Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caití na gCiabh.

Title
Caití na gCiabh.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Cú Cadhain
Contributor
Ní Anluain, Eibhlín. Uibh Méith Mhara.
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CAITÍ NA gCIABH.



Tá an oidhche so a' sioc agus tá sí fuar,
Is d'eulaigh mo ghrádh le fear eile uaim;
A gruaidh deas lastair agus a béilin binn
Is a Chaití, a stóir, tá mé breóidhte tinn.



A Chaití, is tú mheall me agus is tú bhreóigh mo
chroidhe
Is d'fhág tú ar mhearughadh céille mé;
Can fhuil a'n toigh leanna go Droichead
Bhaile Átha Cliath
Nach n-ólfainn do shláinte, a Chaití na gciabh.



Shiubhail me thart agus shiubhail mise thiar
Sligeach na long agus Sráid Bhaile Átha Cliath
Mar shamhailt mo chailin nach bhfaca mé riamh
Gur thill mé 'na mbaile 'un Caití na gciabh.



Ní'l a'n bhó, no'n bhearach nó an chaora bhán,
Ó Shroichead na Banna go geata Dhroichead-
Átha,
Nach dtabharfainn do mo Chaití ar an aon
phóg amháin
I léasugadh an árraing atá i mo lár.



Mo mhilleadh go bhfaca mé an dubh no'n donn!
Mo mhilleadh go bfaca mé duilleabhar na
gcrann!
Mo mhilleadh go bfaca mé Caití no a clann!
Agus a Chaití, a stóir, tá me breóidhte tinn.



Mo mhilleadh go bhfuair mise léigheann ariamh,
Agus deunfar eaglaiseach anois díom gan
mhoill;
Sul ma dtógfadh an t-easbog a dhá lamh os
mo chionn,
Thógfainn-se Caití fa bhruach na dtom.



Dá bhfeicfeá thusa Caití 's í 'tarraint a ciabh;
Siúd ort is a cliabhán bheith thall ins an oidhche;
O, gheóbhaidh tusa Caití mar tá sí na suidhe
Agus tabhair leat ó bhaile ó n-a máithrín í.


L. 186


Dá bfeicfreá thusa Caití amuigh ar an t-sliabh
Ba ghile no'n eala d'á bhfaca tú riamh
A gruaidh deas lastair is a béilin binn
O, a Chaití, a stóir, tá mé breoidhte tinn.



Tagra



Eibhlín Ní Anluain, i n-Uibh Méith Mhara thug domh é -
Ar an bhfeis a bhí againn i mBéilfeirsde, Mí Nodlag
so chuaidh tart, rug an t-abhrán so bárr-duais. Tá
sé simplidhe go heug agus is beag an gádh atá le míniughadh
ar bith. Aon rud amháin nach dtuigim chomh maith agus badh
mhian liom, "fa bhruach na dtom." Feudfaidhe nach
bhfuil ceart an litrighthe agam acht is é an tuigbheáil
atá leis "go tobann," "le preabadh na súl," "le
tionntadh na boise," no rud mar sin.



Rud eile no dhó: - "Ar mhearughadh céille" = ciall
ar mearbhal; "lastar" = luinnir (freumh, "las");
"Droichead," sontar chor ó bheith "Draed" é;
"bearach" = biorach; "Droichead na Banna," baile
mór Ua n-Eathach i gCondae an Dúin - Banbridge 'san
Bhéarla; "Ní'l a'n bhó no'n Bhearach" = níl aon bhó
nó aon bhearach. I Cuailgne ní leigthear neart an
ghotha ar "aon," bidheann sé cosamhail leis an airtiogal
acht amháin go ndéanann sé an cheud fhocal eile a
análughadh i gcomhnuidhe. Corr-uair bidheann an n
féin a dhíth air, rud a chuireanns fear an phinn luaidhe
"ar mhearughad céille" anois agus arís.



Cú Chadhain.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services