CLODHANNA NUA.
DÁNTA SHÉAFRAIDH UÍ DHONNCHADHA AN GHLEANNA
maille le Beathaidh an fhilidh is foclóir; iar n-a
gcruinniughadh agus a gcur i bprímh-eagar leis an Athair
Pádruig Ua Duinnín. Ar n-a gcur amach do
Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, 1902.
Leabhrán an-deas is eadh é seo 'na bhfuil togha filidh-
eachta ann. Tá furmhór na ndán, go mórmhór an
deibhidhe, sáthach cruaidh, act is ann d'á leithéidíbh do
ghnáth. Mór-fhile dob' eadh Séafraidh Ua Dhonnchadha an
Ghleanna. Támaoid ag ceapadh go raibh sé comh maith
le hEoghan Ruadh agus b'fhéidir ní b'fheárr 'ná é. An
méid deibhidhe atá againn i ndiaidh láimhe Eoghain Ruaidh,
tá sé go han-olc, acht is glan gleóite deibhidhe
Shéafraidh. Dá mb'fhíor-fhile duine, ní chuirfeadh cruas
an deibhidhe ná éin-mhéadaireachta eile bac le n-a
dhéantús. Is iongnadh linn ó'n eagarthóir gan Séafradh
an Ghleanna do chur ar áireamh na mór-fhileadh, tar
éis dó a rádh gur bh'an-fhurus do'n fhile seo usáid do
bhaint as an rannaidheacht ba chruaidhe bhí ann, agus sin
gan duadh. "Suthrach" 541: tuathal é seo; "suarach"
dob' inléighte gan amhras ("suarach" - "ghluaiseas,"
"suathfadh," "fhuarfadh").
IMTHEACHTA AN OIREACHTAIS, 1900. Leabhar II., Trí
Sgéalta (do fuair an chéad duais). Conchubhar Ó
Deasúmhna do chuir síos. An Craoibhín Aoibhinn do
chuir i n-eagar. Connradh na Gaedhilge, Baile Átha
Cliath, 1902. Naoi bpingne.
Is mór againn an leabhar so. Ní dóigh linn go
bhféadfaidhe trí sgéalta eile d'fhághail badh dheise 'ná
iad so. Ceann an-deas is eadh "Na Trí Léinteacha
de'n Cheann-bhán Móna." Tá an gnó déanta go fíor-
mhaith ag an gCraoibhín i leith an eagair do chuir sé ar
an leabhar. Tá tagra agus foclóir leis, agus preafáid i
mBéarla. Is í caint Bhaile Mhúirne atá ins na
sgéaltaibh, agus ní mór de locht atá uirri, acht muna
mbeadh "do fuair sé deunta an chleith," L. 37, agus ceann
nó dhó eile ar an gcuma chéadna. Tá fuinneamh mór
ins an innsint atá ar gach sgéal aca. Is fíor-mhinic
mion-chaint agus gnáth-chaint ionnta. Sin é an sadhas
sgéil is fearr ar bith.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11