Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Dhonnchadh, Mac Sheáin Bhuidhe, Mhac Cárrthaigh

Title
Amhráin Dhonnchadh, Mac Sheáin Bhuidhe, Mhac Cárrthaigh
Author(s)
Mac Cárthaigh, Diarmaid mac Sheáin Bhuidhe,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1665
Publisher
(Corcaigh: Ivernian Society, 1914)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AMHRÁIN.



1. OCH, MO THREIGHID.



Och mo threighid is tinn do chéas me
An lot gan leigheas so ar dheighshliocht Éibhir,
Cosc a meidhre is feidhm a ngéarghuil
Cailleamhain Donnchadh is Chormuic éachtaigh.



Clos a dtáisc thug gáir gan traochadh,
Bualadh bas is stathadh craobhfholt,
An t-óg 's an sean fá cheas i n-éinfheacht,
Insan chríoch so ón dtuinn go chéile.



Do scread Clíodhna an mhíonla bhéasach,
Do scread Aoibhill mhaol ón Léithchraig,
Do scread Áine an bhánfhlaith mhaordha,
Is na gártha scread le sleasaibh Sléibhe Mis.



Muisire Mór, ní ceólmhar éin air,
Go brónach ón nóin go chéile;
An Muisire Beag, ní breiseach féar air,
S do-chím Trosc ag rith 's ag béicidh.



Magh Chromdha do bodhradh a eisteacht
Mar a mbíodh guil ag rith gach taobh dhe,
An gol adtuaidh mar uaill na bhfaolchon
Aniar 's andeas ag teacht i n-éinfheacht.



Carraig an Droichid, badh doilbh le féachaint,
N-a fásach mar tá ag na héanaibh;
Cloch Dáith n-a clogás beag maoldubh;
Caisleán na hInse is Cill Cré theas.



Driseáin n-a gcilleánaibh réabtha,
Is Carraig an Phúca i lúib an ghaorthaidh,
Carraig na Corradh n-a fothraigh aonair,
Is Carraig na nGeimhleach taoibh le tréanloch.



Dún Deaghradhairc gan radharc ar aonchor,
Is Magh Seanaghlais nar bheannuigh an naomh ann,
Carraig na Muc go tuirseach déarach,
Is Carraig na bhFear ar easbhaidh céille.



An Caisleán Mór na dtóchar aolmhach,
Cloch Philib Cloch Reóidh is Baile Aodha thoir,
An Chúirt Bhreac ba cheap le héigsibh,
Is Cill Míde gan díon ón spéirling.



Na bailte seo is gach baile dá ndéarfainn
Tuatha fearainn is tarmuinn aosda,
Iad gan triath, a Dhia, budh héachtmhar
Acht iarla dhá bhliadhain nár aosuigh.



Mo thruagh an triúr do fúigeadh taobh leis
Iad gan fear gan mac gan spré chnuic,
Congnamh don dúthaigh dobhéarfadh
Nár cáineadh i n-oileán na hÉireann.



Crádh báis, a Bhlárna, is léan ort,
Gráin' mhairbh ort a mhalartach bhréagach,
Díth bídh ort a scaoilteach éithigh,
Dorinneadh do chreach idir mhac is chéile.



Do chrádhsa ní dheárnathas it aonar
Acht creach mhuar ar uaislibh na hÉireann,
Creach Dhúithealla is na flatha dá ngéillid,
Creach Chairbreach mar ghabhaid go Béarra.



Creach Róisteach dom dhóigh tá déanta,
Is mar shamhluighim creach Beanntraighe agus Béarra,
Creach Árd Tuilighthe rinneadh i n-éinfheacht,
Is Ghleanna Fleisce ní cheilim ar Shéafradh.



Creach an Ruis is Tuirc is Léanloch,
Is Glinn Cáirthe n-a bhfásaid caora,
Creach na gCruach gan luascadh ar dhéasaibh,
Is aoinchreach Dhúna Goill 's an Aonaigh.



Láinchreach Uíbh Ráthach go léir sibh,
Is Dúna Lóith na dtógtar éigneadha,
Cheapa na Coise gan chothrom it dhéidhse,
Is Lic fá Bhonn dob fhonn libh dfhaeseamh.



Creach Cille Bulláin na bPaorach,
Creach namhdach dar leam don Chlaonghlais,
Creach dheacrach do mhaithibh cois Féile,
Is creach thubaisteach mhic Muiris mhic Éamuinn.



Creach an Druiminín nár fríth le sméide,
Is Chluana Mín tuigim í déanta,
Creach Dhruim Each an chreach chéasta
Is Druim Oinigh is Dísirt an ghaorthaidh.



Creach na mBarrach badh seasmhach let thaobhsa,
Is creach Leasa Cearrbhaill fá sé sibh,
Creach na gCundúnach ón Léithlic,
Dúna Builg san fhir choirtighthe ar aonrosc.



Muairchreach Bhaile Uí Moluadh is Éamuinn,
Cluana is Dún Guairne is léir dam,
Do Bhaile na Martra is aindeis mar aonchreach
Do Chúil Ísil is d'Inse an Léime.



Creach Gearaltach mar ghabhaid is Déiseach,
Is creach na mBrianach gcliarach n-éigseach,
Creach na gcúig gcúige go héag sibh,
Creach diúicí prionnsaí is réxa.



Creach na Búrcaighe, an bhúidhbhinn bhéasach,
Is creach dhubhchroidheach cúntaísí maordha,
An Chúntaís Mhuscraighe dob fhéile,
Nach raibh riamh acht diadha déarcach.
Och do chráidh a mbás araon í,
Is bás duine aca gur mhisde fir Éireann.



