Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán Diadha

Title
Amhrán Diadha
Author(s)
Ó Séaghdha, Diarmuid,
Compiler/Editor
D.O.B.
Composition Date
1822
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1911)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AMHRÁN DIADHA



An t-Athair Diarmuid Ó Séaghdha cct.



Úrnaighthe do múineadh im leanbh dam féin,
Mo ghlúine do chur fúm ag agall chum Dé,
Dúiseacht tré dhúthracht ar ghairm an éin,
Do ghrádh an Úirmhic fuair sgiuirse is peannaid nár dtaobh.



Is truagh mé im chodhlad is mo leabaidh gan déanamh fós,
Is nách suas do phreabaim ag moladh Mhic Dé na gcomhacht,
Ag bualadh m'ochta 's ag stolladh mo ghéag le brón,
Ar uair croithte is corraighthe an éin chum ceoil.



Go luaith luaimneach nuair bhuailid na coiligh a dtaobh,
Don ghrean suas in uachtar go ndruidid na héisg,
Don choigilt chruaidh an uair sin go ndruidid na spréidhe,
Uch! is truagh an suan so ort, a dhuine gan chéill.



A dhuine gan chéill, is baoth an codladh do-ghní,
Is go dtigid na héisg do léim ón gcoigilt aníos,
Duille na gcraobh go léir go mbogaid a mbaill,
Is go fiú oiread an éin go nglaodhann a moladh do CHRÍOST.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services