Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comharthughadh Gaedhlach.

Title
Comharthughadh Gaedhlach.
Author(s)
Ó Cléirigh, Seosamh,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Comharthughadh Gaedhealach.



Na Staid.
. Lan-phonc.
: Ponc-ghotha.
; Leath-phonc.
, Camáinín.
? Ponc cheiste.
' Ponc Uachtair.



- agus — Ponc cheangail agus ponc fhada.
(agus) Comharthuidhe deal-
uighthe.
"agus" Comharthuidhe iasachta.
! Ponc Iongantais.



Na cianta ó shoin sar a dtáinig sinsear allta
muinntire Shasana as a bhfásachaibh as mor-roinn na
hEórpa ag creachadh agus ag scrios gach ar buaileadh leo
bhí céarduidheacht dá cleachtadh i nÉirinn nar sáruigh-
eadh riamh roimhe sin ná ó shoin ale; agus ón aois sin go
dtí an t-am i n-ar cailleadh an Ghaedhilg bhí na
Gaedhil abálta ar gach éan-rud a thógadar ar laimh
do dhéanamh ar fheabhas. Ní raibh dul tar déantús
na hÉireann. Sé an fáth bhí leis sin, modha Gaedheal-
acha bheith aca — modha céirdeamhla duthchais a bhain le
hÉirinn amháin — modha d'oir do lámhaibh agus d'inntleacht
na nGaedheal.



D'fhan na modha so aca ar feadh na n-aois meadónach
cé go rabhadar cráidte ciapaithe ag an sloigisc
Ghallda, agus ní raibh éin-bhreith ortha le clisteacht lámh.
Acht san deireadh thiar d'fhágadar a dteanga ghleoidhte
féin sa díg, rinneadar aithris ar an Sasanach
dhírigheadar ar dhroch-Bhéarla a labhairt, agus dá barr-
san chailleadar an chuid ba mho d'intleacht agus de
chlisteacht lámh na nGaedheal agus d'éirigheadar chomh
tuathalach leis an Sasanach is tuathalaighe atá le
fágháil. Níor fhan na modha Gaedhealacha aca. Fuair
na céirde bás agus annsoin d'imthigh mórán de na
Gaedhealaibh féin tar lear.



Buidheachas le Dia, tá an Ghaedhilg a filleadh agus
tá cuid de na sean-mhódhaibh nár cailleadh tar fóir
dá gcur i bhfeidhm arís. Tá sean-mhodha eile ann nach
féidir a n-aithbheodhadh. Caithfear modha nua duthchais
do sholáthairt i n-a n-ionad. Tar a gceann so do
tosnuigheadh ar oibreacha éagsamhla i rith an ama bhí
teanga na tíre fá dúr-scamall — oibreacha nach raibh
éan-choinne ag an domhan braonach leó nuair bhí an
Ghaedhilg fá mheas. Caithfear modha Gaedhealacha do
cheapadh i na gcomhair seo leis má tá sé ar inntin ag
an nGaedheal gan bheith i bhfad chum deiridh san am
atá ag teacht; mar, na modha do ceapadh le haghaidh
Franncach, ná Sasanach ná allmhúrach eile, ní dócha go
n-oirfid d'inntleacht na nGaedheal. Ní fulair dóibh
seo a slighte oibre do bhaint as a stuaim féin nó
éirghe as, mar ní bhéarfaid buaidh i n-a éagmhuis.



Tá buidhin bheag Gaedheal i n-ar measc agus táinig na
smaointe seo chucha beagán bliadhan ó shoin. Nuair
bhí Aonach Ghartain ar siubhal agus Árd-Teampall
Adhamhnáin dá oscailt i Leitir Cheanainn thug an
Cardinéal Ó Maoil Mheadhóg oráid uaidh as Gaedhilg.
Bhí an óraid ag teastáil ó pháipéar nuaidheachta i
mBaile Átha Cliath i gcomhair an lae i mbárach.
Tugadh iarracht fé n-a seóladh ar an téid teinntrigh
agus gidh gur éirigh leo, agus a thuathalaighe fuarthas
an modh Sasanach do'n obair do b'fhollas nach
n'oirfeadh sé do'n Ghaedhilg i n-aon chor.



Thóg an buidhin so comhairle a chéile agus ba ghearr go
raibh modh comharthuighthe socair aca. D'féachadh é.
Fuarthas rud beag i n-easnamh annso agus annsud ann.


L. 589


Léighisadh iad so, agus d'fhéachadh arís é; leanadh de ann-
soin go raibh modh comharthuighthe Gaedhealach fóghanta
ann.



