Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Maurice O'Gorman in Monaghan

Title
Maurice O'Gorman in Monaghan
Compiler/Editor
Ó Mórdha, Séamus P.
Composition Date
1757
Publisher
(Muineachán: Cumann Seanchais Chlochair, 1957)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AR AN ATHAIR PROINSIAS MAC MATHGHAMHNA



... na stéad 's na nallann óir
i gclár Gaedheal gach céim le honóir;
i nDálriada, Alba, Éire a's Eamhna
ghabh treise meirg Mhic Mhathghamhna.



Don gcoill chumhra an fhiodhbhaidh mhóir
do toineadh Proinsias san deaghuair,
crú na heagna ar Chrích na nGaedheal
sgriosas doilbh a's teann-droibhéal.



Ruire buadhach na psalm sámh
ghabh grása Choluim go réidh-lán,
i bPairis thall do deonadh ris
bláth gach léighinn gan coimheas.



Air úir Uladh ba bhinn an fáidh,
úr-chraobh órdha darab umhal fraochaidhe?,
caor bhuadhach thug lanradh ar dtír
le dealradh díbheirge á naithriar.


L. 23


ag dúsgadh crábhaidh san ord thréan,
ag stiúradh cháich gan doimhéin,
ursa chreididh ag riaradh reacht,
Pearsa ghabh tórtha ón diadhacht.



Uaisle is cáil a ndeachaidh i gcéin
do'n Ghuaire, fáiltiughadh gan toibhéim,
cíos ollEamhna a's ceart na crích',
ba bheag 'na laimh, an flaithrígh.



Planda 'gheineamhuin luibhghoirt Bhreagha
d' fhás i nglanchoill Mhagha Teamhra,
grinniol shoilseach 'núir Oileach oll,
bláth na gcoll tá 'nois ár ndáil.



Tráchtam ar druing an bhruacháin bhrais,
gé saoiltear leo gan neach 'na gcoimheas;
draoithe borba ba deacair dáil
'bhí i néadan Phroinsiais san teagbhail.



Dearbhuighim daoibh, ba guais an cás
bheith i ndáil na naitidh le huathbhás;
i dtagra bhairr go mbrígh fa'n reacht
do chlaoidh Proinsias an dásacht.



Ba mhórdha gnaoi mo mhilidh i ndreach
i gceileabradh dhlighe na nallmhúrach,
dá mbuadhadh i gceasda míne ...
a's ag fuasgailt dhín dá nainbhfios.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services