Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhairle ag Pádruig Ó Laoghaire.

Title
Comhairle ag Pádruig Ó Laoghaire.
Author(s)
Ó Laoghaire, Pádruig,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 23


Comhairle



ag



Pádruig Ó Laoghaire.



Cuir aithne ort féin ar dtús
A dhuine na súl ngéar,
Is goire dhuit tu féin go mór
Na tár-rud truagh mar mé.



Feuch isteach go fóil id' chroidhe,
Acht feuch go cruínn ceart;
Oir cé beag an áitín siúd
Faghann mórán smúite ann nead.



Nach iongantach an nídh an croidhe?-
Ball 'n-a bhfuil míle cor,
Agus i n-aghaidh gach coir mhí-rúin
Tá lúb do chúig céad locht.



Cuir aithne ort féin go fóill,
Aithne do ló agus d'oídh'é:
Tá mórán nach léir san lá
Dochíom 'nuir tá an ghrian faoi.



Cuir aithne ort féin, tá cruaidh
Agus lán do dhuadh mar ghníomh;-
Tá bóthar ann tá ciar
'S is ceann a riain an — chíll!



Cuir aithne ort féin gan chlaon
Anois a's go ruig sé do bháis;
Má dhéanair sin go beacht
Ní bheidh 'gat am chum breath'ar chách.



An té darab díol a's dual breath
Caithfidh sé bheith glan ó cheo:-
A cham-chaoirle de'n chriaidh chiair
Cá chuin do bhí do liach-sa cóir?




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services