Seo dhíbh anois é, a cháirde. Ní deirtear go bhfuil
an modh so gan léic fós acht deirtear go sealbhuighthe
go n-oireann sé do'n Ghaedhilg chomh maith agus oireann
an modh Sasanach do'n tSacs-Bhéarla dá fhaid atá sé
dá chleachtadh.



Rachaidh an modh comharthuighthe seo na Gaedhilge i
dtairbhe, ní hé amháin, do lucht teachtas teinntreach
do sheóladh acht d'fheirmeóiríbh agus d'iascairíbh na
hÉireann, agus do dhaoine nach iad ma chuirfear do
ghlan-mheabhair é. Amach fé'n dtuaith sna tíorthaibh
tar lear baintear tairbhe as na modha fé leith atá
aca annsúd. Cad chuige nach n-imireófaidhe an cleas
céadna le n-ar modh féin ó thárla go bhfuil sé ann.
Nuair is mian le feirmeóir Almánnach caint le comh-
ursain atá i n-a chomhnuidhe i radharc a thighe féin míle
go leith nó dha mhíle uaidh beireann sé ar bhratach
bheag agus buaileann an doras amach. Seasann ar
thortóig agus luascann sé a bhratach os a chionn. Is gearr
go bhfeicthear é ó'n dtigh thall agus tosnuighthear ar an
gcaint gan capall a ghléasadh gan fiú an rothair
d'úsáid. Is mar sin do na badóirí leis, an fhaid agus
táid i radharc a chéile.



Cúpla bliadhan ó shoin bhíos féin ag féachaint ar
bheirt iascairí i n-iarthar na hÉireann ceann aca
i mbád, ceann i n-a sheasamh ar charraig. Bhíodar
timcheall leath-chéad slat ó n-a cheile agus níor fhead-
adar teacht níos goire. Do liuigh an fear ar an
gcarraig chun an fhir san mbád acht ó thárla
go raibh na tonna gá radadh féin i gcoinnibh
na gcairrgeach agus ag déanamh torainn mhóir ní
chualaidh sé é agus do bhéic sé ar n-ais ar a charaid ar
an gcarraig. Ní chuala seisean acht an oiread.
Leanadar dá liúraigh agus a mbéiceadh i n-árd a gcinn
agus a ngota go raibh ciach ortha araon. Annsain
d'éirigheadar as agus do rámhaigh fear an bháid agus do
shiubhail fear na cairrge go caladh, míle ó'n áit sin
d'fhonn comhrádh le chéile. Dá mbeadh modh comhar-
thuighthe aca ba bheag í a mbeann ar thorann na dtonn,
agus níor gábhadh dóibh saothar ná siubal.

Is furas an modh so d'fhoghluim. Is mar so a
dhéantar an comhartha gearr. Beartar ar chois an
bhrataigh leis an dá láimh i slighe go bhfuil a bharr os
cionn na gualann chlé. Castar barr an brataigh nó
go mbeidh os cionn na gualann deise agus ar n-ais
go tapaidh do'n ghualainn clé aris. Sin é an litir
"e." Castar an bratach sa treo céadna agus anuas go
mbuailtear ar an mbróig dheis é nach mór agus ar n-ais
go dti an guala chlé arís. Sin é an litir "t."
Déantar an comhartha gearr agus an comhartha fada go
dluth i diaigh a chéile chun "a" do chomharthughadh agus
déantar a dhúblughadh so i gcomhair "á" (fada).
Fágthar spás beag idir na litreachaibh agus a dhá oiread
spáis idir na foclaibh. Rachaidh scata buachaillí
nglic i dtaitighe mhaith air i gcaitheamh seachtmhain e.
Is mór an spórt a bhainfidís as agus rud an-áiseamhail
is eadh é i n-a theannta soin.



Istoidhche cuirtear an chaint ar siubhal le sóilsiu-
ghadh agus urdhubhadh trilseán. Is riachtanach comhla
sleamhnuighthe chun an tsoluis a thaisbeant agus a chlúdu-
ghadh. Taisbeántar solas noimitín chun "e" (gearr)
do chomharthughadh, agus a thrí oiread níos faide i gcóir
"t." Fágthar spás comhartha ghairid idir gach éan-
chomhartha i gcóir litre agus spás comhartha fada idir
litreachaibh agus spás dhá chomhartha fhada idir fhoclaibh.



Ní gábhadh baint le na figiúiribh agus na staid.
Cuireadh isteach iad chun a thaisbeant go bhfuil a
leitéid ann. Déanfaidh na litreacha amháin an gnó
go hana-mhaith.



SEOSAMH Ó CLÉIRIGH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services