Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cork Gaelic. Cearbhall Buidhe na n-Abhrán.

Title
Cork Gaelic. Cearbhall Buidhe na n-Abhrán.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CORK GAELIC



Cearbhall Buidhe na n-Abhrán.



File b'eadh Cearbhall Buidhe na n-Abhrán.
Bhí sé lá ag dul go Baile Choitín agus bhuail
fear ar an mbóthar uime dárbh' ainm Tadhg
Ruadh.



C. Dia 's Muire dhuit, a Thaidhg.



T. Dia 's Muire dhuit a's Pádraig, a
Chearbhaill. An fada atá do thriall a
Chearbhaill.



C. Ní'l acht go Cáiteach, a Thaidhg. An
fada atá do thriall féin?



T. Mhaise ní'l acht soir ann-so go crois
an Teampuill. Beidhmíd ag baint choirce
Dé Luain se chughainn, le congnamh Dé, agus
táim ag dul soir 'feuchaint an bhfeudfainn
miothal do chruinniughadh.



C. Ní deirim ná gur maith an t-am é.
Tá an t-arbhar nach mór bainte ins gach aon
bhall, agus táid na fir d'éis teacht a bhaile.



T. Is fíor dhuit. Bhíos ag caint aréir le
Tadhg Ua hÉalluighthe. Bhí sé d'éis teacht
a bhaile ó 'n mBlárnain. Dubhairt sé go
bhfaca sé thusa ann agus go raibh beirt no triúr
ann nár aithnigheadar thú, agus gur fhiarfuigh
duine aco de dhuine eile cé 'rbh' é an fear
beag buidhe. Do thugais-se fé ndeara an
cheist, agus bhí tosach freagra agat mar seo:



Misi Cearbhall Buidhe na n-Abhrán;
Dheunfhainn steanncán ar theudaibh,
Dheunfhainn cíor mhín agus roilleán,
Chuirfinn meathán i dtóin chréithre;
Imrim báire agus fáisgim iall im' bhróig,
Acht Dia lem' láimh! ní dheárna acht
criathar fós.



C. Ha ha! b' fhíor do Thadhg an méid sin.
Bíonn árd-chaitheamh aimsire i gcomhnuidhe
againn sa' Bhlárnain.



T. Feuch, a Chearbhaill. Bíonn iongnadh
mór orm féin cionnus dheineann sibh an
fhilidheacht so. Dá gcaithinn mo chiall leis,
ní thiocfadh liom aon dán amháin do chur le
chéile.



C. Ní mar sin atá, a Thaidhg, acht bíonn
filidheacht agat dá dheunamh gach lá ded'
shaoghal agus gach tráth de'n lá, dá bhfeudfá é
thabhairt fé ndeara agus é chur le chéile.



T. Is fear magaidh thú, a Chearbhaill.
Níor dheineas aon bhlúire filidheachta riamh,
agus ní lugha ná tháinig aon fhocal riamh as
mo bheul go bhfeudfadh aoinne' eile filidheacht
do bhaint as.



C. An fada as so go Baile Choitín.



T. Mar deurthá leath mhíle.



C. Cuirfead cárt leanna leat go mbeidh
dán deunta agat sul a mbeidhmíd i mBaile
Choitín.


L. 43


T. Ariú fiannuidheacht! Fágaim le
hudhacht a Chearbhaill, gur chuireas, tá
fiche bliadhain ó shoin, chum abhráin do dheunamh
ag moladh an tSeangharrdha. “Seangharrdha
an cheóil,” ar-sa misi, agus dá bhfaghainn Éire,
ní fheudfainn dul mós sia air.



C. An gcuirfir an geall?



T. Cuirfead agus fáilte, agus ní misde dham.
Beidh ort-sa díol.



C. Fan leat go fóil. Acht feicimís cad
tá ag Eumann Óg dá dheunamh ann-so thall.



T. Tá fál aige dá dheunamh ar a gháirdín,
agus is beag an tairbhe dhó sain, mar 'nuair
fheochfaid na saileacha sain, feudfaid na
gabhair gabháil tríotha. Dia 's Muire dhuit,
a Eumoinn!



E. Dia 's Muire 's Pádraig dhuit, a
Thaidhg! agus duit-si leis, a Chearbhaill! an
bh-fuil aon sgeul nuadh agaibh? Cad uime
go bhfuilir ag crothadh do chinn, a Thaidhg?



