Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clódhanna Nua.



Cumann chum Gaedhilge choiméad beó, Baile Átha Cliath.
Leabhar Láimhsgríobhach, an chéad uimhir. M.H. Mac
Giolla agus a mhac ag 50 Sráid Uí Chonaill Uachtair i
mBaile Átha Cliath. Pinginn.



Fuaramar cóib de'n leabhar réamhráidhte. Má's
fíor nach gan locht do cuireadh amach é, is féidir é do


L. 63


mholadh go mór. Tá an clár teidil i Gaedhilg ar fad.
Tá sin go fíor-mhaith. Is truagh gur mhill an fhoillsigh-
theoir é le n-a "Dollard, Printinghouse, Dublin."
Acht nuair is mian le foillsightheoir é féin d'fhuagradh,
is cuma leis cad air a gcuirfidh sé a chló Gallda. Ní
thaitneann linn a bhfuil de lochtaibh ar fághail 'san
leabhar. Seo cuid aca: - Ar an gclár teidil "Chon-
naill" ("Chonaill" an ceart); céad (.i. céad); im-
baile (i. i mBaile); leath choróin (.i. leath-choróin); ar
mbeagán (.i. ar an mbeagán); droch rud (.i. droch-rud);
chonairc (.i. chonnairc); cuman (.i. cumann); abhí (.i.
a bhí); "má's ionmhuin leat mé, is ionmhuin leat mo
réim" an ceart; indiaidh (.i. i ndiaidh); nah-oibre (.i.
na hoibre); ibhfad (.i. i bhfad); "an té nach ólann (nó
ólfaidh) acht uisge, 7c.," is é an ceart. Rud eile, is
minic consonadh gan análughadh agus guth gan síneadh 'sa'
leabhar so. Ní ceart a leithéid do chur os comhair an
aosa óig. Caithfear aire mhaith do thabhairt do'n chéad
chló eile de'n leabhar so.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services