Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aiste Grinn

Title
Aiste Grinn
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1840
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EACHTRA AN SPEALADÓRA AIR BHEAN DO THUG DEOCH
DRO'-BHAINNE CHUIGE MAR LEANAS.




Isí thug chúm-sa rúisc do chaile chásmhar
cuid ba lú ná piúnt do bhainne bheártha
i n-árthach thútach fhúnsach shalach ghránna,
is cluig nimhe air siúd mar chúr ar sheana-bhláthaig.



A bhainne na gclog, dob olc an bia thu,
ad scaga le sop mo dhoic gur liaithis,
ní maith an meadhg dhéanfá d'fhear fiabhrais,
is le saint chun ime do cuireadh an riail ort.


L. 276


Más cáil air bhainne bheith tanaitheach gormchiúiseach
scáingeach scagaitheach raitheathach bolgshúileach,
tug rátha fhada faoi ghlasaibh a' glana chúntais
go dtáinig sochar agus tairife an ime chúm-sa.



Isé is gnáth le gach caile gá mbeig uireasa té is gúna
rás don uisce do thabhairt dá shearbchrúthach,
bheith a' gabháil do mhaide air go níthear é gorm-chiúiseach,
's a dhíol mar bhainne le caraid gan suím iúnta.



Guím is aitim an té dhealbh rath is dúile
an bhuíon úd do leaga go dealamh gan rath gan chrúthach,
gan bha gan chapaill ag taisteal air feag na dtriúcha
air lorg an bhainne is gan siúl na slí iúnta.


L. 277


Más locht air bhainne bheith gargruighthe gormchiumhiseach
buailteach bristethach uisgelach bolgshúileach
guaireach cuinitheach agus iomad de bhlas an tsúig air,
siúd, a shiubaid, mar tugaisi an bainne cugamsa.



A fhir shionanta shéimh ón dtréanphort san Ceanna tSáile
ná glacfach ó aoineach braon air bith don bhláthaig,
'n fhaid is mairfhir led ré na déin a thuille don fán so,
faid bheid aindeis' a' tsaoighil go léir air do mhuin i mála.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services