T. Táim ag crothadh mo chinn, a Eumoinn,
mar is olc an fál an tsaileach úr sain.



E. Ní'l leigheas air. Ní'l a mhalairt
agam.



T. Ó, stad a dhuine! Ná cuir an cuaile
críon sa' bhfál! Tá an rud úr olc a dhao-
thain, acht deunfaidh sé an gnó go ceann
tamaill.



c. Teanam, a Thaidhg, go bhfaighead mo
chárt leanna uait!



E. Cad ar a shon, a Chearbhaill, go bhfuil
cárt leanna le fagháil agat ó Thadhg?



T. Geall, má 'sé do thoil é, do chuir sé
liom go mbeidheadh dán filidheachta deunta
agam sul a mbeidhmís ar aon i mBaile
Choitín, — misi, nár dhein aon dán fili-
dheachta riamh, nídh nach iongnadh!



E. Tá eagla orm, a Chearbhaill, go
mbeidh ort díol an turus so.



C. Teanam ort, má 'seadh, agus bíodh do chuid
de'n deoch agat.



E. B' fhéidir nárbh' fhearra dham riamh é.



T. Is fíor dhuit. Ní'l puinn maitheasa
idir lámhaibh agat.



E. Ní'l meas mór ag Tadhg ar mo ghnó.



T. Dá mbeidheadh fál le deunamh agam,
badh dhóigh liom go gcuirfinn draighean nó
sgeach gheal ann. B' fhearr liom sgothán
aitinn féin 'ná an tsaileadh sain. Acht cad
é seo ag Uilliam Ua Buachalla dá dheunamh
le n-a sheisrigh? Cad tá ort anois, a
Uilliaim? An bhfuil do cheuchda briste?



U. Ní'l, a Thaidhg, acht tá mo chuing
briste, agus táim ag casadh le gad do chur
uirthi.



T. Stad, stad, a Uilliaim! táir dá
chur suas ar an dtuathal. Cas an gad de
chúl na cuinge, agus beidh an greim is fearr
aige. Sin é! Cuir snaidhm anois air.



C. Feuch, a Thaidhg! nach breagh fheuchann
an fairrge indiu? Ní fheadar cia an áit
as a dtáinig an long mhór úd shoir.



T. Ní raibh sí ann andé. Feuch airiú, a
Chearbhaill! nach fada ó stiúir na luinge
an bád beag?



C. Is fada, a Thaidhg, agus is maith an mhaise
agan é! Tá an dán críochnuighthe agat-
sa, agus mo chárt leanna beirthe agam-sa.



T. An ar buile ataoi, a Chearbhaill?
Cad é an dán?



C. Éist liom. Ní'l i bhfad ó dubhrais le
hEumonn óg. “Is olc an fál an tsaileach
úr.”



T. Dubhart, agus ní 'l puinn filidheachta
sa' tsailigh.



C. Ann-sain do liúghais air, “Ná cuir an
cuaile críon sa' bhfál.”



T. Agus cá bhfuil an fhilidheacht sa' méid
sin?



C. Bíodh foighne agat. Dubhrais ann-sain
le hUilliam Ua Buachalla, “Cas an gad
de chúl na cuinge.” Agus anois beag
dubhrais liom-sa, “Nach fada ó stiúir na
luinge an bád?” Níor dheineas féin riamh
dán is deise 'ná é. Feuch -



“Is olc an fál an tsaileach úr;
Ná cuir an cuaile críon sa' bhfál;
Cas an gad de chúl na cuinge;
Nach fad' o stiúir na luinge an bád!”



T. Dar fiadh, a Chearbhaill, ní 'l teóra
leat! Agus as mo bheul féin an uile
fhocal de. Tá an geall buaidhte agat glan.


L. 44


Teanaidh agus téidheadh an deoch timchioll.
Feuch, a Chearbhaill. Badh dhóigh liom go
raibh an léim úd ro-mhór ó “chúl na cuinge”
go “stiúir na luinge.”



C. Tusa thug an léim sin. B'éigean
damh-sa thú do leanamhaint.



T. Am basa, tá agat arís! Ní 'l aon
mhait bheith leat.


L. 47


"Maith leam nár lághdaigh do cháil
'S gur árdaigh earr dom anáil."




"Déna an t-inchreachadh dlighe
O thús go h-eirr th' aimsire."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services