaint. Ro
ghluais sé 'un siubhail ar maidin lae ó n-a thigh féin, gan
fios d'aon-nduine cá raibh sé a' dul. An tráth bhí sé
imthighthe as eólas na ndaoine rug sé strapa leathair agus


L. 292


cheangail suas aon d'a chosa fuair maide croise faoi
n-a asgaill agus mála ar a dhruim agus thriall sé leis an
bóthar ag tarraing ar thigh an Chaiptín. Is dóiche nár
chuir sé mórán san mála ar aon chor, acht bhí sé ag
imtheacht go dtáinig sé go bruach Locha Coirb. Chuir sé
tuairisg tighe Chaiptín Uí Luideáin. Cuireadh ar an
eólas é, agus bhuail sé isteach i dtigh an Chaiptín. Bhí sé
féin imthighthe ag iasgaireacht acht bhí an mháthair istigh.
Ro bheannuigh an Bacach Mór do'n chailligh agus bheannuigh
sí dhó agus crith-eagla mór uirthi roimhe óir b'uathbhásach é
aghaidh le feicsin. Shuidhe sé síos agus las sé a phíopa. I
gceann tamaill, d'iarr sé a chuid ar an gcailligh. Ro
sheas sí suas go deithbhireach le fonn an bhacach a chur
amach. Thug sí roinn de gach nidh bhí aici san tigh 'uige,
acht ní ghlacfadh sé rud ar bith acht cúig phunnt de'n
olainn bhí sí a shníomh mar adhbhar casóige do'n Chaiptín.
B'éigean di sgála dh'fhagháil agus an olann a mheadhachan.
Chuir sé ina mhála í. D'fhág sé slán agus beannacht ag an
tsean-mhnaoi agus shiubhal sé amach, acht is dóigh liom nach
beannacht a chuir an chailleach leis. Acht mar sin féin
thug sé an olann uaithi. Ní raibh sé acht seal gearr
imthighthe an tráth d'fhill an Caiptin ar ais a-bhaile.



"A mhic ó," ar a mháthair, "is olc an rath a tháinic ar
tosach do bhreidín."



"Caidé thárla dhó," ar an Caiptín.



Mhínigh sí dhó an sgéal mar atá roimh-raidhte.



"Cia an bóthar a thóg sé?"



"Ó! ná fiafraigh sin," ar sí. "Ná cuir a thuairisg
go deó," ar sí. "Chaithfeadh sé ins an loch thú."



"Beidh le n-a fheachaint," ar sé.



Lean sé an Bhacach agus tháinic suas leis i dtuairim míle
de'n ród ar aghaidh bhothain sean-mhná. Bheannuigh sé dhó.



"An tusa thug an olann ó'n gcailligh?"



"Is mé," ar sé, "an tusa Caiptín Ó Luidheain?"



"Is orm bheirtear mar leasainm é," ar sé.



"Ar do thóir-se a tháinic mé agus ní ar thóir olla na
caillighe," ar an Bacach.



"God tá ar iarraidh uait?" ar an Caiptín.



"Go bhfeiceam cia againn fear is clisde le cleas
bata," do ráidh an Bacach.



Sgaoil an Bacach a chos chrainn agus chaith sé uaidh í.
Chaith uaidh a mhála mar an gceadna. Tharraing sé a
uaradóir as a phóca agus leag ar an sgonnsa í le fios
d'fhagháil cá fhaid a sheasfadh an cath. D'ionnsuigh sé
féin agus an Caiptín a chéile le n-a ndá bata. Chaith siad
trí ceathramhna uaire ag pinceoireachd gan ceachtar
díobh ina cumas bárr an bhata leagan ar chroiceann an
fhir eile. San bhfad so bhí an chailleach ina suidhe ar a
gogaide i ndoras a botháin féin. Labhair faoi dheoidh
ag rádh - "Féach faoi 'n ngárda feasda, a Chaiptín!"
ar sí. D'iompuigh sé an bata agus bhuail faoi 'n ngárda
an Bacach i mbéal a chléibhe, agus leag ar a dhá ghlúin é.



"Ná buail níos mó, a Chaiptín!" ar sé, "acht ní thú
a bhuail mé acht an chailleach."



"Ní baoghal duit," ar an Caiptín. "Níor bhuail mé
aon fear leagadh riamh."



"Bhéarfad gini dhuit," ar an Bacach, "muin an
gárda is fearr agad dom."



Leag an Caiptín barr an bhata ar an talamh agus chuir
an lámh eile ina phóca. "Sin," ar sé, "an gárda is
fhearr agam-sa."



"Ní fearr liom cúig giní," ar an Muimhneach, "na
gurab í sin an gárda a thaisbean tú dhom, óir ní bhear-
fainn aon ghárda eile a-bhaile liom. Go deó arís ní
rachad ar thóir aon fhir nó go gcuiridh sé tóir orm.



"Slán leat a Chaiptín," ar an Bacach.



"Go deimhin," ar an Caiptín, "ní sgarfaidh tú liom
a chomh réidh sin! Tar liom a-bhaile go bhfeicimíd an
bhfuil aon bhlas bidh ná dighe ag an gcailligh."



Chuadar chum tighe an Chaiptín, d'ith agus d'ól a ndóthain,
agus thug sé an Bacach leis amach ag iasgaireacht ar an
loch. Chaitheadar an lá go tráthnóna le spórt agus pléi-
siúr. Thainic siad a-bhaile ag teacht na hoidhche. Thug
an Caiptín loisdín dó go maidin. D'éirigh an Bacach
go moch agus d'ulluigh é féin ar tí triall chum a bhaile
féin.



"Fan agam indiu" do ráidh an Caiptín, "agus tais-
beánfad duit na h-oileán bhreagha áille atá ar an
loch."



D'fhan sé an lá sin agus lá agus lá agus lá eile. Acht le sgéal
gearr a dhéanamh dhe bhí an Caiptín a' bladar leis ó lá
go lá, gur chaith an Bacach iomlán na coigthíse ina
fhochair. Ar maidin th'éis an ama roimh-ráidhte, d'ull'uigh
é féin, d'fhág sé slán agus beannacht ag an gCaiptín agus
thriall sé chum a bhaile féin.



Mícheal Seóighe



(TUILLEADH)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services