Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aisling

Title
Aisling
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
T. Ó G.
Composition Date
1818
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1914)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AISLING.



Indé 's mé ag taisteal triúch,
Go faon, ag machtnamh dlúith
Ar fé mar mheath sliocht Néill na gcreach
Is Céin is Airt is Lughaidh;
Gan aon d'á maicne siúd
I gcéim ná i gceannas úr,
Acht tréighthe tearc gan réim, gan preab,
Go céasta, creachta ag búir.



Is iar léigheamh na mbeart mar dubhart,
Ba déarach, dealbh dúinn
Gur ghlaodhas imeasg na séimh-fhear nglan
Bhí saordha cneasta liom.
Bhí daorphunch bhlasta annsúd
Ag teacht mar chaise chughainn,
Is éisteacht startha Gaoidhilge glana
Ar thréithibh chlanna Niúil.



Fá mhéin na bhflaith mar dubhart,
Is léir gur sgaip mo chúmha,
Gur éalaidh bean ar aer le m'ais,
Go taobh na leapthan chugham.
Ba chaol a mala súd
'S a claon-ruisg glas mar dhrúcht;
A déide deasa, géara, geala,
I mbéal ba bhlasta búidh.



Bhí a craobh-fholt casta, dlúith,
Go féar ag teacht le m' riún,
Is caor ag lasa ag éad re sneachta
Sléibhe na leacuin úir.
Ba chaol, ba chailce a com,
Mar ghéis ar sreabhaibh siúbhail
Is ba chaomh a mama ghléigeal, dheas
Nár aontaig d'fhear i mbrúith.



Iar dteacht le m'ais annsúd
Do'n réaltainn mhaisigh bhúidh,
Do b'aerach pearsa sgéimh is creat
is gné d'á bhfeaca i m'shiubhal,
Do léar-chuir sgamail dhubha
Ar bhéithibh deasa Mumhan,
Is le h-éigin taithnimh cléibh do'n ainnir
Féach gur mheath mo lúth.


L. 18


is éasgadh raideadh liom
A céim 's a h-ainm dlúith
Do bhé na nglan-rosg neamhrach nglas
D'ár ghéilleas taithneamh riúin.
"An tú Céirnit dheas na lúb
Tug séad ar sreabhaibh dúinn,
Nó Hélen gheal lé'r craochadh treabh
Na Trae is do las a túir?"



Is béasac, blasta, búidh,
An éifeacht d'fhreagair dúinn
"Ní h-aon do'n aicme mé sin chanais
Leig do d'mhaga fúm.
Mo ghné do mheas níor bhfiú
Le béithibh deasa Mumhan,"
"Éistig feasta is bréag do stair
Tá claonta is cleasa i d'riún."



"Is táid sgéalta is measa liom
Do m'léarchur dealbh, dúbhach,
Mo ghaolta ar fad go faon fé leacaibh
Léigthe lag sa n-úir,
'S saoda ceatha i mbrúith
Le h-éigin searc do d'ghnúis
'S a laogh ná meas gur bréag na bladar
Léigheas i m'starthaibh chughat."



"A laogh 's a shearc na rún
Éalaidh feasta liom
Téanam leat ní dhéanam stad
Go dtéigheam ar fad anonn.
Tá baoghal is bagairt chughainn
is Gaedhil ar gad ag búir
'S is léir nach ceart dúinn bheith 'n-a measg
Tá'n saoghal fairsing fúinn."



"Is d'á ngéillfinn d'fhear mar tú,
Agus éalaidh leat chun siubhail,
Connus réighfinn beart gan raol i m'ghlaic
Ná spré, ná talamh liom?
Is baoghal go sgarfair liom
Ar bhé na ngarbh púnt,
is mise ag teacht go faon tar ais
'S mo ghaolta i n-earaid liom."



"Is léir go mb'fearra liom
Duit, saor-fhear slachtmhar, súghach,
Do ghléasfadh sleagh go séimh 'na ghlaic,
'S nach léigfeadh ceart le búir;
Do bhiadh éadtrom, tapa, ar stiúir
Aerach, aibidh, umhal,
Do léighfeadh stair ar Éirinn Airt
is dhéanfadh cleas na lúb."



"Ná géill ná meas i d'riún,
Go dtréigfinn mar sin tú
Ar spré ná ar bha ná ar shaoghaltacht ban,
Sa taobh so theas do'n Mhumhain.
Téanam leat chun siubhail
Go dtéigheam go sagart súghach
Do bhéarfas ceangal cléire orainn
Fé mar cheap na h-Úird."



Ceangal.



"A radharc 's a stóir mo chroidhe,
Do raghainn leat fós tar tuinn,
Acht mar gheibhim gach cróinn
D'á bhfaghair id' dhóidh,
Gur deimhin go n-ólair í.
Tá saidhbhear-fhear, seólta, sítheach,
Am' fheidhil gach ló le mí
Is taidhbhseach, tósdalach,
Meadhrach, modhmharach
Greadhnach, Gleóidhte, groidhe."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services