Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Caoineadh.

Teideal
Caoineadh.
Údar
O hAimhirgin, Osborn,
Bailitheoir/Eagarthóir
Mac Néill, Eoin
Dáta cumtha
1897
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926

Caoineadh.



Múchta ár luisne, Mumha is lom,
D'fhuadaigh an t-éag ár ngradom,
Gile is greann do chuir ar gcúl,
Do ghearr ár mbile barr-úr.



Brónach Béarra na mbeann maol,
Do chaill míon-bhláth a mhaccaomh,
Gan tuir, gan chabhair, gan cheann -
A shamhail cuin dochífeam?



Searc na suadh, do chaill sí anois
A dhúthracht dhian 'sa dhíoghrais,
Glaine a thobair iúil go n-aoibh,
Mar chlogaibh ciúil i gcnú-chraoibh.



Tugais, a chara gan cheilg,
Gean do chroidhe do'n Ghaoidheilg;
Gan mhustar do dháilis di
Gustal láin-fhir do líne.
Do b'é an flaith geanamhail geal,
Fá dílse is caoimhe caidreamh,
Gnaoi ár n-ollaimh-ne d'imtheacht uainn,
'Sa chonnailbhe, is caoi chrádh-nuaill.



Osborn Ó hAimhirgin.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services