Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Aibghitir na Gaedhilge ó láimh Nórma Bhórtuic.



Is fíor-fhoghanta an leabhrán é seo. Buainfid an
t-aos óg eolus na litreach as gan duadh gan dochar.
Táid na cinnlitreacha agus na minlitreacha i nguailnibh a
chéile ann diadh i ndiaidh ó'n asal go dtí an t-uan, gach
dealbh tarraingthe ag an mban-ughdar chlúiteach féin.
Ní baoghal nach gcuirfid na miondaoine spéis agus suim
i n-a leithéidíbh. Má's fíor an chogarnach agus an
ráfla atá ar siubhal i dtaobh na Gaedhilge do mhúnadh
i sgoltachaibh leanbh, is é rud dob' indéanta do'n
ughdar na plátaidhe do chur d'á mbualadh 'sa' chló arís
ar chuma go bhféadfaidhe a gcur ar crochadh le ballaidhibh
na sgol. “Sonas agus ádh ort,” a n-abair an Laighneach,
ag breith bhuidheachais dó, 'sé deirimíd léithe.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services