Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Abbán

Title
Abbán
Original Title
Organ of the Uí Chinselaigh Historical Society
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Plummer, Charles
Composition Date
1925
Publisher
Uí Cinsealaigh Historical Society

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ABBÁN.



Ní Mór an t-eolas atá againn Dtaoibh Abbáin, acht deirtear gur
righ de Righthibh Laighinn a athair agus drifúir d'Easpoc Iubhair a mháthair.



Le linn a óige cuireadh ar altruim ar nós na nGaedheal é agus ba
shúil ag a athair agus a mháthair go leanfadh sé lorg a mhuinntire agus
thoghadar togha de mhuinnteóirí Laiginn dó i dtreo go mbeadh sé oilte
i ngaiscidheacht agus i ngac nidh a bhéadh riachtanach do righ acht ba mhí-
thairbheach an obair dóibh é, mar adubhairt Abbán “is neamh-ní gach nidh
acht Día.” Annsin dhein a athair é do cheanglughadh agus é do chur i
ndumha na ngiall agus d'réir na sean-ughdar do gheibhtí ar fhaithche an
dúin gan cuibhreach lá ar nabhárach é. Ceapadh annsin gur bhfearr
leigint dó a thoil féin do dhéanamh.



Lá de na laethibh a bhí Abbán ag aodhaireacht laogh a bhuime tháinig
cú-allaidh d'á nionnsughadh, “d'aithin Día orainn,” ars Abbán, “an
t-éigeanach d'fhurtacht” agus dubhairt leis an gcon-allaidh laogh áirighthe
d'ithe, d'ith agus thugh buidheachas a choda d'Abbán. Ba dhoiligh ag na
h-ógláigh eile é sin agus thógadar ar Abbán é. Do
ghabh eagla Abbán roimh a dhuime. “A Íosa,” ar seis-
ean, “do chruithigh an laogh so gan adhbhar, cruthaigh anois d'fuigh-
leach na con é.” D'éirigh an laogh chomh slán agus do bhí sé aríamh.
Do chuaidh oidí altroma Abbáin go dti an áit 'na raibh an righ agus
an bhainrioghan agus d'innsigheadar an miorbhuilt sin leó, “is deoin
linn” ar siad, “an Té do dhein an miorbhuilt sin air adhradh.”



Chuaidh Abbán iarsin chuig an áit 'na raibh Easpoc Iubhair — dear-
bhráthair a mháthair — agus ba mhó fáilte an Easpuic roimhe i dtaoibh a
dhiadhachta ná i dtaoibh an ghaoil do bhí eadtorra. Dá bliadhan deug aois
Abbáin an tan sin. Ba mhó neach naomhtha agus eaglais uasal ag
Iubar, acht 'si eaglais a bhí aige in inis a bhí ar an taobh theas do laigh
nibh, Becc-Éire do b-ainim dí bu ghile leis.



Bhí Pádruig agus Easbog Iubhair agus Abbán i long ar Loch gCar-
man lá, d'ionnsuigh píast adhbhál-mhór an long agus do bhíodar go léir
i mbaoghal a mbáidhte de dheascaibh iomluirc na péiste, a chur bun
tuinne ar bár tuinne; bhí Pádruig agus Iubhar ar a nglúinibh ar


L. 77


sheasaimh na luinge ag guide Dé teacht i bhfurtacht orrtha. D'fan
Abbán gan dul leó, óir níor mheas sé a chuid urnaighe a bheith chomh
h-árd le úrnaighthibh na naomh eile, agus níor scuir an t-anfadh.
Dubhairt aingeal ós a gcionn, “tugadh Abbán chughaibh mar is d'a bhárr
a chuid úrnaighe díbreóchar an phíast,” Deineadh amhlaidh agus d'imthigh an
phíast, agus chuadar i dtír ar an traigh ba thogha leo.



Lá eile agus Abbán cois trágha chonnaic sé tonn mhór ag teacht
'na dháil, d'aoirde í ná an talamh, agus do bhuail sí an tír ag an áit
'na raibh Abbán 'na sheasamh, acht ní dheachaidh sí níos sía. Chuir Abbán
a bhachaill ar an tonn agus é féin ar an mbachaill. Seóladh amach iad
go doimhneacht na fairrge. Bhailigh oill-dhiabhail 'na chimcheall, “anois,”
ar siad. “Imreócamuid dioghaltas ort as ucht déine d'eugcóra
orainn, ag breith ár muinntire uainn le't amainnsí agus le't mheall-
tóireacht.”