Ón uair do cailleadh mic mheara Milésius
Ír is Éireamhóin is Éibhir,
Art mac Cuinn dobhí dá n-éis ann,
Donn, Aimhirgin agus Aondha;



Ó thuit Murchadh curadh na mbéimeann
I gCluain Tairbh le hairm Tuirgésius,
Is Ceallachán Chaisil na nDanar do léirscrios,
Ní raibh againn a samhail i nÉirinn.



Fearachoin doghníodh ar Dhanaraibh éirleach,
'S dorin gaisce fá bhratachaibh Chéarlais,
Dorin fairsinge do gach machaire d'éileamh,
Is nár iarr seascaireacht leaptha ná béile.



Insan Spáinn ba ghnáth fá réxchion,
I bhFlóndras i Liosbón 's i mBréada,
Ag rígh Frangc dob annsa 'ná a chéile,
'S ag rígh Póland dom dhóigh níorbhfhaonlag.



Dobhí an tImpire i n-ímreas dá n-éileamh,
Is dar Míde ba chuibhe leis a dhéanamh,
Laochra den phríomhfhuil sin Éibhir
Ler claoidheadh mac Cuill is mac Gréine.



Och a Mhuscraighe, tionnscnaidheach léin libh
An uair do thosnuigh cogadh na bPléamonn,
An Blazing Star ag aithris scéil duit
Dobhí le cian, mo chiach níor bhréag di.



Ní ar Shacsana bhagair an réilteann,
Ar Albain ná ar Bhreatain na réaxa;
Is ní do ghallaibh mar ghabhaid ba bhaogal,
Thall ná abhfus a bhfuil dá bpréamhaibh.



Is ní do ríghe dá luigheann fán ngréin ghil
I dtrí rannaibh líonmhara an tsaoghail,
Acht don Charrathfhuil do leagadh le haonchath,
Is tá ar feódh idir óg is aosta.



Mo láinchreach tar cásaibh na hÉireann,
Lámh láidir na gCárrthach gur traochadh,
Lámh oirdhearc don bhorbfhuil ghaedhealaigh,
Is lámh chródha shliocht Eógain na dtréanfhear.



Lámh ná hobadh do bhochtaibh bheith déarcach,
Lámh oscardha na dtoirbheart do dhéanamh,
Lámh chosnamhach na bpobaileach le chéile,
Is lámh anamhear ar armaibh gléasta.



Cormac mac Dhonnchadh, mo ghéarghoin,
Bhíocuin breagh na Blárnan aolta,
Ar ndul uaim go luath fá chlaonadh,
'S is brón liom an chomhra mar éide air.



An dara lá do June nár ghléigeal,
Do marbhadh, cé gur dheacair a dhéanamh,
I luing an diúic, 's a shúil dá fhéachaint,
Is é ag troid le hOpdam Pléimeann.



Pléar slabhradh stangc a thaobh as,
Is fuil a chroidhe aige tríd dá thréigean;
Is gearr an seal do mhair an laoch soin
Go teacht don $chaplin dá éisteacht.



Míle bliadhain, dhá bliadhain dá n-éagmais,
Chúig bliadhna, ocht bhfichid agus chúig céada,
Mar áirmhid fáidhe agus cléirigh,
Dob aois do Chríost le linn an lae sin.



An dara lá d' August dá éis sin,
Bás Dhonnchadh mac Chormaic, mo léirscrios,
Iarla ná tug bliadhan dá shaogal
Acht ag snoighe a chnámh i gcás na hÉireann.



Tá an dúthaigh go dubhach dá n-éagmuis,
Don té is túisce chúichi dá héigean,
N-a colann gan cheann gan ghreann gan aonach,
N-a luing gan stiúir 's an tonn gach taobh dhi.



Táid a gcáirde go cráidhte céasta
Gan chroidhe gan intinn gan éifeacht,
Gan súil lena bpúdhair do réidhteach,
Acht dóchas i gcomhachtaibh Dé aca.



I gcongnamh Íosa Críost an tAonmhac
Dhfhuiling bás is páis dár saoradh,
Ó scaradar le gradam an tsaoghail seo,
Iad go Flaitheas na n-aingeal do léigean.



Dfhág a gciach go triall don díol társa
Clár na Niall go diachrach díoghbhálach;
Mo láinchreach dhiansa thiacht i n-aonráithe,
Bás mo thriath is Iarla Chloinn Chárrthaigh.



Lámh láidir dob áthasach acmhuineach triall,
Lámh láidir dob arrachtach gaisce agus ciall,
Lámh láidir san Spáinn dofuair gradam gach gliadh,
Lámh láidir i mbeárnain ba chalma an sciath.



Lámh láidir dob ádhbharach is bfheardha mian,
Lámh láidir dob áille gaisce ar each sriain,
Lámh láidir i Whitehall it sheasamh tu bhiadh,
Lámh láidir is gárda de ghallaibh it dhiaidh.



Lámh láidir do fhág ar gach cathair a rian,
Lámh láidir ar chlár gach machaire stiall,
Lámh láidir tar cách nár chleachtuigh do shrian,
Lámh láidir ba ghnáthach ag teagasc na bhfian.



Lámh láidir a gcáirde ler cailleadh a dtriath,
Lámh láidir do chráidh sin a n-anam n-a gcliabh,
Lámh láidir nach bás go haibidh rug iad,
Lámh láidir dobfhearr soin ná marthain i bpian.



Lámh láidir mar thárla do dheacairbhruid dhian,
Lámh láidir nár thláth le Danaraibh riamh,
Lámh láidir na gCárrthach mar chailleamair iad,
Lámh láidir mar táidsin gan tapa gan rian.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services