Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cork Irish. "Beidh ár n-dóithin araon ann."

Title
Cork Irish. "Beidh ár n-dóithin araon ann."
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CORK IRISH.



“Béidh ár n-dóithin araon ann.”



Is seo focal le Diarmuid an Stoca.
Siud é an Diarmuid, nuair dubhairt an
sagart leis gur “ghlas an lá é,” a thug mar
fhreagradh: “am briathar féin, a athair, go
bh-fuil sé fuar p'é dath atá air.”



Bhí aithne air Dhiarmuid i ngoireacht deich
míle do Maigh-cromdha, air gach uile taoibh.
Bhí fáilte agus béile agus loisdín oidhche
dho ans gach tig, bocht agus saidhbhir, mar
“duine le Dia“ b' eadh é. Thuig sé in a
aigne féin nách raibh annsan acht a cheart.
Dar leis, badh leis féin na tighthe agus na
daoine. Dá m-beidheadh athas i d-tig, ní
raibh duine 'sa tig sin badh mhó áthas dá bhárr
ná Diarmuid. Dá m-beidheadh buadhairt i
d-tig, ní raibh duine 'sa tig sin badh mhó
buadhairt dá bhárr 'ná Diarmuid. Nuair bhí
Boc na Carraige tar éis bháis, chonnairc
daoine Diarmuid ag dul fé dhéin an tóraimh.
Do labharadar leis, acht níor chuir sé suím
air bith ionnta. Do leanadar air chum
cainte a bhaint as. Fé dheireadh d'iompuigh
sé ortha le feirg agus dubhairt. “Is mór
an náire daoibh nach leigfeadh sibh dom féin
aindiu, agus mo chroidhe briste, brúighte,
leis an g-creach atá air lár agam ann súd
shuas!”



Níor bh'fhéidir do dhuine uasal cuireadh
dínnéire a chur amach gan fhios do Dhiarmuid,
agus nídh nach iongna, bheidheadh Diarmuid
ann le linn na h-uaire gan teip, gan dear-
mad, gan chuireadh. Chuir Dochtúir Mac
Suibhne cuireadh amach lá. Bhuail Diarmuid
soir fé dhéin tíghe an Dochtúra. Bhí sé
tamall beag luath. Fuair Diarmuid an
geata air fhosgailt agus baluith breagh air
am n-gaoith. Do lean sé an baluith. Fuair
sé dorus an tíghe mhóir air fosgailt. Chuaidh
sé aisteach. D'fheuch s''na thimcheall. Bhí
dorus air fhosgailt air a laimh dheis. Chuaidh
sé aisteach airís. Chonnairc sé an bórd
mór. Chonnairc sé an mhias. Chonnairc sé
an chos chaoir-fheola. Chuir sé a lámh dheas
'na speir. Chuir sé a lámh chlé 'na h-abhall.
Chuir sé a bheul 'na lár go cluasaibh. Do
dhírigh sé air é fein do thachtadh air a dhicheall
lé caoir-fheoil. D'airigh an Dochtuir fothram
éigin. D'fheuch dé amach ar an fhuinneóig
uachtaraigh. Chonnairc sé an geata air dian-
leathadh. Ceap sé gur muc a bhí d'éis teacht
aisteach. Siud anuas an staighre é, agus


L. 59


aisteach sa phárlús. Do leath a shúile air
nuair chonnairc sé an rud sáidhte sa mhéis.
Do thóg a chos agus do bhuail. “Och!” arsa
Diarmuid agus é nach mór tachtuighte.
Buaileadh arís é, acht níor sgar le n-a ghreim.
Fé dheireadh, do rugadh air agus do caitheadh
air mhullach a chinn air an dorus amach é,
idir chos caoir-fheola agus uile. D'eirigh
sé agus thug aghaidh air an n-dochtúir agus
dubhairt. “Faire! Faire! a dhochtúir na
Smaoínte, ná bidheadh ceist ort! Béidh ar
n-dóithin araon ann!” Ní fheudfadh an fear
bocht “Dochtúir Mac Suibhne“ do rádh, agus
nuair chuireadh sé chuige, is é rud a thagadh
“Dochtúir na Smaoínte.” Gheibheadh daoíne
magadh annsan féin, agus deirthí gur bh'é
Diarmuid an Stoca a thug an t-ainm ceart
air an n-dochtúir mar gur mhó go mór an
machtnamh a dheineadh sé 'ná an leigheas a
dheineadh sé.



Peadar ua Laoghaire.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services