Annsin chualadar guth aingil ag rádh.” imthigigh go bolg ifrinn, 'na
bhfuil áitreabh agaibh de shíor.” O'imthigheadar, agus bhí Abbán ar a
bhachaill ar feadh an ama sin. “Béir,” ars an t-aingeal, “go ceann
scacht mbliadhna deug agus trí ceudi seirbhís Dé, gan neart aimsighthe
ag aoinne ort.” “Rachaidh tú annsin i bhfiadhnuise na Trionóide, agus
bfhearra na daoine go foircheann na bráithe de bhárr na loingscóir-
eachta do rinnis. Thug Dia comhacht ar mhuir duit nár tugadh d'aoinne
riamh romhat; níl neach a racfas ar an bhfairrge i gcurrach nó i long,
agus a n-abrochas fá thrí i n-ainm na Trionóide”:—



“Currach Adbán for an (ar an) linn
Is muinntir fionn Abbám ind (ann).”



“Nach dtiocfaidh slán, agus rachaidh tú fá thrí go Róimh.”



Do chuaidh sé go Connacht agus do thóg trí eaglais oirbhidneacha
innti, agus annsin do chuaidh sé ar ais go Críoch Eachach Coinchinn i gCríoch
Corcha Duibhne. Is mó eaglais naomhtha do choisrigh sé ann. Do bhean-
naigh sé Boirneach agus thug do Ghobhnat é, agus do bheannaigh Cill Aithfe
ar Mhagh Coinchinn agus thug d'Fhionntán í, agus do dhein sé tairngreacht
i dtaoibh Fhionntáin súl ar rugadh é, agus chug Cill Eachach Coinnchinn
dó. Do bheannaigh sé Cúl Collainge agus Brí Gobhann agus Cill Cru-
impir, agus Cill an Marbh, agus Cluain Árd Mobhecoc agus Cluain
Fhinnglaise, agus d'fhág Beacán innti; agus mórán eile d'eaglaisí,
agus d'fhág daoine de'n a mhuinntir i ngach ceann díobh.



Bhí Abbán iarsin i n-Éilidh, do bhí an righ agus aos na tíre ar
Aonach agus ní raibh an creideamh aca; tháinig Abbán ag síolradh
breithre Dé dóibh. “Cia hé Dia!” ars an righ, “Cruightheóir neimhe agus
talmhan, ag a bhfuil fios gach ní atá thart agus gach ní atá le teatht,”
ars Abbán. “Innis domhsa,” ars an righ, “an leac mhór atá ar an
tulach úd, an mó an chuid dí atá ós cionn talmhan nó an chuid atá fé'n
dtalamh í” Dfhreagair Abbán é, agus fritheadh mar adubhairt. Do ghlac
an righ agus a mhuinntir leis an gcreideamh. Do dhein Abbán dá mhior-
bhuilt eile sa tír sin, agus scuir se leis an righ agus tháinig go Ros
Mhic Treóin.



Thámig Cormac Mac Diarmuda, Righ Ua Cinnsealaigh chun creach a
dhéanamh ar Cham Ros i. Eaglais Abbáin, chuaidh cuid d'á shluaigh is-


L. 78


teach i gcistín Abbáin agus thugadar míach tomhais a bhí ann amach ar
an bhfhaithche leó, agus nior bhféidir eó é do cur díobh. Mar bhí a
lámha greamuighthe de. Ghlac uathbhásan righ agus an sluagh agus cuir-
eadh fios ar Abbán, agus guidheadh air, tróchaire do dhéanamh orrtha
'na gcruadh-chás. Do ghearr Abbán Fioghair na croise le'n a lámh ós a
gcionn agus do scuir an miach leó, agus tugadh an fearann mór
thimcheall an bhaile d'Abbán, agus do chuaidh sé ar ais agus beannachta
na criche leis.



Bhí beirt taoiseach i gcomhfhogus d'Abbán i nachrann le'n a chéile.
Bhí lá ceapuighthe aca chun catha ar mhagh airighthe, agus bhíodar ucht le
h-ucht innti; tháinig daoine de mhuinntir dá threib cuig Abbán agus
d'athchuingeadar air siochtháin a dhéanamh eadtorra. Dhein Abbán crois-
Fhighil ar Día agus fréamhadh siochtháin dá bárr.



Uair eile tháinig coimhthionól manach a bhí 'san dúithche chuig Abbán
agus d'iarradar fios a mbeatha agus a n-éisirghe, agus teagosc air,
dá fhichidh agus ceud cléireach a Líon Dhein Abbán mar d'iarradar
agus dfhágadar a mbeannacht aige agus d'imthigheadar



“NÍL CRÍOCH AR BHEATHA ABBÁIN.”



Baineadh a bhfuil thuas as BETHADNA NAEMH NÉRENN, an
t-Ollamh Charles Plummer, M.A., Hon D.D. (Durham), Fellow and
Chaplain of Corpus Christi College, Oxford, do chuir i n-eagair,
agus the Clarendon Press do cuir i gcló i nGaedhilg na seachtmhadh
linne deug.



Domhnall Ó Ciobháin agus Seumas Ua Dubhghaill do cuir Gaedilg
an lae indiu air. (Is mian linn ar mbuidheachas a gabháilt leis an ol-
lamh.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services