Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Connradh na Gaedhilge

Title
Connradh na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Connradh na Gaedhilge



Craobh Innismeodhain - Bhí cruinniughadh de'n chraobh so shuas
'dteach na sgoile an Domhnach so chuaidh tharainn. Bhí daoine go
leor ann ag déanadh foghluim agus staidéar ar ár nGaedhilg bhinn
bhlasda agus tá siad dul ar aghaidh go ríogh-mhaith. Tharéis iad a bheith
thríd aig-cuid sgriobhtha agus leighte, agus c., bhí roinnt sgéalta agus abhrán
againne agus ann sin do léigheadh litir ó Thomás Ua Conceannain
ag innsin dúinn chomh maith as tá daoine ag obair i n-áitibh eile ar
son na Gaedhilge agus le sinn do bhrostughadh. Gheall sé leabhar eile
mar dhuais do'n duine is fearr a sgríobhfas litir ar cheist ar bith
budh mhaith linn.



'Sé an cheist do ceapadh amach th'éis roinnt staidéir "An chaoi do
shámháil ár n-áthaireacha athair Sheagháin Diolúin ó lucht na banríoghna
an i n-aimsir an bhFéinní fad ó."



Tá beirt d'ár gcomhalta imighthe uainn do'n Oileán Úr. Is ann
do rugadh ceann aca. Ní raibh sé acht dhá bhliadháin deug d'aois.
Ní raibh aon fhocal Gaedhilge aige 'nuair tháinic sé ann so trí mhí ó
shoin agus sul d'fhag sé an áit so bhí sé ionnan an cheud agus an dara
leabhar do léigheadh agus do sgríobhadh agus do thuigsint. Bhí a chuid
urnuighe aige 'san nGaedhilg freisin, agus bhí sé an-rímeudach fá bheith
ionnan iad a rádh d'á mháthair nuair rachfhas sé anaonn go h-Ameiriocá.
'Sé a ainm Uilliam Ua Cuillionáin bhí an uagneas ar a chuil-cheathair
Pádraig Ua Flaithbheartahigh ag sgaradh linn agus dubhairt sé nach
n-déanadh sé dearmad ar an nGaedhilg san tír a bh-fuil sé dul ann,
agus go n-innseochadh sé dho na daoine atá thall an obair atá 'ga dhéanadh
san tír so le ar n-Gaedhilg do congbhail beo.



Is fada atá an tseachtmhain so chugainn a' breathnughadh dhúinn
go bhfeicimid "An Claidheamh Soluis."



Tá lucht na Craoibhe so ag chuir a m-buidheachas ag Dúbhghlas De
hÍde fá chomh maith a's leabair sé i d-taoibh na Gaedhilge ag cheis-
tiughadh an Oideachais Mheadhónaigh. Thareis ar ngnó do bheith déanta
bhí ceol agus rinnce againn agus ann sin d'imthigh 'chuile dhuine abhaile an-
mhacánta modhamhail sásda.



Craobh na gCeall mBeag - Tá'n chraobh so ag dul ar aghaidh
go breágh. Gidh go bhfuil na Cealla Beaga suidhte i g-ceart-lár
dúthaigh ina bhfuil an Ghaedhilg d'á labhairt go coitchionn go fóil, ghabh
nósa agus beusa agus cleachdaidh coigcríocha reim leath-theann ar
mhór-chuid de dhaoinibh an bhaile bhig, agus mar sin de, bhí sgigireacht
agus crothadh ceann go leór anuair treachtadh ar riachtanas na craoibhe
ar d-tús. Acht go ró-fhortúnach thárla fear nó dhó imeasg an t-
sluaigh n'ár chaill spiorad a shinnsear ar feadh móiméinte, agus
chuireadar rómpa teine Ghaodhalach do lasadh agus do ghríosughadh
ar an teaghlach ar a raibh sí beagnach múchta le bliadhantaibh. Is
ró-mhaith a d'éirigh an obair leó, óir faoi n-a gcúram tá mórán
de'n aos óg a bhí ag dul ar seachrán i g-cúis a dtíre féin, ag teacht
air ais, ceann ar cheann, chum a sean-mháthar arís. Cheana tá
anmanna caogaid mac léighinn ar rolla na craoibhe, agus is fíor-
anamh nach mbídheann an mhéid sin i láthair ag gach comh-chruinniughadh.
Tá roinn de na macaibh léighinn faoi oideas Sheághain S. Mhic An
Bháird, agus is é Pádraic Ua Broin a tá 'nna oide ós cionn na
roinne eile. Ag an gcomhchruinniughadh déighionach, do léigh an
rúinchléireach cunntas na fiadhnaise a thug an "Chraoibhín Aoibhinn"
ar son cúise na Gaedhilge i mBaile ath' Cliath beagán seachtmhain
ó shoin, agus ar a chríochnughadh dhó, cuireadh an rún a leanas roime an
g-cuideachta, agus d'aontuigheadh é le h-aon ghuth, agus le bualadh
bos: -



"Go dtuilleann an Dochtúr de h-Íde ("An Chraoibhín Aoibhinn")
ár ngrádh agus ár mbuidheachas, go mór mhór ar son na fiadhnaise
neamh-eaglaighe treunmhaire do thug sé i dtaoibh cúise na nGaedhilge,
i mBaile Atha Cliath, ar an t-seachtmhain seo a chuaidh thart. Go
d-tugaidh Dia fad saoghail agus sláinte dhó, agus go raibh sonas agus
seun, rath agus rathamhnas ar féin agus ar a bhfuil faoi n-a chúram."



Craobh Béil-Feirsde - Bhí tionól de'n chraoibh so ann oidhche
Dia ceudaoin agus bhí sgata líonmhar mac-léighinn sá láthair. Bhí
"Díonbhrollach 'foruis feasa ar Éirinn" dá léigheadh ag an dream
is cliste 'san Gaedhilge aca, agus bhí cuid eile ag foghlaim
Gaedhilge as na leabhraibh bheaga do ghleus an t-athair O'Gramhna.
Bhí cuid eile fós ag fhoghlaim dán, dréacht as ceoil as Gaedhilge. Ní
mór liom a rádh go bhfuil cúis na Gaedhilge ag dul i neart i mBeul-
feirsde gach aon lá.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services