Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhránuidhthe Gaedhilge.

Title
Amhránuidhthe Gaedhilge.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AMHRÁNUIDHTHE GAEDHILGE.



Ba dhóigh le duine gur
mithid an focal deiridh
do bheith ráidhte i leith
ámhránuidheacht
Ghaedhealach.
B'éidir sin;
acht tá aim-
sir na bhFeis-
eanna agus
na nAeridheachta ag
druidim linn, agus níor
mhisde an cheist do chur
os comhair muinntir na Gaedhilge arís.
D'oirfeadh do'n dream úd a ngríosughadh
chum rud éigint do dhéanamh, chum na tréithe
atá ionnta do thaisbeánt do'n tsaoghal, agus
chum satailt ar an dream eile úd i n-ár
measc do ghabhann amhráin Ghaedhilge
díreach mar do gheobhadh píoróidí iad.



Gan dul ról-dhoimhin sa cheist i n-éan-
chor féadfam a rádh gurab iad an ceól
agus na focail an dá rud go bhfuil
d'fhiachaibh ar dhuine eólas do bheith aige
ortha sara mbeidh sé ar a chumas amhrán do
rádh 'n-a cheart. Tá soin fíor i dtaobh gach
éin-teangan; ba chóir go mbeadh sé fíor i
dtaobh ceóil agus teangan na hÉireann.
Féachaimis an bhfuil seo amhlaidh ar thaobh na
druinge úd ar a dtugtar "na píoróidí."


L. 246


Seadh ag tagairt
do'n cheól. Ba mhór
an dánaidheacht domh-
sa a rádh ná fuil ceól
ag an dream áirithe
úd. D'fhéadfaidís
saothair Bhágner is
Bétóuin is na céadtha
eachtrann eile do
sheinnim go cruinn.
D'fhéadfaidís ceól
do léigheamh gan ndo
do chailleamhaint ann.
Ní raghadh an puinte
is lugha ann tharsta.
Táid tuilthe de cheól
iasachta; agus dá
gcurtaoi "Éibhlín, a
Rúin" nó "An Lon-
dubh," rompa do bhain-
faidhe geit asta.
Bheidís ag baint an
cheóidh dá scórnaigh
agus ag cnedhthartaíl fé
n-a leithéid. Ní thuigid
ceól Gaedhealach.
Ní'l pioc ann dar
leó. Níor thógadh suas
fé n-a réim iad.
A éin-iongnadh nach
féidir leó amhráin
Ghaedhilge do rádh ar
chuma thaithneamhach.



Dálta na bhfocal
anois, tá an-chuid ceól-
tóirí againn d'fhéad-
fadh fonn amhráin


L. 247


Ghaedhilge do ghabháilt go binn agus go
dílis, acht chomh luath agus deinid iarracht
ar amhrán do rádh theipeann ortha ar fad.
Deineann siad fruise fraise de'n cheól agus
de'n amhrán. Ní'l an Ghaedhilg aca; ní
fhoghluimeoghadh urmhór díobh í. Is dóigh leó
ná fuil uatha acht phónetics d'fhagháil agus
iad do chur do mheabhair. Is cuma leó i
dtaobh brigh an amhráin nó ciall na bhfocal.
Is é thagann as an nós so go loiththear an
t-amhrán, idir focail is ceól; cuirtear
seirbhthean ar na Gaedhilgeóiríbh bhíonn ag
éisteacht leó; camthar an Gaedhilg; agus
déinid na pioróidí seo amadáin chríoch-
nuighthe dhíobh féin.



Acht cionnus do loitid na phónetics úd an
Ghaedhilg. Seo roinnt soiluídí do chuir mé
féin go minic ag gáiridhe: "Thaw colleen
jass im craw," i n-ionad "Tá cailín deas im'
chrádh." "A bale iss binna nawn cook er
billa," i n-ionad "a béal is binne ná'n
chuach ar bile." "Shay mo crack gon thoo
oggum ode war-heen", i n-ionad "'sé mo
chreach gan tú agam ód' mháithrín." B'fhuirist
na céadtha eile dhíobh d'fhagháil acht ní beag
an méid sin díobh an taca so. Is mithid
stad do chur leis an droch-úsáid seo ar an
nGaedhilg.



Ní mar sin do bhíonn an scéal ag ár
n-amhránuidhthibh Gaedhealacha. Tá an
Ghaedhilg aca-san. Tuigid siad cad do
bhíonn dá rádh aca, agus ní dheinid amadáin
díobh féin. B'éidir go bhfuil cuid aca ná
fuair éan-tabhairt suas riamh i gceól, acht
deir an sean-fhocal gur treise duthchas
'ná oileamhaint, agus bíonn an ceól aca-
súd mar bhí sé ag a sinsir rompa. 'Sé an
sean-cheól céadna é, agus ní bhuaidhfidh éan-
nuaidh-cheól dá fheabhas air.



Ní féidir le duine amhrán do ghabháilt
i gceart mura dtuigeann sé brigh an
amhráin, agus an bhrigh úd do chur go soiléir
os comhair a lucht éisteacht. An dtuigeann
na píoróidí brigh na n-amhrán adeirid? Ní
thuigid. Máiseadh cuiridís uatha go dtí go
mbeidh sé ar a gcumas iad do thuigsint.
Cromaidís ar an nGaedhilg d'fhoghluim ar
dtúis.



Tá roinnt deagh-amhránuidhthe Gaedhilge
againn cheana féin, acht oireann a thuilleadh
aca dhúinn. Caithfeam a lorg ins na ceann-
tair Ghaedhealacha, agus bímís ag braith ar na
feiseanna agus ar an Oireachtas chum a
n-ainmneacha do chur i n-áirde.



COIS LAOI.



Is annamh filidhe na hÉireann ag moladh na nGall.
Seo rann do cheap an tAthair 'Liam Ó hIarfhlatha dhóibh,
agus tuigimíd go léir anois go bhfiul mór-chuid de'n
fhírinne 'n-a abrann sé:



"Cé cuireadh ar Ghallaibh bheith gangaideach diacarach,
Tá cumann dá gcaraid, tá cneastacht is ciall aca.
Ní'l cimilt le hacharann fada 'n-a n-iasachtaibh;
'S gur le hiomad a mbearta do ghlanadh do'n Iarthar
mé."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services